An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil)

14 1982

AN tACHT AIRGEADAIS, 1982

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

91. —(1) San alt seo,

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £5,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá d'Aibreán. 1982, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “tuairisceáin” i ndáil le banc, na tuairisceáin mhíosúla bainc a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1981, an 21ú lá de Dheireadh Fómhair, 1981, agus an 18ú lá de Shamhain, 1981;

ciallaíonn “méid sonraithe”—

(a) i gcás banc comhlachaithe, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar i dtuairisceáin an bhainc sin maidir le Mír 7 i bhFoscríbhinn II de na tuairisceáin mar choigeartú ar chuntais reatha le haghaidh seiceanna idirthurais a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha agus cuntais taisce atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin;

(b) i gcás aon bhainc eile, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar san anailís ar dhliteanais roghnaithe i dtuairisceáin an bhainc sin mar shuimeanna a dhlitear do bhainc (lena n-áirítear bainc nach bainc de réir bhrí fho-alt (1) den alt seo) maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Mheán Fómhair, 1982, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin, agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) den alt seo ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.2 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

(b) 0.35 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.2 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mBanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi, mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, dlífidh sé, mar phionós breise, ón 15ú lá de Mheán Fómhair, 1982, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Tobhach ar phréimheanna árachais áirithe.

92. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe”, i ndáil le ráithe, an t-ollmhéid a fuair árachóir ar mhodh préimheanna sa ráithe sin maidir le gnó arna sheoladh ag an árachóir sa Stát an 1ú lá de Lúnasa, 1982, nó aon lá dá éis, ach gan féachaint do mhéid eisiata;

ciallaíonn “méid eisiata”—

(a) méid a fuarthas i gcúrsa nó ar mhodh athárachú;

(b) préimh a fuarthas maidir le gnó sna haicmí seo a leanas den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle, 73/239/CEE dar dáta 24 Iúil, 1973 (IO Uimh. L228. 16/8/1973), eadhon, 5, 6, 7, 11 agus 12 in aicmí 1 agus 10 sa mhéid go mbaineann siad le hárachú paisinéirí i bhfeithiclí muirí agus eitlíochta agus le hárachas dliteanais iompróra, faoi seach, agus in aicme 14 sa mhéid go mbaineann sí le creidmheas onnmhairiúcháin;

(c) préimh a fuarthas maidir le gnó in aicme VII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle, 79/267/CEE dar dáta 5 Márta 1979 (IO Uimh. L63, 13/3/1979);

ciallaíonn “árachóir” duine is sealbhóir ar cheadúnas árachais faoin Acht Árachais, 1936 , nó is sealbhóir ar údarú de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó a sheolann gnó árachais i gcomhréir le forálacha an Assurance Companies Act, 1909;

tá le “préimh” an bhrí chéanna atá le “praemium” san Acht Árachais, 1936 ;

ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig.

(2) Déanfaidh árachóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1982, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an árachóra sin don ráithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo, muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le haon faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an t-árachóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh árachóir de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh árachóir cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an árachóir a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh árachóir aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó ina mainneoidh árachóir aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an t-árachóir, i dteannta na dleachta, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá a n-íocfar an dleacht.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn “maoin” talamh talmhaíochta agus folaíonn sé cibé foirgnimh feirme agus tithe feirme is de ghné is iomchuí don mhaoin.

(2) Faoi réir alt 4 den Stamp Act, 1891, ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Baineann an t-alt seo le hionstraim, arb éard í tíolacadh nó aistriú a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, i gcás deimhniú a bheith san ionstraim ón bpáirtí chuig a bhfuil an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú á rá gur duine cáilithe an duine atá ag teacht i dteideal leas tairbhiúil iomlán sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin teacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gur duine cáilithe gach duine díobh).

(4) San alt seo ciallaíonn “duine cáilithe” duine a suífear maidir leis, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) go raibh sé faoi bhun 35 bliana d'aois an dáta a forghníomhaíodh an ionstraim iomchuí, agus

(b)    (i) gur duine é is sealbhóir ar dheimhniú arna eisiúint—

(I) ag an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta á dheimhniú gur chríochnaigh sé go sásúil cúrsa oiliúna talmhaíochta a mhair 100 uair a chloig ar a laghad, nó

(II) ag an mBord Printíseachta Feirme á dheimhniú gur chríochnaigh sé go sásúil an cúrsa faoin Scéim Printíseachta d'Fheirmeoirí de chuid an Bhoird nó an cúrsa faoin Scéim d'Fheirmeoirí faoi Oiliúint de chuid an Bhoird, nó

(III) ag an Aire Talmhaíochta nó ag coiste talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta, 1931 , ar dheimhniú é a eisíodh roimh an lú lá de Nollaig, 1980, agus a dheimhníonn gur chríochnaigh sé go sásúil cúrsa is ionann agus an cúrsa dá dtagraítear i mír (b) (i) (I) den fho-alt seo,

 (ii) gur duine é a bhfuil céim ollscoile, nó cáilíocht ollscoile mar í aige, sa talmhaíocht,

agus

(c) go n-úsáidfear an mhaoin chun críocha talmhaíochta.

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dháta an Achta seo a rith agus sula mbeidh dhá bhliain caite ón dáta sin.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

94. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis, a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

(2) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (seachas an Ceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities.”, an Ceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities.”, an Ceannteideal “LEASE” agus an Ceannteideal “POLICY OF LIFE INSURANCE”), ailt 56, 59, 62 agus 106 den Stamp Act, 1891, alt 9 den Finance Act, 1902, agus alt 42 den Finance Act, 1920, trí “£5” a chur in ionad “fifty pence” gach áit a bhfuil sé agus leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1961 , trí “£5” a chur in ionad “caoga pingin”.

(3) Cuirtear leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Cheannteidil “DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty.” sa Chéad Sceideal.

(4) (a) Cuirtear leis seo na Ceannteidil atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na gCeannteideal “POLICY OF LIFE INSURANCE.” agus “POLICY OF LIFE INSURANCE made for a period not exceeding two years” sa Chéad Sceideal.

(b)  (i) Beidh siad seo a leanas díolmhaithe ó gach dleacht stampa:

(I) nótaí árachais, duillíní agus ionstraimí eile a dhéantar go hiondúil in oirchill polasaí foirmiúil a eisiúint, ach nach ionstraimí a bhaineann le hárachas saoil;

(II) ionstraimí ina ndéantar athruithe ar théarmaí nó coinníollacha aon pholasaí árachais seachas árachas saoil;

agus ní tuigthe, chun críocha an Stamp Act, 1891, gur polasaí árachais ionstraim a dhíolmhaítear de bhua fhomhír (i) (I) den mhír seo.

 (ii) Ní mhuirearófar dleacht is mó ná £1 ar ionstraim de bhíthin amháin go bhfuil inti nó go mbaineann sí le dhá ábhar éagsúla nó níos mó a bhfuil gach ábhar acu faoi réim an Cheannteidil “POLICY of INSURANCE other than Life Insurance” (a cuireadh isteach leis an bhfo-alt seo).

(5) Cuirtear leis seo an mhír atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad mhír (4) den Cheannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities.” sa Chéad Sceideal.

(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

(b) Tiocfaidh fo-alt (4) den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1982.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (4) maidir le haon ionstraim dá dtagraítear ann a forghníomhaíodh roimh an lú lá sin de Lúnasa, 1982, ná ní bheidh éifeacht le forálacha eile an ailt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 41 (dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais) den Acht Airgeadais. 1970.

95. —(1) Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1970 , trí “5p” a chur in ionad “3p” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) sa dá áit ina bhfuil sé.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 252) (Dleacht Stampa ar Bhillí Malairte agus ar Nótaí Gealltanais), 1981 (I.R. Uimh. 271 de 1981).

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais a tharraingeofar ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.

Leasú ar alt 19 (tíolacadh nó aistriú ar dhíol — teorainn le dleacht stampa i leith idirbhearta áirithe idir comhlachtaí corpraithe) den Acht Airgeadais, 1952 .

96. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Airgeadais, 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfar dleacht stampa is inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir an cheannteidil ‘Conveyance or Transfer on sale of any property other than stocks or marketable securities’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, a mhuirearú de réir £1 in aghaidh gach £50 nó cuid chodánach de £50 de mhéid nó luach chomaoin an díola, nó, i gcás tíolacadh nó aistriú a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, de luach na maoine a thíolacfar nó a aistreofar.”.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 253) (Teorainn leis an Dleacht Stampa maidir le hIdirbhearta Áirithe idir Comhlachtaí Corpraithe), 1981 (I.R. Uimh. 272 de 1981).

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.