An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Acmhainne) Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Chorparáide)

14 1982

AN tACHT AIRGEADAIS, 1982

Caibidil IV

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Díolúine ag íocaíochtaí agus deontais fostaíochta.

18. —(1) Ní thabharfar aird chun críocha uile na nAchtanna Cánach ar íocaíocht nó ar dheontas lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéantar nó aon deontas a thugtar, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, arb éard é—

(a) íocaíocht le fostóir faoin Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí i leith duine atá ar fostú aige, nó

(b) deontas fostaíochta faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 .

Faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh shuntasacha.

19. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “foirgneamh formheasta” foirgneamh lena mbaineann fo-alt (4);

ciallaíonn “duine údaraithe”:—

(a) cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo, nó

(b) duine atá ainmnithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus atá údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

tá le “tréimhse inmhuirearaithe” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas a thabhaítear ar dheisiú, ar chothabháil nó ar aisiriú foirgnimh fhormheasta nó ar chothabháil nó ar aisiriú aon talamh atá á háitiú nó á teachtadh le foirgneamh formheasta mar chuid dá ghairdín nó dá thailte ar de chineál ornáideach iad.

(b) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gur tabhaíodh caiteachas a mhéid a bheidh aon suim i leith, nó faoi threoir, na hoibre lena mbaineann sé faighte nó le fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag an duine a bheidh ag déanamh éilimh ina leith faoi fho-alt (2) ón Stát, ó aon údarás poiblí nó áitiúil, ó aon duine eile nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó eile.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé, an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó dá éis, i dtréimhse inmhuirearaithe, caiteachas cáilitheach i leith foirgnimh fhormheasta atá ar úinéireacht nó á áitiú aige, beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach amhail is dá mba éard é méid an chaiteachais cháilithigh caillteanas a bhain dó sa tréimhse inmhuirearaithe i dtrádáil a bhí á seoladh ag an duine ar leithligh ó aon trádáil a bhí á seoladh iarbhír ag an duine sin.

(3) Ní cheadófar faoiseamh ar bith faoin alt seo i ndáil le caiteachas a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(4) (a) Baineann an fo-alt seo le foirgneamh sa Stát ar foirgneamh é a mbeidh, tar éis iarratas a dhéanamh chucu chuige sin ag duine a bhfuil an foirgneamh ar úinéireacht nó á áitiú aige—

(i) cinneadh déanta ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn gur foirgneamh é is díol suntais ann féin ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, agus

(ii) cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim gur foirgneamh é a bhfuil rochtain réasúnach ag an bpobal air.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht an cheanglais i dtaobh rochtain réasúnach a bheith ag an bpobal, ní mheasfar gur rochtain réasúnach ag an bpobal rochtain ar fhoirgneamh mura rud é—

(i) go mbeidh rochtain an tráth céanna ar an bhfoirgneamh go hiomlán nó ar mhórchuid de, agus

(ii) faoi réir aon dúnadh sealadach is gá chun an foirgneamh a dheisiú, a chothabháil nó a aisiriú, go mbeidh rochtain air amhlaidh ar feadh tríocha lá ar a laghad in aon bhliain agus ar gach lá mar sin go mbeidh rochtain air ar shlí réasúnach agus ag tráthanna réasúnacha ar feadh tréimhse, nó tréimhsí nach lú san iomlán ná ceithre huaire a chloig, agus

(iii) gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur praghas de mhéid réasúnach an praghas, más aon phraghas é, a íocann an pobal as an rochtain sin agus nach praghas é a oibríonn chun an pobal a chosc ó rochtain ar an bhfoirgneamh a lorg.

(c) I gcás ina ndéanfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn cinneadh i ndáil le foirgneamh faoi mhír (a) agus, de bharr aon athrú a rinneadh ar an bhfoirgneamh, nó aon mheathlú ar an bhfoirgneamh, tar éis an cinneadh a dhéanamh, go measfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nach foirgneamh é an foirgneamh ar díol suntais ann féin é a thuilleadh ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh, an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón dáta a measfaidh siad gur scoir an foirgneamh de bheith ina fhoirgneamh ar díol suntais ann féin é ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, agus scoirfidh an fo-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bhfoirgneamh ón dáta sin.

(d) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh i ndáil le foirgneamh faoi mhír (a), agus go scoirfear de rochtain réasúnach ar an bhfoirgneamh a bheith ag an bpobal, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh, an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón dáta a measfaidh siad gur scoir an rochtain sin amhlaidh, agus

(i) scoirfidh an fo-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bhfoirgneamh ón dáta sin, agus

(ii) má bhíonn faoiseamh tugtha faoin alt seo i leith caiteachas cáilitheach a tabhaíodh i ndáil leis an bhfoirgneamh sin sa tréimhse cúig bliana dar críoch an dáta óna bhfuil éifeacht ag an gcúlghairm, déanfar an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar na measúnachtaí nó na measúnachtaí breise sin uile is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(5) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh faoi fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe, aon tráth réasúnach, dul isteach san fhoirgneamh ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas cáilitheach chun an foirgneamh a iniúchadh nó chun an obair a scrúdú ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas lena mbaineann an t-éileamh.

(b) Cibé uair a fheidhmeoidh duine údaraithe aon chumhacht a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, déanfaidh sé, má iarrtar air é, a údarás chun críocha an ailt seo a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbaineann.

(c) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh duine údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(6) Aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo—

(a) is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham a dhéanfar é, agus

(b) beidh ag gabháil leis cibé ráitis i scríbhinn maidir leis an gcaiteachas ar a bhfuil faoiseamh á éileamh, lena n-áirítear ráitis ó dhaoine lena ndearnadh íocaíochtaí, a shonrófar leis an bhfoirm fhorordaithe.

Caiteachais fialachta gnó.

20. —(1) Maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó dá éis, ag soláthar fialachta gnó, ní dhéanfar aon suim—

(a) a asbhaint le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal D a bheith á ríomh, ná

(b) a áireamh le linn aon chaiteachais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ná.

(c) a lamháil faoi Riail 3 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) (a) I gcás aon sócmhainn a úsáid nó a bheith curtha ar fáil lena húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun fialacht ghnó a sholáthar, ní thabharfar aon liúntas faoi aon cheann de na forálacha sonraithe don bhliain 1982-83 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis ná d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is gur le haghaidh na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “na forálacha sonraithe” alt 241, Caibidil III de Chuid XIV, Caibidlí I agus III de Chuid XV agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

(3) I gcás aon duine folaíonn na caiteachais lena mbaineann fo-alt (1) aon suim a d'íoc sé le comhalta dá fhoireann nó thar ceann an chomhalta sin nó a chuir sé ar chur an chomhalta sin chun caiteachais a íoc a thabhaigh nó a thabhóidh sé ag soláthar fialachta gnó.

(4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “fialacht ghnó” fialacht (lena n-áirítear cóiríocht, bia agus deoch nó aon chineál eile oinigh a sholáthar in aon chúinsí ar bith) arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach—

(a) ag aon duine (dá ngairtear “an chéad duine a luaitear” anseo feasta), nó

(b) ag aon duine is comhalta d'fhoireann an chéad duine a luaitear, nó

(c) ag aon duine a sholáthraíonn nó a thugann aon seirbhís don chéad duine a luaitear i gcás ar fialacht í an fhialacht a sholáthraítear le linn an tseirbhís a bheith á soláthar nó á tabhairt nó i gcás ar fialacht í atá teagmhasach le soláthar nó tabhairt na seirbhíse sin.

i ndáil le trádáil a sheolann an chéad duine a luaitear ach ní fholaíonn sé aon ní a sholáthraíonn sé do chomhaltaí bona fide dá fhoireann mura rud é go ngabhann a sholáthar dóibhsean lena sholáthar do dhaoine eile freisin.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le bronntanas a sholáthar mar atá feidhm aige i ndáil le fialacht a sholáthar.

(6) San alt seo—

folaíonn tagairt do chaiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta nó d'úsáid sócmhainne chun an fhialacht sin a sholáthar, tagairt do chaiteachais a tabhaíodh ag soláthar aon ní atá teagmhasach leis sin nó tagairt d'úsáid sócmhainne chun an ní sin a sholáthar;

folaíonn tagairt do thrádáil tagairt do ghnó, do ghairm nó d'fhostaíocht;

maidir le tagairt a dhéantar do chomhaltaí d'fhoireann duine is tagairt í do dhaoine atá fostaithe ag an duine sin, ach chun na críche seo measfar gur daoine atá fostaithe ag cuideachta stiúrthóirí na cuideachta nó daoine atá ag gabháil do bhainistí na cuideachta.

(7) (a) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le forálacha alt 24 (1A) den Acht Airgeadais, 1973 , maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó dá éis.

(b) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le forálacha alt 24 den Acht Airgeadais, 1973 (seachas forálacha fho-alt (1A)) don bhliain 1982-83 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis ná d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis.

(8) (a) Más rud é, de bharr seirbhís a sholáthar nó a thabhairt, go n-íoctar nó gurb iníoctha aon mhéid le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (c), measfar gur tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó cibé riar den mhéid is ionann agus costas aon fhialachta gnó a sholáthraítear i gcúrsa na seirbhíse nó atá teagmhasach le soláthar nó tabhairt na seirbhíse sin.

(b) Is é an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasann sé, a chinnfidh costas aon fhialachta gnó.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cinneadh a rinneadh faoi mhír (b) a leasú ar éisteacht, nó ar athéisteacht, achomhairc in aghaidh aon asbhainte (lena n-áirítear cás nach ndeonaítear aon asbhaint ina leith) a deonaíodh de bhonn an chinnidh.

Srian le faoiseamh i leith úis.

21. —(1) San alt seo agus in ailt 22 agus 23—

ciallaíonn “gaol cleithiúnach”, i ndáil le pearsa aonair, aon duine de na daoine a luaitear i míreanna (a) nó (b) d'alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhfuil an phearsa aonair i dteideal asbhainte ina leith faoin alt sin;

ciallaíonn “iasacht” aon iasacht nó airleacan nó aon chomhshocraíocht ar bith eile ar dá bua a íoctar nó is iníoctha ús;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 25ú lá de Mhárta, 1982;

ciallaíonn “na príomh-ailt” ailt 76 (1) agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 agus mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin;

ciallaíonn “iasacht cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, iasacht, gan úsáid a bheith bainte aisti chun aon chríche eile, a úsáideann an phearsa aonair d'aontoisc ag íoc airgid as a mbaintear leas chun áit chónaithe cháilitheach a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú nó chun íoc as iasacht eile a úsáidtear chun na críche sin;

ciallaíonn “áit chónaithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cónaithe sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór, a úsáidtear—

(a) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe don phearsa aonair, nó

(b) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe d'iarchéile nó do chéile idirscartha dá chuid, nó

(c) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe do dhuine ar gaol cleithiúnach é i ndáil leis an bpearsa aonair agus, i gcás inarb é an phearsa aonair a sholáthraíonn an t-áitreabh cónaithe, go soláthraítear é saor ó chíos agus gan comaoin ar bith eile;

ciallaíonn “áitreabh cónaithe”—

(a) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear, nó atá oiriúnach lena úsáid, mar theaghais, agus

(b) talamh a úsáideann áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad;

ciallaíonn “idirscartha” idirscartha faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha nó in imthosca ar dóigh don idirscaradh a bheith buan.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-alt (9), maidir le mír (a), ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt—

(a) maidir le haon ús a íocadh nó is iníoctha ar iasacht a tugadh tar éis an dáta feidhme, ná

(b) maidir le hús a íocadh nó is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, ar iasacht a tugadh ar an dáta feidhme nó roimh an dáta sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ag pearsa aonair ar iasacht is iasacht cháilitheach i ndáil leis an bpearsa aonair.

(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), beidh feidhm ag na príomh-ailt—

(i) i gcás na bliana measúnachta 1982-83, 1983-84 nó 1984-85, maidir le méid nó le méid comhiomlán aon úis a íocadh nó is iníoctha ar iasacht nó ar iasachtaí a tugadh tar éis an dáta feidhme, agus

(ii) i gcás na bliana measúnachta 1985-86 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, maidir le méid nó le méid comhiomlán aon úis a íocadh nó is iníoctha ar iasacht nó ar iasachtaí a tugadh tráth ar bith,

a mhéid nach mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta méid na hiasachta nó méid comhiomlán na n-iasachtaí ar ar íocadh nó ar arb iníoctha an t-ús sin i mbliain mheasúnachta agus, más mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta an méid sin nó an méid comhiomlán sin ar ar íocadh nó ar arb iníoctha ús ar an iasacht nó ar na hiasachtaí, ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt ach amháin maidir le cibé riar den ús sin a bhfuil idir é agus iomlán an úis sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den mhéid sin nó den mhéid comhiomlán sin nach mó ná an teorainn shonraithe agus iomlán an mhéid sin nó an mhéid chomhiomláin sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “teorainn shonraithe”, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,000,

(ii) i gcás baintreach fir nó mná, £3,600, nó

(iii) in aon chás eile, £2,500.

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo agus ailt 22 agus 23, iasacht a bheith tugtha ar an dáta ar a ndearnadh conradh ceangailteach i ndáil leis an iasacht a thabhairt:

Ar choinníoll—

(a) maidir le hiasacht, gan úsáid a bheith bainte aisti chun aon chríche eile, a úsáidtear d'aontoisc chun íoc as iasacht eile go measfar í a bheith tugtha an dáta a measadh an iasacht eile a bheith tugtha, agus

(b) go measfar iasacht, is iasacht cháilitheach, a bheith tugtha an dáta ar ar thug an duine a raibh an iasacht á tabhairt aige geallúint i scríbhinn chun an iasacht, agus méid sonraithe inti, a airleacan maidir le háit chónaithe cháilitheach shonraithe má úsáidtear an iasacht chun críche a shonraítear sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” i bhfo-alt (1) laistigh de shé mhí ón dáta sin nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim mar thréimhse is iomchuí d'imthosca an cháis, agus

(c) i gcás ina ndéanfar athrú sna téarmaí faoina dtugtar iasacht (seachas athrú sa ráta úis, nó sa tréimhse a bhfuil iasacht inaisíoctha thairsti, a dhéanfar i ngnáthchúrsa gnó i ndáil leis na hiasachtaí uile den aicme chéanna) nó ina méadófar méid na hiasachta nó ina ndéanfar aon mhéid den iasacht a bheidh aisíoctha a athairleacan faoin gconradh céanna a ndearnadh an t-airleacan bunaidh faoi—

(i) i ndáil le haon ús nó ús breise a íocadh nó is iníoctha, de bhua an athraithe, an mhéadaithe nó an athairleacain, sa tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an athraithe, an mhéadaithe nó an athairleacain sin, go measfar an iasacht a bheith tugtha ar an dáta sin, agus

(ii) i ndáil le haon ús de chineál ar bith a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht tar éis dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag sin, lena n-áirítear ús ar mhéid bunaidh na hiasachta, ar an méid méadaithe nó ar an méid a athairleacadh, go measfar an iasacht a bheith tugtha ar an dáta a luaitear i bhfomhír (i).

(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, ní iasacht cháilitheach iasacht i ndáil le pearsa aonair má úsáidtear í chun airgead a íoc ar baineadh feidhm as—

(a) chun áitreabh cónaithe nó aon leas ann a cheannach ó dhuine is céile an cheannaitheora, nó

(b) chun áitreabh cónaithe nó aon leas ann a cheannach más rud é, tráth ar bith tar éis an dáta feidhme, go ndearna an ceannaitheoir nó a chéile an t-áitreabh sin nó an leas sin a dhiúscairt nó má rinneadh aon leas is leas frithdhílse don leas a ceannaíodh a dhiúscairt amhlaidh tar éis an dáta sin, nó

(c) chun áitreabh cónaithe a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú agus go bhfuil baint ag an duine a fuair an t-airgead go díreach nó go neamhdhíreach leis an bpearsa aonair agus go ndealraíonn sé gur mó go mór praghas ceannaigh an áitribh ná luach gach a bhfuarthas nó, de réir mar a bheidh, gur mó go mór costas an deisithe, na forbartha nó an fheabhsaithe ná luach na hoibre a rinneadh:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag forálacha mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo i gcás fearchéile agus banchéile atá idirscartha.

(6) I gcás ina bhfaighidh pearsa aonair aon-áit chónaithe nua nó príomh-áit chónaithe nua ach nach ndiúscróidh sé an aon-áit chónaithe nó an phríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin agus go suífidh sé chun sástacht an chigire go raibh ar intinn aige, an tráth a fuair sé an aon-áit chónaithe nua nó an phríomh-áit chónaithe nua, diúscairt a dhéanamh ar an aon-áit chónaithe nó ar an bpríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin agus go bhfuil gach beart réasúnach is gá chun í a dhiúscairt glactha agus á ghlacadh aige, déileálfar leis an aon-áit chónaithe nó leis an bpríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin mar áit chónaithe cháilitheach, i ndáil leis an bpearsa aonair, go ceann tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta a fuarthas an aon-áit chónaithe nua nó an phríomh-áit chónaithe nua.

(7) (a) I gcás ina mbeadh, ar an toimhdeanna a shonraítear i mír (b), aon ús a íocadh ar iasacht a d'úsáid daoine chun críche a luaitear sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” mar ionadaithe pearsanta duine éagtha nó mar iontaobhaithe socraíochta a rinneadh le huacht duine éagtha, cáilithe le haghaidh faoisimh faoi na príomh-ailt agus go mbeidh, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll a shonraítear sa mhír sin, an coinníoll sin comhlíonta, beidh an t-ús sin cáilithe amhlaidh d'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

(b) Chun críocha mhír (a) toimhdeofar go mba mharthanach don duine éagtha agus gurbh eisean an t-iasachtaí; agus más rud é, tráth a bháis, go raibh an t-áitreabh cónaithe á úsáid aige mar aon-áit chónaithe nó mar phríomh-áit chónaithe, toimhdeofar freisin go mbeadh sé fós á úsáid aige amhlaidh agus beidh feidhm ansin ag an gcoinníoll seo a leanas, eadhon, go raibh an t-áitreabh cónaithe á úsáid, an tráth a íocadh an t-ús, mar aon-áit chónaithe nó mar phríomh-áit chónaithe ag baintreach nó baintreach fir an duine éagtha nó ag aon ghaol cleithiúnach leis an duine éagtha.

(c) San fho-alt seo tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(8) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le hús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.

(9) D'fhonn faoiseamh a thabhairt faoi na príomh-ailt i leith ús arna íoc roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985, ar iasacht a tugadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1982, beidh feidhm ag an alt seo—

(a) ionann is dá scriosfaí an míniú ar “áit chónaithe cháilitheach” agus

(b) ionann is dá mba thagairt d'áitreabh cónaithe an tagairt sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” d'áit chónaithe cháilitheach

(10) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis faoi alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , chun críocha Chuid IV den Acht sin.

Srian le faoiseamh i leith ús ar rótharraingtí.

22. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 21 (2) (b), ní thabharfar faoiseamh ar bith faoi na príomh-ailt i leith ús—

(a) a íocfar nó is iníoctha tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin, nó

(b) a íocfar nó is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme.

(2) Iasacht a bheidh tugtha an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó roimhe, in ionad rótharraingt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), measfar, chun críocha ailt 21 agus 23—

(a) sa mhéid nach mó í ná méid na rótharraingte ar an dáta feidhme, gur iasacht ar leithligh í a bheidh tugtha ar an dáta feidhme, agus

(b) go feadh méid na breise, gur iasacht ar leithligh í a bheidh tugtha tar éis an dáta feidhme.

(3) Don bhliain 1982-83 ní bheidh méid an úis ar rótharraingt atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi na príomh-ailt níos mó ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh iníoctha ús ar an méid sin ar an dáta sin.

(4) Chun críocha ailt 21 agus 23, aon mhéid a bheidh íoctha mar aisíoc ar iasacht a tugadh an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó roimhe sin, measfar gur íocadh é mar aisíoc ar aon mhéid den iasacht ar leithligh dá dtagraíonn fo-alt (2) (b) agus tosaíocht aige ar aon mhéid den iasacht ar leithligh dá dtagraíonn fo-alt (2) (a).

(5) (a) Chun críocha an ailt seo agus alt 23, áireofar iasacht a bheith curtha in ionad rótharraingte má úsáidtear í d'aontoisc d'urscaoileadh na rótharraingte sin nó d'urscaoileadh rótharraingt nó iasacht a cuireadh in ionad na rótharraingte sin nó a d'urscaoil í.

(b) San alt seo agus in alt 23 ciallaíonn “rótharraingt” fiach a thabhaítear trí chuntas a rótharraingt nó trí chuntas aon duine a fhéichiúnú mar shealbhóir cárta creidmheasa nó faoi chomhshocraíochtaí dá shamhail.

Srian le faoiseamh i leith ús a d'íoc cuideachtaí.

23. —(1) San alt seo ciallaíonn “ús iomchuí” an bhreis atá ag méid an úis a d'íoc cuideachta ar iasacht ar an méid sin den ús sin a bhfuil idir é agus méid iomlán an úis an chomhréir chéanna atá idir £2,500 (nó, más lú é, méid na hiasachta) agus méid na hiasachta:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta a bhfuil cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó aici de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , go measfar gur tagairt do £2,500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin an tagairt do £2,500.

(2) Maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (1) do mhéid iasachta, measfar, má tá níos mó ná iasacht amháin ann, gur tagairtí iad do mhéid comhiomlán na n-iasachtaí.

(3) I ndáil—

(a) le hús iomchuí a íocfar ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an dáta feidhme,

(b) leis an ús iomchuí go léir a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis,

(c) le hús—

(i) a íocfar tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin,

(ii) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme, agus

(d) le hús ar rótharraingt dá dtagraítear i mír (c) (ii), i gcás ar sa bhliain dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1983, a bheidh an t-ús sin íoctha sa mhéid gur mó méid an úis ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh inmhuirearaithe ús ar an méid sin ar an dáta feidhme,

beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (6)—

“(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar le hús mar mhuirear ar ioncam.”.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar stocluachanna.

24. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1982” a chur in ionad “1981”—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis sin.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1982, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis” a chur in ionad “, 1980-81 nó 1981-82” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'fho-alt (2),

(b) trí “1982-83” a chur in ionad “1981-82” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) i bhfo-alt (3), agus

(c) trí “1982” a chur in ionad “1981” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón mír seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1982-83.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mheidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1982, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon la dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis:

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don bhliain 1982-83.

25. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i bhfo-alt (2), beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1982-83 amhail mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 198182.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais, maidir leis an mbliain 1982-83, páirt a ghabháil i gcomhshocraíochtaí den chineál dá dtagraítear in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach iad sin modhnaithe a mhéid a ordóidh an tAire Airgeadais, sa mhéid go mbaineann siad leis na suimeanna ar a mbeidh cáin le ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe.

(3) Ceadóidh an tAire Airgeadais, chun críocha an ailt seo, aon chumann foirgníochta (de réir bhrí alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) más rud é, i ndáil leis an gcumann sin, go dtabharfaidh an tAire Comhshaoil deimhniú á rá gur choinnnigh an cumann, le linn na bliana airgeadais 1982, ar leibhéil agus ar feadh tréimhsí a comhaontaíodh leis an Aire, an ráta nó na rátaí úis a mhuirearaigh an cumann sin ar iasachtaí a thug sé do phearsana aonair chun tithe cónaithe atá le húsáid d'aontoisc le haghaidh úinéir-áitiú ag na pearsana aonair sin, a cheannach, a fhoirgniú nó a fheabhsú.