12 1983


Uimhir 12 de 1983


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMH-CHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1980. [5 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1980 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo do shean-Tuathcheantar mar thagairt don Cheantar sin mar a bhí sé díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

(3) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1980, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1980) a fhorálann nach mó ná £80,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £120,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Méadú ar dheontais don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 d'Acht 1970.

3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1980 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £60,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 d'Acht 1970.

Airleacain chun na Cuideachta ón Aire Airgeadais.

4. —Aisghairtear leis seo alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978 , agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £25,000,000 comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 .

Leasú ar alt 2 d'Acht 1970.

5. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1970 trí “i gcontaetha Luimnigh, an Chláir (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, an Eaglais, an Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2, ar i gcontae Uíbh Fhailí díobh go léir, agus i gcontaebhuirg Luimnigh” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “i gcontaethe Luimnigh, an Chlár (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh) agus i gcontaebhuirg Luimnigh”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don Chuideachta d'fhonn a chumasú di íoc as costais reatha na Cuideachta maidir lena feidhmeanna i ndáil le forbairt tionscail i gcontaetha Luimnigh, an Chláir (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, an Eaglais, an Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2 ar i gcontae Uíbh Fhaílí dóibh go léir, agus i gcontaebhuirg Luimnigh.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1970.

6. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1970 trí “i gcontaetha Luimnigh, an Chláir, Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, an Eaglais, An Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2 ar i gcontae Uíbh Fhailí dóibh go léir, agus i gcontaebhuirg Luimnigh” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “i gcontaetha Luimnigh, an Chláir, Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) agus i gcontaebhuirg Luimnigh” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'ainneoin alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tÚdarás cuid nó an t-iomlán de cibé cumhachtaí a bheidh ag an Údarás a tharmligean chun na Cuideachta d'fhonn cúnamh airgeadais a sholáthar do ghnóthas tionscail nó maidir le gnóthas tionscail nó maidir le tithíocht d'fhostaithe i dtionscal i gcontaetha Luimnigh, an Chláir, Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, an Eaglais, an Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2 ar i gContae Uíbh Fhailí dóibh go léir, agus i gcontaebhuirg Luimnigh.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1980, agus den Acht seo le chéile.

Acts Referred to

Shannon Free Airport Development Company Limited Act, 1959

1959, No. 36

Shannon Free Airport Development Company Limited (Amendment) Act, 1961

1961, No. 31

Shannon Free Airport Development Company Limited (Amendment) Act, 1963

1963, No. 27

Shannon Free Airport Development Company Limited (Amendment) Act, 1970

1970, No. 9

Shannon Free Airport Development Company Limited (Amendment) Act, 1978

1978, No. 3

Shannon Free Airport Development Company Limited (Amendment) Act, 1980

1980, No. 28

Shannon Free Airport Development Company Limited Acts, 1959 to 1980