An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1983) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 1 (díolúine ó cháin ioncaim) den Acht Airgeadais, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£4,800” a chur in ionad “£4,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) agus trí “£2,400” a chur in ionad “£2,200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £4,800, agus

(b) in aon chás eile, £2,400.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £3,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

...

...

60 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

65 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £6,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An chéad £4,000 eile

...

...

60 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

65 faoin gcéad

Cothabháil i gcás céilí idirscartha.

3. —(1) (a) (i) San alt seo—

ciallaíonn “comhshocraíocht chothabhála” ordú cúirte, riail chúirte, gníomhas idirscartha, iontaobhas, cúnant, comhaontú, comhshocraíocht nó gníomh ar bith eile, as a dtagann oibleagáid is inchurtha i bhfeidhm le dlí agus a dhéanfar i gcomaoin nó de dhroim scaoileadh nó neamhniú pósta nó i gcomaoin nó de dhroim idirscaradh idir na páirtithe i bpósadh de chineál dá dtagraítear in alt 192 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus baineann comhshocraíocht chothabhála leis an bpósadh arbh i gcomaoin nó de dhroim a scaoilte nó a neamhnithe nó arbh i gcomaoin nó de dhroim an idirscartha idir na páirtithe ann a rinneadh nó a d'eascair an chomhshocraíocht chothabhála;

ciallaíonn “íocaíocht” íocaíocht nó cuid d'íocaíocht, de réir mar a bheidh.

(ii) Tagairt san alt seo do leanbh duine fola íonn sé leanbh a raibh an duine, tráth ar bith sula ndearnadh an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, i dteideal asbhainte ina leith faoi alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) (i) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí a dhéanfaidh páirtí i bpósadh, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi réim nó de bhun comhshocraíocht chothabhála a bhaineann leis an bpósadh chun sochair do leanbh dá chuid, nó chun sochair don pháirtí eile sa phósadh, ar íocaíochtaí iad—

(I) a dhéanfar tráth an Achta seo a rith nó tráth dá éis sin nuair nach mbeidh an banchéile ina cónaí leis an bhfearchéile,

(II) arb infheidhme le dlí iad a íoc, agus

(III) a dhéanfar go bliantúil nó go tréimhsiúil:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí den sórt sin a dhéanfar faoi chomhshocraíocht chothabhála a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith mura dtarlóidh agus go dtí go dtarlóidh ceachtar teagmhas díobh seo a leanas, nó go dtí go dtarlóidh cibé teagmhas díobh is túisce, i gcás an dá theagmhas tarlú, is é sin le rá—

(A) go gcuirfear comhshocraíocht chothabhála eile in ionad na comhshocraíochta cothabhála nó go n-athrófar í,

(B) go ndéanfaidh an dá pháirtí sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála, trí fhógra i scríbhinn don chigire, rogha go comhpháirteach go mbeidh feidhm ag an alt seo,

agus i gcás ina dtarlóidh teagmhas den sórt sin i gceachtar de na himthosca thuasluaite, beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach íocaíocht den sórt sin a dhéanfar tar éis an dáta ar a dtarlóidh sé.

(ii) Chun críocha an ailt seo agus alt 4, i gcás íocaíocht, cibé acu is íocaíocht choinníollach í nó nach ea, a dhéanfaidh páirtí i bpósadh, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi réim nó de bhun comhshocraíocht chothabhála a bhaineann leis an bpósadh (seachas íoca íocht a bhfuil a méid nó modh ríomha an mhéid sin sonraithe sa chomhshocraíocht chothabhála agus ar íocaíocht í nach bhfaigheann leanbh de chuid an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta ná an páirtí eile sa phósadh aon sochar aisti ná as an gcomaoin ina leith), measfar gur chun sochair don pháirtí eile sa phósadh a dhéanfar í:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar, nó ina n-ordófar go ndéanfar, an íocaíocht de réir na comhshocraíochta cothabhála, chun a húsáide ag, agus chun sochair do, leanbh de chuid an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta, nó le haghaidh cothabháil, cothú nó oideachas an linbh sin nó chun sochair dó ar shlí eile, nó ar iontaobhas don leanbh sin, agus go mbeidh méid na híocaíochta sin a dhéanfar nó a ordófar a dhéanamh, nó an modh le méid na híocaíochta sin a ríomh, sonraithe sa chomhshocraíocht chothabhála, go measfar gur chun sochair don leanbh sin agus nach chun sochair d'aon duine eile, a dhéanfar an íocaíocht sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach faoi réir alt 4, maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfaidh páirtí amháin sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, go díreach nó go neamhdhíreach, chun sochair don pháirtí eile sa phósadh—

(a) ní bheidh an duine atá ag déanamh na híocaíochta i dteideal, ar an íocaíocht a dhéanamh, aon suim atá ag freagairt d'aon mhéid cánach ioncaim ar an íocaíocht sin a asbhaint agus a choimeád aisti,

(b) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur brabúis nó gnóchain atá ag eascairt chuig an bpáirtí eile sin sa phósadh an íocaíocht agus muirearófar cáin ioncaim ar an bpáirtí eile sin faoi Chás IV de Sceideal D i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus

(c) beidh an páirtí sa phósadh a dhéanfaidh an íocaíocht, tar éis dó éileamh chuige sin a dhéanamh ar an modh atá forordaithe leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, i dteideal, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, an íocaíocht a asbhaint nuair a bheidh a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an íocaíocht á ríomh aige.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfaidh páirtí sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, go díreach nó go neamhdhíreach, chun sochair d'aon leanbh dá chuid—

(a) ní bheidh an duine atá ag déanamh na híocaíochta i dteideal, ar an íocaíocht a dhéanamh, aon suim atá ag freagairt d'aon mhéid cánach ioncaim ar an íoca íocht sin a asbhaint agus a choimeád aisti,

(b) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, nach ioncam de chuid an linbh an íocaíocht,

(c) déanfar ioncam iomlán an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta, d'aon bhliain mheasúnachta, a ríomh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim amhail is dá mba nach ndearnadh an íocaíocht, agus

(d) chun críocha alt 141 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar gur méid í an íocaíocht a chaith an páirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta ag cothabháil an linbh, agus, d'ainneoin an íocaíocht a bheith déanta leis an bpáirtí eile sa phósadh lena caitheamh faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh agus gur mar sin a chaitear í, measfar chun na gcríoch thuasluaite nach méid í a chaith an páirtí eile sin ag cothabháil an linbh.

(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha ailt 146 agus 149 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hasbhaint faoi fho-alt (2) (c) mar atá feidhm acu maidir le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh faoi ailt 138 go 145 den Acht sin.

(b) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag forálacha mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht sin, maidir le hasbhaint faoi fho-alt (2) (c).

Céilí idirscartha: oiriúnú ar fhorálacha speisialta maidir le daoine pósta.

4. —(1) I gcás ina ndéanfaidh páirtí i bpósadh (is pósadh nach mbeidh scaoilte ná neamhnithe) íocaíocht lena mbaineann alt 3 i mbliain mheasúnachta agus go mbeidh an dá pháirtí sa phósadh ina gcónaí sa Stát don bhliain sin, beidh éifeacht le halt 195 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil leis na páirtithe sa phósadh don bhliain mheasúnachta sin ionann is dá ndéanfaí—

(a) i bhfo-alt (1), “, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí leis an bhfearchéile,” a scriosadh, agus

(b) fo-alt (4) a scriosadh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh na páirtithe i bpósadh, de bhua fho-alt (1), rogha dá bhforáiltear in alt 195 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta dá mbeidh éifeacht leis an rogha—

(a) faoi réir fho-alt (1) agus mhíreanna (b) agus (c), beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim i gcás na bpáirtithe sa phósadh mar atá feidhm acu i gcás fearchéile agus banchéile a mbeidh rogha déanta acu faoin alt sin 195 (1) agus a mbeidh éifeacht lena rogha don bhliain mheasúnachta sin,

(b) déanfar ioncam iomlán nó ioncaim iomlána na bpáirtithe sa phósadh a ríomh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim ionann is dá mba nach ndearnadh aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 3 agus a bheidh déanta sa bhliain mheasúnachta sin ag páirtí amháin sa phósadh chun sochair don pháirtí eile sa phósadh, agus

(c) déanfar cáin ioncaim a mheasúnú, a mhuirearú, agus a ghnóthú ar ioncam iomlán nó ar ioncaim iomlána na bpáirtithe sa phósadh ionann is dá mbeadh iarratas faoi alt 197 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanta ag páirtí amháin díobh agus go mbeadh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain mheasúnachta sin.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

5. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , chun an méid ioncaim a fhionnadh ar ina leith a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin don bhliain 1983-84, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1983-84” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar Chuid IX (forálacha speisialta maidir le bliain an phósta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gCaibidil I (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 195:

“Forálacha speisialta maidir le bliain an phósta.

195A.—(1) San alt seo—

tá le ‘mí cánach ioncaim’ an bhrí a shanntar dó le halt 124;

ciallaíonn ‘bliain an phósta’, i ndáil le fearchéile agus a bhanchéile, an bhliain mheasúnachta inar pósadh iad.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 195 i ndáil le fearchéile agus a bhanchéile do bhliain an phósta.

(3) Más rud é, ar éileamh chuige sin a dhéanamh, go gcruthóidh fearchéile agus a bhanchéile gur mó an méid is ionann agus méid comhiomlán na cánach a bheidh íoctha agus iníoctha ag an bhfearchéile ar a ioncam iomlán do bhliain an phósta agus na cánach a bheidh íoctha agus iníoctha ag a bhanchéile ar a hioncam iomlán do bhliain an phósta ná an cháin ab iníoctha ag an bhfearchéile ar a ioncam iomlán agus ar ioncam iomlán a bhanchéile do bhliain an phósta dá mba rud é—

(a) go ndearnadh é a mhuirearú i leith cánach do bhliain an phósta de réir alt 194, agus

(b) go raibh sé féin agus a bhanchéile pósta ar a chéile ar feadh bhliain an phósta,

beidh siad i dteideal, faoi réir fho-alt (4), aisíoc cánach a fháil a gcinnfear a mhéid de réir na foirmle—

A  ×

B

__

12

i gcás—

arb é A méid na breise thuasluaite, agus

arb é B an uimhir míonna cánach ioncaim sa tréimhse idir an dáta a ndearnadh an pósadh agus deireadh bhliain an phósta, agus déileálfar chun na críche sin le cuid de mhí cánach ioncaim mar mhí cánach ioncaim i gcás gurb é a bheidh sa tréimhse cuid de mhí cánach ioncaim nó mí amháin nó níos mó de mhíonna cánach ioncaim mar aon le cuid de mhí cánach ioncaim.

(4) Déanfar aon aisíoc cánach faoi fho-alt (3) a leithroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile áirithe i gcomhréir leis na méideanna cánach a bheidh íoctha agus iníoctha acu, ag féachaint d'fho-alt (2), ar a n-ioncaim iomlána faoi seach do bhliain an phósta.

(5) Aon éileamh ar aisíoc cánach faoi fhorálacha fho-alt (3) déanfar é i scríbhinn chun an chigire tar éis dheireadh bhliain an phósta agus is iad an fearchéile agus an banchéile áirithe i gcomhpháirt a dhéanfaidh é.

(6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 beidh feidhm acu maidir le haon aisíoc cánach faoin alt seo.

(7) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin don bhliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis.”.

Cuid XX (faoiseamh d'infheisteoirí in urrúis Éireannacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do scor.

7. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le Cuid XX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le haon dáileadh nó íocaíocht úis dá dtagraítear sa Chuid sin agus a dhéanfar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis.

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ), trí “£120” a chur in ionad “£150”, gach áit a bhfuil sé, agus trí “£50” a chur in ionad “£70”,

(b) i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980), trí “£120” a chur in ionad “£150” agus trí “£50” a chur in ionad “£70”, agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “na bainc thráchtála” i bhfo-alt (4):

“ciallaíonn ‘na bainc thráchtála’ Bainc-Aontas Éireann Teoranta, Banc na hÉireann, Banc an Tuaiscirt Teoranta, Banc Uladh Teoranta, Ansbacher agus a Chuideachta, Teoranta, Banc Tráchtála Barclay Teoranta, Mac Aonghusa agus Ó Mathúna Teoranta, Banc Chase (na hÉireann) Teoranta agus Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta;”,

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear “na suimeanna sin” san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin—

(i) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (a), ná £120, nó

(ii) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (b), ná £50:

Ar choinníoll nach mó ná £120 na suimeanna iomlána a ndéanfar neamhshuim díobh amhlaidh:

Ar choinníoll freisin go mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cá mhéid is mó ná £120 nó £50, cibé acu é, na suimeanna sin, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.

Leasú ar Chuid XXVI (achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo Cuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) maidir le hachomhaire i gcoinne measúnachtaí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith—

(i) in alt 416—

(I) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Mura bhfaighfear fógra achomhairc ó dhuine dár tugadh fógra measúnachta beidh an mheasúnacht a rinneadh air ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte.

(b) Mura láithríonn duine, a mbeidh fógra achomhairc i gcoinne measúnachta tugtha aige, os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc san am agus san áit a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht, beidh, faoi réir fho-alt (8), an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht a rinneadh air a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh fógra achomhairc ina leith.

(c) Más rud é, ar achomharc i gcoinne measúnachta a éisteacht—

(i) nach ndéanfar nó nach ndearnadh aon iarratas chun na gCoimisinéirí Achomhairc, roimh éisteacht, nó tráth éisteachta, an achomhairc ag an achomharcóir nó thar a cheann chun na himeachtaí ar an achomharc a chur ar atráth nó go ndéanfar nó go ndearnadh iarratas den sórt sin agus go ndiúltófar nó gur diúltaíodh dó (ach ní dhiúltófar iarratas den sórt sin sula mbeidh tréimhse 9 mí caite ó dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne nó ón dáta a tugadh an fógra measúnachta don achomharcóir, cibé acu is luaithe) agus

(ii) (A) nach mbeidh tuairisceán tugtha ag an achomharcóir ar a ioncam don bhliain mheasúnachta iomchuí, nó

(B) go mbeidh tuairisceán den sórt sin tugtha ach nach mbeidh na ráitis uile i dtaobh brabús agus gnóchan, na sceidil agus an fhianaise eile go léir i ndáil leis an tuairisceán sin tugtha ag an achomharcóir nó tugtha thar a cheann,

déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc ordú chun an t-achomharc i gcoinne na measúnachta a dhíbhe agus air sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nach mbeadh fógra achomhairc tugtha ina leith:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo más rud é, ar an achomharc a éisteacht, gur deimhin leis na Coimisinéirí Achomhairc go bhfuil dóthain faisnéise tugtha ag an achomharcóir nó tugtha thar a cheann chun a chur ar a gcumas an t-achomharc a chinneadh ag an éisteacht sin.”,

(II) i bhfo-alt (7)—

(A) trí “laistigh de 12 mhí tar éis dháta an fhógra measúnachta” a chur isteach i ndiaidh “á iarraidh sin” i mír (a), agus

(B) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) D'ainneoin fhorálacha mhír (a), iarratas a dhéanfar tar éis don am atá sonraithe sa mhír sin a bheith caite agus a ngéillfí dó faoin mír sin (a) murach an t-am sin a bheith caite, féadfar géilleadh dó faoin mír sin más rud é, tráth déanta an iarratais—

(i) go mbeidh tuairisceán ar ioncam, ráitis i dtaobh brabús agus gnóchan agus cibé faisnéis eile curtha faoi bhráid an chigire nó an oifigigh eile is dóigh leis a d'fhágfadh go bhféadfaí an t-achomharc a shocrú trí chomhaontú faoi fho-alt (3), agus

(ii) go mbeidh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, mar aon le haon ús uirthi is inmhuirearaithe faoi fhorálacha alt 550, íoctha.

(e) Más rud é i gcás iarratas d á dtagraítear i mír (d) nach deimhin leis an gcigire nó leis an oifigeach eile gur leor an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid le go bhféadfaí an t-achomharc a shocrú trí chomhaontú faoi fho-alt (3) nó nach mbeidh an cháin agus an t-ús a luaitear i mír (d) (ii) íoctha, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, go bhfuiltear tar éis diúltú dá iarratas.

(f) Laistigh de 15 lá tar éis dáta aon fhógra faoi mhír (e) féadfaidh an t-iarratasóir trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcigire nó ar an oifigeach eile a iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus, i ndáil le hiarratas a tharchuirfear amhlaidh, más rud é—

(i) gur iarratas é a ngéillfí dó faoi mhír (c), murach an tréimhse atá sonraithe i mír (a) a bheith caite, dá mba faoin mír sin (c) a bheadh an t-iarratas tarchurtha chun na gCoimisinéirí Achomhairc,

(ii) tráth an t-iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc, go mbeidh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, mar aon le haon ús uirthi sin is inmhuirearaithe faoi alt 550, íoctha, agus

(iii) gurb amhlaidh don fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an chigire nó an oifigigh eile gur dóigh leis na Coimisinéirí Achomhairc go gcinnfear an t-achomharc ar an gcéad ócáid a dtiocfaidh sé os a gcomhair lena éisteacht,

féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc géilleadh don iarratas.

(g) I gcás go mbeifear, faoi mhír (d) nó (f), tar éis géilleadh d'iarratas i ndáil le hachomharc i gcoinne measúnachta agus go n-éireoidh ró-íocaíocht cánach de bhíthin an t-achomharc a chinneadh, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 30 (4) den Acht Airgeadais, 1976 , maidir leis an méid nó na méideanna is bun leis an ró-íocaíocht.”,

(III) i bhfo-alt (8), trí “mír (b) d'fho-alt (6)” a chur in ionad “fo-alt (6)”,

(IV) trí fho-alt (8A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1968 ) a scriosadh, agus

(V) i bhfo-alt (9), trí “mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncam a mhalairt” i mír (a) a scriosadh,

(ii) in alt 421, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Gach cinneadh a bheidh déanta ag na Coimisinéirí ar achomharc taifeadfaidh siad é san fhoirm fhorordaithe an tráth a dhéanfar an cinneadh agus, laistigh de 10 lá tar éis an chinnidh, cuirfidh na Coimisinéirí an fhoirm sin ar aghaidh chuig an gcigire nó chuig an oifigeach eile.”,

(iii) in alt 428, trí “£20” a chur in ionad “fiche scilling” i bhfo-alt (3),

(iv) in alt 429, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Tráth a bheidh an t-achomharc á ath éisteacht ag an mbreitheamh sin, nó tráth roimhe sin, cuirfidh an cigire nó an t-oifigeach eile ar aghaidh chuig an mbreitheamh an fhoirm fhorordaithe inar taifeadadh cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc ar an achomharc.”,

agus

(v) in alt 430, trí “agus in aon chás a shonróidh breitheamh de bhun an ailt sin 428 leagfar amach na fíorais, cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc agus cinneadh an bhreithimh” a chur isteach i ndiaidh “Achomhairc” i bhfo-alt (1),

agus

(b) maidir le gach éisteacht ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach tar éis dháta an Achta seo a rith ar chás a shonrófar faoi alt 428 nó 430—

(i) in alt 416 (10), trí “agus, más mar sin a theastóidh ón duine arb é a inmhuirireacht i leith cánach is ábhar don chás, is i gcúirt iata a dhéanfar gach éisteacht ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach ar chás a shonrófar faoi alt 428 nó 430” a scriosadh, agus

(ii) trí alt 420 a scriosadh,

agus tá na fo-ailt sin (7)(a), (8), (9)(a), agus (10) d'alt 416, an fo-alt sin (3) d'alt 428 agus an fo-alt sin (1) d'alt 430, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(7)  (a)  Aon fhógra achomhairc nár tugadh laistigh den am a theorainnítear le fo-alt (1) measfar gur tugadh amhlaidh é i gcás ina ndearna an cigire nó cibé oifigeach eile mar a dúradh, ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige á iarraidh sin laistigh de 12 mhí tar éis dháta an fhógra measúnachta agus ar é a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, fógra achomhairc a thabhairt laistigh den am a theorainnítear agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach ina dhiaidh sin, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn gur géilleadh dá iarratas.

(8) I gcás gan duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige a theacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc san am agus san áit a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht ann, ní bheidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (6) más rud é—

(a) go dtiocfaidh duine eile i láthair san am agus san áit sin thar ceann an achomharcóra agus go dtoileoidh na Coimisinéirí Achomhairc éisteacht leis an duine sin, nó

(b) go n-iarchuirfidh na Coimisinéirí Achomhairc an éisteacht ar iarratas chuige sin a bheith déanta chucu i scríbhinn nó ar shlí eile ag an am sin nó roimhe, nó

(c) ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chucu tar éis an ama sin, go n-ordóidh na Coimisinéirí Achomhairc, ar iad a bheith sásta nár théad an t-iarratasóir, mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, teacht i láthair os a gcomhair san am agus san áit sin agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach, go ndéileálfar leis an achomharc mar achomharc nach bhfuil am a éisteachta ceaptha go fóill.

(9)  (a)  I gcás ina mbeifear tar éis caingean a thionscnamh chun cáin a ghnóthú a muirearaíodh trí mheasúnacht is caingean i modh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485, ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) ná ag fo-alt (8) maidir leis an measúnacht sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.

(10) Is i gcúirt iata a bheidh gach athéisteacht achomhairc ag an gCúirt Chuarda faoi alt 429.

(3) Íocfaidh an páirtí a bheidh ag iarraidh an cháis táille £20 le Cléireach na gCoimisinéirí le haghaidh agus i leith an chéanna sula mbeidh teideal aige go sonrófaí an cás.

(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 428 maidir le cinneadh a dhéanfaidh breitheamh de bhun alt 429 sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le cinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc agus in aon chás a shonróidh breitheamh de bhun an ailt sin 428 leagfar amach na fíorais, cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc agus cinneadh an bhreithimh.

Leasú ar alt 496 (aisíoc i leith ús a íocadh le bainc, tithe úis, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Leasaítear leis seo alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )—

(a) trí “an 6ú lá d'Aibreán, 1983” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1980”, agus

(b) trí “£4,000” a chur in ionad “£4,800”, “£2,900” a chur in ionad “£3,500” agus “£2,000” a chur in ionad “£2,400”,

agus tá an fo-alt sin (2A), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2A) I ndáil le haon ús a íocfar i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo in aghaidh aon bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás fearchéile, a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, ar bhreis an úis ar £4,000,

(b) i gcás baintreach fir nó mná, ar bhreis an úis ar £2,900, nó

(c) in aon chás eile, ar bhreis an úis ar £2,000.