An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VII Luathcháin Chorparáide)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

Caibidil VI

Cáin Chorparáide

Buanú ar fhaoiseamh maidir le méadú ar fhostaíocht.

31. —Beidh éifeacht le Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 , maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta atá laistigh den bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1984, mar atá éifeacht léi maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta atá laistigh den bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) in alt 43 den Acht sin, cuirfear “1984” in ionad “1983” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”,

(b) in ailt 44 agus 45 den Acht sin, cuirfear “1983” in ionad “1982” gach áit a bhfuil sé, agus

(c) in alt 46 den Acht sin, cuirfear “1982” in ionad “1981”.

Brabúis Bhord Gáis Éireann a bheith díolmhaithe ó ch áin chorparáide.

32. —D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh brabúis a eascróidh chuig Bord Gáis Éireann in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1982, díolmhaithe ó cháin chorparáide.

Leasú ar alt 56 (onnmhairiú earraí áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

33. —Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon táirge muiceola a dhíol (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a dhíolfar é), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Coimisiún” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an Coimisiún’ an Coimisiún Muc agus Bagúin nó an Coimisiún Muc agus Bagúin Teoranta, de réir mar a bheidh;”.

Leathnú ar idirbhearta díolmhaithe i ndáil le cumainn talmhaíochta.

34. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1978 , trí “seirbhísí a sholáthraítear i gcúrsa pórú, clárú agus díol beostoic fholaíochta fheirme a chur chun cinn” a chur isteach i mír 2 de Chuid I roimh “péarslaí a scriosadh”.

Leasú ar alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe, etc.) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

35. —Leasaítear leis seo alt 98 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Chun críocha an ailt seo agus i ndáil le haon iasacht a thabharfar nó airleacan a dhéanfar an 23ú lá de Bhealtaine, 1983, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 94 (1) ionann is dá ndéanfaí an tagairt i mír (b) do chumann tionscail agus coigiltis cláraithe a scriosadh.”.

Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

36. —Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) (a) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta, a mbeidh ceangailte uirthi go cuí tuairisceán faoin alt seo a sheachadadh, mainneachtain an tuairisceán a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta ag aon chuideachta den sórt sin, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta sin á cheangal uirthi aon ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(i) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) de chuid na cuideachta a bheidh sonraithe nó a mbeidh tuairisc orthu san fhógra a sheachadadh ar an gcigire nó ar an oifigeach údaraithe laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe ann, lena n-áirítear, i gcás iniúchadh a bheith déanta ar na cuntais, cóip de dheimhniú an iniúchóra;

(ii) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid go léir a bheidh i seilbh na cuideachta nó faoina cumhacht aici agus a bheidh sonraithe nó a mbeidh tuairisc orthu san fhógra a chur ar fáil, laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach údaraithe, ar leabhair, cuntais agus doiciméid iad a bhfuil faisnéis maidir le brabúis, sócmhainní nó dliteanais na cuideachta iontu.

(b) Féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach údaraithe cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil dó lena n-iniúchadh faoin bhfo-alt seo nó féadfaidh sé sleachta a thógáil astu.

(c) An tagairt i bhfo-alt (8) (a) do thuairisceán a sheachadadh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do dhéanamh aon ní a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a) den fho-alt seo.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 146 (achomhairc) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

37. —Leasaítear leis seo alt 146 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag forálacha Chuid XXVI (Achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim agus, dá réir sin, sna forálacha sin—

(a) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim tagairt do cháin chorparáide,

(b) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do bhliain mheasúnachta tagairt do thréimhse chuntasaíochta,

(c) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do thuairisceán ar ioncam tagairt do thuairisceán faoi alt 143, agus

(d) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do na hAchtanna Cánach Ioncaim tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide.”.