23 1983


Uimhir 23 de 1983


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (SEIRBHÍS POBAIL), 1983

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN DÉILEÁIL LE DAOINE A CIONTAÍODH I gCIONTA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAI-NEANN LEIS NA NITHE SIN. [13 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “ordú seirbhíse pobail” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

ní fholaíonn “cúirt” Cúirt Choiriúil Speisialta;

tá le “dúiche chónaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 6;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

tá le “ciontóir” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

ciallaíonn “oifigeach promhaidh agus leasa” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina oifigeach promhaidh agus leasa nó chun bheith ina oifigeach leasa nó ina oifigeach promhaidh;

ciallaíonn “oifigeach iomchuí” oifigeach promhaidh agus leasa agus é ag cur feidhmeanna faoin Acht seo i gcrích.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt.

Daoine a bhfuil feidhm ag an Acht ina leith.

2. —Tá feidhm ag an Acht seo i leith duine (dá ngairtear “ciontóir” san Acht seo) atá 16 bliana d'aois nó os a chionn agus a chiontófar i gcion ar phianbhreith phianseirbhíse, phríosúnachta nó choinneála i bhForas Naomh Pádraig an phianbhreith iomchuí, i dtuairim na Cúirte, ab inchurtha i leith an chiona sin murach an tAcht seo, ach níl feidhm aige i gcás aon phianbhreith den sórt sin a bheith socraithe le dlí.

Ordú seirbhíse pobail.

3. —(1) Faoi réir alt 4, féadfaidh an chúirt a chiontóidh ciontóir, nó a gciontófar ciontóir os a comhair, in ionad déileáil leis in aon slí eile, ordú (dá ngairtear “ordú seirbhíse pobail” san Acht seo) a dhéanamh faoin alt seo i leith an chiona ina mbeidh sé ciontaithe.

(2) Cuirfidh ordú seirbhíse pobail de cheangal ar an gciontóir obair shaor in aisce a dhéanamh de réir an Achta seo ar feadh cibé líon uaire an chloig a bheidh sonraithe san ordú ach gan an líon sin do dhul faoi bhun 40 ná thar 240.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh ar chúirt a bhfuil ordú seirbhíse pobail á dhéanamh aici ordú faoi aon achtachán eile a dhéanamh i ndáil leis an gcion ar ina leith atá an t-ordú á dhéanamh—

(a) chun aon cheadúnas a chúlghairm,

(b) chun aon dícháiliú nó formhuiniú a fhorchur,

(c) chun aon mhaoin a fhorghéilleadh, a choigistiú, a urghabháil, a aiseag nó a dhiúscairt, nó

(d) chun cúiteamh, costais nó caiteachais a íoc.

Na coinníollacha is gá chun ordú seirbhíse pobail a dhéanamh.

4. —(1) Ní dhéanfaidh cúirt ordú seirbhíse pobail mura mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a) gur deimhin leis an gcúirt, tar éis breithniú a dhéanamh ar thosca an chiontóra agus ar thuarascáil air ó oifigeach promhaidh agus leasa (lena n-áirítear, má mheasann an chúirt gur gá é, tar éis éisteacht le fianaise ón oifigeach sin), gur duine oiriúnach an ciontóir le hobair faoin ordú sin a dhéanamh agus gur féidir socruithe a dhéanamh dó leis an obair sin a dhéanamh, agus

(b) go bhfuil toilithe ag an gciontóir leis.

(2) Sula ndéanfaidh an chúirt ordú seirbhíse pobail i leith ciontóra míneoidh an chúirt dó—

(a) cad is éifeacht don ordú agus, go háirithe, cad iad ceanglais ailt 7 (1) agus 7 (2),

(b) cad a d'fhéadfadh tarlú faoi ailt 7 (4) agus 8 má mhainníonn sé déanamh de réir aon cheann de na ceanglais sin, agus

(c) go bhféadfaidh an Chúirt Dúiche, faoin Acht seo, an t-ordú a athbhreithniú ar iarratas ón gciontóir nó ó oifigeach iomchuí.

Forálacha maidir le breis agus aon ordú seirbhíse pobail amháin.

5. —(1) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (3), i gcás breis agus aon ordú seirbhíse pobail amháin a bheith i bhfeidhm i leith ciontóra aon tráth áirithe, ní rachaidh an líon iomlán uaire an chloig a cheanglófar ar an gciontóir a oibriú faoi na horduithe sin thar 240.

(2) I gcás ina ndéanfaidh cúirt orduithe seirbhíse pobail maidir le dhá chion nó níos mó a mbeidh an ciontóir ciontaithe iontu ag an gcúirt nó os comhair na cúirte, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh na huaire an chloig oibre a bheidh sonraithe in aon ordú de na horduithe sin i gcomhthráth nó mar bhreis leis na huaire an chloig a bheidh sonraithe in aon ordú eile de na horduithe sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh cúirt ordú seirbhíse pobail agus go mbeidh ordú eile den sórt sin (cibé acu arbh í an chúirt chéanna nó cúirt eile a rinne é) i bhfeidhm i leith an chiontóra tráth déanta an ordaithe sin, féadfaidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú is déanaí a chur faoi deara san ordú sin go mbeidh na huaire an chloig a bheidh sonraithe ann i gcomhthráth nó mar bhreis leis na huaire an chloig a bheidh sonraithe san ordú is luaithe.

Forálacha de dhroim ordú seirbhíse pobail a dhéanamh.

6. —(1) Sonróidh ordú seirbhíse pobail an dúiche chúirte dúiche (dá ngairtear “dúiche chónaithe” san Acht seo) ina gcónaíonn an ciontóir nó ina gcónóidh sé fad a bheidh obair faoin ordú á déanamh aige.

(2) Cuirfidh an chúirt a dhéanfaidh ordú seirbhíse pobail faoi deara go seolfar cóipeanna deimhnithe den ordú—

(a) chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche chónaithe, agus

(b) chuig oifigeach iomchuí sonraithe sa dúiche chónaithe agus tabharfaidh seisean cóip don chiontóir.

Ceanglais faoi ordú seirbhíse pobail agus mainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh.

7. —(1) Ciontóir a mbeidh ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm ina leith—

(a) tiocfaidh sé i láthair oifigigh iomchuí mar a bheidh ordaithe dó ó am go ham ag an oifigeach, nó thar ceann an oifigigh, dá dtagraítear in alt 6 (2) nó 10 (2) nó ag oifigeach, nó thar ceann oifigigh, a chuireann feidhmeanna i gcrích a chuir an t-oifigeach sin i gcrích roimhe sin,

(b) déanfaidh sé ar mhodh sásúil, ar feadh an líon uaire an chloig a bheidh sonraithe san ordú, cibé obair, le linn cibé tráthanna a bheidh ordaithe dó ag an oifigeach iomchuí, nó thar ceann an oifigigh iomchuí, a gceanglaítear air teacht i láthair os a chomhair faoin bhfo-alt seo nó a bheidh ordaithe ag oifigeach, nó thar ceann oifigigh, a chuireann feidhmeanna i gcrích a chuir an t-oifigeach sin i gcrích roimhe sin, agus

(c) cuirfidh sé aon athrú ar a sheoladh in iúl don oifigeach a gceanglaítear air teacht i láthair os a chomhair faoin bhfo-alt seo.

(2) Faoi réir alt 9, an obair a bheidh le déanamh faoi ordú seirbhíse pobail déanfar í sa tréimhse bliana dar tosach dáta an ordaithe ach, mura gcúlghairfear é, fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm go dtí go mbeidh an líon uaire an chloig a bheidh sonraithe san ordú oibrithe ag an gciontóir faoin ordú.

(3) Aon orduithe a thabharfar faoi fho-alt (1) (b), seachnóidh siad, a mhéid is féidir é, aon chur isteach a dhéanamh ar na huaire ar gnách leis an gciontóir oibriú nó freastal ar scoil nó ar fhoras oideachais nó oiliúna eile.

(4) Ciontóir a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas de chuid fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus, gan dochar do bhuanfheidhmiú an ordaithe seirbhíse pobail, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £300 a chur air.

(5) Féadfaidh oifigeach iomchuí cion faoi fho-alt (4) a ionchúiseamh.

Modhanna eile chun déileáil le cion faoi alt 7 (4).

8. —(1) I gcás ina gciontófar ciontóir i gcion faoi alt 7 (4), ansin, in ionad fíneáil a ghearradh faoin alt sin, féadfaidh an chúirt—

(a) más í an Chúirt Dúiche sa dúiche chónaithe a rinne an t-ordú seirbhíse pobail, an t-ordú a chúlghairm nó é a chúlghairm agus déileáil leis an gciontóir maidir leis an gcion ar ina leith a rinneadh an t-ordú in aon slí a bhféadfaí déileáil leis maidir leis an gcion sin dá mba nach ndearnadh an t-ordú, nó

(b) más í an Chúirt Dúiche i ndúiche chúirte dúiche seachas an dúiche chónaithe, nó más cúirt eile, a rinne an t-ordú seirbhíse pobail, an ciontóir a athchur chun na Cúirte Dúiche sa dúiche eile sin nó chun na cúirte eile sin chun go ndéileálfar leis de réir fho-alt (2).

(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) (b), go ndéanfar ciontóir a bhfuil ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm ina leith a thabhairt os comhair cúirte, nó má láithríonn sé os comhair cúirte, cúlghairfidh an chúirt an t-ordú nó cúlghairfidh sí é agus déileálfaidh sí leis an gciontóir maidir leis an gcion ar ina leith a rinneadh an t-ordú in aon slí a bhféadfaí déileáil leis maidir leis an gcion sin dá mba nach ndearnadh an t-ordú.

Fadú ar an tréimhse ama chun obair a dhéanamh faoi ordú seirbhíse pobail.

9. —I gcás ina mbeidh ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm agus, ar iarratas ón gciontóir nó ó oifigeach iomchuí, go bhfeictear don Chúirt Dúiche, go mba chóir ar mhaithe leis an gceartas, agus ag féachaint d'imthosca a tharla ó dháta déanta an ordaithe, an tréimhse bliana a shonraítear in alt 7 (2) a fhadú, féadfaidh an chúirt, i ndáil leis an ordú, an tréimhse sin a fhadú.

Ciontóir d'athrú a áite cónaithe.

10. —(1) I gcás ina mbeidh ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm agus más deimhin leis an gCúirt Dúiche, tar éis di iarratas a fháil ón gciontóir nó ó oifigeach iomchuí, go bhfuil beartaithe ag an gciontóir a áit chónaithe a athrú, nó go bhfuil a áit chónaithe athraithe aige, ón dúiche chónaithe go dtí dúiche chúirte dúiche eile agus go bhfeictear don chúirt gur féidir socruithe a dhéanamh sa dúiche eile sin don chiontóir le hobair faoin ordú a dhéanamh, féadfaidh an chúirt an t-ordú a leasú tríd an dúiche eile a chur in ionad na dúiche cónaithe, agus measfar gurb í an dúiche is dúiche ionaid amhlaidh an dúiche chónaithe chun críocha an Achta seo.

(2) I gcás ina leasófar ordú seirbhíse pobail faoin alt seo, cuirfidh an chúirt faoi deara cóipeanna deimhnithe den ordú arna leasú amhlaidh a chur chuig oifigeach iomchuí sonraithe sa dúiche chónaithe agus tabharfaidh seisean cóip de don chiontóir.

Ordú seirbhíse pobail a chúlghairm.

11. —(1) I gcás ina mbeidh ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm agus má fheictear don Chúirt Dúiche, ar iarratas ón gciontóir nó ó oifigeach iomchuí, go mba chóir ar mhaithe leis an gceartas, agus ag féachaint d'imthosca a tharla ó dháta déanta an ordaithe, an t-ordú an chúlghairm nó déileáil leis an gciontóir ar shlí éigin eile i ndáil leis an gcion ar ina leith a rinneadh an t-ordú, féadfaidh an chúirt—

(a) más í an Chúirt Dúiche sa dúiche chónaithe a rinne an t-ordú, an t-ordú a chúlghairm nó é a chúlghairm agus déileáil leis an gciontóir maidir leis an gcion sin in aon slí a bhféadfaí déileáil leis maidir leis an gcion sin dá mba nach ndearnadh an t-ordú, nó

(b) más í an Chúirt Dúiche i ndúiche chúirte dúiche seachas an dúiche chónaithe, nó más cúirt eile, a rinne an t-ordú, an ciontóir a athchur chun na Cúirte Dúiche sa dúiche eile sin nó chun na cúirte eile sin chun go ndéileálfar leis de réir fho-alt (2).

(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) (b), go ndéanfar ciontóir a bhfuil ordú seirbhíse pobail i bhfeidhm ina leith a thabhairt os comhair cúirte, nó má láithríonn sé os comhair cúirte, agus go bhfeictear don chúirt go mba chóir ar mhaithe leis an gceartas, agus ag féachaint d'imthosca a tharla ó dháta déanta an ordaithe, an t-ordú a chúlghairm nó é a chúlghairm agus déileáil leis an gciontóir maidir leis an gcion ar ina leith a rinneadh an t-ordú ar shlí éigin eile a bhféadfaí déileáil leis maidir leis an gcion sin dá mba nach ndearnadh an t-ordú, féadfaidh an chúirt an t-ordú a chúlghairm nó é a chúlghairm agus déileáil amhlaidh leis an gciontóir.

Dlínse.

12. —(1) Déanfaidh an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an t-ordú seirbhíse pobail an dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda leis an Acht seo, maidir le himeachtaí lena mbaineann ailt 8 (2) agus 11 (2), a fheidhmiú.

(2) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche leis an Acht seo—

(a) is é an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chónaithe a dhéanfaidh í a fheidhmiú maidir le himeachtaí faoi alt 7 (4), maidir le himeachtaí lena mbaineann alt 8 (1) agus maidir le hiarratais faoi ailt 9, 10 (1) agus 11 (1), agus

(b) is é an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina ndearnadh an t-ordú seirbhíse pobail a dhéanfaidh í a fheidhmiú maidir le himeachtaí lena mbaineann ailt 8 (2) agus 11 (2).

Cumhacht chun ciontóir a thoghairm nó ordú a thabhairt é a ghabháil.

13. —I gcás ina mbeartóidh an Chúirt Dúiche a cumhachtaí faoi alt 9, 10 nó 11 (1) a fheidhmiú ar shlí seachas ar iarratas ón gciontóir, déanfaidh sí é a thoghairm chun láithriú os comhair na cúirte agus, mura láithreoidh sé de réir na toghairme, féadfaidh an Chúirt barántas a eisiúint chun é a ghabháil.

Rialacháin.

14. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo—

(a) foráil a dhéanamh chun go rialálfar déanamh na hoibre faoi orduithe seirbhíse pobail,

(b) teorainn a chur leis na huaire an chloig oibre a bheidh le déanamh faoi ordú den sórt sin aon lá áirithe,

(c) a shocrú conas a ríomhfar an t-am a oibríodh faoi orduithe den sórt sin,

(d) a shocrú go n-íocfar costais taistil agus costais eile i ndáil le déanamh na hoibre faoi orduithe den sórt sin, agus

(e) foráil a dhéanamh chun go gcoimeádfar taifid ar an obair a dhéanfar faoi na horduithe sin.

(3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

16. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 1983 , a ghairm den Acht seo agus tiocfaidh sé i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.