An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Stiúrthóirí Áirithe a Thoghadh) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Aisghairm agus Cúlghairm Achtachán)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach

Alt 44.

Iarratas ar ordú fála.

1. (1) I gcás ina mbeartóidh cuideachta aon talamh, éasúint nó ceart eile thar talamh a fháil faoi alt 44, féadfaidh an chuideachta iarratas a dhéanamh chun an Aire ar ordú faoin Sceideal seo á údarú di an mhaoin a fháil go héigeantach agus beidh cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5 ag gabháil leis an iarratas.

(2) Déanfaidh an chuideachta an fógra forordaithe i dtaobh an iarratais a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an mhaoin agus seirbheálfaidh sí cóip den fhógra ar gach duine a bhfeictear don chuideachta eastát nó leas a bheith aige sa mhaoin, a mhéid is féidir le réasún a fháil amach cé hiad na daoine sin.

(3) Beidh foráil san fhógra á chur in iúl do dhaoine a bhfuil eastát nó leas acu sa mhaoin go bhfuil sé de cheart acu agóid i gcoinne ordú a dhéanamh a thaisceadh leis an Aire laistigh de thréimhse fhorordaithe agus sonrófar ann na hamanna agus na háiteanna ag ar féidir iniúchadh a dhéanamh ar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a taisceadh de réir mhír 5.

(4) Ní mór don Aire—

(a) eadránaí a cheapadh chun aon agóid a éisteacht agus a chinneadh, nó

(b) más dóigh leis gur agóid í is féidir a chinneadh gan dul chun eadrána, breith a thabhairt é féin ar an iarratas agus féadfaidh sé, más cuí leis, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis i ndáil leis sin.

(5) Déanfaidh an tAire fógra forordaithe i dtaobh gach éisteacht trí eadráin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an mhaoin.

(6) Beidh an chuideachta agus aon duine a bhfuil eastát nó leas aige sa mhaoin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag an eadráin.

Ordú fála a dhéanamh.

2. (1) I gcás nach ndéanfar aon agóid i gcoinne iarratas na cuideachta a thaisceadh laistigh den tréimhse fhorordaithe nó ina ndiúltóidh an tAire d'aon agóid den sórt sin, déanfaidh an tAire ordú á údarú don chuideachta an mhaoin a fháil go héigeantach de réir théarmaí a hiarratais.

(2) I gcás ina gcinnfidh an t-eadránaí nach bhfuil aon agóid i gcoinne an iarratais insuite déanfaidh an tAire an t-ordú de réir a théarmaí.

(3) I gcás ina molfaidh an t-eadránaí, de dhroim aon agóide, go ndéanfaí an t-ordú fara modhnuithe, cibé acu trí aon chuid den mhaoin is ábhar don iarratas a eisiamh nó faoi réir aon athraithe eile, déanfaidh an tAire an t-ordú faoi réir na modhnuithe sin mura ndéanfaidh an chuideachta a hiarratas a tharraingt siar.

(4) I gcás ina seasfaidh an t-eadránaí le hagóid ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú.

Dul isteach ar thalamh etc., roimh thíolacadh.

3. (1) Tráth ar bith tar éis d'ordú fála a bheith déanta agus sula ndéanfar tíolacadh nó sula gcinnfear praghas, féadfaidh an chuideachta, faoi réir na míre seo, dul isteach ar an talamh a bheidh le fáil agus seilbh a ghlacadh air nó an ceart a bheidh le fáil a fheidhmiú.

(2) I gcás ina bhfeidhmeoidh an chuideachta aon chumhacht faoin bhfomhír sin roimhe seo, dlífidh sí ús a íoc le háititheoir na talún a bheidh le fáil, nó a mbeidh an ceart le feidhmiú ina leith, ar mhéid an phraghais is iníoctha leis an áititheoir sin de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an Sceidil seo agus dlífidh sí an t-ús sin a íoc ón dáta a rachaidh sí isteach ar an talamh go dtí go n-íocfar an praghas.

(3) Maidir leis an gcuideachta—

(a) ní rachaidh sí isteach ar aon talamh, ná ní ghlacfaidh sí seilbh ar aon talamh, faoin mír seo, gan fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré don áititheoir á rá go bhfuil sé i gceist aici déanamh amhlaidh,

(b) ní fheidhmeoidh sí aon cheart faoin mír seo gan fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré d'áititheoir na talún a mbeidh an ceart le feidhmiú ina leith á rá go bhfuil sé i gceist aici déanamh amhlaidh.

Fógra a sheirbheáil.

4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige.

(2) Mura féidir, ar aon chúis, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chuig an duine dá bhfuil sé beartaithe ar cheachtar de na slite seo a leanas:

(a) trí “an t-áititheoir” a thabhairt de thuairisc gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh lena mbaineann an fógra.

Léarscáileanna, pleananna, etc., a thaisceadh

5. (1) Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeánfar orthu ar leorscálaí an talamh nó an ceart a bheartaítear a fháil.

(3) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha na n-úinéirí nó na n-úinéirí ainme, na léasaithe nó na léasaithe ainme agus áititheoirí na talún a bheartaítear a fháil nó a mbeartaítear an ceart a fheidhmiú ina leith.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha in oifig chláraithe na cuideachta agus i cibé áiteanna eile is dóigh leis an gcuideachta a bheith oiriúnach agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh go ceann trí mhí ar a laghad agus, fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar fáil lena scrúdú ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

Measúnacht praghais.

6. (1) Cheal comhaontú, is faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a shocrófar an praghas a bheidh le híoc ag an gcuideachta, ar aon talamh a gheofar, leis na daoine uile agus faoi seach atá ina theideal nó a bhfuil eastáit nó leasanna acu ann, nó a bheidh le híoc, ar aon cheart a gheofar, leis na daoine uile agus faoi seach a bhfuil teideal acu chun na talún, nó a bhfuil eastáit nó leasanna acu sa talamh, a bhfuil an ceart á fheidhmiú ina leith.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas sin agus maidir leis an talamh nó an ceart a gheofar a thíolacadh don chuideachta, agus chun críche na feidhme measfar gurb iad an chuideachta tionscnóirí an ghnóthais.

Léiriú.

7. Sa Sceideal seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.