|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII Feidhmeanna an Aire Poist agus Telegrafa) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach) |
AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Stiúrthóirí Áirithe a Thoghadh | |
Cuid I Fostaí-Stiúrthóirí | ||
1. (1) Is é Rúnaí na cuideachta (nó duine a roghnóidh sé tar éis dó dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe) a bheidh ina cheann comhairimh le haghaidh gach toghcháin d'fhostaí-stiúrthóirí de chuid na cuideachta. | ||
(2) Ní bheidh an ceann comhairimh i dteideal a ainmnithe mar iarrthóir, ná i dteideal iarrthóir a ainmniú, ná ní bheidh sé i dteideal gníomhú mar ghníomhaire d'iarrthóir ná i dteideal leasanna iarrthóra a chur chun cinn sa toghchán. | ||
(3) Féadfaidh an ceann comhairimh a údarú d'aon duine feidhmeanna ainmnithe a fheidhmiú thar a cheann agus beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le haon duine den sórt sin. | ||
2. (1) Stiúrfar vótaíocht i gcás inar mó an líon iarrthóirí ná an líon suíochán a bheidh le líonadh. | ||
(2) Mura slánuimhir trian de na stiúrthóirí, glacfar leis an gcéad slánuimhir is airde ná sin mar thrian, chun críocha toghcháin. | ||
(3) Is le rúnbhallóid, agus ar bhonn na hionadaíochta cionúire trí vóta inaistrithe amháin, a dhéanfar an vótáil. | ||
(4) Is é an ceann comhairimh a cheapfaidh oifigigh cheannais ag an vótaíocht mar aon le cléirigh vótaíochta. | ||
(5) Is de réir socruithe a bheidh déanta ag an gceann comhairimh a dhéanfar an toghchán. | ||
(6) Beidh ar an gceann comhairimh fógra cuí faoi na socruithe sin a thabhairt don toghlacht agus áitreabh a ainmniú mar oifig thoghcháin. | ||
(7) Beidh na socruithe uile le haghaidh toghcháin faoi réir thoiliú an Aire. | ||
3. (1) Socróidh an ceann comhairimh an lá ainmniúcháin agus tabharfaidh sé fógra faoin toghchán tráth nach déanaí ná 10 seachtain roimh an lá sin. | ||
(2) Is ar lá nach luaithe ná 6 sheachtain i ndiaidh an lae a gcinnfear cáilitheacht vótálaithe agus iarrthóirí de réir mhíreanna 11 agus 12, faoi seach, a bheidh an lá ainmniúcháin. | ||
4. Féadfaidh an ceann comhairimh a dhearbhú go bhfuil gach iarrthóir tofa mura mó an líon iarrthóirí a bheidh ainmnithe go cuí ná an líon suíochán a bheidh le líonadh. | ||
5. (1) Féadfaidh an ceann comhairimh réamhvótaíocht a thógáil, ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó de na ceardchumainn nó na comhlachais foirne aitheanta atá ionadaitheach do 15 faoin gcéad ar a laghad den toghlacht, d'fhonn a fháil amach cibé acu atá nó nach bhfuil tromlach den toghlacht i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán. | ||
(2) Is de réir socruithe a bheidh déanta ag an gceann comhairimh agus a bheidh curtha in iúl go cuí don toghlacht a rachfar i mbun na réamhvótaíochta. | ||
(3) Más rud é, i réamhvótaíocht, go bhfuil tromlach i gcoinne an toghcháin, cuirfear déanamh an toghcháin siar go ceann 3 bliana. | ||
(4) Is faoi réir thoiliú an Aire a bheidh na socruithe le haghaidh réamhvótaíochta. | ||
6. Má chuirtear isteach ar ainmniúchán iarrthóirí nó ar aon vótaíocht nó mura féidir dul ar aghaidh leis nó léi, féadfaidh an ceann comhairimh an t-ainmniúchán nó an vótaíocht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis is iomchuí chun a chumasú dó, ar an tréimhse sin a bheith caite, dul ar aghaidh leis an ainmniúchán nó an vótaíocht nó é nó í a chríochnú. | ||
7. Nuair a gheobhaidh an tAire scéala ón gceann comhairimh i dtaobh ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh nó a dhearbhaítear a bheidh tofa faoi mhír 4, déanfaidh sé, de réir alt 34, gach duine de na hiarrthóirí a cheapadh mar stiúrthóir ar an gcuideachta. | ||
8. Cuirfidh an ceann comhairimh na hiarrthóirí a bheidh fágtha in ord de réir na vótaí a creidiúnaíodh do gach duine díobh sa chomhaireamh deiridh ina raibh sé san iomaíocht. | ||
9. Nuair a bheidh duine á phiocadh ag an Aire chun corrfholúntas a líonadh, roghnóidh sé an chéad iarrthóir cáilithe eile, más ann dó, ar an liosta vótála faoi mhír 8. I gcás ina mbeidh an líon céanna vótaí creidiúnaithe do bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí roghnóidh an tAire duine díobh trí chrannadh. | ||
10. Is í an chuideachta a íocfaidh costas déanta an toghcháin ach amháin i gcás costais a thabhóidh iarrthóirí go sainráite thar a gceann féin. | ||
11. Gach fostaí de chuid na cuideachta arb amhlaidh dó, ar an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh agus ar an lá a thógfar an vótaíocht— | ||
(a) go bhfuil sé ocht mbliana déag d'aois ar a laghad, agus | ||
(b) go raibh sé ina fhostaí de chuid na cuideachta ar feadh tréimhse leanúnach bliana ar a laghad, agus | ||
(c) go n-oibríonn sé ar feadh 18 n-uaire an chloig ar a laghad sa tseachtain don chuideachta, | ||
beidh sé i dteideal vótáil i dtoghchán nó i réamhvótaíocht. | ||
12. (1) Gach fostaí de chuid na cuideachta arb amhlaidh dó, ar an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh faoi mhír 11, go bhfuil sé ocht mbliana déag d'aois ar a laghad agus go raibh sé ina fhostaí de chuid na cuideachta ar feadh tréimhse leanúnach trí bliana ar a laghad agus go n-oibríonn sé ar feadh 18 n-uaire an chloig ar a laghad sa tseachtain don chuideachta, beidh sé inainmnithe mar iarrthóir sa toghchán. | ||
(2) Is ar an modh a fhorordóidh an ceann comhairimh a dhéanfar ainmniúcháin. | ||
(3) Féadfaidh ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta, nó féadfaidh dhá cheann nó níos mó de na comhlachtaí sin i gcomhpháirt, iarrthóir a ainmniú ach ní bheidh aon chomhlacht den sórt sin i dteideal iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú dá dheoin féin chomh maith le hiarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht nó comhlachtaí eile den sórt sin. | ||
(4) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht ainmniúchán. Is breith chríochnaitheach breith uaidh. | ||
13. I gcás foireann arna haistriú chuig an gcuideachta ar an lá dílseacháin, aon seirbhís a bhí acu roimhe sin (ar feadh tréimhse leanúnaí dar críoch an lá dílseacháin) leis an Roinn Poist agus Telegrafa beidh sí ináirithe mar sheirbhís leis an gcuideachta chun críocha mhíreanna 11 agus 12. | ||
14. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de vótálaithe agus d'iarrthóirí cáilithe. | ||
15. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta chun críocha na Coda seo. | ||
Cuid II Máistir Poist-Stiúrthóir ar an bPost | ||
1. (1) Is é Rúnaí na cuideachta (nó duine a roghnóidh sé tar éis dó dul i gcomhairle le hionadaithe máistrí poist) a bheidh ina cheann comhairimh le haghaidh gach toghcháin do stiúrthóir de réir alt 81. | ||
(2) Ní bheidh an ceann comhairimh i dteideal a ainmnithe mar iarrthóir, ná i dteideal iarrthóir a ainmniú, ná ní bheidh sé i dteideal gníomhú mar ghníomhaire d'iarrthóir ná i dteideal leasanna iarrthóra a chur chun cinn sa toghchán. | ||
(3) Féadfaidh an ceann comhairimh a údarú d'aon duine feidhmeanna ainmnithe a fheidhmiú thar a cheann agus beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le haon duine den sórt sin. | ||
2. (1) Stiúrfar vótaíocht i gcás ina mbeidh beirt iarrthóir nó níos mó ann. | ||
(2) Is le rúnbhallóid, agus ar bhonn na hionadaíochta cionúire trí vóta inaistrithe amháin, a dhéanfar an vótáil. | ||
(3) Is é an ceann comhairimh a cheapfaidh oifigigh cheannais sa vótaíocht mar aon le cléirigh vótaíochta. | ||
(4) Is de réir socruithe a bheidh déanta ag an gceann comhairimh a dhéanfar an toghchán. | ||
(5) Beidh ar an gceann comhairimh fógra cuí faoi na socruithe sin a thabhairt don toghlacht agus áitreabh a ainmniú mar oifig thoghcháin. | ||
(6) Beidh na socruithe uile le haghaidh toghcháin faoi réir thoiliú an Aire. | ||
3. (1) Socróidh an ceann comhairimh an lá ainmniúcháin agus tabharfaidh sé fógra faoin toghchán tráth nach déanaí ná 10 seachtain roimh an lá sin. | ||
(2) Is ar lá nach luaithe ná 6 sheachtain i ndiaidh an lae a gcinnfear cáilitheacht vótálaithe agus iarrthóirí de réir mhíreanna 11 agus 12, faoi seach, a bheidh an lá ainmniúcháin. | ||
4. Mura mbeidh ach iarrthóir amháin ann dearbhóidh an ceann comhairimh go bhfuil sé tofa. | ||
5. (1) Féadfaidh an ceann comhairimh réamhvótaíocht a thógáil, ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó de na cumainn nó na comhlachais aitheanta atá ionadaitheach do 15 faoin gcéad ar a laghad den toghlacht, d'fhonn a fháil amach cibé acu atá nó nach bhfuil tromlach den toghlacht i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán. | ||
(2) Is de réir socruithe a bheidh déanta ag an gceann comhairimh agus a bheidh curtha in iúl go cuí don toghlacht a rachfar i mbun na réamhvótaíochta. | ||
(3) Más rud é, i réamhvótaíocht, go bhfuil tromlach i gcoinne an toghcháin, cuirfear déanamh an toghcháin siar go ceann 3 bliana. | ||
(4) Beidh na socruithe le haghaidh réamhvótaíochta faoi réir thoiliú an Aire. | ||
6. Má chuirtear isteach ar ainmniúchán iarrthóirí nó ar aon vótaíocht nó mura féidir dul ar aghaidh leis nó léi, féadfaidh an ceann comhairimh an t-ainmniúchán nó an vótaíocht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis is iomchuí chun a chumasú dó, ar an tréimhse sin a bheidh caite, dul ar aghaidh leis an ainmniúchán nó an vótaíocht nó í a chríochnú. | ||
7. Nuair a gheobhaidh an tAire scéala ón gceann comhairimh i dtaobh ainm an iarrthóra a toghadh nó a mheastar a bheidh tofa faoi mhír 4, déanfaidh sé, de réir alt 81, é a cheapadh mar stiúrthóir ar an gcuideachta. | ||
8. Cuirfidh an ceann comhairimh na hiarrthóirí a bheidh fágtha in ord de réir na vótaí a creidiúnaíodh do gach duine díobh sa chomhaireamh deiridh ina raibh sé san iomaíocht. | ||
9. Nuair a bheidh duine á phiocadh ag an Aire chun corrfholúntas a líonadh roghnóidh sé an chéad iarrthóir cáilithe eile, más ann dó, ar an liosta vótála faoi mhír 8. I gcás ina mbeidh an líon céanna vótaí creidiúnaithe do bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí roghnóidh an tAire duine díobh trí chrannadh. | ||
10. Is í an chuideachta a íocfaidh costas déanta an toghcháin ach amháin i gcás costais a thabhóidh iarrthóirí go sainráite thar a gceann féin. | ||
11. Gach máistir poist arb amhlaidh dó, ar an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh agus ar an lá a thógfar an vótaíocht— | ||
(a) go bhfuil sé bliain is fiche d'aois ar a laghad, agus | ||
(b) go raibh sé ina mháistir poist ar feadh tréimhse leanúnach bliana ar a laghad a chríochnaigh díreach roimh an lá sin, | ||
beidh sé i dteideal vótáil i dtoghchán nó i réamhvótaíocht. | ||
12. (1) Gach máistir poist arb amhlaidh dó, ar an lá a bheidh sonraithe ag an gceann comhairimh faoi mhír 11, go bhfuil sé bliain is fiche d'aois ar a laghad agus go raibh sé ina mháistir poist ar feadh tréimhse leanúnach trí bliana ar a laghad a chríochnaigh díreach roimh an lá sin, beidh sé inainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán. | ||
(2) Is ar an modh a fhorordóidh an ceann comhairimh a dhéanfar ainmniúcháin. | ||
(3) Féadfaidh cumann nó comhlachas aitheanta atá ionadaitheach do mháistrí poist nó féadfaidh dhá cheann nó níos mó de na comhlachtaí sin i gcomhpháirt, iarrthóir a ainmniú ach ní bheidh aon chomhlacht den sórt sin i dteideal iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú dá dheoin féin chomh maith le hiarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht nó comhlachtaí eile den sórt sin. | ||
(4) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht ainmniúchán. Is breith chríochnaitheach breith uaidh. | ||
13. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de vótálaithe agus d'iarrthóirí cáilithe. | ||
14. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de chumainn agus comhlachais aitheanta chun críocha na Coda seo. |