Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Modhnuithe ar Acht na gCuideachtaí, 1963)

29 1983


Uimhir 29 de 1983


AN tACHT ÁRACHAIS (UIMH. 2), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1983. [19 Deireadh Fómhair, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Árachais, 1964 ;

ciallaíonn “riarthóir” duine arna cheapadh, cibé acu faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 2 den Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar do riarthóir leis an Acht seo a chomhlíonadh;

tá le “údarú” agus le “árachas neamh-shaoil” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh leis na Rialacháin;

ciallaíonn “comhlacht” comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine;

folaíonn “an gnó”, i ndáil le hárachóir, an gnó infheistíochtaí agus sócmhainní a theachtann an t-árachóir a bhainistí;

tá le “cuideachta”, “ranníocóir” agus “stiúrthóir” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le hAchtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983;

ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí d'fheidhmeanna a chomhlíonadh tagairtí do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chur i gcrích;

tá le “árachóir” agus le “polasaí” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le hAcht 1964, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “sealbhóir polasaí”, i ndáil le hárachóir, duine (seachas an t-árachóir) is páirtí i bpolasaí a eisíonn an t-árachóir;

ciallaíonn “na Rialacháin” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976).

(2) Folaíonn tagairtí do riarthóir, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do riarthóir arna cheapadh go sealadach.

Riarthóirí árachóirí a cheapadh.

2. —(1) Féadfaidh an tAire achainí a thíolacadh don chúirt ag lorg ordú chun árachóir a riaradh agus chun riarthóir a cheapadh i ndáil leis an árachóir sin agus féadfaidh sé sin a dhéanamh d'ainneoin go bhfuil nó go bhféadfadh go mbeadh leigheas nó modh oibre eile ar fáil aige i ndáil leis an árachóir sin.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar achainí den sórt sin a fháil, i ndáil leis an árachóir, más dóigh léi—

(a) (i) nach ndearnadh, sa tslí ina bhfuil nó ina raibh gnó an árachóra á sheoladh, dóthain soláthair dá fhiacha, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha nó ionchasacha, nó

(ii) go bhfuil nó go raibh gnó an árachóra á sheoladh ar shlí gur bhaol nó gur dhochar é do chearta agus leasanna daoine faoi pholasaithe a d'eisigh an t-árachóir, nó

(iii) nach bhfuil an t-árachóir in ann déanamh de réir cheanglais na Rialacháin ar mhodh ábhartha,

agus

(b) go mba chabhair ordú riartha den sórt sin a dhéanamh agus riarthóir a cheapadh chun gnó árachais neamh-shaoil a choimeád á rialáil agus á sheoladh go ceart rianúil, chun leasa an phobail,

ordú a dhéanamh chun an t-árachóir a riaradh agus duine a bheidh ainmnithe ag an Aire a cheapadh (ar a dtabharfar, agus dá ngairfear, “riarthóir” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar do riarthóir leis an Acht seo a chomhlíonadh i ndáil leis an árachóir.

(3) Glacfaidh riarthóir bainistíocht ghnó an árachóra ar láimh agus coimeádfaidh sé an gnó sin faoi sheol mar ghnólacht reatha d'fhonn é a chur ar bhonn fónta tráchtála agus airgeadais agus beidh ag an riarthóir, i ndáil leis an árachóir, gach uile chumhacht den sórt a bheidh riachtanach dá chuid feidhmeanna nó bainteach leo i ndáil leis an árachóir, lena n-áirítear oifigigh agus fostaithe uile an árachóra a bheith faoina údarás agus faoina stiúradh féin amháin.

(4) (a) Tráth ar bith tar éis achainí a thíolacadh ag lorg ordú chun árachóir a riaradh féadfaidh an chúirt, de dhroim an iarratais ex parte ón Aire agus de dhroim cruthúnas prima facie a fháil trí mhionnscríbhinn nó ar shlí eile i dtaobh ní amháin nó níos mó de na nithe a luaitear i bhfomhir (i), (ii) nó (iii) d'alt 2(2) (a) den Acht seo, agus gan fógraíocht ná fógra a thabhairt do dhuine ar bith, cibé duine a bheidh ainmnithe ag an Aire a cheapadh chun gníomhú go sealadach mar riarthóir go dtí go gceapfar riarthóir faoi alt 2(2) den Acht seo.

(b) Mura ndéanfar aon ordú chun an t-árachóir a riaradh de dhroim na hachainí, cuirfear ceapadh an riarthóra shealadaigh ar neamhní ach, mar sin féin, beidh sé i dteideal gach uile chostas, muirear agus caiteachas a thabhaigh sé go cuí mar riarthóir sealadach, lena n-áirítear cibé suim a shocróidh an chúirt mar luach saothair dó, a fháil mar íocaíocht as sócmhainní an árachóra, agus féadfaidh sé méid na gcostas, na muirear agus na gcaiteachas sin a choimeád as na sócmhainní sin:

Ar choinníoll nach gcuirfidh aon neamhniú den sórt sin aon ghníomh ná feidhm a rinne an riarthóir sealadach nó a chomhlíon sé ó bhail.

(5) Measfar riaradh árachóra faoin Acht seo a bheith tosaithe an tráth a dtíolacfar an achainí ag lorg ordú riartha.

(6) (a) Más rud é, tráth ar bith, nach mbeidh aon rialacha cúirte i bhfeidhm maidir le hordú riartha a dhéanamh nó riarthóir a chur dá cheapadh ag an gcúirt faoin Acht seo, beidh feidhm ag forálacha Ordú 74 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 72 de 1962), fara aon mhodhnuithe is gá, ach sin faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (4) den alt seo.

(b) (i) Is ar an árachóir amháin, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, a sheirbheálfar achainí chun árachóir a riaradh nó chun riarthóir a cheapadh chun árachóra.

(ii) Tráth a bheidh achainí á héisteacht chun árachóir a riaradh nó chun riarthóir a cheapadh chun árachóra is iad an tAire agus an t-árachóir áirithe, agus iadsan amháin, a bheidh i dteideal éisteacht a fháil mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(iii) Ní bheidh feidhm ag forálacha an Ordaithe sin 74 maidir le riarthóir, a mhéid a bhaineann siad, i gcás leachtaitheora oifigiúil, le hurrús a thabhairt, le cuntais a chomhdú, le hairgead a thaisceadh i gcuntas bainc nó le luach saothair an leachtaitheora a shocrú.

(c) Aon rialacha cúirte lena leasaítear nó lena n-ionadaítear an tOrdú sin 74 beidh siad, ina bhfeidhm chun críocha an Achta seo, faoi réir fhorálacha mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (4) den alt seo.

(7) Déanfar riaradh árachóra faoin Acht seo agus ceapadh riarthóra a thabhairt chun críche—

(a) tráth a dhéanfar ordú chun an t-árachóir áirithe a fhoirceannadh, nó

(b) tráth a dhéanfaidh an chúirt ordú leis an riaradh agus an ceapadh sin a thabhairt chun críche ar iarratas ón Aire nó ón riarthóir, le ceadú an Aire, nó

(c) tráth a dhéanfaidh an chúirt ordú leis an riaradh agus an ceapadh sin a thabhairt chun críche in imthosca inar dóigh léi—

(i) má thugtar an riaradh chun críche—

(I) go seolfar gnó an árachóra áirithe ar shlí a dhéanfaidh dóthain soláthair dá fhiacha, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha, agus

(II) nach seolfar gnó an árachóra ar shlí gur baol nó dochar é do chearta agus leasanna daoine faoi pholasaithe a d'eisigh an t-árachóir, agus

(III) go bhfuil gnó an árachóra ar gach dóigh eile ar bhonn fónta tráchtála agus airgeadais agus go, leanfaidh sé amhlaidh, agus

(IV) gur íocadh nó go n-íocfar aon fhiach a bhí nó a bheidh dlite don Chiste Cúitimh Árachais,

agus

(ii) go mbeadh sé éagórach agus éagothrom gan an t-ordú a dhéanamh.

(8) in aon imeachtaí de dhroim achainí arna tíolacadh faoin Acht seo, aon fhianaise go raibh na nithe atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (a) den alt seo bainteach i ndáil le hárachóir i ndeireadh na tréimhse lena mbaineann na tuairisceáin is deireanaí ón árachóir sin chun an Aire faoi na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983, nó faoi na Rialacháin nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais Árachais Neamh-Shaoil), 1977 (I.R. Uimh. 401 de 1977), ar aon dáta dá éis sin, is fianaise í, mura gcruthófar a mhalairt, go mbeidh na nithe sin bainteach leis an árachóir san am a n-éistfear aon imeachtaí díobh sin.

Cumhachtaí riarthóra agus cúirte.

3. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir na bhfeidhmeanna a thugtar do riarthóir le halt 2 den Acht seo—

(a) beidh ag riarthóir (cibé acu ar faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 2 den Acht seo a cheapfar é) amhail ar dháta a cheaptha agus ón dáta sin amach gach uile chumhacht (lena n-áirítear an chumhacht maoin réadach agus maoin phearsanta agus nithe i gcaingean de chuid an árachóra áirithe a dhíol) a bheadh aige dá mba leachtaitheoir é, agus beidh feidhm i ndáil leis ag na forálacha reachtúla go léir a mbeadh feidhm acu amhlaidh dá mba leachtaitheoir é a cheap an chúirt i leith an árachóra agus (i gcás nach cuideachta an t-árachóir) amhail is dá mba chuideachta an t-árachóir, agus

(b) i gcás ina mbeidh riarthóir arna cheapadh (cibé acu faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 2 den Acht seo) beidh ag an gcúirt faoin Acht seo na cumhachtaí go léir a bheadh aici dá mbeadh ordú foirceanta déanta aici agus leachtaitheoir ceaptha aici i leith an árachóra áirithe agus (i gcás nach cuideachta an t-árachóir) amhail is dá mba chuideachta an t-árachóir, agus

(c) má thíolactar don chúirt achainí ag lorg ordú riartha nó chun riarthóir a cheapadh, beidh ag an gcúirt air sin, faoin Acht seo, na feidhmeanna go léir a bheadh aici dá mbeadh achainí arna tíolacadh di chun an t-árachóir áirithe a fhoirceannadh,

agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir le forálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, agus le haon ionstraimí arna ndéanamh fúthu agus, go háirithe, le forálacha na nAchtanna agus na n-ionstraimí sin a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí ag an gcúirt agus le leachtaitheoirí cuideachtaí, i ndáil leis na cumhachtaí agus na feidhmeanna réamhráite, fara na modhnuithe a shonraítear san fho-alt seo, sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus in aon ordú faoi fho-alt (6) den alt seo agus fara aon mhodhnuithe eile is gá:

Ar choinníoll, ach amháin i gcás ina sonraítear a mhalairt san alt seo—

(i) go leanfar gan briseadh le gnó an árachóra áirithe mar ghnólacht reatha agus nach ndéanfar aon chonradh (lena n-áirítear conradh fostaíochta nó seirbhíse), polasaí, idirbheart, cuntas bainc nó sainordú bainc, ceart, teideal, éileamh, fiach, imeacht nó oibleagáid de chuid an árachóra ná ceart, éileamh, ná imeacht i gcoinne an árachóra, a sheachaint, a chealú, a bhacadh ná a chur as cor ar shlí eile de bhíthin an ordaithe riartha nó cheapadh an riarthóra nó fhorálacha na nAchtanna agus na n-ionstraimí sin a chur i mbaint leis an árachóir, agus dá bhíthin sin amháin, agus

(ii) nach mbeidh feidhm ag forálacha ailt 131, 132, 159, 161, 218, 219, agus 222, ag míreanna (a) go (f) d'alt 228 agus ag ailt 231 (3), 234, 283, 284, 285, 291, 292, 302 agus 306 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 (arna leasú).

(2) Fad a bheidh riarthóir arna cheapadh faoin Acht seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) ní thosófar ná ní rithfear aon imeachtaí ná rún chun an t-árachóir áirithe a fhoirceannadh gan ceadú roimh ré a fháil ón gcúirt faoin alt seo,

(b) ní cheapfar aon ghlacadóir ar aon chuid de mhaoin nó de ghnóthas an árachóra gan ceadú roimh ré a fháil ón gcúirt faoin alt seo,

(c) ní dhéanfar aon achainí ar fhaoiseamh faoi alt 205 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a thíolacadh ná a shaothrú i gcoinne an árachóra ach amháin sa mhéid go mbeidh an achainí sin bunaithe go heisiatach ar ghearáin i dtaobh seoladh ghnóthaí an árachóra nó feidhmiú chumhachtaí stiúrthóirí an árachóra roimh cheapadh an riarthóra,

(d) ní chuirfear aon astú, forghabháil, tochsal ná forghníomhú i bhfeidhm i gcoinne mhaoin nó earraí an árachóra gan ceadú roimh ré ón gcúirt faoin alt seo,

(e) úsáidfear na focail “faoi riaradh” i ndáil le hainm an árachóra sna himthosca go léir ina mbeadh na focail “faoi leachtú” le húsáid i ndáil le hainm cuideachta a bheadh á foirceannadh ag an gcúirt,

(f) féadfaidh an riarthóir a fheidhmeanna a chomhlíonadh le cabhair ó dhaoine a bheidh ceaptha nó fostaithe aige chun na críche sin,

(g) beidh na feidhmeanna go léir atá dílsithe do na stiúrthóirí nó d'aon choiste bainistíochta de chuid an árachóra (cibé acu de bhua mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais an árachóra nó le dlí nó ar shlí eile é) inchomhlíonta ag an riarthóir agus aigesean amháin agus beidh na cumhachtaí sin go léir de chuid an árachóra is infheidhmithe ag cruinniú ginearálta, nó le ceadú ó chruinniú ginearálta, de chomhaltaí an árachóra infheidhmithe ag an riarthóir agus aigesean amháin agus beidh an feidhmiú sin faoi réir cheadú na cúirte,

(h) féadfaidh an riarthóir a iarraidh ar an gcúirt aon chcist a éireoidh tráth a bheidh an t-árachóir á riaradh a chinneadh nó gach cumhacht nó aon chumhacht a fhéadfaidh an chúirt a fheidmiú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, a fheidhmiú i ndáil leis an árachóir ar iarratas chuici ó aon chomhalta, ranníocóir, creidiúnaí, stiúrthóir nó leachtaitheoir cuideachta lena n-áirítear na cumhachtaí sin a fhéadfaidh cúirt a fheidhmiú le linn di bheith ag foirceannadh cuideachta,

(i) féadfaidh an riarthóir éirí as oifig nó, ar iarratas ón Aire, féadfaidh an chúirt é a chur as oifig ar chúis a shuífear, agus

(j) féadfaidh an chúirt folúntas in oifig an riarthóra a líonadh ar ainmniú ón Aire.

(3) (a) Má dhearbhaíonn an chúirt amhlaidh, ní bheidh an riarthóir faoi cheangal, ná ní bheidh sé faoi cheangal ach amháin a mhéid nó sa tslí a bheidh sonraithe sa dearbhú, ag aon riail, rialachán nó foráil eile de chuid an árachóra áirithe (cibé acu i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais an árachóra nó in aon doiciméad eile a bhaineann le bunreacht an árachóra nó in aon chomhaontú nó i ndoiciméad d'aon sórt eile) lena sriantar nó lena mínítear na haicmí nó na hearnálacha daoine a bhféadfaidh an t-árachóir polasaithe a eisiúint chucu nó na téarmaí ar a bhféadfaidh sé polasaithe a eisiúint.

(b) Féadfaidh an chúirt dearbhú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear an mhír seo) a athrú nó a chur ar neamhní, agus—

(i) má athraítear an dearbhú amhlaidh, beidh an riarthóir áirithe faoi cheangal ag an riail, ag an rialachán nó ag an bhforáil áirithe eile, de réir mar a bheidh, de réir an dearbhaithe sin arna athrú amhlaidh, agus

(ii) má chuirtear an dearbhú ar neamhní, beidh an riarthóir faoi cheangal ag an riail, ag an rialachán nó ag an bhforáil áirithe eile, de réir mar a bheidh.

(4) (a) Déanfar na costais agus na caiteachais a thabhófar le linn do riarthóir a cheapfar faoin Acht seo a bheith ag comhlíonadh a fheidhmeanna, agus a luach saothair, a íoc agus beidh an riarthóir i dteideal slánaíocht a bheith aige ina leith agus iad a choimeád ó am go ham as ioncam ghnó an árachóra nó as na fáltais ó réadú sócmhainní (lena n-áirítear infheistíochtaí) nó as cistí eile a bheidh ar fáil ag an árachóir,

(b) déanfaidh an chúirt, ó am go ham ar iarratas ón riarthóir, méid chostas, chaiteachas agus luach saothair an riarthóra, nó foras a ríofa, a shocrú le hordú agus féadfaidh an t-ordú sin a bheith bainteach le tréimhse roimh dháta déanta an ordaithe, agus

(c) déanfaidh an riarthóir laistigh de shé sheachtain ó chothromlá bliantúil a cheapacháin (nó ag cibé tráthanna eile a ordóidh an chúirt) achoimre ar na suimeanna a fuair sé nó a choimeád sé gach bliain in aghaidh chostas agus chaiteachas an riartha agus a luach saothair féin a sheachadadh ar an gcúirt.

(5) Beidh feidhm agus éifeacht, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, le foráil d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha fara na modhnuithe a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(6) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an tAire le hordú, d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt d'fheidhmiú, leis an bhfo-alt sin, fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu, forálacha na nAchtanna sin nó aon rialacha nó ionstraimí eile arna ndéanamh fúthu nó aon rialacha cúirte a bhaineann leo sin a mhodhnú ina bhfeidhm faoin Acht seo agus chun críocha an Achta seo más dóigh leis gur gá nó gur cuí sin a dhéanamh ionas gur éasca na feidhmeanna a bheidh ag riarthóir a cheapfar faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

Comhlachtaí atá bainteach le hárachóirí.

4. —(1) Féadfaidh an chúirt, i ndáil le comhlacht atá bainteach le hárachóir, ar iarratas chuici ón riarthóir (cibé acu ar faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 2 den Acht seo a cheapfar é) má mheasann sí—

(a) (i) go bhfuil, nó gur dóigh go mbeidh, gnóthaí an chomhlachta sin á seoladh ar shlí atá ceaptha chun leasanna an árachóra nó chreidiúnaithe nó shealbhóirí polasaithe an árachóra a chur i mbaol nó a dhochrú, nó gur dóigh dóibh sin a dhéanamh, nó

(ii) gur oiriúnach, chun sócmhainní (lena n-áirítear infheistíochtaí) an árachóra a chaomhnú nó chun leasanna an árachóra, a chreidiúnaithe nó a shealbhóirí polasaithe a shlánchoimeád, go ndéanfaí seoladh ghnó an chomhlachta sin nó feidhmiú cumhachtaí a stiúrthóirí nó a bhainistíochta a shrianadh nó a rialáil in aon slí áirithe, nó

(iii) go ndéanfaí, ag féachaint don chomhbhaint atá idir an t-árachóir agus an comhlacht sin, aon chuid de mhaoin nó de ghnóthas an chomhlachta a chaomhnú nó a rialú, agus

(b) go mbeadh sé cóir agus cothrom sin a dhéanamh agus go gcabhródh sé, trí éascú agus treisiú a dhéanamh ar shlánchoimeád leasanna an árachóra, nó leasanna chreidiúnaithe nó shealbhóirí polasaithe an árachóra chun rialáil agus seoladh ceart rianúil a choimeád ar ghnó árachais neamhshaoil chun leasa an phobail,

cibé ordú is cuí léi (lena n-áirítear ordú a thugann cumhachtaí don riarthóir i ndáil le gnóthaí an chomhlachta sin) a dhéanamh d'ordú nó do thoirmeasc aon ghnímh, nó do shrianadh, do chealú nó d'athrú aon chomhaontú nó idirbheart nó feidhmiú aon chumhachta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi, le hordú—

(a) an riarthóir árachóra a cheapadh chun bheith ina ghlacadóir agus ina bhainisteoir ar an iomlán nó ar aon chuid de mhaoin agus de shócmhainní an chomhlachta bhaintigh áirithe agus cibé cumhachtaí a thabhairt dó chuige sin is cuí leis an gcúirt agus a shonróidh sí san ordú, lena n-áirítear cumhacht chun gnó an chomhlachta a choimeád faoi sheol,

(b) cibé stiúrthóirí breise nó comhaltaí eile de choiste bainistíochta an chomhlachta bhaintigh a ainmneoidh an riarthóir a cheapadh, d'ainneoin aon fhoráil nó srian dá mhalairt in airteagail chomhlachais an chomhlachta bhaintigh, nó atá ar dhóigh eile ina rialacha nó ina bhunreacht,

(c) a shocrú go mbeidh feidhmiú a bhfeidhmeanna ag na stiúrthóirí, ag an rúnaí agus ag oifigigh eile an chomhlachta bhaintigh atá ag plé le bainistíocht an chomhlachta sin, faoi rialú go díreach ag an riarthóir.

(3) Féadfar faoin gcumhacht chun ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo ordú eatramhach a dhéanamh ar iarratas ex parte ó riarthóir.

(4) Measfar chun críocha an Achta seo comhlacht a bheith bainteach le hárachóir—

(a) más cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i ngach cás) an árachóra é, nó

(b) má tá rialú éifeachtach ar bhainistíocht an árachóra agus an chomhlachta i lámha nó faoi chúram na ndaoine céanna nó a bhformhór, nó

(c) más é tuairim na cúirte gurb amhlaidh, maidir le bainistí agus rialú éifeachtach ar an árachóir nó ar an gcomhlacht, go bhfuil tionchar sonrach, nó go bhféadfadh tionchar sonrach a bheith, ag ceachtar díobh (go díreach, go neamhdhíreach, go dearfa nó go hionchasach) ar an gceann eile, nó

(d) más rud é, mar gheall ar mhí-ábaltacht i bpáirt an árachóra nó an chomhlachta freastal dá fhiacha de réir mar a bheidh siad dlite nó fanacht i mbun trádála ar chúis ar bith, go mba bhaol nó dochar d'ábaltacht an chinn eile freastal dá fhiacha nó fanacht i mbun trádála, cibé acu mar gheall ar an méid idirspleáchais airgeadais atá eatarthu nó mar gheall ar chomhbhainistíocht shubstaintiúil a bheith acu nó ar chúis ar bith eile.

Imeachtaí a éisteacht seachas go poiblí.

5. —Féadfar na himeachtaí go léir nó cuid díobh faoin Acht seo, nó achomharc i ndáil leo, a éisteacht seachas go poiblí más dóigh leis an gcúirt, mar gheall ar leasanna an árachóra áirithe nó a chreidiúnaithe nó a shealbhóirí polasaithe nó leas an phobail, gur chóir déanamh amhlaidh.

Rialacháin.

6. —(1) Cibé am a mbeidh riarthóir arna cheapadh chun árachóra faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 2 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur gá sin ar mhaithe le leas an phobail, cibé rialacháin a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is cuí chun a áirithiú go ndéanfar rialáil agus seoladh ceart rianúil ar ghnó árachais neamh-shaoil.

(2) Cibé am, le linn rialacháin faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, a scoirfidh riarthóir de bheith arna cheapadh faoi alt 2 den Acht seo chun árachóra a raibh riarthóir arna cheapadh chuige faoin alt sin tráth déanta na rialachán, scoirfidh na rialacháin ar sheacht lá a bheith caite ón dáta scoir sin, d'fheidhm a bheith acu mura gceapfar riarthóir eile chun an árachóra faoin alt sin sula mbeidh na seacht lá sin caite.

(3) Beidh árachóir a sháróidh rialachán faoin alt seo ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó na £20,000, a chur air.

(4) I gcás comhlacht do dhéanamh ciona faoin alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir ar an gcomhlacht, ina chomhalta dá choiste bainistíochta nó dá údarás rialaithe eile, nó ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht, measfar go ndearna an duine sin an cion freisin agus féadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1964.

7. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1964—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “árachóir”:

“ciallaíonn ‘árachóir’ duine is sealbhóir ar údarú;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976;”, agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “polasaí”:

“ciallaíonn ‘polasaí’ aon doiciméad nó scríbhinn eile trína ndéantar conradh árachais (seachas conradh ath-árachais) maidir le hárachas neamh-shaoil (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976) nó trína gcomhaontaítear é a dhéanamh nó is fianaise ar aon chonradh den sórt sin”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1964.

8. —Leasaítear leis seo alt 2(3) d'Acht 1964 trí mhír (b) a scriosadh.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1964.

9. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1964—

(a) trí “agus roimh dháta an Achta Árachais (Uimh. 2), 1983 , a rith” a chur isteach i ndiaidh “nó a ndéanfar dá éis sin” i bhfo-alt (1),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar, le ceadú na hArd-Chúirte, na méideanna seo a leanas a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra dhócmhainnigh (lena n-áirítear árachóir ar chúlghair an tAire a údarú) a mbeidh a fhoirceannadh tosaithe ag an Ard-Chúirt tar éis dháta an Achta Árachais (Uimh. 2), 1983 , a rith—

(a) cibé méideanna is gá chun aon suim a íoc a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir sa Stát, mar aon leis na costais nó na caiteachais a thabhaigh (má thabhaigh) an duine de riachtanas agus de réir réasúin agus é ag iarraidh a áirithiú go n-íocfaí an tsuim, agus

(b) cibé méideanna is gá chun aon suim a íoc i leith an aisíoc préimhe,

agus, ar na méideanna a fháil don leachtaitheoir, íocfaidh sé le gach duine den sórt sin an tsuim a bheidh dlite dó mar a dúradh, mar aon leis na costais agus na caiteachais a dúradh a thabhaigh sé (má thabhaigh).”,

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás méid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra faoi fho-alt (1A) den alt seo i leith suim a bheidh dlite faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir agus i leith na gcostas agus na gcaiteachas a tabhaíodh (má tabhaíodh) i ndáil leis an tsuim nó i leith aisíoc préimhe, glacfar leis an méid a íocadh sna himeachtaí le haghaidh foirceannadh an árachóra ag an Ard-Chúirt mar fhiach cruthaithe ar an árachóir ag a mbeidh an tosaíocht chéanna leis an tsuim a bheadh dlite faoin bpolasaí nó i leith aisíoc na préimhe, de réir mar a bheidh, agus beidh an Cuntasóir, maidir leis an méid a íocadh as an gCiste, ina chreidiúnaí de chuid an árachóra.

(2B) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfar, le ceadú na hArd-Chúirte, cibé méideanna a íoc as an gCiste leis an riarthóir árachóra is gá, i dtuairim na hArd-Chúirte, lena chumasú don riarthóir gnó an árachóra a choimeád faoi sheol agus a fheidhmeanna eile faoin Acht seo a chomhlíonadh i ndáil leis an árachóir.

(2C) Má íocadh aon suim as an gCiste le riarthóir árachóra de bhun fho-alt (2B) den alt seo—

(a) is fiach neamhurraithe ar an árachóir méid na suime sin, agus

(b) féadfaidh an tAire, d'fhonn gur éasca gnó an árachóra a chur ar bhonn fónta tráchtála agus airgeadais, an fiach sin ar fad nó cuid den fhiach sin a tharscaoileadh tráth ar bith thar ceann an Chiste; ag feidhmiú na cumhachta sin dó tabharfaidh an tAire aird chuí ar aon mhéideanna a bheidh inréadaithe tráth foirceanta an árachóra agus ar aon uiríolla a dhéanfaidh an riarthóir nó aon árachóir eile chuige.

(2D) Fad a bheidh riarthóir arna cheapadh chun árachóra, ní bheidh aon díbhinní ná dáiltí eile iníoctha ag an árachóir le scairshealbhóirí an árachóra má bhíonn aon fhiach a bheidh dlite don Chiste ag an árachóir (gan aon fhiach a tharscaoil an tAire faoin alt seo a áireamh) gan íoc.”, agus

(d) trí fho-alt (5) a scriosadh, i leith aon árachóir a dtosóidh an Ard-Chúirt á fhoirceannadh tar éis dháta an Achta seo a rith.

Ranníocaí leis an gCiste Cúitimh Arachais ag árachóirí.

10. —Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“6.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfaidh árachóir (seachas árachóir dócmhainneach atá á fhoirceannadh ag an Ard-Chúirt), in aon bhliain a gcinnfear céatadán ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo, an ranníoc iomchuí a íoc leis an Aire, agus cuirfidh an tAire ar aghaidh chun an Chiste é.

(2) (a) I ngach bliain a mbeidh an Ciste, dar leis an Aire, sa dóigh gur chóir tacaíocht airgeadais a sholáthar dó, cinnfidh sé an céatadán, ach gan dul thar 2 faoin gcéad d'ioncam comhiomlán árachóirí an bhliain sin, is dóigh leis ba chóir a íoc leis an gCiste.

(b) Is é a bheidh sa ranníoc (dá ngairtear an ranníoc iomchuí san alt seo) is iníoctha ag árachóir faoi fho-alt (1) den alt seo in aon bhliain a gcinnfear céatadán ina leith faoi mhír (a) den fho-alt seo, suim is ionann agus an céatadán sin d'ioncam comhiomlán an árachóra an bhliain sin, ach íocfar an ranníoc go ráithiúil de réir mhír (c) den fho-alt seo.

(c) Déanfaidh árachóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe i ngach bliain a gcinnfear céatadán ina leith faoi mhír (a) den fho-alt seo, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar an Aire ina dtaispeánfar ioncam comhiomlán an árachóra sin i leith na ráithe sin agus cuirfear ag gabháil leis an ráiteas an ranníoc iomchuí arna ríomh de réir mhír (b) den fho-alt seo.

(d) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘ioncam comhiomlán’, i ndáil le hárachóir i leith aon tréimhse, méid iomlán na bpréimheanna a íocadh nó is iníoctha leis an árachóir i leith polasaithe a d'eisigh sé sa Stát sa tréimhse sin;

ciallaíonn ‘ráithe’ tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig, agus forléireofar ‘go ráithiúil’ dá réir sin.

(3) Déanfaidh Coiste Lloyd ranníoc iomchuí is iníoctha ag siondacáit a íoc leis an Aire.

(4) I gcás nach ndearnadh ranníoc iomchuí a íoc de réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire é a ghnóthú—

(a) i gcás an ranníoc a bheith iníoctha ag siondacáit, ó Choiste Lloyd, agus

(b) in aon chás eile, ón árachóir ag a bhfuil sé iníoctha,

mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, arna ghnóthú ag an Aire, cuirfear ar aghaidh chun an Chiste é, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar fhógra nach giorra ná lá agus fiche a thabhairt don árachóir ag a bhfuil an ranníoc iníoctha, údarú an árachóra a chúlghairm.”.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Aisghairm.

12. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Acht Árachais, 1936 :

(a) míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (6) d'alt 12,

(b) na focail “go bhfuil ar a laighead dhá dtrian (do réir ainmluacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus gur saoránaigh de Shaorstát Éireann furmhór stiúrthóirí na cuideachtan san (lasmuich de stiúrthóir bhainisteoireachta bheireann a chuid aimsire ar fad dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san), agus” i bhfo-alt (11) (b) den alt sin 12, agus

(c) alt 19.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Árachais (Uimh. 2), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983”.

(3) Déanfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.