Uimhir Thagartha
|
An Fhoráil
d'Acht na gCuideachtaí, 1963
|
Modhnuithe
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
1.
|
Alt 135
|
An tagairt d'iarratas chun na hArd-Chúirte ag aon stiúrthóir ar chuideachta nó ag aon chomhalta de chuideachta forléireofar í mar thagairt d'iarratas chun na cúirte ag an riarthóir.
|
2.
|
Alt 148
|
An oibleagáid atá ar stiúrthóirí cuideachta cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta forléireofar í mar oibleagáid ar an riarthóir cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann siad.
|
3.
|
Alt 150
|
An oibleagáid grúpchuntais cuideachta (de réir bhrí
Acht na gCuideachtaí, 1963
) a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta forléireofar í mar oibleagáid ar an riarthóir grúpchuntais (de réir na brí sin a dúradh) a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann siad.
|
4.
|
Alt 156
|
An oibleagáid nach foláir gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair cuideachta a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt nó ag triúr, de réir mar a bheidh, de na stiúrthóirí, forléireofar í mar oibleagáid nach foláir gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair den sórt sin a bheith sínithe ag an riarthóir.
|
5.
|
Alt 158
|
Forléireofar na hoibleagáidí a shonraítear i bhfo-alt (1) mar oibleagáid ar an riarthóir tuarascáil uaidh ar staid ghnóthaí na cuideachta agus, más cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, ar staid ghnóthaí na cuideachta agus a fochuideachtaí mar ghrúpa, a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann sí.
|
6.
|
Alt 160
|
Déanfar an dualgas atá ar chuideachta iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh agus a athcheapadh a fhorléiriú mar dhualgas ar an gcúirt, ar iarratas ón riarthóir, iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun oifig a shealbhú ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt agus, ar iarratas ón riarthóir, an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí a athcheapadh de réir mar is gá ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt agus, ar iarratas ón riarthóir agus tar éis aon aighneacht ón iniúchóir nó ó na hiniúchóirí a éisteacht, iniúchóir nó iniúchóirí a chur as oifig am ar bith agus duine eile nó daoine eile a cheapadh ina áit nó ina n-áit ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt.
Déanfar an chumhacht atá ag stiúrthóirí cuideachta aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh a fhorléiriú mar chumhacht ag an gcúirt aon fholúntas den sórt sin a líonadh, ar iarratas ón riarthóir.
Déanfar an chumhacht atá ag cuideachta agus ag stiúrthóirí cuideachta luach saothair iniúchóirí na cuideachta a shocrú, a fhorléiriú mar chumhacht atá ag an gcúirt an luach saothair sin a shocrú, ar iarratas ón riarthóir.
|
7.
|
Alt 163
|
Déanfar an oibleagáid atá ar iniúchóirí cuideachta tuarascáil a thabhairt do chomhaltaí na cuideachta i dtaobh na nithe atá sonraithe san alt, a fhorléiriú mar oibleagáid atá ar na hiniúchóirí an tuarascáil sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann sí.
|
8.
|
Alt 231
|
Beidh na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) infheidhmithe ag riarthóir árachóra gan an ceadú a shonraítear san fho-alt sin a bheith faighte aige.
|
|