An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe agus Leasuithe Ilghnéitheacha) Ar Aghaidh (CUID IV Coistí Pinsin Áitiúla do Scor, etc. agus Forálacha Iarmhartacha)

5 1984

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1984

CUID III

Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh

Cuid IVA a chur isteach sa Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid IV:

“CUID IVA

Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh

Léiriú.

232A.—Sa Chuid seo—

ciallaíonn “leanbh” duine atá, de bhua alt 223 (1) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ) ina leanbh cáilithe chun críocha Chuid IV;

ciallaíonn “teaghlach”—

(a) duine atá ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí, agus

(b) más duine pósta an duine sin a chónaíonn lena chéile nó a chothabhálann an céile sin go hiomlán nó go formhór, an céile sin, agus

(c) leanbh nó leanaí a bhfuil ceachtar acu sin roimhe seo cáilithe faoi alt 224 chun liúntas leanaí a fháil ina leith;

déanfar “forlíonadh ar ioncam teaghlaigh” a fhorléiriú de réir alt 232B;

ciallaíonn “ioncam seachtainiúil teaghlaigh”, faoi réir rialacháin faoi alt 232F, an méid ioncaim a fhaigheann teaghlach in aon seachtain amháin lúide aon ioncam de chuid duine ar leanbh é i leith an teaghlaigh sin.

Teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

232B.—Faoi réir na Coda seo, beidh liúntas (dá ngairtear “forlíonadh ar ioncam teaghlaigh” sa Chuid seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlach nach bhfuil ach aon leanbh amháin ar áireamh ann, £95, nó

(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £95 arna mhéadú de £15 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh.

An ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

232C.—(1) Faoi réir na Coda seo, is é a bheidh sa ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncaim teaghlaigh, 25 faoin gcéad den mhéid ar lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná an méid is iomchuí sa chás ar leith faoi alt 232B.

(2) Ní bheidh an ráta seachtainiúil arna ríomh de bhun fho-alt (1) níos mó i gcás ar bith ná na méideanna seo a leanas:

(a) i gcás teaghlach nach bhfuil ach aon leanbh amháin ar áireamh ann, £8, agus

(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £8 arna mhéadú de £1.75 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh á áireamh.

(3) Ní bheidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha más lú ná £1 an ráta seachtainiúil arna ríomh de bhun fho-alt (1).

(4) Chun críocha an ailt seo, áireofar mar £1 aon chodán de £1 d'ioncam seachtainiúil teaghlaigh os cionn 50p agus ní thabharfar aird ar aon chodán eile de £1.

An tréimhse chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a íoc.

232D.—(1) Beidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha ar feadh tréimhse 52 sheachtain (nó cibé tréimhse eile a fhorordófar) dar tosach an dáta a mbeidh sé infhaighte de réir rialachán agus, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, ní dhéanfaidh aon athrú ar dhálaí i gcaitheamh na tréimhse sin difear don ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a bheidh iníoctha.

(2) Má bhíonn forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha i leith teaghlaigh ar leith ar feadh aon treimhse, ní ghlacfar mar chomhalta d'aon teaghlach eile i gcaitheamh na tréimhse sin le haon duine a bhí ar áireamh sa teaghlach sin ag tús na tréimhse sin.

An duine lenar iníoctha forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

232E.—Beidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha leis an gcomhalta den teaghlach (seachas leanbh) atá ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí nó i gcás dhá chomhalta den teaghlach a bheith ag gabháil d'fhostaíocht amhlaidh, leis an gcomhalta arb é a ioncam seachtainiúil, arna ríomh chun críocha forlíonadh ar ioncam teaghlaigh, an chuid is mó den ioncam seachtainiúil teaghlaigh arna ríomh amhlaidh.

Rialacháin.

232F.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)—

(a) foráil a dhéanamh maidir leis an modh chun ioncam seachtainiúil teaghlaigh a ríomh nó a mheas;

(b) foráil a dhéanamh maidir le neamhaird a thabhairt go hiomlán nó go páirteach ar aon mhéid d'ioncam seachtainiúil teaghlaigh ó aon fhoinse a shonraítear sna rialacháin le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh nó á mheas;

(c) na cúinsí a chinneadh ina measfar duine a bheith ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí;

(d) a cheangal ar fhostóirí cibé faisnéis a chur ar fáil a cheanglóidh an tAire chun éileamh ar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a chinneadh;

(e) aon fhorálacha de Chodanna I, II, VII agus VIII nó aon fhorálacha arna ndéanamh fúthu a chur i bhfeidhm (fara modhnú nó gan mhodhnú) nó forálacha a dhéanamh a bheidh ar comhréir (fara modhnú nó gan mhodhnú) le haon fhorálacha acu sin.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) na méideanna a shonraítear in alt 232B,

(b) an ráta céatadáin a shonraítear in alt 232C (1), agus

(c) na rátaí seachtainiúla a shonraítear in alt 232C (2),

a athrú ach ní laghdóidh aon athrú den sórt sin na méideanna, an ráta céatadáin ná na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialachán sin.”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht (rialacháin).

14. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht trí “130 (4),” a chur isteach i ndiaidh “108 (4) (6),” agus trí “232F (2) (a) (b) (c), (3),” a chur isteach i ndiaidh “210 (3),” i bhfo-alt (4) (a).

Leasú ar alt 130 den Phríomh-Acht (forálacha forluiteacha).

15. —Leasaítear leis seo alt 130 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Déanfaidh an tAire rialacháin i leith cásanna ina mbeidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha le duine chomh maith le sochar dífhostaíochta, sochar míchumais, cúnamh dífhostaíochta nó pinsean scoir ar rialacháin iad ina mbeidh foráil i dtaobh coigeartú a dhéanamh, tar éis cibé tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin, ar an bhforlíonadh sin (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán).”.

Alt 146 den Phríomh-Acht, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (acmhainn a ríomh) a leasú tuilleadh.

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 146 den Phríomh-Acht trí “, mar liúntas leanaí nó mar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh,” a chur in ionad “nó mar liúntas leanaí,” i bhfo-alt (1) (b) (v).

(2) Leasaítear leis seo Riail 1 (4) de na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (b):

“(b) aon suimeanna a fhaightear mar phinsean, liúntas, cúnamh, sochar nó forlíonadh faoi Chuid II, III, IV nó IVA,”.

Tosach feidhme na Coda seo.

17. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.