An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Deimhniú Urscaoilte)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil II

Ríomh Athbhreithnithe

Leasú ar ailt áirithe den Phríomh-Acht.

110. —(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas—

(a) i gcás inar mó comhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den méid tairsí (mar a mhínítear sin sa Dara Sceideal) a mbeidh feidhm leis le linn an cháin ar an gcomhiomlán sin a bheith á ríomh, nó

(b) i gcás ina gceanglófar ar an deontaí, le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh.”.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le hailt 9 ná 53 (3) den Phríomh-Acht.

(3) Leasaítear leis seo alt 54 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás ina nglacfaidh aon duine sochar chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla measfar—

(a) chun críocha ailt 5 (1) agus 11 (1), gur ghlac sé an sochar sin go tairbhiúil, agus

(b) chun críocha an Dara Sceideal, gur ghlac sé, dá réir sin, bronntanas nó oidhreacht lena mbaineann an aicme-thairseach £10,000.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht (arna leathnú leis an Acht Airgeadais, 1978 ) trí “ón diúscróir céanna” a scriosadh as fo-alt (2) (a).

(5) Leasaítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1978 ) trí “ón diúscróir céanna” a scriosadh as fo-alt (2).

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

111. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i gCuid I, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 1 go 5 agus 7:

“1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn ‘aicme-thairseach', i ndáil le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach a ghlacfar lá áirithe,—

(a) £150,000, i gcás inarb é céile an diúscróra nó leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba an lá sin;

(b) £20,000, i gcás inar dírshinsear, dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha), deartháir, deirfiúr, nó leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba an lá sin;

(c) £10,000, i gcás nach bhfuil ag an deontaí ná ag an gcomharba leis an diúscróir, an lá sin, gaol dá dtagraítear i bhfomhír (a) nó (b);

ciallaíonn ‘aicme-thairseach athbhreithnithe', i ndáil le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach atá ar áireamh in aon chomhiomlán de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3,—

(a) an aicme-thairseach a bhaineann leis an mbronntanas inchánach nó leis an oidhreacht inchánach sin, nó

(b) iomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir lena mbaineann an aicme-thairseach sin agus atá ar áireamh sa chomhiomlán sin,

cibé acu is lú:

Ar choinníoll i gcás inar lú an aicme-thairseach athbhreithnithe arna fhionnadh amhlaidh ná an ceann is lú de na haicme-thairseacha lena bhfuil feidhm i ndáil leis na bronntanais inchánach agus na hoidhreachtaí inchánach go léir atá ar áireamh sa chomhiomlán sin, gurb í an aicmethairseach athbhreithnithe an aicme-thairseach sin is lú;

ciallaíonn ‘Tábla’ an Tábla i gCuid II den Sceideal seo;

ciallaíonn ‘méid tairsí', i ndáil le cáin a ríomh ar aon chomhiomlán de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3, an ceann is mó de na haicme-thairseacha athbhreithnithe lena bhfuil feidhm i ndáil leis na bronntanais inchánach agus na hoidhreachtaí inchánach go léir atá ar áireamh sa chomhiomlán sin.

2. Sa Tábla ciallaíonn ‘luach’ an comhiomlán iomchuí dá dtagraítear i mír 3.

3. Faoi réir fhorálacha mhír 6, is é méid na cánach is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a ghlacfaidh deontaí nó comharba méid is ionann agus an méid ar mó an cháin, arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla, ar a gcomhiomlán seo a leanas—

(a) an luach inchánach sin; agus

(b) luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir (más ann) a ghlac an deontaí nó an comharba sin cheana féin, an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis,

ná an cháin, arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla, ar chomhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir a glacadh amhlaidh cheana féin (más ann):

Ar choinníoll nach mó an cháin is inmhuirearaithe amhlaidh ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach ná méid is ionann agus an cháin arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí is infheidhme faoin Tábla maidir leis an gcuid sin de chomhiomlán na luachanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) arb í an chuid is airde í den chomhiomlán sin agus is comhionann leis an luach inchánach sin.

5. Sa Tábla, aon ráta cánach a thaispeántar sa dara colún is é an ráta é is infheidhme maidir leis an gcuid sin den luach (de réir bhrí mhír 2) a thaispeántar sa chéad cholún.

7. Chun críocha an Sceidil seo, déanfar (ach amháin chun an méid tairsí a ríomh) na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a ghlac deontaí nó comharba an lá céanna a chomhaireamh mar aon ní amháin, agus chun an méid cánach a fhionnadh is iníoctha ar bhronntanas amháin, nó ar oidhreacht amháin, de bhronntanais leithleacha nó d'oidhreachtaí leithleacha a glacadh an lá céanna, déanfar an méid cánach a bheidh ríofa faoin Sceideal seo mar mhéid cánach is iníoctha ar iomlán na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí a glacadh an lá sin a chionroinnt go rátúil, de réir luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach leithleacha a glacadh an lá sin.”.

(b) i gCuid II, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Táblaí I go IV:

AN TÁBLA

An Chuid den Luach

An ráta cánach

Faoin gcéad

An méid tairsí

Nialas

An chéad £10,000 eile

20

An chéad £40,000 eile

30

An chéad £50,000 eile

35

An chéad £50,000 eile

40

An chéad £50,000 eile

45

An t-iarmhéid

55

”.

Feidhm Chaibidil II.

112. —Beidh éifeacht leis an gCaibidil seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 26ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis.