|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986) | Ar Aghaidh (CUID II An tÚdarás Forbartha Tionscail) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail; | |
[EN] | ciallaíonn “limistéar ainmnithe” aon limistéar ar limistéar ainmnithe é de thuras na huaire de bhua alt 4; | |
[EN] | ciallaíonn “foirgneamh monarchan” foirgneamh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun gnóthas tionscail a sheoladh mar aon le haon fhoirgneamh eile atá foghabhálach nó coimhdeach maidir leis agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críche a bhaineann leis an ngnóthas; | |
[EN] | ciallaíonn “sócmhainní dochta” innealra, gléasra, trealamh, talamh, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha eile de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail; | |
[EN] | ciallaíonn “eastát tionscail” limistéar talún a úsáidtear go formhór chun cuspóirí tionscail agus cuspóirí atá coimhdeach nó bainteach leo sin agus a bhfuil dhá fhoirgneamh monarchan ar a laghad air; | |
[EN] | folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach do thionscal agus tionscal seirbhíse, agus forléireofar “tionscal” dá réir sin; | |
[EN] | folaíonn “talamh” measáistí, tionóntáin agus oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh faoi aon tionacht; | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “comhalta” comhalta den Údarás; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “achtachán aisghairthe” achtachán a aisghairtear leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “tionscal seirbhíse” gnóthas lena mbaineann ordú faoi alt 3. | |
[EN] | (2) San Acht seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid, d'alt nó do Sceideal den Acht seo, mura dtaispeántar gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe; | |
[EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeántar gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; | |
[EN] | (c) déanfar aon tagairt d'aon achtachán eile, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] |
Tionscal seirbhíse. [1981 (Uimh. 2), a. 3] |
3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil maidir le haon ghnóthas a ghabhann do sheirbhís a sholáthar a shonraítear san ordú gur tionscal seirbhíse é chun críocha an Achta seo. |
[EN] | (2) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) i ndáil le seirbhís baincéireachta ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Leanfaidh ordú faoi alt 3 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail (Uimh. 2), 1981, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, d'fheidhm a bheith aige agus measfar gur ordú é a rinneadh faoin alt seo. | |
[EN] |
Limistéir ainmnithe. [1952, a. 3; 1969 a. 6. Nua i bpáirt] |
4. —(1) Faoi réir fho-alt (3), is limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo gach limistéar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal agus aon limistéar a ndearbhóidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, gur limistéar ainmnithe é. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) a dhearbhú maidir le limistéar gur limistéar ainmnithe é ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, ainmniú aon limistéir nó cuid de limistéar mar limistéar ainmnithe a fhoirceannadh. | |
[EN] |
Rátaí a loghadh. [1972, a. 3] |
5. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leis, dhá thrian de ráta is intobhaithe aige i leith áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a loghadh. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an loghadh, faoi réir fho-alt (3), maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil inar rátaíodh an chéad uair an t-áitreabh don ghnóthas tionscail agus maidir le gach ceann de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht leis an loghadh maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil. | |
[EN] | (4) Ní dheonófar loghadh níos mó ná uair amháin i leith an áitribh chéanna. | |
[EN] | (5) I gcás nach mbeidh luacháil ar leith ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh. | |
[EN] | (6) Is feidhmeanna forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo. | |
[EN] | (7) Baineann an t-alt seo le háitreabh— | |
[EN] | (a) ar dheimhnigh an tÚdarás gur sholáthraigh an tÚdarás é, nó gur soláthraíodh é de bhíthin deontais arna thabhairt ag an Údarás, le haghaidh gnóthais tionscail, agus | |
[EN] | (b) atá i limistéar ar limistéar ainmnithe a bhí ann tráth an áitribh a sholáthar faoi achtachán aisghairthe, nó ar limistéar ainmnithe atá ann faoin Acht seo. | |
[EN] |
Athbhreithniú tríbhliantúil ar an oibriú tionscail náisiúnta. [Nua] |
6. —Ullmhóidh an tAire, sa bhliain 1986 agus gach tríú bliain dá éis sin, athbhreithniú ar an oibriú tionscail náisiúnta maidir leis na trí bliana roimhe sin agus cuirfidh sé faoi deara an t-athbhreithniú agus na tátail a thig ón athbhreithniú sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] |
Orduithe. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú ordú a rinne sé faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas alt 1, a chúlghairm nó a leasú. |
[EN] | (2) Aon ordú a dhéanfar faoi aon fhoráil den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] |
Caiteachais. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm. |
9. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |