An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Greasachtaí Tionscail)

9 1986

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986

CUID II

An tÚdarás Forbartha Tionscail

An tÚdarás Forbartha Tionscail.

[1950, a. 2]

10. —(1) Leanfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail ar marthain d'ainneoin na n-aisghairmeacha a dhéantar leis an Acht seo.

(2) Beidh an tÚdarás, i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus a chuid feidhmeanna, freagrach don Aire.

(3) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal i ndáil leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

[1950, a. 3; 1969, a. 11, 12, 14, 15. Nua i bpáirt]

11. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is comhlacht uathrialach an tÚdarás a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht ar a bhfuil freagracht náisiúnta as polasaithe forbartha tionscail a chur i ngníomh;

(b) cibé deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh tionscail a sholáthar agus a riaradh a bheidh údaraithe dó ag an Oireachtas a sholáthar agus a riaradh;

(c) tograí agus scéimeanna a thionscnamh lena gcur faoi bhráid an Aire chun tionscal a bhunú agus a fhorbairt agus chun fostaíocht tionscail a sholáthar agus a chothabháil;

 (d) eastáit tionscail agus foirgnimh mhonarchan mar aon le saoráidí gaolmhara eastát agus foirgneamh den sórt sin a sholáthar, a fhorbairt, a dhéanamh, a athrú, a oiriúnú, a chothabháil agus a riaradh;

(e) an cuspóir náisiúnta, eadhon, forbairt réigiúnach tionscail, a chothú;

(f) léirscrúdú a dhéanamh féachaint an féidir tuilleadh forbartha tionscail a dhéanamh agus comhairle ina thaobh sin a thabhairt don Aire;

(g) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh bearta is gá agus is inmhianaithe chun tionscal nua a bhunú agus chun tionscal atá ann a mhéadú agus a nuachóiriú;

(h) comhairle agus treoir a thabhairt nuair a iarrfar sin, do dhaoine atá ag smaoineamh ar thionscal nua a chur ar bun nó tionscal atá ann a mhéadú;

(i) cibé cúnamh de chineál teicniúil nó comhairleach a sholáthar do thíortha forbraíochta de réir mar is cuí leis an Aire; agus

(j) comhairle a thabhairt i dtaobh aon ní maidir le forbairt tionscail a tharchuirfidh an tAire chuige.

(2) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (1), míreanna (b) agus (d) le hAerfort Neamhchustam na Sionna.

(3) Gníomhóidh an tÚdarás, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, de réir polasaithe a leagfaidh an tAire amach dó ó am go ham.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, aird a bheith aige ar a mhéid a fhónfaidh gnóthas tionscail chun cuspóirí náisiúnta i leith forbairt réigiúnach a chur chun cinn.

Feidhmeanna a tharmligean.

[1969, Sc. 2, mír 5. Nua i bpáirt]

12. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, gan dochar dá fhreagrachtaí ginearálta faoin Acht seo, aon chuid dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhaltaí dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, a chumhachtaí chun deontais a thabhairt a tharmligean chun boird nó coiste arna chomhdhéanamh ag an Údarás nó chun aon cheann dá chuid comhaltaí nó chun aon chomhalta den fhoireann a bheidh cuí-údaraithe ag an Údarás chuige sin.

(3) Beidh téarmaí agus coinníollacha gach tarmligin a dhéanfaidh an tÚdarás faoi fho-alt (2) nó faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , arna leasú le halt 6 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983 agus le halt 9 den Acht seo agus leis an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis, faoi réir cheadú an Aire.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is cuí leis, ó am go ham boird nó coistí a chomhdhéanamh chun críocha an ailt seo agus aon chomhlacht den sórt sin a dhíscaoileadh.

(5) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Údarás ná dá fhoireann a bheith ina gcomhaltaí de bhord nó de choiste.

Ordacháin don Údarás.

[Nua]

13. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin faoi pholasaí ginearálta is cuí leis a thabhairt don Údarás ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Ní bhainfidh ordachán faoi fho-alt (1) le haon ghnóthas tionscail ar leith ná le fabhar a thabhairt do limistéar amháin ar limistéir eile maidir le gnóthas tionscail a shuíomh seachas mar chuid d'athbhreithniú ginearálta ar pholasaí tionscail don tír ina hiomláine mar a thaispeántar san ordachán.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara aon ordachán a thabharfaidh sé faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de lá is fiche tar éis é a bheith tugtha amhlaidh.

(4) Déanfaidh an tÚdarás de réir aon ordacháin a thabharfar dó faoin alt seo agus leagfaidh sé amach an t-ordachán ina thuarascáil bhliantúil agus áireoidh sé ina thuarascáil bhliantúil cuntas ar na gníomhartha a rinne sé chun éifeacht a thabhairt don ordachán.

Deontais a íoc leis an Údarás.

[1969, a. 17; 1975 (Uimh. 2), a. 2; 1977, a. 5; 1981, a. 2]

14. —(1) Féadfaidh an tAire, gach bliain airgeadais, deontais a mbeidh cibé méid iontu a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás—

(a) a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) na hoibleagáidí nó na dliteanais a ghlanadh a thabhóidh an tÚdarás faoin Acht seo nó faoi aon achtachán aisghairthe nó ar shlí eile.

(2) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás faoi fho-alt (1) (b) (seachas deontais lena mbaineann fo-alt (3)) thar £700,000,000.

(3) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh an tÚdarás freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoin Acht seo, faoi alt 37 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus faoi ailt 2 agus 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , i leith príomhshuime agus úis thar £125,000,000.

(4) Maidir le ráthaíocht faoin Acht seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit ní bheidh méid na ráthaíochta níos mó ná an méid in airgeadra an Stáit is cóimhéid leis an méid a ráthaíodh amhlaidh tráth na ráthaíochta a thabhairt.

An méid uasta deontas, íocaíochtaí agus ráthaíochtaí ón Údarás.

[1969, a. 17; 1975 (Uimh. 2), a. 2; 1977, a. 5; 1981, a. 2]

15. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tÚdarás agus na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh sé faoi ailt 16 agus 31 nó faoi fhorálacha comhréire aon achtacháin aisghairthe, tar éis thosach feidhme an ailt seo, thar an teorainn chomhiomlán a shonraítear in alt 14 (2).

(2) Maidir le méid comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime agus úis ag an Údarás faoin Acht seo, faoi alt 37 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus faoi ailt 2 agus 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime agus úis ar scór ráthaíochtaí faoi aon cheann de na hailt sin, ní rachaidh sé tráth ar bith thar an méid comhiomlán a shonraítear in alt 14 (3).

An tÚdarás do sholáthar láithreán agus seirbhísí.

[1952, a. 5; 1959, a. 2; 1963, a. 9; 1969, a. 15]

16. —(1) d'fhonn láithreáin nó áitribh a sholáthar, nó a soláthar a éascú, chun gnóthas tionscail a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil féadfaidh an tÚdarás—

(a) aon talamh a fháil go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach;

 (b) aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith thar aon talamh nó uisce, nó ina leith, a fháil (go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach);

(c) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach) ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith thar aon talamh nó uisce nó ina leith;

(d) foirgnimh agus oibreacha eile a fhoirgniú, a oiriúnú agus a chothabháil;

(e) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i dtaca le talamh;

(f) talamh a bheidh dílsithe dó a dhíol, a léasú nó a dhiúscairt ar shlí eile;

(g) deontais a thabhairt chun cabhrú le daoine chun—

(i) talamh a fháil,

(ii) foirgnimh agus oibreacha eile a fhoirgniú agus a oiriúnú, agus

(iii) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i dtaca le talamh;

(h) aon ghníomh nó rud a dhéanamh is gá chun aon rud a dhéanamh, nó a ghabhann le haon rud a dhéanamh, a údaraítear leis na míreanna sin roimhe seo don Údarás a dhéanamh,

más rud é—

(i) go measfaidh an tÚdarás go dtarlóidh nó gur dóigh go dtarlóidh forbairt tionscail dá bharr, agus

(ii) gur deimhin leis an Údarás go gcomhlíonann nó go gcomhlíonfaidh an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 nó alt 25 (2).

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Dara Sceideal maidir le feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo ag an Údarás.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a dhéanfaidh difear d'oibriú alt 130 den Acht Iompair, 1944 .

Díolúine ó dhleacht stampa.

[1969, a. 23]

17. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaighidh an tÚdarás aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile ar aon chor thar talamh nó uisce nó i leith talún nó uisce.

Cumhacht an Údaráis bronntanais a ghlacadh.

[1969, a. 19]

18. —(1) Féadfaidh an tÚdarás bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tÚdarás bronntanas má bhíonn coinníoll a chuirfidh an deontóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

[1969, a. 20; 1977, a. 6]

19. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

(2) San alt seo folaíonn “caiteachas reatha” caiteachas ag an Údarás ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu is feidhm riaracháin nó feidhm chaipitiúil í.

Cumhacht an Údaráis comhchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhruiliú.

[1969, a. 21]

20. —Féadfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir, cibé comhchomhairleoirí agus comhairleoirí is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chur i gcrích, a fhruiliú ó am go ham.