An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An tÚdarás Forbartha Tionscail) Ar Aghaidh (CUID IV Comhaltaí agus Foireann)

9 1986

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986

CUID III

Greasachtaí Tionscail

Cumhachtaí ginearálta an Údaráis deontais a thabhairt.

[1969, ailt 33, 34. Nua i bpáirt]

21. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair costais sócmhainní dochta de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoi fho-alt (1) thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe, nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Baineann an t-alt seo le gnóthas tionscail ar deimhin leis an Údarás ina leith—

 (a) go dtáirgfidh sé táirgí lena ndíol go príomha ar mhargaí domhanda, go háirithe na táirgí sin ar dá mbarr a dhéanfar ábhair áitiúla, táirgí talmhaíochta áitiúla nó acmhainní aiceanta áitiúla eile a fhorbairt nó a úsáid; nó

 (b) go dtáirgfidh sé táirgí de chineál teicneolaíoch ardchéime lena soláthar do ghnólachtaí a bheidh ag trádáil go hidirnáisiúnta nó do ghnólachtaí oilte fo-sholáthair laistigh den Stát; nó

 (c) go dtáirgfidh sé táirgí le haghaidh earnálacha de mhargadh na hÉireann atá faoi réir iomaíochta idirnáisiúnta; nó

 (d) gur tionscal seirbhíse é mar a bheidh sonraithe ag an Aire le hordú faoi alt 3.

(4) Deimhneoidh an gnóthas tionscail freisin don Údarás—

 (a) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt;

 (b) gur infheistíocht inmharthana ó thaobh tráchtála an infheistíocht atá beartaithe;

 (c) go bhfuil bonn cothromais leordhóthanach faoi;

 (d) go bhfuil plean forbartha cuideachta oiriúnach ullmhaithe aige; agus

 (e) go soláthróidh sé fostaíocht nua nó go gcothabhálfaidh sé fostaíocht sa Stát nach ndéanfaí a chothabháil gan cúnamh a thabhairt faoin Acht seo agus go méadóidh sé táirgeacht agus breisluach laistigh den gheilleagar.

(5) (a) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gnóthais bheaga tionscail arna sainmhíniú ag an Aire ó am go ham, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis maidir le haon duine breise a bheidh fostaithe i ngnóthas den sórt sin.

 (b) Beidh deontas faoin bhfo-alt seo faoi réir cibé teorainneacha airgeadais agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile a shonrófar ó am go ham i scéim a rialóidh tabhairt deontas den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

 (c) Ní áireofar deontas faoin bhfo-alt seo nuair a bheidh na deontais uasta á ríomh is iníoctha leis an ngnóthas lena mbaineann chun críocha fho-alt (2) agus alt 33.

Deontais le haghaidh sócmhainní dochta ar léas.

[1969, ailt 35, 47]

22. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis i leith costais sócmhainní dochta a léasaíodh chun críche gnóthais tionscail a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar, chun críocha fho-alt (2), gurb é méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

(4) I gcás talamh a léasú ag an Údarás chun nó le haghaidh gnóthais tionscail ar chíos is lú ná an cíos eacnamaíoch arna chinneadh ag an Údarás, measfar gur deontas chun críocha an ailt seo luach caipitiúil an difir idir an cíos is iníoctha amhlaidh agus an cíos eacnamaíoch arna chinneadh amhlaidh.

Deontais faoi chomhair ús a laghdú.

[1969, a. 36]

23. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gnóthas tionscail a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis faoi chomhair an t-ús a laghdú is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun sócmhainní dochta a sholáthar don ghnóthas sin.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Nuair a thabharfaidh an tÚdarás deontas faoin alt seo, is i cibé foirm a bheidh an deontas agus is ar cibé coinníollacha a thabharfar é, a shonrófar i scéim a rialóidh tabhairt deontas den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

Iasachtaí a ráthú.

[1969, a. 37; 1981, a. 5]

24. —(1) Féadfaidh an tÚdarás a ráthú go n-aisíocfar go cuí cuid (nach mó ná 80 faoin gcéad) de phríomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i leith sócmhainní dochta gnóthais tionscail nó go n-íocfar ús ar airgead den sórt sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin más rud é (i ngach cás den sórt sin) go gcomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21.

(2) Aon uair a ráthófar iasacht faoin alt seo is i cibé foirm agus slí a bheidh an ráthaíocht agus is ar cibé téarmaí agus coinníollacha a thabharfar í a shonrófar i scéim a rialóidh tabhairt ráthaíochtaí den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfar an t-airgead a theastóidh ón Údarás faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an Údarás faoi ráthaíocht a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás.

(4) Déanfar luach caipitiúil ráthaíochta iasachta faoin alt seo a áireamh le linn deontais a bheith á ríomh chun críche ailt 33 agus 34 agus cinnfear é de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(5) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht faoin alt seo maidir le gnóthas tionscail áirithe i gcás ar mó ná £750,000 méid phríomhshuim aon airgid a ráthófar.

(6) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Deontais fostaíochta do thionscal seirbhíse.

[1981 (Uimh. 2), a. 2. Nua i bpáirt]

25. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas fostaíochta san alt seo), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí, chun daoine a fhostú i dtionscal seirbhíse a choimeádtar ar siúl mar ghnóthas ar leith.

(2) Féadfar deontas fostaíochta a thabhairt i gcás go gcuideodh an tionscal seirbhíse go suntasach, i dtuairim an Údaráis, le forbairt réigiúnach agus forbairt náisiúnta agus, go háirithe—

(a) gur thionscal inmharthana ó thaobh tráchtála é,

(b) go mbeadh tuar maith fáis faoi, agus

(c) nach ndéanfaí é a fhorbairt d'éagmais deontais fostaíochta.

(3) Beidh méid deontais fostaíochta faoi réir cibé teorainneacha airgeadais a shocróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas fostaíochta nó deontais fostaíochta is mó san iomlán ná £1,250,000 a thabhairt i leith aon ghnóthais áirithe.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh athchóiriú tionscail.

[1977, a. 2; 1981, a. 6]

26. —(1) Chun athchóiriú tionscail a chur ar aghaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás go bhfaighidh gnóthas tionscail gnóthas tionscail eile go léir nó cuid de nó i gcás go gcónascfaidh dhá ghnóthas tionscail nó níos mó, i dteannta aon chumhachta eile a thugtar don Údarás leis an Acht seo—

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin,

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin.

(2) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht i leith airgid a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ná deontas faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun críocha den sórt sin, i gcás gur mó san iomlán ná £750,000 méid príomhshuime aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha faoi chomhair laghdú ar an ús.

(3) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh forbairt fiontair.

[1977, a. 3; 1981, a. 7]

27. —(1) Chun duine cuí-cháilithe nárbh úinéir, nó nárbh úinéir ar shlí shuntasach, é roimhe sin, ar ghnóthas tionscail, a spreagadh chun gnóthas tionscail a bhunú a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, féadfaidh an tÚdarás i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó leis an Acht seo—

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin,

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí cuid (nach mó ná 80 faoin gcéad) de phríomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an gcuid a ráthaíodh amhlaidh den phríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an chuid sin agus go n-íocfar an t-ús sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht a thabhairt i leith airgid a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ná deontas a thabhairt faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, i gcás gur mó san iomlán ná £300,000 méid phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha faoi chomhair laghdú ar an ús.

(3) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Deontais oiliúna.

[1969, a. 39; 1981, a. 4]

28. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Oiliúna, deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas oiliúna san alt seo) ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun oiliúint a thabhairt (sa Stát nó in áit eile) do dhaoine ar phróisis ghnóthais tionscail má chomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus má chuidíonn an oiliúint a thugtar amhlaidh leis an ngnóthas chun cuspóirí an fho-ailt sin (3) a chur i gcrích.

(2) Féadfar deontas oiliúna a thabhairt chun daoine a oiliúint do phoist mhaoirseachta nó bhainisteoireachta i ngnóthas tionscail nó chun teagascóirí, comhairleoirí teicniúla nó comhchomhairleoirí a fhruiliú le hoiliúint a thabhairt (nó cabhrú le hoiliúint a thabhairt) do dhaoine le haghaidh post den sórt sin.

(3) Ní rachaidh méid na ndeontas oiliúna a thabharfar i leith gnóthais tionscail áirithe thar shuim na méideanna seo a leanas: méid an phá nó na dtuarastal a íocfaidh an gnóthas i gcaitheamh na tréimhse oiliúna leis na daoine a bheidh á n-oiliúint, méid na gcostas a íocfaidh an gnóthas leis na daoine sin i leith taistil agus cothú agus an méid a íocfaidh an gnóthas i leith táillí (lena n-áirítear táillí agus luach saothair teagascóirí, comhairleoirí agus comhchomhairleoirí) agus i leith costas dá samhail a bhainfidh leis an oiliúint.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais oiliúna is mó san iomlán ná £2,000,000 a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe.

Deontais taighde.

[1969, a. 40; 1981, a. 8. Nua i bpáirt]

29. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire ó am go ham, féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas taighde san alt seo), faoi réir fho-alt (5), ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis faoi chomhair costais tionscadal taighde agus forbartha lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le tionscadail taighde agus forbartha—

(a) arb é a bpríomh-chuspóir próisis, modhanna nó táirgí tionscail nua nó feabhsaithe a chur chun cinn nó a fhorbairt sa Stát, agus, go háirithe, próisis, modhanna nó táirgí de shórt ar dóigh dóibh go ngabhfaidh leo ábhair áitiúla, táirgí talmhaíochta áitiúla nó acmhainní aiceanta áitiúla eile a úsáid nó a fhorbairt nó go léireoidh siad tuar maith maidir le méadú ar thionscal atá ann, le tionscal nua a chur chun cinn, nó go méadóidh siad fostaíocht tionscail, agus

(b) a sheoltar go hiomlán nó go formhór sa Stát agus atá urraithe go hiomlán nó go formhór ag gnóthas tionscail amháin nó níos mó sa Stát.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, chun críche deontais taighde, dul i gcomhairle le cibé comhairleoir, comhchomhairleoir, institiúid nó eagras nó duine eile is cuí leis.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais taighde thar 50 faoin gcéad de chostais cheadaithe an tionscadail lena mbaineann nó thar £250,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais taighde, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, dul, de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás sin, thar £250,000 ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a).

 (c) San alt seo ciallaíonn “costais cheadaithe”, maidir le deontas taighde áirithe, cibé caiteachas ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail áirithe is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh nó a thabhófar chun an tionscadal iomchuí a chur chun cinn agus gur caitheadh nó go gcaithfear é—

(i) ag soláthar láithreán nó áitreabh (lena n-áirítear talamh a fháil), ag foirgniú agus ag oiriúnú foirgneamh, agus ag soláthar seirbhísí agus oibreacha eile;

(ii) ag soláthar gléasra, innealra, trealaimh agus ábhar;

(iii) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an tionscadal;

(iv) ar na tuarastail agus ar an bpá a íocadh le daoine, agus ar chaiteachais taistil agus cothaithe daoine, a fhruilítear ar an tionscadal nó chun tuar maith maidir le forbairt táirgí nó próiseas a aithint laistigh den ghnóthas tionscail; agus

(v) ar bharrmhuirir a bhaineann leis an tionscadal áirithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás mionghnóthas tionscail arna sainmhíniú ag an Aire ó am go ham, suas le trian den deontas taighde a íoc sula dtabhófar na costais cheadaithe ar choinníoll go ndéanfar an méid a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an Údarás mura seolfar chun sástacht an Údaráis an tionscadal taighde nó forbartha lena mbaineann.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás íocaíocht faoi fho-alt (5) mura deimhin leis go bhfuil sócmhainní leordhóthanacha ar fáil ag an ngnóthas tionscail chun a dhliteanas faoin bhfo-alt sin a chumhdach.

(7) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais taighde a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe ar mó san iomlán iad ná an tsuim is airde de na suimeanna seo:—

(a) £500,000; nó

(b) £500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas taighde a bhfuair an tÚdarás cead an Rialtais roimhe sin dóibh.

Deontais fála teicneolaíochta.

[Nua]

30. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire ó am go ham, deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas fála teicneolaíochta san alt seo) do ghnóthas tionscail ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis i leith na gcostas chun teicneolaíocht táirgí nó próiseas lena mbaineann an t-alt seo a fháil, má chomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus má chuidíonn an teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fhaightear amhlaidh leis an ngnóthas chun cuspóirí an fho-ailt sin (3) a chur i gcrích.

(2) Chun críocha an ailt seo folóidh teicneolaíocht táirgí nó próiseas, paitinní, dearthaí, trádmharcanna, trádrúin, cóipcheart, faisnéis agus teicníochtaí dílseánaigh agus neamhdhílseánaigh.

(3) Baineann an t-alt seo le teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fháil arb é a cuspóir príomha cumas teicneolaíoch gnóthais tionscail amháin nó níos mó a fheabhsú agus próisis nó táirgí tionscail cinnrianacha a tháirgeadh nó a úsáid sa Stát.

(4) Chun críche deontais fála teicneolaíochta féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le cibé comhairleoir, comhchomhairleoir, institiúid nó eagras nó duine eile is cuí leis.

(5) (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais fála teicneolaíochta thar 50 faoin gcéad de na costais cheadaithe chun an teicneolaíocht áirithe a fháil nó thar £250,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais fála teicneolaíochta, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, dul, de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás sin, thar £250,000 ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a).

 (c) San alt seo ciallaíonn “costais cheadaithe” maidir le deontas fála teicneolaíochta áirithe cibé caiteachas ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail lena mbaineann is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh chun an teicneolaíocht táirgí nó próiseas lena mbaineann a fháil agus a caitheadh—

(i) ar cheadúnas nó eolas faoi tháirge nó faoi mhodh táirgthe a fháil nó ar rogha chun iad a fháil;

(ii) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an teicneolaíocht a fháil; agus

(iii) ar na tuarastail agus ar an bpá a íocadh le daoine, agus ar chaiteachais taistil agus cothaithe daoine, a fruilíodh chun an teicneolaíocht a fháil.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais fála teicneolaíochta a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe ar mó san iomlán iad ná an tsuim is airde de na suimeanna seo:—

(a) £500,000; nó

(b) £500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas fála teicneolaíochta a bhfuair an tÚdarás cead an Rialtais roimhe sin dóibh.

Cumhacht scaireanna a cheannach.

[1969, a. 44; 1977, a. 9; 1981, a. 9. Nua i bpáirt]

31. —(1) I gcás arb é tuairim an Údaráis go gcomhlíonann gnóthas tionscail na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, féadfaidh an tÚdarás as cistí faoina réir—

(a) scaireanna a cheannach nó a thógáil, a mhéid is inmhianaithe leis, sa chomhlacht corpraithe ar leis an gnóthas nó a rialaíonn nó a bhainistíonn an gnóthas nó i gcomhlacht corpraithe atá rannpháirteach in úinéireacht, i rialú nó i mbainistí an ghnóthais,

(b) comhlachtaí corpraithe den sórt sin a fhoirmiú nó bheith páirteach le daoine eile ina bhfoirmiú,

ach ní cheannóidh ná ní thógfaidh an tÚdarás scaireanna ar bith ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle le haon chomhlacht (dá ngairtear comhlacht Stát-tionscanta sa bhfo-alt seo) a shonróidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo le hordú ná i gcás go mbeadh de thoradh air níos mó ná leath, i luach ainmniúil, an scairchaipitil nó níos mó ná leath, i luach ainmniúil, scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála a thagann i gceist in imthosca sonraithe amháin) i gcomhlacht corpraithe a bheith i seilbh an Údaráis féin nó i seilbh an Údaráis agus aon chomhlachta nó comhlachtaí Stát-tionscanta le chéile mura mbeidh an ceannach nó an tógáil scaireanna, a bheartaítear, ceadaithe ag an Aire.

(2) Is in ainm an Aire Airgeadais a chlárófar scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tÚdarás faoin alt seo.

(3) Déanfar na suimeanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a cheannófar nó a thógfar faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Ní chaithfidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, níos mó ná £1,500,000 ag ceannach nó ag tógáil scaireanna i gcomhlacht corpraithe áirithe.

Deontais chun a áirithiú go laghdófar cíosanna monarchan.

[1966, a. 9; 1969, a. 46]

32. —(1) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go n-úsáidtear foirgneamh monarchan nó go mbeartaítear é a úsáid chun gnóthas tionscail a sheoladh, nó i ndáil lena sheoladh, ar gnóthas tionscail é a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus go bhfuil sé ar teachtadh faoi léas nó ligean eile faoi réir cíosa nó íocaíochta eile, féadfaidh an tÚdarás deontais a thabhairt, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis a fhorchur, don duine ag a bhfuil teideal chun an chíosa nó na híocaíochta eile lena chumasú dó an cíos nó an íocaíocht sin a laghdú.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, in ionad deontas a thabhairt do dhuine faoi fho-alt (1), an deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis don ghnóthas tionscail (nó don ghnóthas tionscail beartaithe) lena mbaineann.

(3) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar mhéid an deontais a fhéadfar a thabhairt i leith foirgnimh monarchan faoi alt 21.

(4) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar gurb é a bheidh i méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

Teorainneacha céatadáin le comhiomlán deontas áirithe.

[1969, a. 41, Nua i bpáirt]

33. —(1) Más rud é, maidir le gnóthas tionscail, go mbeidh deontais nó ráthaíocht iasachta tugtha faoi dhá alt nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo, ní rachaidh comhiomlán na ndeontas sin maille le luach caipitlithe na ráthaíochta iasachta faoi alt 24 thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in alt 21 (2).

(2) Baineann an t-alt seo le hailt 21, 22, 23 agus 32.

Méid iomlán na ndeontas.

[1969, a. 42; 1981, a. 3. Nua i bpáirt]

34. —Gan cead roimh ré ón Rialtas ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas, is é sin, ailt 21, 22, 23 agus 32 maille le luach caipitlithe ráthaíochta iasachta faoi alt 24 do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith, thar £2,500,000.

Cumhacht an Rialtais maidir le greasachtaí tionscail.

[Nua]

35. —Más rud é, faoi aon alt de na hailt roimhe seo den Chuid seo, gur gá cead an Rialtais a fháil chun deontas nó ráthaíocht iasachta a thabhairt nó scaireanna a cheannach, féadfaidh an Rialtas, in ionad an cead sin a thabhairt, cead a thabhairt don Údarás chun méid níos lú a chaitheamh i leith an deontais, na ráthaíochta nó an cheannaigh sin nó féadfaidh sé cead a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an Rialtas.

Cumhachtaí an Údaráis sócmhainní a luacháil, etc.

[1969, a. 43]

36. —Chun deontas nó íocaíocht eile a thabhairt faoin gCuid seo, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir fhorálacha na Coda seo, costas nó luach sócmhainní gnóthais tionscail nó luach caipitiúil aon íocaíochtaí a rinneadh leis an ngnóthas sin nó sochair a fuair sé nó is infhaighte aige a chinneadh dá rogha féin.

Sárú ar théarma nó ar choinníoll a chuirtear le deontas nó le híocaíocht eile.

[1969, a. 45]

37. —Aon uair a shárófar téarma nó coinníoll a chuirtear le deontas nó íocaíocht eile faoin gCuid seo, beidh méid an deontais nó na híocaíochta sin inaisíoctha leis an Údarás agus mura n-aisíocfar amhlaidh é féadfaidh an tÚdarás é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí.