|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986) | Ar Aghaidh (CUID II Fochuideachtaí) |
AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán a fhorléireofar mar aon ní amháin leis an Acht sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a foirmíodh de bhun alt 6; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta bhus Átha Cliath” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (c) nó le hordú faoi alt 7 (2); | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta bhus Éireann” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (b) nó le hordú faoi alt 7 (2); | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide; | |
[EN] | ciallaíonn “an chuideachta iarnróid” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (a) nó le hordú faoi alt 7 (2); | |
[EN] | ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a cheapfar faoi alt 6. | |
[EN] | (2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (4) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin. | |
[EN] |
Orduithe. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a rinne sé faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a chúlghairm nó a leasú faoi réir cibé toiliú is gá faoin bhforáil sin. |
[EN] | (2) Déanfar gach ordú faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Caiteachais. |
4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo alt 14 d'Acht 1950 agus alt 35 (2) (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht Iompair, 1964 ) den Acht sin. |