|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Fochuideachtaí) |
AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Forálacha a Bhaineann le Córas Iompair Éireann agus le Fochuideachtaí | |
[EN] |
Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord. |
25. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord, lena n-áirítear feidhmeanna i ndáil le sócmhainní an Bhoird a fhorbairt, is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha agus forlíontacha is gá nó is fóirsteanach i dtuairim an Aire chun lánéifeacht a thabhairt don ordú a bheith in aon ordú den sórt sin. | |
[EN] | (3) Gach ordú faoin alt seo déanfar é le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Treoracha i dtaobh polasaí. |
26. —(1) Féadfaidh an tAire cibé treoracha i scríbhinn a thabhairt don Bhord maidir le polasaí i ndáil le feidhmeanna an Bhoird, na gcuideachtaí, nó aon cheann díobh, de réir mar is cuí leis. |
[EN] | (2) Comhlíonfaidh an Bord agus féachfaidh sé chuige go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí gach treoir faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Is le hordú a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo má iarrann an Bord amhlaidh i scríbhinn. | |
[EN] |
Talamh a fháil go héigeantach. |
27. —Déantar leis seo Alt 17 d'Acht 1950, a bhaineann le talamh a fháil go héigeantach ag an mBord, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, ar iarratas ón mBord, a údarú don Bhord, le hordú (dá ngairtear ordú tógainte san alt seo) cibé talamh a shonrófar san ordú a fháil go héigeantach chun a chumhachtaí agus a dhualgais nó cumhachtaí agus dualgais aon cheann dá chuid fochuideachtaí a fheidhmiú.”. | |
[EN] |
Fodhlíthe a bhaineann le feidhmeanna cuideachtaí. |
28. —(1) Beidh cumhacht an Bhoird chun fodhlíthe a dhéanamh, a thugtar le halt 22 d'Acht 1950, infheidhmithe ag an mBord chun críche feidhmiú a bhfeidhmeanna ag na cuideachtaí. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), déanfar tagairtí d'aon fheithiclí, árthaí nó soithí de chuid an Bhoird, d'aon stáisiúin, iostaí nó áitribh eile de chuid an Bhoird nó ar áitiú ag an mBord agus d'aon seirbhísí iompair a sholáthróidh an Bord a fhorléiriú mar thagairtí lena n-áirítear, faoi seach, aon fheithiclí, árthaí, soithí, áitribh agus seirbhísí de chuid cuideachta nó a úsáideann, a áitíonn nó a sholáthraíonn cuideachta. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh an Bord aon fhodhlíthe a fhearann ar aon fheidhmeanna de chuid cuideachta go dtí go rachaidh an Bord i gcomhairle leis an gcuideachta. | |
[EN] |
An Bord d'fháil iasachta go sealadach. |
29. —Déanfar alt 28 d'Acht 1950 (a bhaineann leis an mBord d'fháil iasachta go sealadach) a fhorléiriú mar alt a chuimsíonn iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit. |
[EN] |
Alt 35 den Acht Iompair, 1950 , a leasú. |
30. —Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1950 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Ceapfaidh an Bord cibé oifigigh agus seirbhísigh a chinnfidh an Bord agus íocfaidh an Bord a luach saothair as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord.”. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. |
31. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú aon mhaoine nó ceart a aistrítear leis an Acht seo agus ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon cheadúnas faoi alt 16. |