|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987) |
AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987
[EN] | ||
[EN] |
AN SCEIDEAL An Foras | |
Cuid I Comhaltaí agus Nós Imeachta an Fhorais | ||
1. Beidh an Foras ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh nó in aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | ||
2. (1) Is é a bheidh san Fhoras cathaoirleach, agus 16 ghnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire ar an bhForas. | ||
(2) D'ainneoin fhomhír (1) agus mhír 7, go dtí go ndéanfar na daoine a thoghfar de réir Chuid II den Sceideal seo, sa chéad toghchán a dhéanfar faoin gcéanna, a cheapadh mar chomhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras is é a bheidh san Fhoras cathaoirleach agus 14 ghnáthchomhalta agus ní bheidh aon chomhalta fhostaithe an Fhorais i measc a chuid comhaltaí. | ||
3. Féadfaidh cathaoirleach an Fhorais éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire. | ||
4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach an Fhorais a chur as oifig. | ||
5. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
6. Íocfar le cathaoirleach an Fhorais, as airgead a bheidh faoina réir ag an bhForas, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
7. (1) Maidir le gnáthchomhaltaí an Fhorais, comhaltaí ceardchumainn a bheidh i 4 acu, comhaltaí fostóirí a bheidh i 4 acu, comhalta oideachasúil a bheidh i nduine amháin acu, comhalta leasa shóisialaigh a bheidh i nduine amháin acu, comhalta óige a bheidh i nduine amháin acu, comhaltaí fhostaithe an Fhorais a bheidh i 2 acu, ionadaí don Aire Airgeadais a bheidh i nduine amháin acu agus ionadaithe don Aire a bheidh i 2 acu. | ||
(2) Is iad a bheidh i gcomhaltaí ceardchumainn an Fhorais na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ar an bhForas ag cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe agus a chinnfidh an tAire. | ||
(3) Is iad a bheidh i gcomhaltaí fostóirí an Fhorais na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ar an bhForas ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach d'fhostóirí agus a chinnfidh an tAire. | ||
(4) Is é a bheidh i gcomhalta oideachasúil an Fhorais cibé duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do leasanna oideachasúla agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais. | ||
(5) Is é a bheidh i gcomhalta leasa shóisialaigh an Fhorais cibé duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do leasanna leasa shóisialaigh agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Leasa Shóisialaigh. | ||
(6) Déanfaidh cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don óige agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith iomchuí, comhalta óige an Fhorais a ainmniú lena cheapadh mar chomhalta amhlaidh. | ||
(7) (a) Faoi réir chlásal (b), is iad comhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras cibé daoine a thoghfar de réir Chuid II den Sceideal seo. | ||
(b) (i) Más rud é go n-éagfaidh comhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras, go n-éireoidh sé as oifig nó go bhfágfaidh sé fostaíocht an Fhorais nó go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Fhoras chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus is é an duine a cheapfar amhlaidh an chéad iarrthóir intofa eile, más ann, ar an liosta vótála faoi mhír 8 den Chuid sin II. | ||
(ii) Más rud é go bhfaigheann beirt iarrthóir nó níos mó líon comhionann vótaí sa liosta vótála réamhráite, roghnóidh an tAire duine acu trí chrannchur. | ||
(iii) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Fhoras de bhua an chlásail seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an bhfolúntas a gceapfar é lena líonadh. | ||
(c) Beidh comhalta den Fhoras a cheapfar de bhua chlásal (b) inainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán agus intofa i dtoghchán chun críocha na fomhíre seo. | ||
(8) Is é an comhalta den Fhoras a bheidh ionadaitheach don Aire Airgeadais cibé oifigeach de chuid an Aire Airgeadais a chinnfidh an tAire Airgeadais. | ||
(9) Is iad na comhaltaí den Fhoras a bheidh ionadaitheach don Aire, faoi seach, cibé oifigeach don Aire a chinnfidh an tAire agus cibé duine eile a chinnfidh an tAire. | ||
(10) (a) Más rud é go n-éagfaidh gnáthchomhalta den Fhoras (seachas comhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras), go n-éireoidh sé as oifig, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Fhoras chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus an duine a cheapfar amhlaidh ceapfar é sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta den Fhoras ar tharla an corrfholúntas dá bharr. | ||
(b) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta de bhua na fomhíre seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an bhfolúntas a gceapfar é lena líonadh, agus beidh sé inathcheaptha mar chomhalta den Fhoras. | ||
8. Beidh gach comhalta den Fhoras ina chomhalta páirtaimseartha den Fhoras agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh gach gnáthchomhalta den Fhoras oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
9. Beidh gnáthchomhalta den Fhoras a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den Fhoras nó intofa nó in-atofa lena athcheapadh amhlaidh de réir mar is iomchuí. | ||
10. Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Fhoras a chur as oifig. | ||
11. Féadfaidh gnáthchomhalta den Fhoras éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire. | ||
12. Beidh comhalta den Fhoras dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát. | ||
13. Íocfar le gach gnáthchomhalta den Fhoras as airgead a bheidh faoina réir ag an bhForas, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
14. Tionólfaidh an Foras cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||
15. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Fhorais a shocrú. | ||
16. Naonúr is córam do chruinniú den Fhoras. | ||
17. Ag cruinniú den Fhoras— | ||
(a) is é cathaoirleach an Fhorais, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | ||
(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Fhorais i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh roghnóidh comhaltaí an Fhorais a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
18. Beidh vóta ag cathaoirleach an Fhorais agus ag gach gnáthchomhalta den Fhoras a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna. | ||
19. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Fhoras a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionnanas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | ||
20. Féadfaidh an Foras gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí. | ||
21. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Foras, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Fhorais. | ||
22. Soláthróidh an Foras séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe. | ||
23. Fíordheimhneofar séala an Fhorais le síniú chathaoirleach an Fhorais nó le síniú comhalta éigin eile den Fhoras a bheidh údaraithe ag an bhForas gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Fhoras a bheidh údaraithe ag an bhForas gníomhú chuige sin. | ||
24. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Fhorais agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Foras agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 23) an Fhorais glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. | ||
Cuid II Comhaltaí Fhostaithe an Fhorais den Fhoras a Thoghadh | ||
1. (1) Is é Rúnaí an Fhorais (nó duine a roghnóidh sé tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann) a bheidh ina cheann comhairimh le haghaidh gach toghcháin chomhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras. | ||
(2) Ní bheidh an ceann comhairimh i dteideal a bheith ainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán ná iarrthóir i dtoghchán a ainmniú ná gníomhú mar ghníomhaire d'iarrthóir i dtoghchán nó a leasanna ann a chur chun cinn. | ||
(3) Féadfaidh an ceann comhairimh a údarú d'aon duine feidhmeanna ainmnithe a fheidhmiú thar a cheann agus beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le haon duine den sórt sin. | ||
2. (1) Déanfar vótaíocht a stiúradh i gcás ar mó líon na n-iarrthóirí ná líon na suíochán a bheidh le líonadh. | ||
(2) Is le rúnbhallóid agus ar bhonn phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire ar mhodh aonghutha inaistrithe a dhéanfar vótáil. | ||
(3) Is é an ceann comhairimh a dhéanfaidh oifigigh ceannais ag vótaíocht agus cléirigh vótaíochta a cheapadh. | ||
(4) Is de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an ceann comhairimh a dhéanfar toghchán. | ||
(5) Beidh ar an gceann comhairimh fógra cuí a thabhairt don toghlacht maidir leis na comhshocraíochtaí sin agus áitreabh a ainmniú mar oifig toghcháin. | ||
(6) Beidh gach comhshocraíocht le haghaidh toghcháin faoi réir thoiliú an Aire. | ||
3. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán, tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann— | ||
(a) an lá (dá ngairtear “an lá ainmniúcháin” ina dhiaidh seo sa Chuid seo) a shocrú a gceanglófar ar dhaoine a bheartaíonn a bheith ina n-iarrthóirí ag an toghchán a bheith ainmnithe mar iarrthóirí den sórt sin, agus | ||
(b) fógra faoin toghchán a thabhairt don toghlacht tráth nach déanaí ná 10 seachtaine roimh an lá sin. | ||
Déanfar an lá ainmniúcháin don chéad toghchán a shocrú sa tslí go bhféadfar toghchán a bheith ann a luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe. | ||
(2) Ní thitfidh an lá ainmniúcháin ar dháta is luaithe ná 6 seachtaine tar éis an lae a gcinnfear vótálaithe agus iarrthóirí a bheith cáilithe de réir mhíreanna 11 agus 12, faoi seach. | ||
4. Féadfaidh an ceann comhairimh a dhearbhú go mbeidh gach iarrthóir tofa mura mó an líon iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú go cuí ná líon na suíochán a bheidh le líonadh. | ||
5. (1) Féadfaidh an ceann comhairimh réamhvótaíocht a thógáil, ar iarratas ó cheardchumann nó chomhlachas foirne aitheanta amháin nó níos mó, a bheidh ionadaitheach do 15 faoin gcéad ar a laghad den toghlacht, chun a chinntiú cibé acu a bheidh tromlach den toghlacht i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán nó nach mbeidh. | ||
(2) Déanfar an réamhvótaíocht de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an ceann comhairimh agus a chuirfidh sé in iúl go cuí don toghlacht. | ||
(3) Má chuireann tromlach ag an réamhvótaíocht in aghaidh an toghcháin déanfar an toghchán a chur siar go ceann 4 bliana. | ||
(4) Beidh na comhshocraíochtaí le haghaidh réamhvótaíochta faoi réir thoiliú an Aire. | ||
6. Má chuirtear isteach ar ainmniúchán iarrthóirí nó ar aon vótaíocht nó mura féidir dul ar aghaidh leo, féadfaidh an ceann comhairimh an t-ainmniúchán nó an vótaíocht a chur ar athló ar feadh cibé tréimhse is cuí leis chun a chumasú dó, ar dhul in éag don tréimhse, dul ar aghaidh leis an ainmniúchán nó leis an vótaíocht nó iad a thabhairt chun críche. | ||
7. Ar fhógra a fháil ón gceann comhairimh maidir lé hainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh nó a dearbhaíodh a bheith tofa faoi mhír 4, déanfaidh an tAire, de réir mhír 2 de Chuid I den Sceideal seo, gach ceann de na hiarrthóirí a cheapadh mar chomhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras. | ||
8. Déanfaidh an ceann comhairimh na hiarrthóirí atá fágtha a chur ar liosta vótála de réir an líon vótaí a creidiúnaíodh do gach duine díobh sa chomhaireamh deiridh ina raibh sé páirteach. | ||
9. Íocfaidh an Foras costas toghchán a dhéanamh seachas costais a thabhóidh iarrthóirí go sainráite ar a son féin. | ||
10. Gach fostaí de chuid an Fhorais ar amhlaidh dó, ar cibé lá a shonróidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán agus ar an lá a dtógfar an vótaíocht ag an toghchán sin— | ||
(a) nach bhfuil sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus | ||
(b) go raibh sé ina fhostaí de chuid an Fhorais ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad, agus | ||
(c) go mbíonn sé ag obair 18 n-uaireanta an chloig ar a laghad sa tseachtain don Fhoras | ||
beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán nó sa réamhvótaíocht. | ||
11. (1) Gach fostaí de chuid an Fhorais a bheidh, ar an lá a shonróidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán faoi mhír 10, 18 mbliana d'aois ar a laghad agus ar fostaí é de chuid an Fhorais ar feadh tréimhse leanúnaí 3 bliana ar a laghad agus a bheidh ag obair 18 n-uaireanta an chloig ar a laghad sa tseachtain don Fhoras beidh sé inainmnithe mar iarrthóir sa toghchán. | ||
(2) Déanfar ainmniúcháin ar an modh a fhorordóidh an ceann comhairimh. | ||
(3) Féadfaidh ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta, nó dhá chomhlacht nó níos mó den sórt sin i gcomhpháirt, iarrthóir a ainmniú ach ní bheidh aon chomhlacht den sórt sin i dteideal iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú dá thoil féin chomh maith le hiarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht nó comhlachtaí eile den sórt sin. | ||
(4) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht na n-ainmniúchán. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan. | ||
12. Déanfar réamhsheirbhís duine (ar feadh tréimhse leanúnaí dar críoch lá a aistrithe le halt 7 chuig foireann an Fhorais) mar chomhalta d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó mar oifigeach don Aire a áireamh, i gcás daoine a aistríodh amhlaidh, mar sheirbhís leis an bhForas chun críocha mhíreanna 10 agus 11. | ||
13. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de vótálaithe agus d'iarrthóirí a bheidh cáilithe. | ||
14. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de cheardchumainn agus chomhlachais foirne aitheanta chun críocha na Coda seo. |