An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cothabháil) Ar Aghaidh (CUID VI Dearbhuithe Tuismíochta)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID V

Cearta Maoine

Míniú (Cuid V).

26. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Comharbais, 1965 .

Forléiriú diúscairtí, etc.

27. —(1) In aon diúscairt (lena n-áirítear diúscairt a bhunaíonn eastát sainoidhreachta) a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo, déanfar tagairtí, cibé caoi a shainítear iad, don ghaol atá idir daoine a fhorléiriú de réir alt 3 den Acht seo.

(2) Na forálacha seo a leanas d'alt 3 den Acht Dlisteanais, 1931 , eadhon—

(a) fo-alt (1) (b) (a bhaineann le héifeacht diúscairtí i gcás duine a bheith dlisteanaithe),

(b) fo-alt (1) (c) (a bhaineann leis an éifeacht atá ag dlisteanú ar eastáit sainoidhreachta), agus

(c) fo-alt (2) (a fhorálann, má bhíonn an ceart chun maoine ar bith ag brath ar shinsearacht choibhneasta leanaí aon duine, gurb í an tsinsearacht a bheidh ag daoine dlisteanaithe an tsinsearacht a bheadh acu dá mba ar dháta an dlisteanaithe a rugadh iad),

ní bheidh feidhm acu—

(i) i gcás an fho-ailt sin (1) (b), maidir le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo,

(ii) i gcás an fho-ailt sin (1) (c), i ndáil le haon teideal faoi eastát sainoidhreachta a bhunaítear le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo, agus

(iii) i gcás an fho-ailt sin (2), i ndáil le haon cheart a thugtar le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo,

seachas maidir le haon leas a dtagraíonn an diúscairt i ndáil leis do dhaoine ar daoine dlisteanacha iad nó a rianaítear an gaol eatarthu trí dhaoine dlisteanacha, agus do na daoine sin amháin.

(3) Chun críche aon chirt mhaoine lena mbaineann an t-alt seo nó alt 4A (arna chur isteach leis an Acht seo) d'Acht 1965, déanfar forálacha alt 26 den Acht Uchtála, 1952 (a bhaineann le cearta maoine daoine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976) a fhorléiriú mar thagairtí a bhaineann freisin le haon duine a uchtaíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil a uchtáil aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát.

(4) (a)  Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní dochar an t-alt seo d'alt 26 (arna fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt seo) den Acht Uchtála, 1952 .

(b)  Beidh duine uchtaithe i dteideal, mura léir gurb é a mhalairt atá beartaithe, glacadh a dhéanamh faoi dhiúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo ar an gcaoi chéanna a mbeadh sé i dteideal an glacadh sin a dhéanamh dá mba rud é, ar dháta an ordaithe uchtála, gur de phósadh dleathach a rugadh é don duine nó do na daoine a d'uchtaigh amhlaidh é.

(5) Aon riail dlí a deir go bhfuil diúscairt i bhfabhar leanaí neamhdhlisteanacha nach ann dóibh an tráth a dtiocfaidh an diúscairt in éifeacht, ar neamhní toisc é bheith in aghaidh beartais phoiblí, aisghairtear leis seo í maidir le diúscairtí den sórt sin a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo.

(6) I ndáil le haon diúscairt a rinneadh roimh thosach feidhme na Coda seo—

(a) ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú nó d'fhorléiriú aon diúscartha a rinneadh amhlaidh ná d'aon teideal fúithi, agus

(b) i gcás go mbunaíonn diúscairt den sórt sin cumhacht cheapacháin speisialta, ní dhéanfar aon ní san alt seo a léiriú mar ní a leathnaíonn an aicme daoine ar féidir an ceapachán a dhéanamh ina bhfabhar chun go n-áireofaí san aicme sin aon duine nach den aicme sin é.

(7) (a)  San alt seo ciallaíonn “diúscairt”, diúscairt, lena n-áirítear diúscairt ó bhéal, ar mhaoin réadúil nó phearsanta cibé acu an inter vivos nó trí uacht nó trí chodaisíl í.

(b)  D'ainneoin aon riail dlí, ní dhéanfar diúscairt a rinneadh trí uacht nó trí chodaisíl agus a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme na Coda seo a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar dhiúscairt arna déanamh ar an dáta sin nó dá éis de bhíthin amháin go ndaingnítear an uacht nó an chodaisíl le codaisíl arna forghníomhú ar an dáta sin nó dá éis.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

28. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1965—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “díthiomnóir”:

“déanfar ‘sliocht’ a fhorléiriú de réir alt 4A (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 );”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) San Acht seo déanfar aon tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine ar phós nó nár phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú de réir alt 4 den Acht um Stádas Leanaí, 1987 .”.

Cearta comharbais.

29. —Leasaítear leis seo Acht 1965 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“4A.—(1) Le linn aon ghaol a bheith á rianú chun críocha an Achta seo déanfar, faoi réir alt 27A den Acht seo (arna chur isteach le hAcht 1987), an gaol atá idir gach duine agus a athair agus a mháthair a chinneadh de réir alt 3 d'Acht 1987, agus is dá réir sin a chinnfear gach gaol eile.

(2) I gcás duine nár phós a athair agus a mháthair a chéile d'fháil bháis agus é ina dhíthiomnóir, toimhdeofar nár mhair a athair, ná aon duine a raibh gaol aige leis trína athair, ina dhiaidh, mura suífear a mhalairt.

(3) An tagairt in alt 75 (1) do Chuid VI agus an tagairt san alt sin 75 (1) do na forálacha roimhe sin den Chuid sin VI forléireofar iad, i ndáil le hionstraim inter vivos a dhéanfar, nó uacht a thiocfaidh i ngníomh, tar éis thosach feidhme Chuid V d'Acht 1987, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don alt seo.

(4) Ní dochar an t-alt seo d'alt 26 (a bhaineann, mar a fhorléirítear é de réir alt 27 (3) d'Acht 1987, le cearta maoine daoine uchtaithe) den Acht Uchtála, 1952 .

(5) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d'aon chearta faoi dhíthiomnacht duine a fhaigheann bás roimh thosach feidhme Chuid V d'Acht 1987.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘Acht 1987’ an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 .”.

Teideal chuig deonú probháide nó riaracháin.

30. —Leasaítear leis seo Acht 1965 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 27:

“27A.—Chun críche fheidhmiú alt 26 nó 27 maidir le heastát duine éagtha, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, nár mhair aon duine a raibh gaol aige leis an éagach i ndiaidh an éagaigh, ar duine é nár phós a thuismitheoirí a chéile nó ar duine é a rianaítear an gaol a bhí aige leis an éagach trí dhuine nár phós a thuismitheoirí a chéile.”

Leasú ar alt 117 d'Acht 1965.

31. —Leasaítear leis seo alt 117 d'Acht 1965 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo de bhua Chuid V den Acht um Stádas Leanaí, 1987 , breithneofar é de réir fho-alt (2) is cuma cé acu an roimh thosach feidhme na Coda sin V, nó dá éis sin, a d'fhorghníomhaigh an tiomnóir a uacht.

(b) Ní dhéanfar aon ní i mír (a) a fhorléiriú mar ní a thugann ceart iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le tiomnóir a fhaigheann bás roimh thosach feidhme na Coda sin V.”.

Aisghairm i ndáil le cearta maoine.

32. —Déantar leis seo na forálacha de na hachtacháin seo a leanas a aisghairm a mhéid a shonraítear:

(a) sa Provident Nominations and Small Intestacies Act, 1883, alt 8;

(b) sa Savings Banks Act, 1887, na focail “, or in case of any illegitimacy of the deceased person or his children, to or among such person or persons as may be directed by the said regulations,” in alt 3 (2);

(c) sa Superannuation Act, 1887, na focail “, or in case of the illegitimacy of the deceased person or his children, to or among such persons as the department may think fit,” in alt 8;

(d) san Industrial and Provident Societies Act, 1893, alt 27 (2);

(e) sa Friendly Societies Act, 1896, alt 58 (2);

(f) san Acht Dlisteanais, 1931 , ailt 1 (3) agus 9;

(g) san Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , na focail “nó, i gcás neamhdhlisteanachta an éagaigh, í d'íoc le pé daoine, nó a roinnt orthu, is oiriúnach leis an údarás áitiúil,” in alt 61 (1) (e);

(h) in Acht 1965, alt 110.