An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Leasú ar Achtacháin áirithe eile)

31 1987

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (LEASÚ), 1987

CUID II

Leasú ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1978

An Coimisiún Cóir-Thrádála agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála.

5. —(1) An Coimisiún Cóir-Thrádála a thabharfar ar an gCoimisiún Cleachtas Srianta.

(2) Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála a thabharfar ar oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála a thabharfar ar shealbhóir na hoifige.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an Stiúrthóir.

6. —(1) Déantar leis seo na feidhmeanna a dílsíodh don Scrúdaitheoir leis an bPríomh-Acht agus le halt 10 d'Acht 1978 a aistriú chuig an Stiúrthóir.

(2) Déanfar tagairtí don Scrúdaitheoir sa Phríomh-Acht nó in aon ordú arna dhéanamh faoi, agus in alt 10 d'Acht 1978 agus san Acht seo a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don Stiúrthóir.

(3) Más rud é go raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Scrúdaitheoir, agus go bhfuil tagairtí sna himeachtaí d'fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an Stiúrthóir, déanfar ainm an Stiúrthóra, sa mhéid go mbaineann na himeachtaí le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo, a chur in ionad ainm an Scrúdaitheora sna himeachtaí nó a chur isteach sna himeachtaí, de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

(4) Aon ní ar chuir an Scrúdaitheoir tús leis, nó ar cuireadh tús leis ar údarás uaidh, roimh thosach feidhme an Achta seo féadfaidh an Stiúrthóir, sa mhéid go mbaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an Stiúrthóir, é a dhéanamh agus a chríochnú ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(5) Gach doiciméad a deonaíodh nó a rinneadh i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an alt seo beidh éifeacht leis, i gcás go raibh sé agus sa mhéid go raibh sé i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis amhail is dá mba é an Stiúrthóir a rinne é.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an gCoimisiún.

7. —(1) Déantar leis seo na feidhmeanna a dílsíodh don Scrúdaitheoir le hAcht 1978, seachas le halt 10 den Acht sin, a aistriú chuig an gCoimisiún.

(2) Déanfar tagairtí don Scrúdaitheoir in Acht 1978 nó in aon ordú arna dhéanamh faoi, seachas in alt 10 den Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Choimisiún.

(3) Más rud é go raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Scrúdaitheoir, agus go bhfuil tagairtí sna himeachtaí d'fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an gCoimisiún, déanfar ainm an Choimisiúin, sa mhéid go mbaineann na himeachtaí le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo, a chur in ionad ainm an Scrúdaitheora sna himeachtaí nó a chur isteach sna himeachtaí, de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

(4) Aon ní ar chuir an Scrúdaitheoir tús leis, nó ar cuireadh tús leis ar údarás uaidh, roimh thosach feidhme an Achta seo féadfaidh an Coimisiún, sa mhéid go mbaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an gCoimisiún, é a dhéanamh agus a chríochnú ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(5) Gach doiciméad a deonaíodh nó a rinneadh i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an alt seo beidh éifeacht leis, i gcás go raibh sé agus sa mhéid go raibh sé i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis amhail is dá mba é an Coimisiún a rinne é.

Orduithe a bhaineann le cleachtais srianta.

8. —(1) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, aon uair is dóigh leis an Aire gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, d'fhonn rialáil rianúil chuí a dhéanamh ar iomaíocht, féadfaidh sé, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis an Stiúrthóir agus le haon Aire Rialtais eile lena mbaineann, na nithe seo a leanas go léir, nó aon ní acu, a dhéanamh i ndáil le hearraí agus seirbhísí, eadhon:

(a) toirmeasc a chur ar chleachtais srianta, lena n-áirítear comhshocraíochtaí, comhaontuithe nó comhthuiscintí a choisceann nó a shrianann iomaíocht nó a choinníonn siar trádáil nó soláthar aon seirbhíse nó a bhfuil cothabháil praghais athdhíola i gceist iontu;

(b) toirmeasc a chur ar chleachtais neamhchóra nó ar mhodhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann);

(c) cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun cothrom a áirithiú do gach duine maidir le soláthar nó imdháileadh earraí nó le soláthar seirbhísí;

(d) cibé foráil eile is cuí leis a dhéanamh maidir le cleachtais srianta nó cleachtais neamhchóra nó modhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann) a dhéanann difear do sholáthar agus imdháileadh earraí nó do sholáthar seirbhísí.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Ní bheidh éifeacht le hordú faoin alt seo mura mbeidh sé daingnithe le hAcht den Oireachtas ach, ar é a bheith daingnithe amhlaidh, beidh feidhm dlí aige de réir a théarmaí.

(4) An duine a sháróidh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon fhoráil d'ordú faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion faoin bPríomh-Acht agus measfar chun críocha alt 23 den Acht sin gur cion faoin Acht sin an cion.

(5) Beidh feidhm ag ailt 5, 10, 19, 22 agus 24 den Phríomh-Acht maidir le hordú faoin alt seo.

Seirbhís arna soláthar faoi chonradh fostaíochta.

9. —D'ainneoin aon ní san Acht seo nó sa Phríomh-Acht, ní bheidh soláthar seirbhíse, is seirbhís a chuirtear ar fáil faoi chonradh fostaíochta, ina ábhar do rialacha cóir-chleachtais faoi alt 4 den Phríomh-Acht, ná ina ábhar d'fhiosrúchán faoi alt 5 den Acht sin, ná ina ábhar d'imscrúdú faoi alt 14 den Acht sin ach amháin le ceadú roimh ré i scríbhinn ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Saothair.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an míniú nua seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “seirbhís”:

“folaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís ghairmiúil ach ní fholaíonn sé aon seirbhís arna soláthar ag údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “as a stuaim féin nó” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “Féadfaidh an Coimisiún,” agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó ar mholadh an Scrúdaitheora nó ar iarratas ó chomhlachas a bheidh ionadaitheach do dhaoine a bhíonn ag gabháil do sholáthar agus d'imdháil earraí nó do sholáthar seirbhísí, rialacha a ullmhú agus a fhoilsiú a dhéanann, dar leis an gCoimisiún, léiriú ar dhálaí cóirchleachtais maidir le soláthar agus imdháil na n-earraí sin nó le soláthar na seirbhísí sin.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

“(a) Ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire déanfaidh an Coimisiún agus, ar iarratas ó aon duine ar dhiúltaigh an Scrúdaitheoir d'iarratas uaidh ar fhiosrúchán, nó as a stuaim féin, féadfaidh an Coimisiún, a chur faoi deara go gcuirfear fiosrúchán ar bun—

(i) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar agus imdháileadh aon chineál earraí nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar agus d'imdháileadh cineál nó cineálacha earraí,

(ii) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar aon seirbhíse nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar cineál nó cineálacha seirbhíse, nó

(iii) i dtaobh gné amháin nó níos mó d'oibriú ordaithe faoi alt 8.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má bhíonn tuarascáil tugtha ag an Stiúrthóir don Choimisiún faoi alt 14 den Acht seo maidir le hábhair is dóigh leis an gCoimisiún is iomchuí d'fhiosrúchán beartaithe, beidh i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ráiteas go bhféadfaidh páirtí leasmhar cóip den tuarascáil a fháil ón gCoimisiún ar é a iarraidh.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Má mholann an Coimisiún, i dtuarascáil don Aire, go ndéanfaí ordú agus más rud é, i ndeireadh tréimhse dhá mhí dhéag tar éis dó an tuarascáil a fháil, nach mbeidh an t-ordú déanta ag an Aire déanfaidh sé, laistigh de lá is fiche tar éis na tréimhse sin a dúradh, ráiteas i scríbhinn a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina dtabharfar na fáthanna nach ndearna sé an t-ordú.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht trí “Déanfaidh an Coimisiún, ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire, agus féadfaidh siad, as a stuaim féin, léirbhreithniú speisialta a sheoladh” a chur in ionad “Ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire arna tharchur ag an Scrúdaitheoir, déanfaidh an Coimisiún léirbhreithniú speisialta” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Déanfaidh an Coimisiún, ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire, agus féadfaidh siad, as a stuaim féin, léirbhreithniú speisialta a sheoladh ar oibriú ordaithe faoi alt 8.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 12:

“(2) Féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a bhfeidhmeanna le linn staidéar nó taifeach a bheith á dhéanamh acu faoin alt seo, a éileamh ar aon duine aon doiciméad atá faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún nó aon fhaisnéis a thabhairt don Choimisiún a éileoidh an Coimisiún le réasún.

(3) Aon duine a dhiúltóidh aon doiciméad atá faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún nó aon fhaisnéis a thabhairt don Choimisiún a éileoidh siad, le réasún, beidh sé, faoi réir fho-alt (4), ciontach i gcion.

(4) (a) Aon duine a mbeidh éileamh déanta air faoi fho-alt (2), féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú faoin alt seo.

(b) Aon duine a mbeidh éileamh déanta air faoi fho-alt (2), agus a dhiúltóidh déanamh de réir an éilimh sin, féadfaidh sé, laistigh de 7 lá ón diúltú sin, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú faoin alt seo.

(c) Tar éis don Ard-Chúirt éisteacht a thabhairt do cibé fianaise a bheidh tugtha ar aird agus d'aon uiríll a bheidh déanta ag an gCoimisiún agus ag duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh sí, dá rogha féin, a dhearbhú nach gá ar mhaithe le leas an phobail go bhfeidhmeodh an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an alt seo, agus ar an dearbhú sin a bheith déanta tarraingeoidh an Coimisiún siar an t-éileamh iomchuí faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

17. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14:

“Cumhachtaí etc. an Stiúrthóra.

14.—(1) Féadfaidh an Stiúrthóir agus, ar iarraidh ón Aire nó ón gCoimisiún, ní mór dó—

(a) imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháileadh earraí nó de sholáthar seirbhíse,

(b) imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné d'oibriú ordaithe faoin Acht seo,

(c) imscrúdú a dhéanamh sa Stát faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháileadh earraí nó de sholáthar seirbhíse ag duine lasmuigh den Stát.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné d'oibriú rialacha cóir-chleachtais.

(3) I gcás go ndéanfaidh an Stiúrthóir imscrúdú faoi fho-alt (1) den alt seo, ar iarraidh ón Aire nó ón gCoimisiún, tabharfaidh sé tuarascáil faoina imscrúdú don Aire nó don Choimisiún de réir mar is cuí.

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar an Stiúrthóir tuarascáil faoi imscrúdú ar bith a dhéanfaidh sé faoin alt seo a thabhairt don Aire nó don Choimisiún.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, nó feidhmiú aon fheidhme dá gcuid ag an gCoimisiún,” a chur isteach i ndiaidh “Scrúdaitheoir” i bhfo-alt (1) d'alt 15, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,

AN TÁBLA

(1) D'fhonn aon eolas a fháil is gá le haghaidh feidhmiú aon fheidhme dá chuid ag an Scrúdaitheoir, nó feidhmiú aon fheidhme dá gcuid ag an gCoimisiún, faoin Acht seo féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údaraíocht a thabhairt ar aird má iarrtar sin air—

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach in áitreabh agus é a iniúchadh is áitreabh ina mbíonn aon ghníomhaíocht á seoladh i ndáil le gnó soláthair nó imdhála earraí nó soláthair seirbhíse, nó i ndáil le heagrú daoine nó le cabhrú le daoine atá ag gabháil d'aon ghnó den sórt sin,

(b) a cheangal ar an duine ag a mbíonn aon ghníomhaíocht den sórt sin á seoladh agus ar aon duine a bheidh fostaithe i ndáil léi aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin agus a mbeidh cumhacht nó urláimh ag an duine sin orthu a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe, agus cibé eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh go réasúnach i dtaobh aon iontrálacha i leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin,

(c) aon leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a bhaint astu,

(d) a cheangal ar dhuine a luaitear i mír (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na daoine ag a mbeidh gníomhaíocht den sórt sin á seoladh (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine, eolas maidir lena chomhaltas agus a choiste bainistíochta nó údarás rialúcháin eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi,

(e) a cheangal ar dhuine a bheidh luaite i mír (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil go réasúnach ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin.

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Stiúrthóir nó ag comhalta den Choimisiún chun críocha an Achta seo.”.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh an tAire cóip den tuarascáil a bheidh déanta ag an gCoimisiún ar gach fiosrúchán faoi alt 5 nó alt 9 agus ar gach léirbhreithniú speisialta faoi alt 10 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de cheithre mhí tar éis dó an tuarascáil sin a fháil.”.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht trí “an Stiúrthóra nó” a chur isteach i ndiaidh “fhoriarratas” agus tá an t-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

19. Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas an Stiúrthóra nó an Aire nó aon duine eile d'fhonn tabhairt go ndéanfaí de réir téarmaí ordaithe faoi alt 8 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire d'ainneoin go mbeidh chuige sin ábhar ann d'imeachtaí éigin eile, sibhialta nó coiriúil.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

21. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“23.—(1) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo nach bhforáiltear pionós speisialta ina leith—

(a)  dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b)  dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) (a)  I gcás duine a chiontú i gcion faoin Acht seo mar gheall ar é do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir forála in ordú á cheangal air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe agus go bhfanfaidh an gníomh sin gan déanamh aige tar éis dáta an chiontaithe sin beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná £50 in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontaithe chéadluaite sin, a fhanfaidh an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí.

(b)  Is cion leanúnach cion faoin bhfo-alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.”.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

22. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht—

(a) trí “an Stiúrthóir” a chur in ionad “an tAire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) trí “d'ocht mí dhéag” a chur in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Stiúrthóir imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh d'ocht mí dhéag ón lá is déanaí a rinneadh an cion.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

23. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 5—

(i) trí “a dtéarmaí” a chur in ionad “a téarmaí” i bhfomhír (1),

(ii) trí “neamhranníocach” a scriosadh i bhfomhír (1),

(iii) trí “nó scéimeanna” a chur isteach i ndiaidh “scéim” i bhfomhír (1),

(iv) trí “nó scéimeanna” a chur isteach i ndiaidh “scéim” i bhfomhír (2), agus

(b) i mír 9 trí “nó le haon Acht eile a thugann cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna don Choimisiún” a chur isteach i ndiaidh “leis an Acht seo” i bhfomhír (1),

agus tá ná fomhíreanna sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

5. (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a cheapadh agus a chur i gcrích de réir a dtéarmaí a luaithe is féidir chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do chomhaltaí nó i leith comhaltaí an Choimisiúin a scoirfidh de bheith i seilbh oifige seachas comhaltaí a bhféadfar dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(2) I gcás comhalta den Choimisiún a ceapadh ina chomhalta den Choimisiún Cóir-Thrádála an 26ú lá de Shamhain, 1969, agus a bhí roimh an gceapadh sin ina chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail, beidh foráil i scéim nó scéimeanna faoin mír seo chun go ndéanfar seirbhís ag an duine sin i gcáil inphinsin mar chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail a áireamh mar sheirbhís mar chomhalta den Choimisiún.

9. (1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bhí ar fáil aige de bhua na gcumhachtaí chun eolas a fháil a thugtar leis an Acht seo nó le haon Acht eile a thugann cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna don Choimisiún nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún a comóradh go príobháideach.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1978.

24. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1978 tríd an míniú nua seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “seirbhís”:

“folaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís ghairmiúil, ach ní fholaíonn sé—

(i) aon seirbhís a sholáthraíonn sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(ii) aon seirbhís a sholáthraíonn banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965,

(iii) aon seirbhís a sholáthraítear faoi chonradh fostaíochta,

(iv) aon seirbhís a sholáthraíonn údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .”.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1978.

25. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1978 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann:

“(4) Féadfaidh an Coimisiún, chun críche an ailt seo, comhalta amháin nó níos mó dá gcuid comhaltaí a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil air a thabhairt de réir an ailt seo agus féadfaidh siad ceapacháin éagsúla a dhéanamh le haghaidh imscrúduithe éagsúla agus féadfaidh siad ceapachán a chúlghairm.”.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1978.

26. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1978—

(a) trí “ón Stiúrthóir nó” a chur isteach i ndiaidh “fhoriarratas” i mír (a) d'fho-alt (1), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) trí “an Stiúrthóir” a chur in ionad “an tAire” i mír (a) d'fho-alt (5), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) (a) Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas ón Stiúrthóir nó ón Aire nó ó aon duine eile chun a cheangal go ndéanfar de réir téarmaí de chuid ordú faoi alt 9 nó 11 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) (a) Féadfaidh an Stiúrthóir imeachtaí achomaire i ndáil le cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh.