|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Leasú ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1978) | Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (LEASÚ), 1987
[EN] | ||||
[EN] |
CUID III Leasú ar Achtacháin áirithe eile | |||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Acht Praghsanna, 1958 . |
27. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Praghsanna, 1958 , tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”, eadhon, “ciallaíonn ‘an Stiúrthóir’ sealbhóir oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí a bunaíodh le halt 9 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 ; agus ar a dtugtar an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála de bhua alt 5 (2) den Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 ;”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 24 den Acht Praghsanna, 1958 . |
28. —Leasaítear leis seo alt 24 (arna leasú leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965 ) den Acht Praghsanna, 1958 , trí “nó ón Stiúrthóir” a chur isteach i ndiaidh “ón Aire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 28 den Acht Praghsanna, 1958 . |
29. —Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Praghsanna, 1958 , trí “nó an Stiúrthóir” a chur isteach i ndiaidh “an tAire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 . |
30. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 | ||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13: | |||
[EN] | “(1) I gcás fógrán a fhoilsiú i ndáil le haon earraí, seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a sholáthar nó a chur ar fáil agus gan ainm agus seoladh an duine a thug an foilsiú sin i gcrích nó ainm agus seoladh a ghníomhaire ann, déanfaidh foilsitheoir an fhógráin, i gcás an Stiúrthóir nó oifigeach don Aire á iarraidh sin laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógráin a fhoilsiú, ainm agus seoladh an duine sin nó a ghníomhaire a thabhairt don Stiúrthóir nó don oifigeach.”, | |||
[EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16: | |||
[EN] | “16. (1) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach lánaimseartha don Aire a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó ag an Stiúrthóir chun na cumh achtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críche na nAchtanna, an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , na n-achtachán agus na Rialachán a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 , agus an Achta seo. | |||
[EN] | (2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barantás a cheaptha mar oifigeach údaraithe ina dtaispeánfar an t-achtachán nó an ionstraim reachtúil faoina bhfuil sé ag gníomhú agus, le linn dó bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le fo-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé teideal an achtacháin lena mbaineann an t-imscrúdú in iúl d'aon duine lena mbaineann agus, má iarrtar air déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé an barántas ar aird don duine sin. | |||
[EN] | (3) D'fhonn aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil lena chumasú don Aire nó don Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi na hAchtanna, faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , faoi na hachtacháin nó na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 , agus faoin Acht seo, féadfaidh oifigeach údaraithe, ar údarú an oifigigh a thabhairt ar aird, má iarrtar sin air— | |||
[EN] | (a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina seoltar aon trádáil nó gnó nó aon ghníomhaíocht i ndáil le trádáil nó gnó agus an t-áitreabh agus aon earraí san áitreabh a iniúchadh, agus aon chuid de na hearraí a thabhairt leis ar íoc astu nó ar thairiscint íoc astu, | |||
[EN] | (b) a cheangal ar aon duine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin agus ar aon duine ar fostú i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus cibé faisnéis a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt dó maidir le haon iontrálacha sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin, | |||
[EN] | (c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, | |||
[EN] | (d) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis a theastóidh ón oifigeach a thabhairt don oifigeach i dtaobh na ndaoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, faisnéis i dtaobh chomhaltas an chomhlachta agus i dtaobh a choiste bainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú i ndáil leis sin, | |||
[EN] | (e) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis eile a theastóidh le réasún ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach. | |||
[EN] | (4) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta, nó a fhágfaidh gan comhlíonadh ceanglas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.”, | |||
[EN] | (c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18: | |||
[EN] | “18. (1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |||
[EN] | (2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 18 mí ó dháta an chiona.”, | |||
[EN] | (d) trí alt 19 a leasú trí “faoi na hAchtanna, faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , nó” a chur isteach i ndiaidh “I gcás cion”, agus tá an t-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo. | |||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 40 d'Acht 1980. |
31. —Leasaítear leis seo alt 40 d'Acht 1980 trí mhír (a) i bhfo-alt (5) a scriosadh. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 55 d'Acht 1980. |
32. —Leasaítear leis seo Acht 1980 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 55: | ||
[EN] | “55. (1) Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála— | |||
[EN] | (a) cleachtais nó cleachtais bheartaithe i ndáil le haon cheann de na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar dhaoine le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893 a choimeád faoi bhreithniú ginearálta, | |||
[EN] | (b) scrúduithe a dhéanamh ar aon chleachtais nó cleachtais bheartaithe den sórt sin i gcás go measfaidh an Stiúrthóir, ar mhaithe leis an bpobal, gur cuí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh nó i gcas go n-iarrfaidh an tAire amhlaidh, | |||
[EN] | (c) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu, | |||
[EN] | (d) imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt le haghaidh orduithe ag ceangal ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu. | |||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise is cuí leis chun críocha an Achta seo a thabhairt don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála.”. | |||
[EN] |
Orduithe faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , nó faoi Acht 1980. |
33. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 26: | ||
[EN] | “(4) (a) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 9, 10, 11 nó 12 den Acht seo, nó faoi mhír (b) den fho-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh romhe sin faoin ordú.”. | |||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1980 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||
[EN] | “(2) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 31 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 . |
34. —Leasaítear leis seo alt 31 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||
[EN] | “(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun difear a dhéanamh do chumhacht aon duine (seachas an tAire Talmhaíochta) chun duine a ionchúiseamh i leith aon chiona faoin bPríomh-Acht nó i leith ciona faoin Acht seo.”. |