An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Leasú ar Achtacháin áirithe eile) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin agus Ionstraimí Reachtúla faoina bhféadfaidh an Stiúrthóir ionchúisimh achoimre a thionscnamh)

31 1987

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (LEASÚ), 1987

CUID IV

Ilghnéitheach

An Stiúrthóir d'ionchúiseamh cionta.

35. —(1) Féadfaidh an Stiúrthóir ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair faoi na hAchtanna nó faoi na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Measfar gur feidhmeanna de chuid an Stiúrthóra chun críocha ailt 9 agus 16 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , na cumhachtaí ionchúisimh a thugtar don Stiúrthóir le fo-alt (1).

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh.

36. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní nochtfaidh aon duine faisnéis atá ar fáil dó de bhua na bhfeidhmeanna a thugtar dó leis an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , le hAcht 1980, nó le haon cheann de na hachtacháin nó de na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—

(a) le cumarsáid ón Stiúrthóir nó ó oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , faoi Acht 1980, nó faoi aon cheann de na hachtacháin nó de na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

(b) le nochtadh faisnéise chun críocha imeachtaí dlíthiúla.

(3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Oifigeach údaraithe a phearsanú.

37. —Má dhéanann aon duine ráiteas bréagach, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, á rá—

(a) gur oifigeach údaraithe é de réir bhrí alt 16 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , nó alt 23 den Acht Praghsanna, 1958 , nó alt 15 den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 18 den Acht seo), nó

(b) go bhfuil údarás aige gníomhú don Aire nó don Stiúrthóir nó don Choimisiún, nó thar a gceann,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Aoisliúntas an Stiúrthóra.

38. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

“9A. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, tráth scoir nó báis, do Stiúrthóir, nó i leith Stiúrthóra, a scoirfidh d'oifig a shealbhú, seachas Stiúrthóir a bhféadfar dámhachtain faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1934 go 1963, a dhéanamh ina leith.

(2) Socróidh scéim nó scéimeanna faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna tráth scoir nó báis.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim arna déanamh aige faoin alt seo a leasú.

(4) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar phinsean, ar aisce nó ar liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire Airgeadais.

(5) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.”.

Gearrmheáchan agus gearrthomhas.

39. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon duine a dhíolfaidh aon earraí, nó a thaispeánfaidh aon earraí lena ndíol nó a thairgfidh iad lena ndíol, ar bhonn meáchain, tomhais nó uimhreach, beidh sé ciontach i gcion más lú cainníocht na n-earraí a dhíolfar, a thaispeánfar lena ndíol nó a thairgfear lena ndíol ná an chainníocht a airbheartófar a bheith á díol, á taispeáint lena díol nó á tairgeadh lena díol nó más lú í ná an chainníocht a fhreagraíonn don phraghas a mhuirearófar—

(i) ar bhonn an phraghais iomláin a bheidh le híoc as na hearraí;

(ii) ar bhonn an phraghais shonraithe do gach uimhir nó aonad tomhais, de réir mar a bheidh, as a mbaintear feidhm chun an praghas iomlán a chinneadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hearraí arna bpacáil de réir fhorálacha an Achta um Earraí Pacáistithe (Cainníochtaí a Rialú), 1980 .

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Féadfaidh cigire gach uile thráth réasúnach dul isteach in aon áit nó áitreabh a bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil aon earraí á ndíol, á dtaispeáint le díol nó á dtairiscint le díol ann ar bhonn meáchain, tomhais nó uimhreach agus féadfaidh sé na hearraí sin a mheá, a thomhas, a chomhaireamh nó a scrúdú ar shlí eile chun a áirithiú go bhfuil an t-alt seo á chomhlíonadh.

(5) Féadfaidh cigire aon imeachtaí mar gheall ar chion achomair faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(6) San alt seo ciallaíonn “cigire” cigire arna cheapadh—

(a) faoi alt 43 den Weights and Measures Act, 1878; nó

(b) faoi alt 81 (arna leasú le halt 19 den Weights and Measures Act, 1889) den Weights and Measures Act, 1878.

Aird bhreithiúnach ar shíniú an Stiúrthóra agus ar shíniú comhalta den Choimisiún.

40. —Tabharfaidh gach cúirt aird bhreithiúnach ar shíniú an Stiúrthóra agus ar shíniú comhalta den Choimisiún, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur barántas nó údarás é arna shíniú ag an Stiúrthóir nó ag comhalta den Choimisiún glacfar i bhfianaise é agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gur barántas nó údarás den sórt sin é go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Cumhacht na hArd-Chúirte iniúchadh a údarú ar chuntais arna gcoinneáil ag forais airgeadais.

41. —(1) Ní bheidh feidhm, maidir le cuntais arna gcoinneáil ag foras airgeadais, ag alt 15 (arna leasú le halt 18 den Acht seo agus arna chur chun feidhme le halt 8 (3) d'Acht 1978) den Phríomh-Acht ná ag alt 16 (arna leasú le halt 30 den Acht seo) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 .

(2) Aon uair—

(a) is dóigh leis an Stiúrthóir gur gá, le go bhfeidhmeodh sé aon fheidhm dá chuid, nó

(b) is dóigh leis an gCoimisiún gur gá, le go bhfeidhmeodh siad aon fheidhm dá gcuid,

cuntais atá á gcoinneáil ag foras airgeadais a scrúdú, féadfaidh an Stiúrthóir nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin alt seo.

(3) Aon uair is deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh agus gur deimhin léi gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á údarú d'oifigeach údaraithe—

(a) gach uile thráth réasúnach dul isteach in aon áitreabh de chuid forais airgeadais a gcreideann sé le réasún go bhfuil cuntais á gcoinneáil aige ann, agus an t-áitreabh sin a iniúchadh,

(b) a cheangal ar aon stiúrthóir de chuid an fhorais nó ar aon duine a bheidh fostaithe ag an bhforas aon chuntais shonraithe atá á gcoinneáil ag an bhforas agus atá faoi chumh acht nó faoi urláimh an duine nó an stiúrthóra sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus aon fhaisnéis a bheidh ag teastáil le réasún ón oifigeach, i ndáil leis na cuntais, a thabhairt dó, agus

(c) na cuntais sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is dóigh léi is cuí agus a shonróidh sí san ordú.

(4) (a) San alt seo déanfar tagairtí do chuntais atá á gcoinneáil ag foras airgeadais a fhorléiriú mar thagairtí d'aon chuntais atá á gcoinneáil ag aon duine, nó d'aon duine, nó thar ceann aon duine, san fhoras, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le duine nó daoine eile, nó aon leabhair, doiciméid nó taifid eile atá á gcoinneáil ag an bhforas i ndáil leis na cuntais sin;

(b) san alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe”, de réir mar is cuí, oifigeach údaraithe de réir bhrí alt 15 (6) (arna leasú le halt 18 den Acht seo agus arna chur chun feidhme le halt 8 (3) d'Acht 1978) den Phríomh-Acht nó oifigeach údaraithe de réir bhrí alt 16 (arna leasú le halt 30 den Acht seo) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 ;

ciallaíonn “leabhair”—

(i) leabhair bhaincéireachta de réir bhrí na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus

(ii) taifid agus doiciméid de chuid daoine dá dtagraítear in alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra, is cuma céard é a theideal;

ciallaíonn “foras airgeadais”—

(i) duine ar sealbhóir nó ar shealbhóir é ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , agus

(ii) duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin;

folaíonn “taifid”, d'fhonn amhras a sheachaint, taifid arna dtaifeadadh agus arna stóráil go leictreonach.