An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988) Ar Aghaidh (CUID II Bunú agus Riaradh)

26 1988

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, agus den Acht seo, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an chuideachta” an chuideachta dá dtagraítear in alt 9 (1);

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “talamh” talamh atá faoi uisce;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fuinnimh;

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an gcuideachta chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta fostaithe, nó le coinníollacha oibre fostaithe;

ciallaíonn “údarás Stáit” údarás arb éard é—

(a) Aire Rialtais,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) Coimisiún Talún na hÉireann;

tá le “fochuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a bheidh ceaptha, faoi alt 9 (2), mar lá dílseacháin.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain, nó faoi.

(5) Más rud é, faoi mheabhrán comhlachais fochuideachta de chuid na cuideachta, gur feidhm de chuid na fochuideachta aon fheidhm de chuid na cuideachta, beidh feidhm, i dtaca leis an bhfeidhm sin, ag gach foráil den Acht seo, nó d'aon achtachán eile a bhaineann leis an gcuideachta, maidir leis an bhfochuideachta, mar atá feidhm aici maidir leis an gcuideachta.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

3. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhni dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Foraoiseachta, 1946 , a aisghairm ó dháta an Achta seo a rith.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a aisghairm le héifeacht ón lá dílseacháin a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Leasú ar fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946 .

6. —(1) Gach foráil den Acht Foraoiseachta, 1946 , a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ó dháta an Achta seo a rith mar a leasaítear sa dara colún.

(2) An fhoráil den Acht Foraoiseachta, 1946 , a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ón lá dílseacháin mar a leasaítear sa dara colún.

(3) Aon duine a chúiseofar i gcion faoi aon fhoráil acu seo a leanas de chuid an Achta Foraoiseachta, 1946 , is é sin le rá, ailt 37 (3), 38 (2), 39 (4), 42 (3), 45 (2), 47 (2) agus 51 (2), féadfar é a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 mar aon le méid nach mó ná £50 in aghaidh gach crainn a ndearnadh an cion ina leith, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Foraoiseachta, 1946 , trí thagairt do chion achomair a chur in ionad gach tagartha do chion.

Pionóis.

7. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 33 nó 37 dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Ar dhuine a chiontú ar díotáil i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile, a ordú go bhforghéillfear aon ghaireas, trealamh nó ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh.

(3) I gcás cion lena mbaineann fo-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.

Imeachtaí.

8. —(1) Féadfaidh an tAire nó an chuideachta imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi alt 33 nó 37 a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion lena mbaineann aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.