An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Bunú agus Riaradh) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairm)

26 1988

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988

CUID III

Forálacha Idirlinne

Talamh a aistriú.

39. —(1) An talamh go léir (seachas talamh a bheidh ainmnithe ag an Aire) a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire agus á úsáid nó faighte chun críocha feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin beidh siad, an lá sin, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir fho-alt (2), dílsithe don chuideachta go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus infheidhmithe.

(2) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun aon mhianraí nó aon cheart mianadóireachta, nó ceart chun mianraí a bhaint, nó aon imeall trá de réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 , a dhílsiú don chuideachta.

(3) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le talamh sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an talamh dílsithe don chuideachta faoin alt seo nó nach raibh sé dílsithe amhlaidh agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

Maoin eile a aistriú.

40. —(1) An mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin de chuid an Aire í díreach roimh an lá dílseacháin, agus a bhí á húsáid nó faighte díreach roimh an lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, beidh sí, an lá sin, dílsithe don chuideachta gan aon sannadh a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le maoin shonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an mhaoin dílsithe don chuideachta faoin alt seo nó nach raibh sí dílsithe amhlaidh agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, tar éis an lá dílseacháin, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

41. —(1) Na cearta agus na dliteanais go léir de chuid an Aire de bhua aon chonradh nó árach (sainráite nó intuigthe) a rinne nó a thug sé féin nó a rinne nó a thug Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn thar a cheann roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo beidh siad, an lá sin, arna n-aistriú chuig an gcuideachta.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le conradh nó árach sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go ndearnadh cearta agus dliteanais an Aire faoin gcéanna a aistriú, an lá dílseacháin, chuig an gcuideachta faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

(3) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar, an lá sin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an alt seo.

(4) Comhlíonfaidh an chuideachta cibé oibleagáidí (cé is moite d'aisíoc príomhshuime nó d'íocaíochtaí úis) a bheidh sonraithe ag an Aire Airgeadais i ndáil lena oibleagáidí conarthacha faoi chonarthaí iasachtaí coigríche, a rinneadh roimh an lá dílseacháin, i ndáil le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo.

Díolúine ó dhleacht stampa.

42. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don chuideachta.

Forálacha a bhaineann le foireann a aistrítear chuig an gcuideachta.

43. —(1) Le héifeacht ón lá dílseacháin glacfaidh an chuideachta i bhfostaíocht, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina chomhalta d'fhoireann na Roinne Fuinnimh ar duine é a bheidh ainmnithe ag an Aire, cibé acu roimh nó ar an lá dílseacháin nó dá éis, lena fhostú ag an gcuideachta.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann na Roinne Fuinnimh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse nó luacha saothair ar a gcuirfear é, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná na coinníollacha seirbhíse nó luacha saothair a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin.

(3) Go dtí go ndéanfaidh an chuideachta, tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse na gcomhaltaí den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal acu chucu, agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir, díreach sular aistríodh iad, de bheith i bhfeidhm maidir leo agus féadfaidh an chuideachta iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh na comhaltaí sin i seirbhís na cuideachta.

(4) Na coinníollacha maidir le seilbh oifige a dheonóidh an chuideachta i ndáil le comhalta den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh ní lú fabhar dó iad, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná na coinníollacha a bheidh i réim de thuras na huaire sa státseirbhís; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní lú fabhar dó é ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann. Má bhíonn aon díospóid idir an chuideachta agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha atá i réim sa státseirbhís, is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

(5) I gcás foirne a aistreofar chuig an gcuideachta, féadfar seirbhís roimh ré sa státseirbhís a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiataí eile sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas.

44. —(1) Ullmhóidh an chuideachta, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann na cuideachta is cuí léi, nó i leith na gcomhaltaí sin, ar iad d'éirí as, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim iardain arna cur isteach agus arna ceadú faoin alt seo.

(4) Socróidh gach scéim faoin alt seo coinníollacha maidir le daoine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá dílseacháin.

(5) Na pinsin, na haiscí agus na liúntais eile is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh, eisíocfar iad ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

(6) Déanfaidh an chuideachta scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire aici faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí, má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(7) Ní dheonóidh an chuideachta pinsean, aisce nó liúntas ar chomhalta d'fhoireann na cuideachta d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim faoin alt seo.

(8) I gcás ina ndlífear aoisliúntas a íoc le duine, nó i leith duine, lena mbaineann fo-alt (4) sa tréimhse dar tosach an lá dílseacháin agus dar críoch díreach roimh theacht i ngníomh do scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire ag an gcuideachta agus a bheidh ceadaithe faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta an liúntas a ríomh agus a íoc i gcomhréir le cibé scéim aoisliúntais, nó le cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a bhain leis an duine sin díreach roimh an lá dílseacháin agus, chun na críche sin, déanfar seirbhís inphinsin an duine sin leis an gcuideachta a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin roimhe sin.

(9) Déanfaidh an tAire Airgeadais cibé ranníoc a shonrófar, lena thoiliú, i scéim nó i scéimeanna faoin alt seo faoi chomhair na bpinsean, na n-aiscí agus na liúntas eile i ndáil le seirbhís ináirithe a tugadh roimh an lá dílseacháin ar pinsin, aiscí agus liúntais iad is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh, agus socróidh an scéim nó na scéimeanna sin, leis an toiliú sin, modh íoca agus tráthanna íoca an ranníoca sin.

(10) (a) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus san Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta, an cúram a tharmligean chuig an gcuideachta pinsin, aiscí agus liúntais eile a íoc leis na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh nó de Ranna eile agus a bhí ag gabháil d'fheidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo, ar daoine iad a scoir nó a fuair bás roimh an lá dílseacháin, de réir mar a shonróidh sé.

(b) Déanfaidh aon tarmligean faoi mhír (a) socrú le haghaidh coinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

(c) Déanfaidh an chuideachta íocaíochtaí de réir aon tarmligean den sórt sin a dhéanfar chuici agus cúiteoidh an tAire Airgeadais í ina leith ar cibé modh agus cibé tráthanna a bheidh sonraithe in airteagail chomhlachais na cuideachta.

(11) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a cheanglaítear ar an Aire Airgeadais a íoc faoin alt seo.

Cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí obair a ghabháil de láimh.

45. —(1) Beidh cumhacht ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn obair a ghabháil de láimh ar iarraidh ón gcuideachta.

(2) I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-alt (1), measfar, maidir le haon obair a ghabhfaidh na Coimisinéirí sin de láimh ar iarraidh ón gcuideachta an lá dílseacháin nó dá éis, nach údarás Stáit na Coimisinéirí sin chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983.

Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na cuideachta.

46. —Aon mhaoin inrátaithe a dhílsítear don chuideachta ar an lá dílseacháin scoirfidh sí, amhail ó thosach na chéad bhliana airgeadais ina dhiaidh sin, de bheith díolmhaithe ón ráta is inmhuirearaithe ag údarás áitiúil d'ainneoin an mhaoin a bheith luaite mar mhaoin dhíolmhaithe ar liosta luachála.

Dliteanas maidir le caillteanas a tharlóidh roimh an lá dílseacháin.

47. —(1) Aon éileamh maidir le haon chaillteanas nó díobháil a líomhnaítear a bhain d'aon duine de dhroim na feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo a fheidhmiú roimh an lá dílseacháin, is éileamh é, tar éis an lae sin, i gcoinne na cuideachta, bíodh nó ná bíodh aon éileamh déanta ina leith roimh an lá sin agus, faoi réir alt 49, ní éileamh é i gcoinne an Aire, i gcoinne aon údaráis Stáit eile ná i gcoinne an Stáit.

(2) Más rud é, roimh an lá dílseacháin, in éileamh lena mbaineann fo-alt (1), go bhfuil na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir leis an éileamh a shocrú agus nach bhfuil téarmaí an chomhaontaithe curtha i ngníomh nó go bhfuil breithiúnas tugtha i bhfabhar an duine ar bhain an díobháil dó, agus nach bhfuil an breithiúnas curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, sa mhéid gurb infheidhmithe iad i gcoinne an Aire, aon údaráis Stáit eile nó an Stáit, inchurtha i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta agus, faoi réir alt 49, ní bheidh siad inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an Aire, aon údaráis Stáit eile ná an Stáit.

(3) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire, aon údarás Stáit eile nó an Stát, nó is cuí dó a dhéanamh, maidir le haon chaillteanas nó díobháil de dhroim gnímh nó mainneachtana ag aon duine roimh an lá dílseacháin glacfar leis, más éileamh é a bhaineann le feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, mar éileamh a dhéanann an chuideachta nó mar éileamh is cuí di a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta dul ar aghaidh leis agus agairt ina leith ionann is dá mba don chuideachta a bhain an caillteanas nó an díobháil.

(4) Más rud é, roimh an lá dílseacháin, in éileamh lena mbaineann fo-alt (3), go bhfuil na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir leis an éileamh a shocrú agus nach bhfuil téarmaí an chomhaontaithe curtha i ngníomh, nó go bhfuil breithiúnas tugtha i bhfabhar an Aire, aon údaráis Stáit eile nó an Stáit agus nach bhfuil an breithiúnas curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, sa mhéid gurb inchurtha i bhfeidhm iad ag an Aire, ag aon údarás Stáit eile nó ag an Stát, inchurtha i bhfeidhm ag an gcuideachta.

(5) Ní bhaineann an t-alt seo le héileamh ó údarás Stáit amháin i gcoinne údaráis Stáit eile.

Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

48. —Na himeachtaí dlí uile i leith feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin agus ar páirtí iontu an tAire, aon údarás Stáit eile nó an Stát, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ach an chuideachta a chur in ionad aon pháirtí den sórt sin.

Breithiúnais a chur i bhfeidhm.

49. —(1) I gcás go dtabharfar breithiúnas i gcoinne na cuideachta in aon imeachtaí de bhun éileamh lena mbaineann alt 47 (1) nó in imeachtaí a leanann de bheith i bhfeidhm faoi alt 48, agus nach bhfuil an duine ar tugadh an breithiúnas ina fhabhar in ann an breithiúnas a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal breithiúnas i gcoinne an Aire Airgeadais a thaifeadadh in aon chúirt dlínse inniúla i leith aon mhéid nár gnóthaíodh ar scór an bhreithiúnais mar fhiach a bheidh dlite dó ag an Aire sin.

(2) Beidh an tAire Airgeadais i dteideal aon íocaíocht a bheidh déanta aige le duine mar shásamh ar bhreithiúnas a taifeadadh ina choinne faoi fho-alt (1), a ghnóthú ón gcuideachta.

(3) Aon airgead a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglaítear air a dhéanamh leis an alt seo, airleacfar chuige é as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus aisíocfar leis an bPríomh-Chiste é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fógraí, deimhnithe, dearbhuithe agus bannaí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

50. —Ón lá dílseacháin—

(a) gach fógra, deimhniú agus dearbhú a bheidh tugtha ag an Aire nó don Aire,

(b) gach ordú cúirte a bheidh dírithe chuig aon duine, agus

(c) gach banna a bheidh tugtha ag aon duine don Aire,

agus a bhaineann le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo, leanfaidh siad, i gcás nach mbeidh a n-oibriú, a n-éifeacht nó a dtéarma scortha nó dulta in éag roimh an lá dílseacháin, d'fheidhm a bheith acu, agus beidh éifeacht leo, ionann is dá mbeadh feidhmeanna an Aire inchomhlíonta an lá sin ag an gcuideachta.

Ceadúnais agus ceadanna a dheonaigh an tAire do leanúint i bhfeidhm.

51. —Gach ceadúnas nó cead a dheonaigh an tAire i ndáil le talamh nó maoin eile a dhílsítear don chuideachta faoin Acht seo, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige ionann is dá mba í an chuideachta a dheonaigh é.

Comhchomhairliúcháin pleanála do leanúint i bhfeidhm.

52. —Chun crícha alt 84 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

(a) aon chomhchomhairliúchán a bheidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin idir an tAire agus údarás pleanála i ndáil le foirgniú nó méadú foirgnimh a bheidh le húsáid ón lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, beidh éifeacht leis ionann is dá mba pháirtí sa chomhchomhairliúchán sin an chuideachta;

(b) aon chomhchomhairliúchán den sórt sin a bheidh tosaithe ag an Aire ach nach mbeidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin i ndáil le foirgniú nó méadú aon fhoirgnimh a bheidh le húsáid mar a dúradh ón lá sin, is í an chuideachta, agus ní hé an tAire, a chuirfidh i gcrích é.

Forálacha airgeadais idirlinne.

53. —(1) Íocfaidh an chuideachta le gach comhalta, nó i leith gach comhalta, d'fhoireann na Roinne Fuinnimh a bheidh aistrithe chuig seirbhís na cuideachta aon mhéid a bheidh dlite don chomhalta sin nó ina leith maidir le seirbhís leis an Roinn agus a bheidh gan íoc ar an lá dílseacháin agus déanfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an méid sin a aisíoc leis an gcuideachta.

(2) Íocfaidh an tAire leis an gcuideachta, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, méid is ionann agus na réamhíocaíochtaí a bheidh faighte aige roimh an lá dílseacháin i leith earraí nó seirbhísí a chuirfidh an chuideachta ar fáil ar an lá dílseacháin nó dá éis.

(3) Íocfaidh an chuideachta leis an Aire méid is ionann agus na suimeanna a bhaileoidh sí, ar an lá dílseacháin nó dá éis, i leith earraí nó seirbhísí a chuir an tAire ar fáil roimh an lá dílseacháin i leith feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo.

(4) Na suimeanna go léir a cheanglaítear a íoc faoin alt seo beidh siad dlite agus iníoctha ar cibé dáta a chinnfidh an tAire, i gcomhairle leis an gcuideachta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Tabharfaidh an chuideachta don Aire cibé faisnéis, taifid agus doiciméid a bheidh ag teastáil ón Aire chun críocha an ailt seo agus beidh sé de cheart ag an Aire agus ag a oifigigh na taifid agus na doiciméid iomchuí uile de chuid na cuideachta a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh.

(6) Má tharlaíonn easaontú maidir le haon mhéid a bheidh le híoc ag an gcuideachta leis an Aire, nó ag an Aire leis an gcuideachta, faoin alt seo is breith chríochnaitheach breith an Aire, arna tabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.