Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

28 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 1988


ACHT NA dTITHE, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Daoine gan chónaí chun críocha an Achta seo.

3.

Fóirdheontas chun tithe a fháil nó a fhoirgniú.

4.

Deontas i gcás tithe áirithe a thabhairt suas.

5.

Cúnamh ó údaráis tithíochta do chomhlachtaí áirithe.

6.

Caiteachais a bhaineann le hoibrithe sóisialta.

7.

Bailíocht a thabhairt.

8.

Meastachán ar riachtanais tithíochta.

9.

Measúnachtaí tithíochta.

10.

Forálacha breise maidir le cóiríocht do dhaoine gan chónaí.

11.

Scéimeanna tosaíochtaí le haghaidh teaghaisí a ligean.

12.

Athfhoirgniú nó feabhsú tithe áirithe arna soláthar ag údaráis tithíochta.

13.

Láithreáin a sholáthar don lucht siúil.

14.

Láithreáin a sholáthar le haghaidh tithe príobháideacha.

15.

Deontais nó fóirdheontais ón Aire le haghaidh teaghaisí, láithreán agus cúnaimh arna soláthar ag údaráis tithíochta.

16.

Ráthaíochtaí ag údaráis tithíochta.

17.

Tithe arna ndíol nó arna léasú ag údaráis tithíochta a mhorgáistiú.

18.

Morgáiste a urscaoileadh.

19.

Feidhm alt áirithe de Chuid II den Phríomh-Acht.

20.

Forálacha breise a bhaineann le hailt 56 go 58 den Phríomh-Acht agus le halt 12.

21.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

22.

Leasú ar alt 108 den Phríomh-Acht.

23.

Aisghairm alt 13 d'Acht 1979 agus forálacha iarmhartacha.

24.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1979.

25.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1979.

26.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1979.

27.

Leasú ar an Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955.

28.

Leasú ar an Vagrancy Act, 1824.

29.

Cionta.

30.

Aisghairm.

31.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955

1955, Uimh. 12

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985

An tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1966

1966, Uimh. 19

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

Acht na dTithe, 1969

1969, Uimh. 16

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27

Acht na dTithe, 1984

1984, Uimh. 1

Achtanna na dTithe, 1966 go 1979

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981

1981, Uimh. 37

Na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985

Acht na Sclábhaithe, 1936

1936, Uimh. 24

Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1985

Prevention of Crimes Act, 1871

34 & 35 Vict. c. 112

Registration of Deeds Act, 1707

6 Anne, c. 2

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832

2 & 3 Will. 4. c. 87

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854

17 & 18 Vict. c. 103

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979 Vagrancy Act, 1824

5 Geo. 4. c. 83

Achtanna Bainistí Chathair Phort Láirge, 1939 go 1971

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 1988


ACHT NA dTITHE, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE, 1966 GO 1979, DO LEASÚ AN VAGRANCY ACT, 1824, AGUS AN ACHTA UM BAINISTÍ CHATHRACH AGUS CONTAE (LEASÚ), 1955 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE I nDÁIL LE TITHÍOCHT AGUS I nDÁIL LE hURSCAOILEADH MOR-GÁISTÍ. [13 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1979” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 ;

tá le “cuideachta árachais” an bhrí a shanntar dó leis na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985;

ciallaíonn “banc” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “comhar creidmheasa” cumann atá cláraithe mar chomhar creidmheasa faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, de bhua an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1966 ;

tá le “teach” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1979;

ciallaíonn “morgáiste” aon ionstraim morgáiste nó muirir a thugtar mar urrús le haghaidh iasachta agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1966 .

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil éigin eile, de réir mar is iomchuí, atá beartaithe.

(3) Forléireofar tagairtí in Achtanna na dTithe, 1966 go 1979, do dheontas, d'iasacht, d'fhóirdheontas nó do ranníoc faoi na hAchtanna sin mar thagairtí a fholaíonn, faoi seach, tagairtí do dheontas, d'iasacht, d'fhóirdheontas nó do ranníoc faoin Acht seo.

(4) Forléireofar aon tagairt d'achtachán san Acht seo mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

Daoine gan chónaí chun críocha an Achta seo.

2. —Measfaidh údarás tithíochta duine a bheith gan chónaí chun críocha an Achta seo más rud é—

(a) nach bhfuil aon chóiríocht ar fáil a fhéadfaidh sé, i dtuairim an údaráis, a áitiú nó fanacht á háitiú le réasún, i dteannta aon duine eile a chónaíonn leis de ghnáth nó a bhféadfaí a bheith ag súil, le réasún, é a bheith ina chónaí leis, nó

(b) go bhfuil sé ina chónaí in ospidéal, i dteaghlach contae, i bhfothain oíche nó i bhforas eile den sórt sin agus go gcónaíonn sé amhlaidh toisc nach bhfuil aon chóiríocht den chineál dá dtagraítear i mír (a) aige,

agus nach féidir leis, i dtuairim an údaráis, cóiríocht a chur ar fáil as a acmhainní féin.

Fóirdheontas chun tithe a fháil nó a fhoirgniú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, fóirdheontas a íoc, as airgead a sholathróidh an tOireachtas, i leith na muirear iasachta a thabhóidh duine i leith iasachta arna tabhairt ag cuideachta árachais, banc, cumann foirgníochta, comhar creidmheasa, aon eagraíocht tionscail nó tráchtála eile, an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt nó údarás tithíochta, chun teach a fháil nó a fhoirgniú.

(2) Féadfar go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid fóirdheontais, na coinníollacha faoinar féidir é a íoc agus an modh ina n-íocfar é, lena n-áirítear íocaíocht i dtráthchodanna;

(b) fóirdheontas a íoc leis an gcomhlacht a thabharfaidh an iasacht thar ceann an duine lena mbeidh sé iníoctha faoi fho-alt (1) agus na coinníollacha faoina n-íocfar amhlaidh é leis an gcomhlacht sin;

(c) an aicme nó na haicmí tithe a bhféadfar fóirdheontas a íoc ina leith agus an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar fóirdheontas a íoc leo;

(d) ceanglais i ndáil leis an iasacht le haghaidh an tí;

(e) ceanglais i ndáil le ceannach tí nó tógáil tí ag duine nó ag céile an duine sin cheana;

(f) áitiú an tí;

(g) achar urláir an tí, arna thomhas ar cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham;

(h) ceanglais i ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh duine a bhféadfar fóirdheontas a íoc leis;

(i) an tréimhse ama nach foláir iarratas ar fhóirdheontas a dhéanamh laistigh di;

(j) ceanglais nach foláir do dhuine a bheidh ag fáil fóirdheontais le haghaidh tí nua a bheith cáilithe le haghaidh deontais maidir leis an teach faoi alt 4 d'Acht 1979; agus

(k) ceanglais i ndáil le híoc aon fhóirdheontais nó deontais eile maidir leis an teach faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

(3) Ní íocfar fóirdheontas faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an teach is ábhar don fhóirdheontas cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin fhoirgníochta tithe agus an soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile iontu.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 4 d'Acht 1979 (arna leasú leis an Acht seo) maidir le fóirdheontas faoin alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le deontas faoin alt sin 4.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt” an ghníomhaireacht a bunaíodh faoi alt 2 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 .

Deontas i gcás tithe áirithe a thabhairt suas.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le duine—

(a) a dhéanfaidh, nó a ndéanfaidh a chéile—

(i) i gcás tí a sholáthair údarás tithíochta, nó atá nó a bhí ar úinéireacht ag údarás tithíochta, seilbh ghlan ar an teach a thabhairt don údarás tríd an tionóntacht a thabhairt suas nó tríd an teach a thíolacadh don údarás gan chúiteamh, nó

(ii) i gcás cóiríochta atá tugtha do chomhalta de na Buan-Oglaigh, seilbh ghlan ar an gcóiríocht a thabhairt don Aire Cosanta trína tabhairt suas,

agus

(b) a cheannóidh nó a thógfaidh teach lena áitiú aige féin.

(2) I gcás go mbeidh teach á thíolacadh d'údarás tithíochta faoin alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an t-údarás na caiteachais a bhaineann leis an tíolacadh sin a íoc go hiomlán nó go páirteach;

(b) ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon tíolacadh den sórt sin;

(c) i gcás gur teach é ar íocadh fóirdheontas maidir leis faoi alt 11 d'Acht 1979, ní cheanglófar ar an duine a bheidh ag tíolacadh an tí an fóirdheontas a aisíoc, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in ordú aistrithe faoi alt 90 den Phríomh-Acht.

(3) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) méid deontais agus na coinníollacha faoinar féidir é a íoc;

(b) an aicme nó na haicmí tithe a bhféadfar deontas a íoc ina leith agus an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar deontas a íoc leo;

(c) ceanglais i ndáil leis an tréimhse íosta a mbeidh iarratasóir ar dheontas nó céile iarratasóra den sórt sin ina chónaí, cibé acu mar thionónta nó mar úinéir, i dteach a sholáthair údarás tithíochta nó atá ar úinéireacht aige nó, de réir mar a bheidh, i gcóiríocht a bheidh á tabhairt suas don Aire Cosanta;

(d) áitiú an tí a bheidh á cheannach nó á thógáil;

(e) an aicme nó na haicmí tithe nó cóiríochta a fhéadfar a thabhairt suas nó a thíolacadh;

(f) ceanglais go mbeidh an teach a bheidh á cheannach nó á thógáil oiriúnach do riachtanais an iarratasóra ar dheontas agus do na daoine a bhféadfaí a bheith ag súil, le réasún, iad a bheith ina gcónaí leis;

(g) ceanglais i ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh an iarratasóra ar dheontas;

(h) nithe a bhaineann le nós imeachta agus riarachán, lena n-áirítear údaráis tithíochta sonraithe do chomhlíonadh feidhmeanna sonraithe i ndáil leis na deontais; agus

(i) ceanglais i ndáil le híoc aon deontais, fóirdheontais nó cúnaimh eile faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) maidir leis an teach a bheidh á cheannach nó á thógáil.

(4) Ní íocfar deontas faoin alt seo mura gcomhlíonann an teach nó an chóiríocht a thugtar suas de réir fho-alt (1) (a), agus an teach a cheannaítear nó a thógtar de réir fho-alt (1) (b), cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin lena n-áirítear caighdeáin foirgnithe, deisriochta agus seirbhísí.

Cúnamh ó údaráis tithíochta do chomhlachtaí áirithe.

5. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha faoina gceanglaítear gealltanas a thabhairt) is cuí leo, cúnamh a thabhairt d'údarás tithíochta eile (lena n-áirítear coimisinéirí baile) nó do chomhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo maidir leis an údarás eile nó leis an gcomhlacht do sholáthar (trí thógáil, ceannach, oibreacha feabhsúcháin nó athchóiriúcháin) nó do bhainistí cóiríochta tithíochta nó maidir le nithe eile i ndáil le tithíocht, ar shlí nó ar shlite díobh seo a leanas:

(a) trí iasacht a thabhairt,

(b) trí ranníoc tréimhsiúil a dhéanamh le cistí an údaráis eile nó an chomhlachta,

(c) trí ráthaíocht a thabhairt i leith suimeanna a bheidh dlite den údarás eile nó den chomhlacht maidir le hiasachtaí,

(d) trí dheontas a íoc,

(e) trí fhóirdheontas faoi chomhair muirear iasachta a thabhaíonn an t-údarás eile nó an comhlacht nó trí na muirir sin a loghadh go hiomlán nó go páirteach,

(f) trí chúnamh comhchineáil a thabhairt (cibé acu ar mhodh ábhar nó saothair nó seirbhíse ar bith eile).

(2) Féadfaidh an t-údarás tithíochta ráthaíocht a thabhairt faoin alt seo, cibé acu leis féin nó i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile (lena n-áirítear údarás tithíochta).

(3) Is feidhm fhorchoimeádta é cinneadh a dhéanamh cúnamh a sholáthar faoin alt seo.

(4) I gcás go mbeidh cúnamh tugtha ag údarás tithíochta do chomhlacht faoi alt 12 den Phríomh-Acht maidir le cóiríocht tithíochta a sholáthar, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, an cúnamh sin go léir nó cuid de a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) I gcás go mbeidh cúnamh tugtha faoin alt seo ag údarás tithíochta d'údarás tithíochta eile nó do chomhlacht agus nach mbeidh gealltanas a tugadh don údarás tithíochta mar choinníoll a ghabh le soláthar an chúnaimh sin comhlíonta, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) dlífidh an t-údarás nó an comhlacht a fuair an cúnamh cibé méid, nach mó ná méid an chúnaimh sin, a aisíoc de réir mar a chinnfidh an t-údarás a sholáthair an cúnamh; agus

(b) beidh an méid sin inghnóthaithe ón údarás nó ón gcomhlacht a fuair an cúnamh ag an údarás a sholáthair é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) an méid nó an cion den chúnamh atá le cúiteamh;

(b) an aicme nó na haicmí cóiríochta a bhféadfar cúnamh a sholáthar maidir léi nó leo agus an aicme nó na haicmí daoine dá soláthrófar an chóiríocht sin;

(c) ceanglais i ndáil le deontas, iasacht, fóirdheontas, ranníoc, nó ráthaíocht;

(d) áitiú na cóiríochta;

(e) ceanglais i ndáil le foirgniú na cóiríochta agus le soláthar seirbhísí uisce, séarachais agus seirbhísí eile inti;

(f) achar urláir na cóiríochta arna thomhas i cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham;

(g) ceanglais i ndáil le himthosca airgeadais agus teaghlaigh daoine a áitíonn an chóiríocht; agus

(h) ceanglais i ndáil le haon deontas, fóirdheontas nó cúnamh eile maidir leis an gcóiríocht a íoc faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

Caiteachais a bhaineann le hoibrithe sóisialta.

6. —Na tuarastail agus na caiteachais eile go léir, nó cuid díobh, a thabhóidh údarás tithíochta nó comhlacht eile a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, agus iad ag fostú oibrithe sóisialta nó ag úsáid seirbhísí oibrithe den sórt sin i ndáil le cóiríocht a fháil do dhaoine a bhfuil feidhm ag alt 13 maidir leo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, iad a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Bailíocht a thabhairt.

7. —I gcás—

(a) gur íoc an tAire deontas faoi alt 7 d'Acht 1979 (arna leasú le halt 26) an 10ú lá d'Aibreán, 1981, nó dá éis, ach roimh thosach feidhme an ailt sin 26, nó

(b) go ndearna an tAire nó údarás tithíochta deontas, iasacht, fóirdheontas, ranníoc nó cineál eile cúnaimh, is deontas, iasacht, fóirdheontas, ranníoc nó cúnamh atá sonraithe i bhforáil den Acht seo atá luaite i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha i gcolún (1) den Tábla sin, a íoc ar an dáta nó tar éis an dáta atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin ach roimh thosach feidhme na forála sin, agus

(c) in aon chás atá luaite i mír (a) nó (b) go mbeadh an deontas, an iasacht, an fóirdheontas, an ranníoc nó an cúnamh bailí agus éifeachtúil dá n-íocfaí é tar éis thosach feidhme an ailt sin 26 nó na forála sin (de réir mar a bheidh),

beidh an deontas, an iasacht, an fóirdheontas, an ranníoc nó an cúnamh chomh bailí agus chomh héifeachtúil céanna is a bheadh dá n-íocfaí é tar éis an tosach feidhme sin.

AN TÁBLA

Uimhir Thagartha

An Fhoráil den Acht seo

Dáta

(1)

(2)

(3)

1

Alt 3

10 Aibreán, 1981

2

Alt 4

2 Deireadh Fómhair, 1984

3

Alt 5 (1)

1 Márta, 1984

4

Alt 5 (4)

10 Aibreán, 1981

5

Alt 15

2 Deireadh Fómhair, 1984

Meastachán ar riachtanais tithíochta.

8. —(1) Ní mór d'údarás tithíochta, laistigh de bhliain amháin tar éis thosach feidhme an ailt seo agus aon tráth ina dhiaidh sin is dóigh leo a bheith fóirsteanach, agus ní mór dóibh de réir mar a ordóidh an tAire dóibh, ó am go ham, meastachán a dhéanamh maidir lena limistéar feidhmiúcháin—

(a) ar na riachtanais tithíochta láithreacha, agus

(b) ar na riachtanais tithíochta ionchasacha i gcaitheamh cibé tréimhse a ordóidh an tAire, nó d'éagmais ordaithe den sórt sin, cibé tréimhse is cuí leis an údarás,

agus cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhóidh an t-údarás tuarascáil air sin agus go nglacfaidh siad léi.

(2) Agus iad ag déanamh meastacháin ar riachtanais tithíochta de réir fho-alt (1), tabharfaidh údarás tithíochta aird ar na nithe seo a leanas—

(a) faisnéis (a gheofar ó aon suirbhé ar an tithíocht go léir sa limistéar nó ar shampla den tithíocht sin nó a gheofar ar shlí eile de réir mar is cuí leis an údarás) i ndáil leis na dálaí tithíochta sa limistéar, lena n-áirítear an líon tithe atá ar bhealach ar bith míchuí nó neamhoiriúnach le go gcónódh daoine iontu, atá plódaithe, atá á roinnt in aghaidh a dtola ag daoine nó a bhfuil dealramh air go dtarlóidh, le linn na tréimhse lena mbaineann an meastachán, nach mbeidh siad ar fáil a thuilleadh le haghaidh tithíochta (cibé acu toisc iad a bheith seanchaite, le scartáil nó le hathchóiriú le haghaidh úsáidí eile),

(b) a mhéid atá daoine ann atá gan chónaí nó ina gcónaí i gcóiríocht shealadach nó inaistrithe,

(c) athruithe a bhfuil súil leo ar mhéid agus ar struchtúr an daonra sa limistéar,

(d) na riachtanais tithíochta ionchasacha i gcás daoine a chónaíonn lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis a mhéid (más aon mhéid é) a mheasann an t-údarás is iomchuí,

(e) cibé faisnéis eile a mheasfaidh an t-údarás a bheith ábhartha, agus

(f) cibé nithe eile a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Déanfar meastachán agus tuarascáil faoi fho-alt (1) a ullmhú i cibé slí, agus beidh sa tuarascáil cibé faisnéis, a ordóidh an tAire ó am go ham.

(4) Aon údarás tithíochta a bhfuil tithe aige i limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta eile, déanfaidh sé, má iarrtar air é, i ndáil le meastachán a dhéanamh faoi fho-alt (1), cibé faisnéis i dtaobh na dtithe atá aige, is faisnéis a theastaíonn i ndáil leis na nithe atá sonraithe i bhfo-alt (2) (a), a sholáthar don údarás eile sin.

(5) Féadfaidh údarás tithíochta, le comhaontú údaráis tithíochta eile, agus má ordaíonn an tAire amhlaidh ní foláir dó, meastachán a dhéanamh agus a chur faoi deara tuarascáil a ullmhú faoi fho-alt (1) maidir le limistéar feidhmiúcháin uile an údaráis eile sin nó maidir le cuid den limistéar sin agus féadfaidh an t-údarás tithíochta meastachán a d'ullmhaigh an t-údarás eile sin a áireamh i dtuarascáil.

(6) Is feidhm fhorchoimeádta é tuarascáil a ghlacadh faoin alt seo.

Measúnachtaí tithíochta.

9. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta, laistigh de bhliain amháin ó thosach feidhme an ailt seo agus, ina dhiaidh sin, gach tríú bliain ar a laghad, agus de réir mar a ordóidh an tAire ó am go ham, measúnacht de réir an ailt seo ar an ngá atá leis go soláthródh an t-údarás cóiríocht tithíochta leordhóthanach agus oiriúnach do dhaoine—

(a) a gcreideann an t-údarás le réasún go bhfuil nó gur dócha go mbeidh cóiríocht ón údarás ag teastáil uathu, agus

(b) a bhfuil gá acu le cóiríocht den sórt sin, i dtuairim an údaráis, agus nach féidir leo sin a sholáthar as a n-acmhainní féin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh údarás tithíochta, le linn dó measúnacht a dhéanamh faoin alt seo, aird a thabhairt ar an ngá atá ag na daoine seo a leanas le tithíocht—

(a) daoine atá gan chónaí,

(b) daoine lena mbaineann alt 13,

(c) daoine a chónaíonn i gcóiríocht nach bhfuil oiriúnach mar áit chónaithe do dhaoine nó atá go hábhartha mí-oiriúnach mar thithíocht leordhóthanach dóibh,

(d) daoine a chónaíonn i gcóiríocht phlódaithe,

(e) daoine a bhfuil cóiríocht á roinnt acu le duine nó le daoine eile agus a bhfuil cóiríocht ar leithligh ag teastáil uathu le réasún, i dtuairim an údaráis tithíochta,

(f) daoine óga a fhágann aireachas i bhforas nó atá gan cóiríocht teaghlaigh,

(g) daoine a bhfuil gá acu le cóiríocht ar chúiseanna leighis nó trócaireacha,

(h) daoine scothaosta,

(i) daoine míchumasaithe nó éislinneacha, nó

(j) daoine nach féidir leo le réasún, i dtuairim an údaráis tithíochta, costas na cóiríochta atá á háitiú acu a íoc ná cóiríocht oiriúnach eile a fháil.

(3) Le linn d'údarás tithíochta measúnacht a dhéanamh faoin alt seo, tabharfaidh sé aird ar cibé orduithe a thabharfaidh an tAire ó am go ham.

(4) Sula ndéanfaidh siad measúnacht faoin alt seo, tabharfaidh údarás tithíochta fógra míosa á rá go bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh—

(a) d'aon údarás tithíochta a bhfuil a limistéar feidhmiúcháin tadhlach le limistéar feidhmiúcháin an údarás a bheidh ag tabhairt an fhógra,

(b) d'aon bhord sláinte, arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 , más cuid dá limistéar feidhmiúcháin limistéar feidhmiúcháin an údaráis a bheidh ag tabhairt an fhógra nó más limistéir feidhmiúcháin tadhlacha na limistéir sin, agus

(c) do cibé comhlachtaí is cuí leis an údarás lena n-áirítear eagrais dheonacha nó eagrais neamhbhrabúsacha a ghabhann do sholáthar cóiríochta tithíochta i limistéar feidhmiúcháin an údaráis nó eagrais eile ar ceann dá gcúraimí cóiríocht, foscadh nó leas a sholáthar.

(5) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta, a mhéid (más aon mhéid é) a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí, aon ghá a éiríonn as riachtanais daoine a chónaíonn lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis a áireamh i measúnacht faoin alt seo.

(6) Ní mór d'údarás tithíochta measúnacht faoin alt seo a chur faoi bhráid an Aire ar cibé dáta, nó roimh cibé dáta, a ordóidh sé ó am go ham.

Forálacha breise maidir le cóiríocht do dhaoine gan chónaí.

10. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo—

(a) comhshocraíochtaí, lena n-áirítear comhshocraíochtaí airgeadais, a dhéanamh le comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha alt 5 chun an comhlacht sin do sholáthar cóiríochta do dhuine gan chónaí,

(b) cibé cúnamh, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí, a sholáthar do dhuine gan chónaí, nó

(c) cóiríocht a fháil ar cíos nó iostas a shocrú do dhuine gan chónaí nó cuid de chostas cóiríochta nó iostais den sórt sin a íoc.

(2) Féadfaidh duine gan chónaí iarratas ar chóiríocht a dhéanamh chuig údarás tithíochta nó féadfar é a dhéanamh thar a cheann.

(3) I gcás go gcuirfear cóiríocht nó iostas ar fáil do dhuine de bhua fho-alt (1), féadfaidh an t-údarás tithíochta tráth ar bith tréimhse a shonrú dá mbeidh an chóiríocht nó an t-iostas le cur ar fáil amhlaidh don duine sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, iomlán aon íocaíochta a dhéanann údarás tithíochta de bhua fho-alt (1), nó cuid den íocaíocht sin, a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) I gcás go gcuirfear cóiríocht nó iostas ar fáil do dhuine de bhua fho-alt (1), féadfaidh an t-údarás tithíochta a cheangal ar an duine sin cibé muirear is cuí leis an údarás a íoc leo, ag féachaint d'acmhainn an duine, don chostas a thabhaigh an t-údarás i ndáil leis an gcóiríocht nó leis an iostas sin, agus do cibé nithe eile a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí.

(6) Aon mhuirear a bheidh dlite do údarás tithíochta faoi fho-alt (5) beidh sé inghnóthaithe acu mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Ní bheidh muirear faoi fho-alt (5) faoi réir théarmaí aon scéime cíosa i ndáil le tithe a ligeann an t-údarás tithíochta.

(8) I gcás go gcuirfear cóiríocht nó iostas ar fáil do dhuine de bhua fho-alt (1) agus—

(a) go n-athraíonn imthosca an duine sin a mhéid a fhágann, i dtuairim an údaráis tithíochta—

(i) nach mbeadh an duine gan chónaí, dá dtarlódh nach mbeadh an chóiríocht nó an t-iostas atá á gcur ar fáil dó amhlaidh ar fáil níos mó, nó

(ii) go bhfuil an duine ábalta cóiríocht a sholáthar as a acmhainní féin anois, nó

(b) gur mhainnigh an duine sin muirear a íoc faoi fho-alt (5),

féadfaidh an t-údarás scor den chóiríocht nó den iostas sin a chur ar fáil amhlaidh agus féadfaidh sé a cheangal ar an duine sin an chóiríocht nó an t-iostas a fhágáil.

(9) I gcás go gcuirfear cóiríocht nó iostas ar fáil do dhuine nó go soláthrófar cúnamh dó de bhua fho-alt (1), ní bheidh bac ar an duine sin ar an gcúis sin a bheith ar áireamh i measúnacht faoi alt 9 nó ar é a ghlacadh le háireamh sa chéad mheasúnacht eile den sórt sin.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta, le linn dóibh fiosrúcháin a dhéanamh lena chinneadh an duine gan chónaí duine, na cumhachtaí dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) a fheidhmiú.

(11) Féadfar go háirithe le rialacháin faoin alt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (4), socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) an chaoi a bhfeidhmíonn údaráis tithíochta a gcumhachtaí faoin alt seo;

(b) an méid a chúiteofar faoi fho-alt (4) agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcúiteamh sin;

(c) údarás tithíochta do thabhairt fógra faoi chinneadh maidir le hiarratas ar chóiríocht agus faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh;

(d) faisnéis a thabhairt d'údarás tithíochta i ndáil le hiarratas ar chóiríocht nó ar chúnamh ón údarás;

(e) cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

Scéimeanna tosaíochtaí le haghaidh teaghaisí a ligean.

11. —(1) Ní mór d'údarás tithíochta, de réir an ailt seo agus laistigh de bhliain óna thosach feidhme, scéim a dhéanamh ina gcinnfear an t-ord tosaíochta a bheidh ann i gcás teaghaisí a sholáthraíonn an t-údarás faoin bPríomh-Acht, agus arb iadsan an t-úinéir orthu, a ligean le daoine a bhfuil gá acu le cóiríocht agus—

(a) nach bhfuil ábalta, i dtuairim an údaráis, cóiríocht a sholáthar as a n-acmhainní féin, agus

(b) maidir leis an ngá atá acu le cóiríocht—

(i) gur áiríodh an gá sin sa mheasúnacht is déanaí a rinne an t-údarás faoi alt 9, nó

(ii) gur ghlac an t-údarás leis an ngá sin, tar éis an mheasúnacht sin a dhéanamh, lena áireamh sa chéad mheasúnacht eile den sórt sin.

(2) Maidir le scéim faoin alt seo—

(a) déanfar foráil inti go bhféadfaidh an t-údarás tithíochta, ó am go ham, a chinneadh, de réir mar is cuí leo, líon nó cion áirithe de na teaghaisí a thagann chun bheith ar fáil don údarás lena ligean a chur i leataobh do dhaoine as cibé earnáil nó earnálacha a chinnfidh an t-údarás;

(b) déanfar foráil inti go bhféadfaidh an t-údarás tithíochta, le linn dóibh téarmaí na scéime a chur chun feidhme maidir le duine, neamhaird a thabhairt ar an gcóiríocht atá á háitiú ag an duine sin i gcás go mbeidh cúis ag an údarás lena chreidiúint go ndearna an duine aon ní, nó gur mhainnigh sé aon ní a dhéanamh (seachas gníomh nó neamhghníomh a rinneadh de mheon macánta) d'aonghnó, nó gan cúis mhaith leordhóthanach, agus gur tharla dá dheasca sin nach bhfuil an chóiríocht atá á háitiú aige amhlaidh chomh hoiriúnach mar thithíocht leordhóthanach dó le cóiríocht eile a mbeadh sé réasúnach dó a áitiú tráth nó a mbeadh sé réasúnach dó a áitiú anois; agus

(c) déanfar foráil shonrach inti le haghaidh daoine a bheidh i ngátar cóiríochta de dhroim éigeandála.

(3) Má mheasann údarás tithíochta gur chóir teaghais áirithe atá ar fáil lena ligean a áireamh, de thuras na huaire, sa chion nó sa líon teaghaisí atá curtha i leataobh d'earnáil áirithe de réir fho-alt (2) (a), tabharfar tosaíocht do dhaoine as an earnáil sin nuair a bheidh an teaghais sin á ligean.

(4) Féadfar a fhoráil i scéim faoin alt seo nach foláir don údarás tithíochta tuarascáil a fháil ó lia-oifigeach sláinte don bhord sláinte iomchuí a bheidh arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 , agus go mbeidh aird acu ar an tuarascáil sin, le linn dóibh teaghaisí a ligean i gcás ina n-éilítear tosaíocht ar fhorais liachta nó ar fhorais a n-áirítear forais liachta iontu.

(5) Féadfaidh údarás tithíochta ó am go ham scéim a rinneadh faoin alt seo a athbhreithniú agus, de réir mar is cuí leo, leasuithe a dhéanamh ar an scéim nó scéim nua a dhéanamh.

(6) Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim a dhéanamh faoin alt seo, leasú a dhéanamh ar aon scéim den sórt sin, agus cinneadh a dhéanamh de réir fho-alt (2) (a).

(7) Ní dhéanfar scéim faoin alt seo nó leasú ar aon scéim den sórt sin ach amháin le ceadú an Aire.

(8) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás tithíochta—

(a) leasú a dhéanamh ar scéim a bheidh curtha faoina bhráid lena cheadú de réir fho-alt (7), agus

(b) scéim faoin alt seo a leasú ó am go ham,

i cibé slí a ordóidh sé, agus déanfaidh an t-údarás de réir an ordaithe sin laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an tAire.

(9) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (8) ná ní oibreoidh sé chun a chumasú don Aire ordú a thabhairt teaghais a ligean chun aon duine aonair.

(10) Maidir le ligean teaghaisí ag údarás tithíochta ar teaghaisí iad lena mbaineann scéim—

(a) faoi alt 60 den Phríomh-Acht, nó

(b) faoin alt seo,

is de réir fhorálacha na scéime a ligfidh siad na teaghaisí sin.

(11) D'ainneoin aisghairm alt 60 den Phríomh-Acht leis an Acht seo, leanfaidh scéim tosaíochtaí arna déanamh ag údarás tithíochta faoin alt sin d'éifeacht a bheith léi go dtí go dtiocfaidh scéim faoin alt seo i bhfeidhm.

(12) Ceadóidh údarás tithíochta d'aon duine, air é sin a iarraidh orthu, iniúchadh a dhéanamh le linn uaireanta oifige ar aon scéim a bheidh déanta acu faoin alt seo.

(13) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) maidir leis na coimisinéirí ar bhaile, a bhfuil coimisinéirí baile aige faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, do dhéanamh scéime faoin alt seo.

Athfhoirgniú nó feabhsú tithe áirithe arna soláthar ag údaráis, tithíochta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ó údarás tithíochta agus faoi réir fho-alt (2), a chinneadh gur tithe lena mbaineann an t-alt seo grúpa tithe arna soláthar ag an údarás.

(2) Ní dhéanfar cinneadh faoi fho-alt (1) ach amháin i gcás gurb é atá go hiomlán nó go páirteach sa ghrúpa tithe, tithe arb é an t-údarás an t-úinéir orthu agus ar tithe iad—

(a) is gá a athfhoirgniú mar gheall ar lochtanna deartha nó foirgníochta a bheith orthu, nó mar gheall ar mheath de dheasca aoise, nó

(b) nach mór thairis sin oibreacha a dhéanamh orthu atá, i dtuairim an Aire, riachtanach le réasún chun na tithe a dhéanamh níos oiriúnaí mar áit chónaithe do dhaoine.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire, oibreacha athfhoirgníochta nó feabhsúcháin a dhéanamh ar theach a áirítear i ngrúpa tithe lena mbaineann an t-alt seo i gcás an teach sin a bheith díolta nó léasaithe ag an údarás.

(4) I gcás go ndéanfaidh údarás tithíochta oibreacha ar theach de bhua fho-alt (3), ceanglóidh siad ar úinéir nó ar léasaí an tí cibé ranníoc a dhéanamh is cuí leis an údarás nó a ordóidh an tAire faoi chomhair na gcostas a thabhaigh an t-údarás.

(5) Beidh ranníoc a bheidh dlite do údarás tithíochta faoi fho-alt (4) inghnóthaithe acu mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfaidh an tAire cibé ceanglais is cuí leis a shonrú i ndáil le hoibreacha comhshaoil nó coimhdeacha a dhéanamh maidir le tithe lena mbaineann an t-alt seo.

(7) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984.

Láithreáin a sholáthar don lucht siúil.

13. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le daoine a bhaineann leis an aicme sin daoine a chleachtann nó a chleacht saol fánaíochta ó thraidisiún.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta láithreáin a sholáthar, a fheabhsú, a bhainistí agus a rialú le haghaidh carbhán a úsáideann daoine lena mbaineann an t-alt seo agus féadfaidh an t-údarás aon oibreacha a dhéanamh atá teagmhasach don soláthar, don fheabhsú, don bhainistí nó don rialú sin, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthar do na láithreáin sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 56 (2) den Phríomh-Acht i dtaca le láithreáin a sholáthar faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige i dtaca le teaghaisí a sholáthar faoin alt sin.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta cibé muirir is cuí leo a ghearradh i leith úsáid láithreáin a sholáthróidh siad faoin alt seo nó i leith úsáid aon seirbhísí nó saoráidí a sholáthrófar nó a chuirfear ar fáil i dtaca le láithreán den sórt sin.

(5) Aon mhuirear a bheidh dlite do údarás tithíochta faoi fho-alt (4) beidh sé inghnóthaithe acu mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) San alt seo ciallaíonn “carbhán” aon déanmhas atá deartha nó oiriúnaithe mar áit chónaithe do dhaoine agus a fhéadfar a aistriú ó áit go háit, cibé acu trína tharraingt nó trína iompar ar fheithicil nó ar leantóir, agus folaíonn sé mótarfheithicil atá deartha nó oiriúnaithe amhlaidh agus teaghais shoghluaiste, ach ní fholaíonn sé puball.

Láithreáin a sholáthar le haghaidh tithe príobháideacha.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, íocaíocht mar a leanas a dhéanamh le húdarás tithíochta nó le comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) fóirdheontas de cibé méid a chinnfidh sé faoi chomhair na muirear iasachta a thabhóidh an t-údarás nó an comhlacht; nó

(b) deontas de cibé méid a chinnfidh sé,

maidir leis an údarás nó leis an gcomhlacht do sholáthar láithreáin chun teach a thógáil (seachas ag údarás tithíochta nó thar a cheann).

(2) Féadfar, in ionad fóirdheontas faoi fho-alt (1) a íoc leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht lena mbaineann, é a íoc thar a gceann leis an duine a thug an iasacht ar ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta iomchuí.

Deontais nó fóirdheontais ón Aire le haghaidh teaghaisí, láithreán agus cúnaimh arna soláthar ag údaráis tithíochta.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, cibé deontas nó fóirdheontas a íoc le húdarás tithíochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, is deontas nó fóirdheontas a bheidh forordaithe maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an t-údarás do sholáthar teaghaisí (lena n-áirítear tithe, árasáin, teaghasáin agus brúnna);

(b) feabhsú nó athfhoirgniú teaghaisí arna soláthar ag an údarás;

(c) an t-údarás do sholáthar nó d'fheabhsú láithreán le haghaidh carbhán de réir bhrí alt 13 do dhaoine lena mbaineann an t-alt sin;

(d) talamh a fháil chun teaghaisí nó láithreáin dá dtagraítear san alt seo a sholáthar;

(e) oibreacha coimhdeacha a dhéanamh i dtaca le soláthar nó feabhsú teaghaisí nó láithreán dá dtagraítear san alt seo; agus

(f) cúnamh a sholáthar faoi alt 5 do chomhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt sin.

(2) Féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)—

(a) socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní de na nithe seo a leanas nó le haon ní amháin nó níos mó díobh, is cuma cibé acu a íoctar nó nach n-íoctar, nó ar íocadh nó nár íocadh, deontas nó fóirdheontas faoin alt seo maidir le teaghaisí, láithreáin, talamh nó oibreacha áirithe:

(i) cíosanna a chinneadh i leith teaghaisí a ligeann an t-údarás tithíochta;

(ii) díol teaghaisí agus an t-údarás tithíochta d'úsáid fáltais an díola sin;

(iii) ranníocaí ó údarás tithíochta faoi chomhair na gcostas a thabhóidh an t-údarás tithíochta sin maidir lena gcuid seirbhísí tithíochta;

(iv) bainistí, cothabháil agus feabhsú teaghaisí nó láithreán; agus

(v) ceanglais i ndáil le haon deontas nó fóir dheontas eile a íoc maidir le teaghais faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo);

agus

(b) socrú a dhéanamh i ndáil le gach ní nó le haon ní nó nithe dá dtagraítear in alt 5 (6), a mhéid a bhaineann siad le deontas nó fóirdheontas faoi fho-alt (1) (f) a íoc.

(3) Ní íocfar deontas ná fóirdheontas faoin alt seo maidir le teaghais, láithreán nó oibreacha mura gcomhlíonann an teaghais, an láithreán nó na hoibreacha iomchuí, tráth a gcríochnaithe, cibé coinníollacha, más aon choinníollacha iad, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin foirgníochta agus oibreacha agus i ndáil le soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dteaghaisí nó i láithreáin.

(4) Féadfar fóirdheontas faoi fho-alt (1) i leith muirear iasachta a íoc leis an údarás tithíochta lena mbaineann, nó a íoc thar a gceann leis an duine a thug an iasacht iomchuí ar ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta.

Ráthaíochtaí ag údaráis tithíochta.

16. —(1) Faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta agus, i gcás go n-ordóidh an tAire dóibh amhlaidh, ní foláir dóibh, ráthaíocht a thabhairt i leith iasachta nó cuid d'iasacht a thabharfaidh cuideachta árachais, banc, cumann foirgníochta, comhar creidmheasa nó aon eagraíocht tionscail nó tráchtála eile chun teach a fháil nó a fhoirgniú nó chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh air.

(2) Aon íocaíocht a dhéanfaidh údarás tithíochta de bhua ráthaíochta arna tabhairt faoin alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, í go léir nó cuid di a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tithe arna ndíol nó arna léasú ag údaráis tithíochta a mhorgáistiú.

17. —(1) I gcás go dtugann nó gur thug údarás tithíochta a dtoiliú le morgáiste a thabhairt maidir le teach a dhíolann nó a léasaíonn siad faoi alt 90 den Phríomh-Acht, measfar go mbeidh an t-údarás tar éis toiliú—

(a) le haon mhorgáiste breise nó comhdhlúite arna chruthú ag an morgáisteoir céanna, agus

(b) leis an morgáistí d'fheidhmiú a chumhachtaí faoi aon mhorgáiste den sórt sin.

(2) Má dhéanann morgáistí, a mbeidh a chumhachtaí faoi mhorgáiste feidhmithe aige, teach a dhíol a bhí, faoi alt 90 den Phríomh-Acht, faoi réir coinníollacha speisialta, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha níos mó ó dháta an díola i ndáil leis an teach sin.

(3) D'ainneoin alt 107 den Phríomh-Acht, ní mór d'údarás tithíochta, sula ndéanfaidh siad iarratas ar bharántas faoi fho-alt (1) den alt sin maidir le teach a dhíolann siad nó a léasaíonn siad, fógra dhá mhí ar a laghad a thabhairt i scríbhinn do mhorgáistí a mbeidh morgáiste ar an teach cruthaithe ina fhabhar, á rá go bhfuil sé beartaithe ag an údarás an t-iarratas a dhéanamh, agus ní mór a rá i ngach fógra den sórt sin cé na forais is bun leis an iarratas.

Morgáiste a urscaoileadh.

18. —(1) Más rud é, i ndáil le talamh neamhchláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, ní foláir d'údarás tithíochta, agus féadfaidh aon mhorgáistí eile (nach cumann foirgníochta), ceachtar díobh seo a leanas a fhormhuiniú ar an morgáiste sin nó a chur i gceangal leis, eadhon, atíolacadh na maoine morgáistithe chun úinéir an chothromais fuascailte (nó chun cibé daoine agus chun cibé úsáidí a ordóidh an t-úinéir) nó admháil faoi shéala an údaráis tithíochta nó an mhorgáistí eile (de réir mar a bheidh).

(2) Más rud é, i ndáil le talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, ní foláir d'údarás tithíochta, agus féadfaidh aon mhorgáistí eile (nach cumann foirgníochta), admháil faoi shéala an údaráis tithíochta nó an mhorgáistí eile (de réir mar a bheidh) a eisiúint chuig úinéir cláraithe na talún agus is cruthú leordhóthanach an admháil sin, chun críocha alt 65 den Acht sin, gur sásaíodh an morgáiste.

(3) Oibreoidh admháil faoin alt seo chun an morgáiste a ghlanadh agus déanfaidh an admháil sin, gan aon atíolacadh nó athghéilleadh, eastát na maoine agus an t-eastát sa mhaoin a chuimsítear sa mhorgáiste a dhílsiú don duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal an chothromais fuascailte.

(4) I gcás morgáiste a bheith cláraithe i gClárlann na nGníomhas a bunaíodh leis an Registration of Deeds Act, 1707, ní foláir don Chláraitheoir faoin Acht sin, ar admháil a thabhairt ar aird faoi fho-alt (1), taifead a chur isteach os coinne thaifead an mhorgáiste á rá gur sásaíodh an morgáiste agus deonóidh sé deimhniú (ar an morgáiste nó ar leithligh) á rá sin.

(5) Déanfar deimhniú faoi fho-alt (4) a ghlacadh i bhfianaise i ngach cúirt, agus in imeachtaí uile, gan aon chruthúnas breise, agus beidh d'éifeacht le taifead faoin bhfo-alt sin an morgáiste iomchuí a ghlanadh den chlár nó den taifead.

(6) An chumhacht a thugtar don Aire Dlí agus Cirt le halt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (arna oiriúnú leis an Ordú um an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (Oiriúnú), 1956 (I.R. Uimh. 281 de 1956) chun táillí a shocrú, folóidh sí cumhacht táillí a shocrú a bheidh le híoc as an taifead a dhéanamh agus an deimhniú a dheonú faoi fho-alt (4), agus déanfar aon airgead a gheofar faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Státchiste.

Feidhm alt áirithe de Chuid II den Phríomh-Acht.

19. —(1) Beidh feidhm ag alt 10 den Phríomh-Acht maidir le haon suim a bheidh dlite den Aire, faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1988, do dhuine (lena n-áirítear údarás tithíochta) a mbeidh suim eile dlite de don Aire, amhail mar atá feidhm ag an alt sin maidir le suimeanna a dhlitear de údarás tithíochta agus do údarás tithíochta.

(2) Aon tagairt do dheontas in alt 34, 35, 36 nó 38 den Phríomh-Acht measfar go bhfolaíonn sí tagairt (de réir mar is iomchuí) do dheontas, d'fhóirdheontas nó do chineál eile cúnaimh faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1988, agus forléireofar na hailt sin dá réir sin.

(3) Beidh, le toiliú an Aire agus fara aon mhodhnuithe is gá, feidhm ag alt 38 den Phríomh-Acht maidir le deontas, fóirdheontas nó cineál eile cúnaimh a thugann údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1988, amhail mar atá feidhm aige maidir le deontas dá dtagraítear san alt sin.

(4) Beidh feidhm ag alt 38 den Phríomh-Acht maidir le deontas, fóirdheontas nó cineál eile cúnaimh a thugann an tAire faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1988, i gcás gur eisigh oifigeach d'údarás tithíochta deimhniú ceadaithe, agus forléireofar an t-alt sin 38, agus beidh éifeacht leis, ionann is dá bhfolódh an tagairt san alt sin do “oifigeach don Aire” tagairt do “oifigeach d'údarás tithíochta”.

Forálacha breise a bhaineann le hailt 56 go 58 den Phríomh-Acht agus le halt 12.

20. —(1) Le linn dóibh teaghaisí a sholáthar faoi alt 56 den Phríomh-Acht, tabharfaidh údarás tithíochta aird ar an measúnacht is déanaí a bheidh déanta faoi alt 9 agus ar an ngá atá le tithíocht ag aon duine a nglacfar leis, tar éis an mheasúnacht sin a dhéanamh, lena áireamh sa chéad mheasúnacht eile, agus féachfaidh siad le comhardú réasúnach a choimeád idir riachtanais faoi seach na n-aicmí daoine atá sonraithe in alt 9 (2).

(2) An chumhacht atá ag údarás tithíochta faoi alt 56 den Phríomh-Acht chun teaghaisí a sholáthar agus faoi alt 57 den Acht sin chun láithreáin a sholáthar chun críocha tógála, measfar, i gcás comhairle contae, go bhfolaíonn sí, agus gur fholaigh sí riamh, cumhacht chun teaghaisí nó láithreáin (de réir mar a bheidh) a sholáthar i mbaile sa chontae ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, amhail is dá mba rud é, chun críche an soláthar sin a dhéanamh, gur chuid de limistéar feidhmiúcháin na comhairle an baile.

(3) Féadfaidh comhairle contae agus na coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ar bhaile sa chontae sin comhaontú a dhéanamh go ndéanfar aon chumhacht de chuid na gcoimisinéirí faoi alt 58 den Phríomh-Acht nó faoi alt 12 a dhílsiú don chomhairle sin, agus go bhfeidhmeoidh an chomhairle sin í, maidir le cibé tithe, feadh cibé méid agus go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chomhaontú.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta é comhaontú a dhéanamh faoi fho-alt (3).

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

21. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás tithíochta” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘údarás tithíochta’—

(a) i gcás ceantair sláinte contae (gan aon bhaile a áireamh ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854), comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge sin nó na buirge eile sin,

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

(d) i gcás baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach amháin maidir leis na hailt seo—

(i) ailt 34, 35, 36, 39, 41 agus 43 den Acht seo,

(ii) ailt 6 agus 8 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , agus

(iii) ailt 2, 5, 6, 8, 9, 10, 13 agus 16 d'Acht na dTithe, 1988 ,

coimisinéirí an bhaile sin agus, maidir leis na hailt sin, comhairle an chontae ina bhfuil an baile,

agus forléireofar tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta dá réir sin;”.

Leasú ar alt 108 den Phríomh-Acht.

22. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 108 den Phríomh-Acht:

“108.—Déanfar airgead caipitiúil ó thalamh a dhiúscairt faoin gCuid seo den Acht seo a úsáid chun críche a cheadóidh an tAire.”.

Aisghairm alt 13 d'Acht 1979 agus forálacha iarmhartacha.

23. —(1) Aisghairtear leis seo alt 13 d'Acht 1979.

(2) D'ainneoin alt 13 d'Acht 1979 a bheith aisghairthe le fo-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:

(a) i gcás iarratas chun teach a cheannach a bheith faighte ag údarás tithíochta ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig, 1987, ó thionónta an tí, agus go mbeidh an t-údarás tithíochta tar éis an teach a dhílsiú don tionónta sin, nó go mbeidh sé beartaithe acu é a dhílsiú dó, de réir na dtéarmaí is infheidhme maidir le díol an tí ar dháta faighte an iarratais sin, leanfaidh forálacha an ailt sin 13 de bheith i bhfeidhm maidir leis an teach sin;

(b) féadfaidh an tAire le hordú oifigeach don Aire a ainmniú chun a fheidhmeanna go léir faoin alt sin 13, nó cibé feidhmeanna díobh a bheidh sonraithe san ordú, a chur i gcrích maidir le teach dá dtagraítear i mír (a);

(c) féadfaidh an tAire le hordú ordú a bheidh déanta faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear an mhír seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Scoirfidh fo-alt (2) d'éifeacht a bheith leis ar cibé lá a bheidh forordaithe.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1979.

24. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1979:

“(2) Baineann an t-alt seo le comhlacht—

(a) a dhéanann ionadaíocht do chomhar-ghrúpaí nó comhar-chomhlachais nó do ghrúpaí nó comhlachais shaorálacha ar cuspóir dóibh tithe a sholáthar, nó a chuireann foirmiú na ngrúpaí nó na gcomhlachas sin chun cinn, nó

(b) a sholáthraíonn faisnéis, comhairle nó oiliúint nó a dhéanann taighde i ndáil le tithíocht.”.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1979.

25. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) d'alt 4 d'Acht 1979:

“(5) Más rud é—

(a) maidir le duine a sholáthraíonn teach nua—

(i) gur duine é a bhfuil a phósadh scaoilte nó neamhnithe le hordú ó chúirt dlínse inniúla, nó

(ii) gur duine é atá scartha óna chéile faoi ordú ó chúirt den sórt sin nó le gníomhas idirscartha,

agus

(b) go mbeifear tar éis a shuíomh chun sástacht an Aire go bhfuil an duine sin agus a chleithiúnaithe (más ann) i ngátar tithíochta, agus

(c) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do cibé imthosca is iomchuí leis, lena n-áirítear aon ranníoc a dhéanann an céile eile, go mba chruatan míchuí ar an duine sin nó ar a chleithiúnaithe an tAire do dhiúltú deontas a íoc faoin alt seo maidir leis an teach nua a sholáthar,

féadfaidh an tAire, d'ainneoin nach mbeidh ceanglas comhlíonta i ndáil le nithe atá sonraithe i bhfo-alt (2) (e) den alt seo, deontas a íoc faoin alt seo dá mba rud é, murach an neamhchomhlíonadh sin, go mbeadh deontas le híoc amhlaidh.”.

Leasú ar alt d'Acht 1979.

26. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1979:

“(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, maidir le teach amháin nó níos mó a sholáthar (trí thógáil, ceannach, oibreacha feabhsúcháin nó athchóiriúcháin) mar chóiríocht do dhaoine scothaosta nó do cibé aicme nó aicmí eile daoine a bheidh sonraithe sna rialacháin, nó mar chóiríocht chun bheith ina ghnáth-áit chónaithe, sa teach nó ina mhaighean nó sna tithe nó ina maighne, do dhuine a sholáthraíonn seirbhísí leasa nó airígh do na daoine sin nó don aicme sin nó do na haicmí sin daoine.”.

Leasú ar an Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 .

27. —Leasaítear leis seo an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 2 i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Measfar éigeandáil chun críche fho-alt (9) den alt seo a bheith ann i gcás, i dtuairim an bhainisteora, gur oibreacha iad na hoibreacha lena mbaineann atá práinneach agus riachtanach (ag féachaint do shláinte phearsanta, do shláinte an phobail agus do chúrsaí sábháilteachta) chun caighdeán réasúnach cóiríochta a sholáthar d'aon duine.”.

Leasú ar an Vagrancy Act, 1824.

28. —Leasaítear leis seo an Vagrancy Act, 1824 (arna chur chun feidhme maidir le hÉirinn le halt 15 den Prevention of Crimes Act, 1871) trí na focail seo a leanas a scriosadh as alt IV, eadhon, “every person wandering abroad and lodging in any barn or outhouse, or in any deserted or unoccupied building, or in the open air, or under a tent, or in any cart or waggon, not having any visible means of subsistence, and not giving a good account of himself or herself;”.

Cionta.

29. —(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh, ar údarás tithíochta d'iarraidh air faisnéis a thabhairt don údarás a bhainfidh le feidhmiú a ndualgas agus a bhfeidhmeanna faoi alt 9, 10 nó 11, faisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach nó mainneachtain faisnéis a thabhairt is eol dó a bheith ábhartha, nó

(b) a bhfuil cóiríocht, iostas nó cúnamh á chur ar fáil dó de bhua alt 10 (1) agus a mhainneoidh faisnéis a thabhairt don údarás tithíochta faoi aon athrú ábhartha ar a imthosca le linn dó a bheith fós ag áitiú na cóiríochta nó an iostais nó a bheith fós ag fáil an chúnaimh,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) Féadfaidh an t-údarás tithíochta a d'iarr an fhaisnéis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), nó a sholáthair an chóiríocht, an t-iostas nó an cúnamh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

Aisghairm.

30. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Aon rialachán a rinneadh faoi fhoráil a aisghairtear leis an alt seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, fanfaidh sé, a mhéid a d'fhéadfaí é a dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

31. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1988, a ghairm d'Acht anna na dTithe, 1966 go 1979, agus den Acht seo (seachas ailt 27 agus 28), le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985, agus d'alt 27, le chéile.

(4) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1988, a ghairm d'Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, agus d'alt 27, le chéile.

(5) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1985, agus d'alt 27, le chéile.

(6) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1988, a ghairm d'Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, agus d'alt 27, le chéile.

(7) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Phort Láirge, 1939 go 1988, a ghairm d'Achtanna Bainistí Chathair Phort Láirge, 1939 go 1971, agus d'alt 27, le chéile.

(8) Féadfar na hAchtanna Sruthaireachta, 1824 agus 1988, a ghairm den Vagrancy Act, 1824 (arna chur chun feidhme maidir le hÉirinn le halt 15 den Prevention of Crimes Act, 1871), agus d'alt 28, le chéile.

(9) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 12) i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire chuige sin le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta difriúla a shocrú amhlaidh chun críoch difriúil agus le haghaidh forálacha difriúla.