An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Méaduithe)

4 1989

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1988, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, a ghairm díobh le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988 ;

ciallaíonn “an príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” an príomh-Acht agus gach achtachán, cibé acu an roimh an Acht seo nó ina dhiaidh a ritheadh é, atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin.