An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil)

4 1989

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989

CUID II

Méaduithe

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1988) den Dara Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 20ú lá d'Iúil, 1989,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 24ú lá d'Iúil, 1989,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 27ú lá d'Iúil, 1989, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1988) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 19ú lá d'Iúil, 1989,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh, agus le liúntas do bhean shingil, an 27ú lá d'Iúil, 1989,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989,

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 24ú lá d'Iúil, 1989.

(e) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, ar thosach feidhme alt 28 d'Acht 1988,

(f) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí fir (neamhranníocach), ar thosach feidhme alt 198A (a cuireadh isteach le halt 6(1) (a) den Acht seo) den phríomh-Acht, agus

(g) a mhéid a bhaineann sé le liúntas fearchéile thréigthe, ar thosach feidhme alt 198B (a cuireadh isteach le halt 6(1) (b) den Acht seo) den phríomh-Acht.

Sochar linbh.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 225 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 (6) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 , agus arna leasú le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986 );

“(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh sochair linbh, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sochar míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh cáilithe agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe (más ann) de bhreis ar cheathrar.”.

(2) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986 ):

“CUID IV

Na Méideanna Sochair Linbh

An méid i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh

An méid i leith gach linbh de bhreis ar cheathrar

(1)

(2)

£15.05

£21.75

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.

pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus liúntas fearchéile thréigthe.

6. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198:

“Caibidil 5A

Liúntais d'Fhir Áirithe

pinsean baintrí fir (neamhranníocach)

198A.—(1) Íocfar pinsean baintrí fir (neamhranníocach), faoi réir rialachán, le baintreach fir a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí leis agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn le bheith i dteideal pinsin baintrí (neamhranníocach) faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(2) Beidh an ráta pinsin baintrí fir (neamhranníocach) is iníoctha le duine comhionann le ráta pinsin baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(3) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo, maidir le baintreach fir a d'athphós, gurb é baintreach fir a iarbhanchéile é.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid an Achta seo, nó rialacháin faoin Acht seo, a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198A (a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo):

“Liúntas fearchéile thréigthe.

198B.—(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas fearchéile thréigthe a íoc le fear—

(a) atá tréigthe ag a bhanchéile,

(b) a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí leis, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn le bheith i dteideal pinsin baintrí (neamhranníocach) faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(2) Beidh an ráta liúntais fearchéile thréigthe is iníoctha le duine comhionann leis an ráta pinsin baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas fearchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—

(a) na himthosca a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil fear tréigthe ag a bhanchéile,

(b) aon fhorálacha de chuid an Achta seo nó aon rialacháin faoin Acht seo a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas fearchéile thréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin a bheith iníoc tha, inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.”, agus

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) (arna leasú le halt 28 d'Acht 1988) d'alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh) i ndiaidh mhír (k):

“(l) pinsean baintrí fir (neamhranníocach),

(m) liúntas fearchéile thréigthe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir míre amháin nó níos mó de mhíreanna fho-alt (1) agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh gach míre de na míreanna sin nó le haghaidh cuid de gach mír de na míreanna sin.

Míniú ar “leanbh cáilithe”.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cáilithe”:

“ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ leanbh a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair, agus—

(a) chun críocha—

(i) ailt 21 (2), 26A (1) agus 32 (2),

(ii) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, agus

(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta seachas iarratasóir dá dtagraítear i mír (b),

atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(b) chun críocha—

(i) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le pinsean míthreorach,

(ii) ailt 81 (2), 86 (2), 91 (2), 156B (1) (b) agus 161 (1), agus

(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra atá in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2), ag fáil sochair dífhostaíochta nó cúnaimh dífhostaíochta ar feadh 390 lá ar a laghad—

(I) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó

(II) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 19 mbliana d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile,

(c) chun críocha ailt 50 (9), 95 (1), 103 (1), 178 (1), 195 (1), 196 (1), 197 (1), 198A agus 198B—

(i) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó

(ii) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 21 bliain d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile;”.

(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht—

(a) alt 50 (10),

(b) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 92 (5),

(c) alt 157 (a), agus

(d) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 176 (1).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1989, ach amháin a mhéid a bhaineann sé leis an míniú ar “leanbh cáilithe” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) in alt 2 (1) den phríomh-Acht chun críocha alt 139 (b) den Acht sin, go dtiocfaidh sé i ngníomh an 30ú lá de Lúnasa, 1989.

Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den phríomh-Acht—

(a) trí “mhíreanna (c), (cc), agus (d)” a chur in ionad “mhíreanna (c) agus (d)” i mír (b) d'fho-alt (1),

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1988) d'fho-alt (1):

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £18,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (ii) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag a fhostóir an bhliain ranníoca sin.

(cc) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £16,700 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (i) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag an ranníocóir fostaithe an bhliain ranníoca sin.”,

(c) trí “na suimeanna” a chur in ionad “an tsuim” i mír (a) d'fho-alt (2) agus “i míreanna (c) agus (cc) d'fho-alt (1)” a chur in ionad “i bhfo-alt (1) (c)” agus tá an mhír sin (a) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo chun an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a athrú cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe i meántuilleamh oibrithe sna tionscail earraí iniompair a taifeadadh amhlaidh ag an bpríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a chinneadh go deireanach ina leith.”.

AN TÁBLA

(a) Féadfaidh an tAire le rialacháin na suimeanna a shonraítear i míreanna (c) agus (cc) d'fho-alt (1) a athrú agus glacfaidh an t-athrú sin éifeacht ó thús na bliana ranníoca tar éis na bliana ina ndéanfar na rialacháin.

(2) Leasaítear leis seo alt 11 den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” i mír (c) d'fho-alt (1).

(3) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (c) nó (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” sa mhíniú ar “ranníoc cáilitheach” (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1988).

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989.

Ranníocaí féinfhostaíochta (meadú ar an uasteorainn tuillimh).

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 17C (d) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£16,700” a chur in ionad “£16,200”.

(2) Leasaítear leis seo alt 17D (2) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “an méid a shonraítear in alt 17C (d)” a chur in ionad “£16,200”.

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989.

Sochar páchoibhneasa.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 (arna leasú le halt 8 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£69” a chur in ionad “£66”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse éagumais chun oibre agus le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.

Deireadh a chur le rátaí neamhuirbeacha cúnaimh dífhostaíochta.

11. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht—

(a) fo-ailt (3) agus (4) d'alt 135,

(b) alt 155, agus

(c) alt 156.

(2) Leasaítear leis seo alt 136 (3) den phríomh-Acht (a bhaineann leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíochta á iarraidh aige) trí “tagairt 1 (a)” a chur in ionad “tagairt 1A (1) (i)” i mír (c) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ) sa dá áit ina dtarlaíonn sé.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 19ú lá d'Iúil, 1989.