An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dlínse Cúirte)

6 1989

AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

CUID IV

Ilghnéitheach

Cosaint i leith an dlí láithrigh.

37. —Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le himeachtaí i leith colscartha a mensa et thoro, a mhéid is infheidhme, i ndáil le himeachtaí i leith idirscartha bhreithiúnaigh.

Leasú ar alt 5 agus 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

38. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

(2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1976—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “den tréigean”:

“mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na Cúirte go mbeadh sé contrártha don cheartas gan ordú cothabhála a dhéanamh”,

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (4):

“(c) iompar gach duine de na céilí, más iompar é de chineál go mbeadh sé, i dtuairim na Cúirte, contrártha don cheartas sna himthosca go léir neamhaird a thabhairt air.”

(3) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1976—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i mír (b) d'fho-alt (1), i ndiaidh “d'aon imthosca nach raibh ann nuair a rinneadh an t-ordú”:

“(lena n-áirítear iompar gach duine de na céilí, más iompar é de chineál go mbeadh sé, i dtuairim na Cúirte, contrártha don cheartas sna himthosca go léir neamhaird a thabhairt air)”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “agus go leanann sé nó sí den tréigean”:

“mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na Cúirte go mbeadh sé contrártha don cheartas déanamh amhlaidh.”,

(c) trí fho-alt (4) a scriosadh, agus

(d) trí “ná adhaltranas ag” a scriosadh i bhfo-alt (5) agus trí “ná iompar ag” a chur ina ionad.

Orduithe a urscaoileadh faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

39. —Más rud é, tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 5, 6, nó 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , go ndéanfar iarratas ar idirscaradh breithiúnach idir na páirtithe sna himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú sin, féadfaidh an Chúirt, ar inti a bheidh an t-iarratas, nó aon iarratas a bheidh déanta faoi Chuid II den Acht seo ar feitheamh, más cuí léi é, treoir a thabhairt go scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith leis ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa treoir.

Tuarascálacha i dtaobh cásanna caomhnóireachta leanaí.

40. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis an alt sin:

“(5) Féadfaidh an chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin nó ar iarratas faoin alt seo, cibé orduithe a thabhairt is cóir léi le hordú faoin alt seo d'fhonn tuairisc a fháil ó cibé duine a ainmneoidh sí ar aon cheist a fhearann ar leas an naín.

(6) Le linn don chúirt a bheith ag cinneadh cibé acu an iarrfaidh nó nach n-iarrfaidh sí tuairisc faoi fho-alt (5) den alt seo, beidh aird aici ar mhianta na bpáirtithe os comhair na cúirte más féidir na mianta sin a fhionnadh ach ní bheidh sí faoi cheangal ag na mianta sin.

(7) Déanfar cóip d'aon tuairisc a ullmhófar faoi fho-alt (5) a chur ar fáil don abhcóide nó don aturnae, más ann, a bheidh ag déanamh ionadaíochta do gach páirtí sna himeachtaí nó, i gcás nach mbeidh aon ionadaíocht a déanamh do pháirtí áirithe, don pháirtí sin agus féadfar é a ghlacadh mar fhianaise sna himeachtaí.

(8) I gcás go n-ullmhóidh aon duine tuairisc de bhun iarrata faoi fho-alt (5) den alt seo, déanfaidh cibé páirtí nó páirtithe sna himeachtaí dá n-ordóidh an chúirt táillí agus caiteachais an duine sin a íoc.

(9) Féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, nó féadfaidh ceachtar páirtí sna himeachtaí, an duine a thabharfaidh an tuairisc a ghairm mar fhinné.”.

Coimeád leanaí cleithiúnacha.

41. —(1) I gcás go ndeonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreithiúnaigh féadfaidh sí a dhearbhú gur céile neamhoiriúnach ceachtar céile chun aon leanbh cleithiúnach den teaghlach a bheith ina choimeád.

(2) I gcás dearbhú den sórt sin a bheith i bhforaithne idirscartha bhreithiúnaigh, ansin más tuismitheoir de chuid aon linbh den teaghlach an céile lena mbaineann an dearbhú, ní bheidh an céile sin, ar bhás an chéile eile, i dteideal, de cheart, coimeád an linbh sin a bheith aige.

(3) Aisghairtear leis seo alt 18 (1) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , ach amháin i ndáil le caingean a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Leasú ar alt 120 (2) den Acht Comharbais, 1965 .

42. —(1) Leasaítear leis seo alt 120 (2) den Acht Comharbais, 1965 , trí na focail ó “a bhfuair an t-éagach foraithne idirscartha a mensa et thoro ina coinne,” go dtí na focail “agus céile” a scriosadh.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le foraithne idirscartha a mensa et thoro a deonaíodh in imeachtaí a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Foraithní idirscartha a mensa et thoro agus orduithe ailiúnais.

43. —Ní dhéanfaidh an tAcht seo difear d'aon ordú a dhéanfaidh an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt ag deonú foraithne idirscartha a mensa et thoro in imeachtaí a eisíodh roimh thosach feidhme an Achta seo ach amháin go measfar chun gach críche gur ordú a rinneadh faoi alt 14 (1) (a) den Acht seo aon ordú ailiúnais a rinneadh tar éis an fhoraithne sin a dheonú.

Claonpháirteachas, maitheamh, frithmhilleánú, cúlcheadú.

44. —(1) Ní urchosc ar dheonú foraithne idirscartha bhreithiúnaigh claonpháirteachas idir na céilí i ndáil le hiarratas ar idirscaradh breithiúnach nó, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon iompar (lena n-áirítear maitheamh nó frithmhilleánú) ar thaobh an iarratasóra.

(2) I gcás gur adhaltranas is foras d'iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh agus go gcruthaíonn an freagróir go ndearnadh an t-adhaltranas le cúlcheadú an iarratasóra, féadfaidh an chúirt an t-iarratas a dhiúltú.

Imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche a sheoladh.

45. —(1) Imeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 , faoi alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1981 , faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 agus faoin Acht um Stádas Leanaí, 1987 , beidh siad chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.

(2) Giúistísí dúiche a bheidh ag éisteacht agus ag cinneadh imeachtaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó abhcóidí nó aturnaetha a bheidh i láthair sna himeachtaí sin, ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

46. —(1) Féadfar an tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an lá a thitfidh sé mhí tar éis dháta rite an Achta seo.