An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

AN CHÉAD SCEIDEAL

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

1.—Beidh an tÚdarás ina gcomhlacht corpraithe agus comharbas suthain acu agus beidh cumhacht agartha acu agus beidh siad inagartha faoina n-ainm corpraithe agus beidh cumhacht acu talamh nó leas i dtalamh nó maoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2.—Is é a bheidh san Údarás cathaoirleach (dá ngairtear “an cathaoirleach” sa Sceideal seo) agus deich ngnáthchomhalta.

3.—Is é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis.

4.—Agus é ag ceapadh daoine chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Údarás, ceapfaidh an tAire triúr a ainmneofar ag cibé eagraíochtaí a bheidh ionadach d'fhostaithe agus a mheasfaidh sé is iomchuí, triúr a ainmneofar ag cibé eagraíochtaí a bheidh ionadach d'fhostóirí agus a mheasfaidh sé is iomchuí agus ceathrar a bheidh ionadach do cibé Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile, a mbaineann a ngníomhaíochtaí le nithe a bhfuil gaol acu le haon chríoch de chríocha an Achta seo, a mheasfaidh sé is iomchuí.

5.—Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht lena éirí as oifig amhail ar agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

6.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith an cathaoirleach a chur as oifig.

7.—(1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás nó d'fhoireann an Údaráis.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), forléireofar an fhomhír sin mar fhomhír a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fhomhír sin a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochar aoisliúntais.

8.—Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach i gcáil lánaimseartha nó páirtaimseartha agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana ar a mhéid ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

9.—Íocfar leis an gcathaoirleach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

10.—Is comhalta páirtaimseartha gach gnáthchomhalta den Údarás agus faoi réir an Sceidil seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

11.—Beidh cathaoirleach an Údaráis agus gnáthchomhalta den Údarás a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

12.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Údarás a chur as oifig.

13.—Féadfaidh gnáthchomhalta den Údarás éirí as oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as oifig amhail ar agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

14.—Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

15.—Íocfar le gach gnáthchomhalta den Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé caiteachais a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

16.—Ceapfaidh an tAire duine de ghnáthchomhaltaí an Údaráis chun bheith ina leaschathaoirleach ar an Údarás agus beidh mar fheidhm aige gníomhú mar chathaoirleach má bhíonn an cathaoirleach as láthair.

17.—I gcás go dtarlaíonn corrfholúntas i measc gnáthchomhaltaí an Údaráis, iarrfaidh an tAire láithreach ar an eagras a d'ainmnigh an comhalta sin roimhe sin duine a ainmniú lena cheapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar chun an folúntas a líonadh.

18.—(1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh siad socruithe a dhéanamh i dtaobh a n-imeachtaí agus a ngnó a rialáil.

(2) Féadfar le ceadú an Aire foráil a dhéanamh leis na socruithe sin chun coiste den Údarás d'urscaoileadh aon fheidhm d'fheidhmeanna an Údaráis faoi threoir ghinearálta an Údaráis.

19.—Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Údaráis a shocrú nó a cheadú.

20.—Cúigear is córam do chruinniú den Údarás.

21.—Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mura mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig chathaoirleach an Údaráis folamh, gníomhóidh leaschathaoirleach an Údaráis mar chathaoirleach;

(c) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig chathaoirleach an Údaráis folamh agus mura mbeidh an leaschathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an leaschathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an Údaráis a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

22.—Beidh vóta ag cathaoirleach an Údaráis agus ag gach gnáthchomhalta den Údarás a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna.

23.—Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Údarás a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear ar an gceist agus, i gcás comhionnanas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

24.—Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí.

25.—Faoi réir an Sceidil seo, rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta agus a ngnó.

26.—(1) Soláthróidh an tÚdarás séala dóibh féin a luaithe is féidir tar éis a mbunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú chathaoirleach an Údaráis nó le síniú comhalta éigin eile den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus aon doiciméad a bheidh séalaithe leis an séala glacfar i bhfianaise é.

27.—Ní státseirbhíseach aon duine de bhua amháin gur comhalta den Údarás é.