|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Rialacháin agus Cóid Chleachtais) | Ar Aghaidh (CUID VI Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh) |
AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Forfheidhmiú | |
[EN] |
Gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin. |
32. —(1) Faoi réir alt 16 (1) (a) agus (3), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire den Rialtas a cheapfaidh an tAire a bheith iomchuí, daoine (lena n-áirítear údaráis áitiúla) a fhorordú chun bheith ina ngníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin (agus gairfear “gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin” den duine sin san Acht seo) in ionad an Údaráis chun cibé forálacha de na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú a mhéid a bheidh forordaithe. |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhshocraíochtaí leordhóthanacha a dhéanamh chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú, a mhéid a chuirtear an fhreagracht uirthi, le rialacháin faoi fho-alt (1), iad a fhorfheidhmiú, agus an dualgas sin agus aon fheidhmeanna eile a thugtar di le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh de réir cibé treorach a thabharfaidh an tÚdarás di. | |
[EN] | (3) Beidh sé de dhualgas ar gach gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon tuairiscí agus aon fhaisnéis a bhaineann lena feidhmeanna agus lena gníomhaíochtaí faoin Acht seo, agus a éileoidh an tÚdarás ó am go ham, a thabhairt don Údarás. | |
[EN] |
Cigirí a údarú. |
33. —(1) Féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin daoine a údarú chun bheith ina gcigirí chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéar freagrachta de réir alt 16 nó 32, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad na húdaruithe sin a chúlghairm. |
[EN] | (2) Tabharfar deimhniú a údaraithe do chigire agus má éilítear air amhlaidh, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, nó ag féachaint lena feidhmiú, tabharfaidh sé ar aird a dheimhniú údaraithe nó cóip de agus é fíordheimhnithe go cuí ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin maille le céannacht phearsanta de chineál éigin. | |
[EN] |
Cumhachtaí cigirí. |
34. —(1) Beidh cumhacht ag cigire— |
[EN] | (a) dul isteach gach tráth in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint gur áit é a úsáidtear mar áit oibre agus an áit sin a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach gach tráth; | |
[EN] | (b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac tromaí air agus é ag feidhmiú a dhualgais; | |
[EN] | (c) aon duine eile a thabhairt leis a bheidh údaraithe ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin ábhartha nó aon trealamh nó ábhair a thabhairt leis a bheidh riachtanach chun críche ar bith dá mbeidh an chumhacht iontrála á feidhmiú; | |
[EN] | (d) i gcás go mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh ag nó in áit oibre ar bith, forneart réasúnach a úsáid nuair is gá é chun dul isteach san áit oibre, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe chuige sin le barántas ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche (agus údaraítear leis seo do Bhreitheamh den sórt sin an barántas sin a eisiúint ar fhoras réasúnach a bheith tugtha faoi mhionn); | |
[EN] | (e) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil na forálacha reachtúla ábhartha á gcomhlíonadh; | |
[EN] | (f) a cheangal go dtabharfar ar aird aon leabhair, cláir, taifid (cibé acu a choinnítear de láimh iad nó ar mhodh eile), deimhnithe, fógraí, doiciméid, léarscáileanna, agus pleananna a cheanglaítear a choinneáil de bhun aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, nó aon doiciméid eile ar gá dó iad a fheiceáil chun críocha aon scrúdú nó fiosrúcháin faoin Acht seo agus iad a iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh díobh nó a cheangal go soláthrófar cóip díobh, nó d'aon iontráil iontu, dó; | |
[EN] | (g) a cheangal ar aon duine, a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé in ann faisnéis a thabhairt atá ábhartha maidir le haon scrúdú nó fiosrúchán faoin Acht seo, freagra a thabhairt, ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, ar cibé ceisteanna maidir le nithe faoin Acht seo is cuí leis a chur agus dearbhú a shíniú i dtaobh fhírinne na bhfreagraí a thugtar, ar choinníoll nach gceanglófar ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh an duine féin; | |
[EN] | (h) ordú a thabhairt go bhfágfar gan cur isteach orthu aon áit oibre nó aon chuid d'áit oibre agus aon ní san áit nó sa chuid sin a fhad is gá le réasún chun críche aon scrúdaithe nó fiosrúcháin faoin Acht seo; | |
[EN] | (i) maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre, a cheangal ar an bhfostóir nó ar aon duine a fhaigheann sé ag an áit oibre nó ar aon duine a ndealraítear don chigire é a bheith i seilbh an airteagail nó na substainte, samplaí leordhóthanacha den chéanna a sholáthar gan íocaíocht le haghaidh tástála, scrúdú nó anailíse; | |
[EN] | (j) a chur faoi deara, maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre agus a ndealraítear don chigire gur thrúig chontúirte a bhí, nó is dóigh a bheidh, ann don tsábháilteacht nó don tsláinte, é a dhíchóimeáil nó a chur faoi aon phróiseas nó tástáil (ach ní ar shlí go ndéanfaí díobháil dó nó go millfí é mura bhfuil sin riachtanach sna himthosca chun críocha an Achta seo) agus i gcás go mbeartaíonn cigire an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i gcás airteagail nó substainte a fhaightear ag nó in aon áit oibre, déanfaidh sé, má iarrann duine air é atá i láthair an tráth sin ag an áit oibre sin nó ann agus a bhfuil freagrachtaí air i ndáil leis an áit oibre sin, a chur faoi deara gur i láthair an duine sin a dhéanfar aon ní atá le déanamh de bhua na cumhachta sin; | |
[EN] | (k) i ndáil le haon airteagal nó substaint a fhaightear ag áit oibre de réir mhír (j), seilbh a ghlacadh ar an airteagal nó ar an tsubstaint sin agus é a choinneáil a fhad is gá chun gach ceann nó aon cheann de na críocha seo a leanas, eadhon— | |
[EN] | (i) é a scrúdú, nó a shocrú go ndéanfar é a scrúdú, agus aon ní a dhéanamh leis a bhfuil cumhacht aige é a dhéanamh faoi mhír (j); | |
[EN] | (ii) a chinntiú nach gcuirfear isteach air sula gcríochnófar an scrúdú; | |
[EN] | (iii) a chinntiú go mbeidh fáil air lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí; | |
[EN] | (l) samplaí den atmaisféar a thógáil in aon áit oibre; | |
[EN] | (m) aon toisí nó aon fhótagraif a thógáil nó aon téipthaifeadtaí nó taifeadtaí, leictreacha nó eile, a dhéanamh a mheasann sé is gá chun críocha aon iniúchadh, scrúdú, nó fiosrúcháin a dhéanann sé faoin Acht seo; | |
[EN] | (n) a cheangal ar aon duine cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó atá faoina urláimh nó mar chuid dá fhreagrachtaí agus is gá le réasún lena chumasú dó aon chumhacht de na cumhachtaí a thugtar dó faoin Acht seo a fheidhmiú; agus | |
[EN] | (o) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Sula bhfeidhmeoidh sé cumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) (j) i gcás aon airteagail nó substainte, rachaidh cigire, a mhéid is féidir sin a dhéanamh le réasún, i gcomhairle le cibé daoine a dhealraíonn dó a bheith iomchuí chun a fhionnadh cé na contúirtí, más ann, a bhainfeadh le haon ní a dhéanamh a bheartaíonn sé a dhéanamh faoin gcumhacht sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, faoin gcumhacht a thugtar dó le fo-alt 1 (k), go nglacfaidh cigire seilbh ar aon airteagal nó substaint a fhaightear ag nó in aon áit oibre, tógfaidh sé sampla den airteagal nó den tsubstaint más féidir leis sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé cuid den sampla a bheidh marcáilte ar shlí leordhóthanach faoi chomhair a aithinte do dhuine freagrach ag an áit oibre. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh an tÚdarás aon chigire ar liachleachtóir cláraithe é a ainmniú i scríbhinn mar liachomhairleoir ceirde. | |
[EN] | (b) Beidh sé de dhualgas ar liachomhairleoir ceirde glacadh thar ceann an Údaráis le haon fhógra, tuairisc nó deimhniú a cheanglaítear, le foráil ar bith de na forálacha reachtúla ábhartha, ar liachleachtóir cláraithe a chur chuig an Údarás. | |
[EN] | (c) Féadfaidh liachomhairleoir ceirde— | |
[EN] | (i) a iarraidh ar aon duine a bhí, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina thuairim, i gcúrsa a chuid oibre, faoi lé aon phriacail díobhála coirp nó aon chontúirte eile dá shláinte; agus | |
[EN] | (ii) d'fhonn staid sláinte daoine a fhostaítear in áiteanna oibre éagsúla nó in áiteanna oibre sonraithe nó in áiteanna éagsúla san áit oibre céanna, a chur i gcomparáid le staid sláinte daoine eile, a iarraidh ar aon duine | |
[EN] | samplaí bitheolaíocha a chur ar fáil nó dul faoi scrúdú liachta, nó iad araon, ag cibé áit a ainmneoidh sé, cibé acu ag an liachomhairleoir féin nó thar a cheann nó ag cibé liachleachtóir cláraithe eile a shonróidh sé nó thar a cheannsan. | |
[EN] |
Orduithe agus pleananna feabhsúcháin. |
35. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má seoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo. |
[EN] | (2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann, nó gur dóigh go ngabhfaidh, priacal sábháilteachta nó sláinte daoine leo de réir mar a sheoltar iad nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad ag an duine i gceist, nó faoina rialú, féadfaidh an cigire ordú i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á iarraidh go ndéanfar, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú, plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid an chigire lena cheadú, ina sonrófar na bearta leasúcháin a bheartaítear a dhéanamh chun na nithe a bheidh leagtha amach san ordú a chur ina gceart. | |
[EN] | (3) Má chuirtear plean feabhsúcháin faoi bhráid cigire de réir fho-alt (2) agus nach deimhin leis é a bheith leordhóthanach féadfaidh sé a ordú go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a chur faoina bhráid arís laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú. | |
[EN] |
Fógra feabhsúcháin. |
36. —(1) Más é tuairim cigire go bhfuil aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha á shárú nó sáraithe ag duine nó gur mhainnigh an duine sin plean feabhsúcháin iomchuí a chur faoi bhráid an chigire nó a chur i ngníomh ar ordú a bheith tugtha dó chuige sin faoi alt 35, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige (dá ngairtear “fógra feabhsúcháin” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine sin á rá gurb é sin a thuairim agus san fhógra feabhsúcháin— |
[EN] | (a) sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo; | |
[EN] | (b) tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige; | |
[EN] | (c) más infheidhme, déarfar gur mhainnigh an duine plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid cigire nó an plean sin a chur i ngníomh; agus | |
[EN] | (d) ordófar don duine sin na sáruithe líomhnaithe a leigheas faoi dháta a bheidh sonraithe san fhógra, nár choir a bheith níos luaithe ná an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (3). | |
[EN] | (2) Féadfaidh orduithe maidir leis na bearta a bheidh le déanamh chun na sáruithe líomhnaithe atá leagtha amach san fhógra a leigheas, a bheith ar áireamh i bhfógra feabhsúcháin. | |
[EN] | (3) Duine arb ábhar éagóra leis fógra feabhsúcháin, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a sheirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra, ar an modh forordaithe, chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh— | |
[EN] | (a) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, fara nó d'éagmais modhnaithe, nó | |
[EN] | (b) an fógra a chealú. | |
[EN] | (4) Déanfaidh duine a dhéanann achomharc in aghaidh fógra feabhsúcháin fógra a thabhairt an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin de réir mar is iomchuí i dtaobh an achomhairc agus na bhforas le haghaidh an achomhairc agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht. | |
[EN] | (5) I gcás achomharc a dhéanamh i gcoinne fógra feabhsúcháin, glacfaidh an fógra éifeacht an lá díreach i ndiaidh an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (6) I gcás nach ndéantar aon achomharc in aghaidh fógra feabhs úcháin, glacfaidh an fógra éifeacht ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (7) Féadfaidh cigire fógra feabhsúcháin a tharraingt siar aon tráth roimh an dáta a bheidh sonraithe ann faoi fho-alt (1) (d) agus féadfaidh sé an dáta sin a chur siar nó a chur siar tuilleadh tráth ar bith nach mbeidh achomharc in aghaidh an fhógra ar feitheamh. | |
[EN] |
Fógra toirmisc. |
37. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh iad a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má sheoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo. |
[EN] | (2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh go ngabhfaidh, priacal díobhála pearsanta tromaí do dhaoine ag aon áit oibre de réir mar a sheoltar iad, nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad, ag an duine, nó faoi rialú an duine, i gceist, féadfaidh an cigire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) arna shíniú aige a sheirbheáil ar an duine sin. | |
[EN] | (3) I bhfógra toirmisc— | |
[EN] | (a) déarfar go bhfuil an cigire den tuairim a dúradh; | |
[EN] | (b) sonrófar na nithe arb é a thuairim gur astu, nó de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb astu, a eascraíonn an priacal sin; | |
[EN] | (c) más rud é ina thuairim go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, go ngabhfaidh, le haon cheann de na nithe sin, sárú ar aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, déarfar go bhfuil sé den tuairim sin, sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo, agus tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige; agus | |
[EN] | (d) ordófar, maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann an fógra, nach seolfar iad ag an duine, ná faoi rialú an duine, ar a seirbheáiltear an fógra ná ag aon duine eile ná faoi rialú aon duine eile mura leigheasfar na nithe a bheidh sonraithe san fhógra de bhun mhír (b), agus aon sárú comhbhainteach ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c). | |
[EN] | (4) Glacfaidh fógra toirmisc éifeacht— | |
[EN] | (a) má dhearbhaíonn an fógra amhlaidh, a luaithe díreach a fhaigheann an duine é ar a seirbheáiltear é; | |
[EN] | (b) in aon chás eile— | |
[EN] | (i) mura ndéantar aon achomharc in aghaidh an fhógra, ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí; nó | |
[EN] | (ii) i gcás achomharc den sórt sin a dhéanamh, ar an lá díreach i ndiaidh an lae a ndaingnítear an fógra ar achomharc nó a dtarraingítear siar an t-achomharc nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (5) Má thionscnaítear achomharc i gcoinne fógra toirmisc atá le héifeacht a ghlacadh de réir fho-alt (4) (a) ní bheidh d'éifeacht leis sin go ndéanfaidh sé oibriú an fhógra a fhionraí; ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh, agus ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ordú a thabhairt oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh. | |
[EN] | (6) (a) Duine arb ábhar éagóra leis fógra toirmisc, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a seirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra ar an modh forordaithe chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Chúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh sin— | |
[EN] | (i) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú fara nó d'éagmais modhnaithe; nó | |
[EN] | (ii) an fógra a chealú. | |
[EN] | (b) Más rud é, ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, go ndaingneofar fógra toirmisc, d'ainneoin fho-alt (4) féadfaidh an Breitheamh Dúiche a d'éist an t-achomharc, ar iarratas an achomharcóra, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse a mheasann sé a bheith iomchuí in imthosca an cháis. | |
[EN] | (7) Duine a dhéanann achomharc i gcoinne fógra toirmisc nó a dhéanann iarratas ar ordú chun feidhmiú an fhógra a fhionraí faoi fho-alt (5), tabharfaidh sé fógra an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dtaobh an achomhairc nó an iarratais agus i dtaobh na bhforas le haghaidh an achomhairc nó an iarratais agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc nó an t-iarratas a bheith á éisteacht. | |
[EN] | (8) Féadfaidh cigire fógra toirmisc a chúlghairm. | |
[EN] | (9) (a) I gcás fógra toirmisc a bheith seirbheáilte agus gníomhaíochtaí a bheith á seoladh de shárú ar an bhfógra, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó chigire, toirmeasc a chur, le hordú, ar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí. | |
[EN] | (b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt agus an t-ábhar á bhreithniú aici cibé ordú (más aon ordú é) eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le híocaíocht costas a cheapann an Chúirt a bheith iomchuí, a bheith san ordú trína ndéantar cinneadh ar iarratas faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] |
Cumhacht oifigigh custam agus máil airteagail etc., a choinneáil. |
38. —D'fhonn a éascú don Údarás aon cheann de na cumhachtaí nó de na dualgais is infheidhmithe acu faoi aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach custam agus máil ar é bheith údaraithe dó déanamh amhlaidh ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarraidh i scríbhinn chuige sin ón Údarás, aon airteagal nó substaint a allmhairítear a choinneáil a fhad is gá le réasún le go scrúdóidh cigire é, ach in aon chás tráth nach faide ná 48 n-uaire an chloig ó thráth coinneála an airteagail nó na substainte i gceist. |
[EN] |
Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid áite oibre. |
39. —(1) Má cheapann an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil an priacal do shábháilteacht agus do shláinte daoine chomh tromaí sin gur chóir srian nó toirmeasc láithreach a chur le húsáid áite oibre nó cuid d'áit oibre go dtí go mbeidh bearta sonraithe déanta chun an priacal a laghdú go dtí leibhéal réasúnta, féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú chun srian nó toirmeasc a chur le húsáid na háite oibre nó cuid den áit oibre, dá réir sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht le haon ordú den sórt sin d'ainneoin théarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile faoi chomhair úsáide na háite oibre nó cuid den áit oibre. | |
[EN] | (4) Ar aon iarratas chun ordú a chúlghairm nó a athrú faoi fho-alt (1), beidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal éisteacht a fháil. | |
[EN] |
Cigirí a shlánú, etc. |
40. —I gcás gur deimhin leis an Údarás nó le gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil cigire a bheidh údaraithe acu, nó aon chomhalta eile d'fhoireann an Údaráis, tar éis a dhualgais i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha reachtúla ábhartha a urscaoileadh ar mhodh bona fide, slánóidh siad an cigire nó an comhalta sin d'fhoireann an Údaráis in aghaidh gach caingne nó éilimh, is cuma conas a éiríonn siad, maidir le hurscaoileadh a dhualgas aige. |
[EN] |
Fiosrúchán ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin. |
41. —(1) Má líomhnaíonn an tÚdarás gur mhainnigh aon ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon fheidhm dá feidhmeanna faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire (agus ní thabharfar an toiliú sin ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire den Rialtas atá freagrach as gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a líomhnaítear gur mhainnigh sí a feidhmeanna a chomhlíonadh) a ordú go ndéanfar imscrúdú i dtaobh na mainneachtana chun gníomhú atá á líomhain. |
[EN] | (2) Ceapfaidh an tÚdarás duine nó daoine, a bheidh inniúil, chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus chun tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis ina luafar tátail faoin líomhain gur mhainnigh an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a feidhmeanna a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, a chur faoi deara go ndéanfar iomlán aon tuarascála, nó aon chuid d'aon tuarascáil, a thugtar de bhua fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) a chur ar fáil don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin i gceist, | |
[EN] | (b) a fhoilsiú cibé tráth agus ar cibé modh a cheapann an tÚdarás a bheith iomchuí. | |
[EN] | (4) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhoibriú le duine atá ag seoladh fiosrúcháin faoin alt seo. |