An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Tuarascálacha agus Fiosrúcháin Speisialta) Ar Aghaidh (CUID IX Ilghnéitheach)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID VIII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí

Cionta.

48. —(1) Is cion é ag duine—

(a) mainneachtain dualgas a urscaoileadh ar dualgas é a bhfuil an duine faoina réir de bhua ailt 6 go 8, 9 (1), 10, 11, 12 (5) go (8), 13 (1) agus (5), nó

(b) ailt 9 (2), 12 (1) go (4), a shárú, nó

(c) foráil de chuid rialacháin arna dhéanamh faoi alt 28 a shárú.

(2) Is cion é ag duine cosc, bac, bacainn nó moill a chur go toiliúil ar chigire aon fheidhmeanna a fheidhmiú a thugtar dó leis an Acht seo agus is cion é ag duine mainneachtain go toiliúil déanamh de réir iarrata nó treorach bona fide ó chigire i bhfeidhmiú a fheidhmeanna reachtúla.

(3) Is cion é ag duine cosc a chur, nó féachaint le cosc a chur, ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh cigire freagra a éileamh uirthi de bhua alt 34.

(4) Is cion é mainneachtain a dhéanamh plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid cigire laistigh den am a bheidh sonraithe in ordú faoi alt 35 nó mainneachtain a dhéanamh plean feabhsúcháin arna cheadú de réir an ailt sin 35 a chur i ngníomh, ach is cosaint mhaith ar ionchúiseamh faoin alt sin 35 a shuíomh go ndearnadh bearta eile a chuir a chomhionann de chosaint, ar a laghad, ar fáil.

(5) Is cion é ag duine sárú a dhéanamh ar aon cheanglas de chuid fógra feabhsúcháin a eisítear de réir alt 36.

(6) Is cion é ag duine gníomhaíochtaí a sheoladh de shárú ar fhógra toirmisc a eisítear de réir alt 37.

(7) Is cion é ag duine cosc, bac, bacainn nó moill a chur go toiliúil ar oifigeach custam agus máil i bhfeidhmiú aon chumhachta de na cumhachtaí a thugtar dó le halt 38.

(8) Is cion é ag duine sárú a dhéanamh ar aon cheanglas a fhorchuirtear le fógra a éilíonn faisnéis faoi alt 42.

(9) Is cion é ag duine aon fhaisnéis a úsáid nó a nochtadh de shárú ar alt 45.

(10) Is cion é ag duine bac a chur d'aonghnó ar aon duine i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 46.

(11) Más rud é gan leithscéal réasúnach a bheith aige (is leithscéal ar air féin a bheidh sé é a chruthú), go mainneoidh duine, tar éis na caiteachais (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a bheith tairgthe dó, nó go ndiúltóidh sé, déanamh de réir aon toghairme nó foréilimh ó bhinse a bheidh ceaptha faoi alt 47 nó má chuireann sé cosc nó bacainn thairis sin ar an mbinse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion.

(12) Is cion é ag duine ráiteas a dhéanamh is eol dó a bheith bréagach nó ráiteas atá bréagach a dhéanamh go meargánta má dhéantar an ráiteas—

(a) mar chomhlíonadh airbheartaithe ar cheanglas faisnéis ar bith a thabhairt a bheidh forchurtha le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó faoi aon fhoráil acu sin; nó

(b) d'fhonn go ndéanfar doiciméad a eisiúint dó féin nó do dhuine eile faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(13) Is cion é ag duine iontráil bhréagach a dhéanamh d'aonghnó in aon chlár, leabhar, fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear a choinneáil, a sheirbheáil nó a thabhairt le haon fhoráil, nó faoi aon fhoráil, de na forálacha reachtúla ábhartha nó, le hintinn mheabhlaireachta, úsáid a bhaint as aon iontráil den sórt sin is eol dó a bheith bréagach.

(14) Is cion é ag duine má dhéanann sé, le hintinn mheabhlaireachta, doiciméad a bhrionnú nó a úsáid, is doiciméad a eisítear nó a údaraítear a eisiúint faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó a éilítear chun críche ar bith faoi na forálacha sin nó doiciméad a dhéanamh amach nó a bheith i seilbh doiciméid atá chomh dlúthchosúil sin le haon doiciméad den sórt sin go bhfuil sé ceaptha meabhlaireacht a dhéanamh.

(15) Is cion é ag duine a chur i gcéill gur cigire é.

(16) I gcás go gciontaítear duine i cion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú dó bearta a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, chun na nithe sin a leigheas ar maidir leo a tharla an sárú (agus féadfaidh sí, ar iarratas chuige sin, an tréimhse a shonraítear amhlaidh a fhadú) agus beidh aon duine ciontach i gcion a mhainneoidh déanamh de réir aon ordaithe den sórt sin laistigh den tréimhse shonraithe (arna fadú).

(17) Má mharaítear duine, má fhaigheann sé bás nó má bhaineann díobháil phearsanta dó de dhroim duine do shárú aon fhorála de na forálacha reachtúla ábhartha, ar dhuine é atá faoi réir dualgais de bhua ailt 6 go 11, beidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo; ach

(i) ní bheidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo má rinneadh ionchúiseamh ina choinne maidir leis an ngníomh nó leis an mainneachtain ba chúis leis an mbás nó leis an díobháil, a éisteacht agus a dhíbhe sular tharla an bás nó an díobháil;

(ii) i gcás díobhála don tsláinte, ní bheidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo murarbh é an sárú ba chúis leis an díobháil go díreach.

(18)  (a) I gcás go gcúisítear duine i leith ciona achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, beidh sé i dteideal, ar fhaisnéis a bheith tugtha go cuí aige agus ar fhógra trí lá ar a laghad a bheith tugtha aige i scríbhinn don ionchúiseamh faoina bhfuil beartaithe aige, aon duine eile a gcuireann sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é a thabhairt os comhair na cúirte an tráth atá ceaptha chun an cúiseamh a éisteacht (cibé acu is gníomhaire nó seirbhíseach dá chuid an duine eile nó nach ea);

(b) i gcás go gcruthaítear go ndearnadh an cion agus go ndéanann an chéad duine a chúisítear a chruthú chun sástacht na cúirte go ndearna sé gach dícheall chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú agus go ndearna an duine eile, a gcuireann sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é, an cion d'éagmais toiliú, cúlcheadú nó mainneachtain thoiliúil ar bith ar a thaobh féin, déanfar an duine eile sin a chiontú sa chion go hachomair agus ní bheidh an chéad duine ciontach sa chion, agus, de rogha na cúirte, beidh an duine a chiontófar faoi dhliteanas freisin aon chostais a íoc a bhaineann leis na himeachtaí;

(c) in aon chás lena mbaineann an fo-alt seo beidh an ceart ag an ionchúiseamh an chéad duine a chúisítear, i gcás go dtugann sé fianaise, agus aon fhinnéithe a ghlaonn sé mar thacaíocht leis an gcur-i-leith a rinne sé, a chroscheistiú agus fianaise fhrisnéiseach a thabhairt ar aird.

(19)  (a) Más rud é, maidir le cion a dhéanann comhlacht corpraithe faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó is bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin nó is oifigeach eile den sórt sin don chomhlacht corpraithe, nó is duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin;

(b) i gcás cúrsaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistí ag a chomhaltaí beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.

(20) Más rud é gur de dheasca mainneachtana ní éigin a dhéanamh ag am, nó laistigh d'am, a bheidh socraithe le foráil nó faoi fhoráil ar bith de na forálacha ábhartha sin, a rinneadh cion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, measfar go leanfaidh an cion go dtí go ndéanfar an ní sin.

Pionóis.

49. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4), duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nach bhforáiltear aon phionós airgid sainráiteach ina leith, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(2) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 48 (1) dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil a chur air.

(3) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion—

(a) faoi fho-alt (6) nó (9) d'alt 48, nó

(b) arb é atá sa chion sárú a dhéanamh ar aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha trí rud éigin a dhéanamh ar shlí seachas faoi údarás ceadúnais a d'eisigh an tÚdarás nó aon chomhlacht forordaithe eile, ar rud éigin é a bhfuil ceadúnas den sórt sin riachtanach chun é a dhéanamh faoi na forálacha reachtúla ábhartha, nó

(c) arb é atá sa chion sárú ar théarma nó ar choinníoll nó ar shrian a ghabhann le haon cheadúnas den sórt a luaitear i mír (b)

dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chruthaíonn cion indíotáilte maidir le rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

Dualgas cruthúnais.

50. —In aon imeachtaí i leith ciona faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha arb é a bheidh ann mainneachtain déanamh de réir dualgais nó ceanglais rud éigin a dhéanamh a mhéid is féidir, nó a mhéid is féidir le réasún, nó úsáid a bhaint as an modh is fearr is féidir chun rud éigin a dhéanamh, is ar an gcúisí a bheidh sé a chruthú (de réir mar a bheidh) nárbh fhéidir nó nárbh fhéidir le réasún níos mó a dhéanamh ná mar a rinneadh iarbhír chun an dualgas nó an ceanglas a chomhlíonadh, ná nach raibh aon mhodh praiticiúil ab fhearr ná an modh a úsáideadh iarbhír chun an dualgas nó an ceanglas a chomhlíonadh.

Cionta a ionchúiseamh, etc.

51. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás aon chion achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a ionchúiseamh.

(2) I gcás gurb é a bheidh i gcion achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ná sárú ar fhoráil atá le forfheidhmiú ag gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, féadfaidh an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin an cion a ionchúiseamh.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith aon chiona faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a thionscnamh ag aon tráth laistigh de bhliain amháin tar éis dháta an chiona.

(4) Más rud é—

(a) go dtugtar tuarascáil speisialta i dtaobh aon ní lena mbaineann alt 46 den Acht seo; nó

(b) go ndéanann aon duine a bheidh ag seoladh fiosrúcháin i dtaobh aon ní de bhua alt 47, tuarascáil a thabhairt; nó

(c) go seoltar ionchoisne cróinéara i dtaobh bhás aon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc a tharla nuair a bhí sé ag an obair, nó galar a tholg sé, nó is dóigh a tholg sé, ag an obair nó tionóisc, gníomh nó neamhghníomh a tharla i ndáil le hobair aon duine cibé é féin;

agus gur cosúil ón tuarascáil nó, i gcás a thagann faoi réim mhír (c), ó na himeachtaí ag an ionchoisne, gur sáraíodh aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ag tráth a bhí ábhartha i ndáil le hábhar na tuarascála, nó an ionchoisne, féadfar tráth ar bith laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt, nó i gcás a thagann faoi réim mhír (c), laistigh de thréimhse sé mhí tar éis dheireadh an ionchoisne, tús a chur le himeachtaí achoimre i gcoinne aon duine a ndlítear imeachtaí a shaothrú ina choinne i leith an tsáraithe.

Achomhairc i gcoinne orduithe.

52. —Aon duine (lena n-áirítear an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin) arb ábhar éagóra leis ordú a rinne an Chúirt Dúiche tar éis di cinneadh a dhéanamh ar ghearán faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina choinne chuig breitheamh den Chúirt Chuarda ar ina cuaird atá an Chúirt Dúiche inar tugadh an cinneadh suite, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh i gcinneadh an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar aon achomharc den sórt sin.

Fianaise.

53. —(1) Má fhaightear duine in aon áit oibre aon tráth a bhfuil obair ar siúl ann, measfar go dtí go gcruthófar a mhalairt, chun críocha an Achta seo, go raibh sé ar fostú san áit oibre sin.

(2) I gcás go gceanglaítear le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha aon iontráil a dhéanamh in aon chlár nó taifead, beidh an iontráil a dhéanfaidh an fostóir, nó a dhéanfar thar a cheann, inghlactha mar fhianaise, amhail ina choinne, ar na fíorais a bheidh ráite san iontráil, agus más rud é nach mbeidh aon iontráil déanta a cheanglaítear a dhéanamh amhlaidh maidir le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a urramú, beidh an méid sin inghlactha mar fhianaise nár urramaíodh an fhoráil.