|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989) | Ar Aghaidh (CUID II An Banc Ceannais) |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an Chuid seo agus Caibidil VII de Chuid II i ngníomh ar dháta rite an Achta seo agus, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, tiocfaidh na forálacha eile den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú i gcoitinne. |
3. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (2) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó do Chaibidil, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó do Chaibidil nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Déantar leis seo na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |