An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cumhachtaí Cumainn Foirgníochta) Ar Aghaidh (CUID V Bainistí Cumann Foirgníochta)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID IV

Rialú agus Maoirsiú Cumann Foirgníochta ag an mBanc Ceannais

Dualgas an Bhainc Ceannais i leith cumann foirgníochta.

37. —(1) Faoi réir fheidhm agus dhualgas ginearálta an Bhainc Ceannais faoi alt 6 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1942, riarfaidh an Banc an córas rialaithe agus maoirsithe do chumainn fhoirgníochta dá bhforáiltear leis an Acht seo nó faoi, d'fhonn—

(a) go gcosnóidh gach cumann cistí a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí, agus

(b) go gcothabhálfar cobhsaíocht agus leas airgeadais na gcumann i gcoitinne.

(2) Beidh de chumhacht ag an mBanc Ceannais aon ní a dhéanamh ar dóigh dó, ina thuairim, feidhmiú a fheidhmeanna a éascú nó a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin nó a leanann as.

(3) I dtuarascáil an Bhainc Ceannais faoi alt 36 den Acht Airgid Reatha, 1927 , beidh tuarascáil faoi fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo.

Soláthar airgeadais morgáiste.

38. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is dóigh leis is gá, athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ar leordhóthanacht an tsoláthair d'airgeadas morgáiste chun tithíocht a chur ar fáil nó a fheabhsú agus cuirfidh sé a mheasúnacht i dtaobh an gá atá le hairgeadas den sórt sin in iúl don Bhanc Ceannais.

(2) Gan dochar d'fhorálacha alt 6 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , déanfaidh an Banc Ceannais, a luaithe is féidir le réasún, a thuairimí i dtaobh na measúnachta sin a thabhairt don Aire agus cuirfidh sé aon bheart is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe a ghlacadh in iúl don Aire.

(3) Cuirfidh gach cumann foirgníochta cibé faisnéis agus tuairisceáin faoi bhráid an Aire laistigh de cibé tréimhse a cheanglóidh an tAire ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna i ndáil leis an gclár náisiúnta tithíochta.

Cóimheasanna agus struchtúir sócmhainní agus dliteanas.

39. —(1) Coinneoidh cumann foirgníochta gach uile thráth cibé cion dá shócmhainní iomlána i bhfoirm leachtach (dá ngairtear “sócmhainní leachtacha” anseo ina dhiaidh seo), agus cibé comhdhéanamh acu a chumasóidh don chumann freastal dá dhliteanais de réir mar a thagann siad ar aghaidh.

(2) Chun críocha fho-alt (1) a chomhlíonadh, beidh aird ag cumann ar raon agus ar scála a ghnó féin agus gnó aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile dá chuid agus ar chomhdhéanamh agus ar ghné a chuid sócmhainní agus dliteanas agus sócmhainní agus dliteanais aon chomhlachta den sórt sin.

(3) Féadfaidh cumann sócmhainní leachtacha a choinneáil de bhreis orthu siúd a cheanglaítear a choinneáil chun fo-alt (1) a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an Banc Ceannais ó am go ham a cheangal ar chumann—

(a) cóimheas sonraithe,

(b) cóimheas nach mó ná cóimheas sonraithe, nó

(c) cóimheas nach lú ná cóimheas sonraithe,

a choimeád idir a shócmhainní agus a dhliteanais agus féadfar an cóimheas sonraithe a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais lena mbaineann.

(5) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gceanglas de chuid an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (4) go bhfuil feidhm aige—

(a) i ndáil le gach cumann nó le cumainn d'earnáil shonraithe nó d'earnálacha sonraithe,

(b) i ndáil le sócmhainní uile nó dliteanais uile na gcumann lena mbaineann nó le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe, nó le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe, de chuid na gcumann sin,

(c) i ndáil le tráth nó tráthanna sonraithe nó le linn tréimhse nó tréimhsí sonraithe,

agus beidh éifeacht leis de réir a théarmaí.

(6) Féadfaidh an Banc Ceannais ceanglas faoi fho-alt (4), a bheidh i bhfeidhm, a chúlghairm nó féadfar é a leasú le ceanglas ina dhiaidh sin faoin bhfo-alt sin.

(7) Féadfaidh an Banc Ceannais ó am go ham, maidir le cumann, ceanglais a shonrú ó thaobh chomhdhéanamh shócmhainní an chumainn agus, faoi réir alt 18 (3), féadfaidh sé ceanglais a shonrú ó thaobh chomhdhéanamh dhliteanais an chumainn.

(8) Le linn sócmhainní agus dliteanais cumainn, a bhfuil comhlacht corpraithe eile i gcomhlachas leis, a bheith á gcinneadh chun críocha an ailt seo, cuirfear síos don chumann, i slí a mbeidh glacadh ag an mBanc Ceannais leis nó de réir mar a shonróidh sé, na socmhainní agus na dliteanais go léir de thuairisc ar bith, nó cuid den chéanna, de chuid an chomhlachta chomhlachaithe.

(9) (a) Faoi réir mhír (b), ciallaíonn “sócmhainní leachtacha” sócmhainní a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais mar shócmhainní leachtacha chun críocha an ailt seo lena n-áirítear taiscí leis an mBanc.

(b) Go dtí go ndéanfaidh an Banc Ceannais sonrú faoi mhír (a), folaíonn “socmhainní leachtacha” sócmhainní a bheidh á sealbhú i bhfoirm dá bhforáiltear le halt 38 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 , d'ainneoin aisghairm an Achta sin.

(10) San alt seo—

(a) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe ag an mBanc Ceannais faoin alt seo,

(b) folaíonn “dliteanais” cibé dliteanais theagmhasacha a bheidh sonraithe ó am go ham ag an mBanc Ceannais chun críocha an ailt seo.

An Banc Ceannais do chúlghairm údarú agus do thabhairt treorach.

40. —(1) Cúlghairfidh an Banc Ceannais údarú cumainn foirgníochta más rud é—

(a) go mbeidh iarrtha ag an gcumann ar an mBanc a údarú a chúlghairm,

(b) go mbeidh iarrtha ag an gcumann ar an mBanc a chlárú a chealú,

(c) go mbeidh an cumann tar éis cónascadh le cumann eile, nó tar éis a ghealltanais go léir a aistriú chuig cumann eile, faoi alt 95 nó 96, nó

(d) go mbeidh tús curtha le himeachtaí chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109.

(2) I gcás gur deimhin leis an mBanc Ceannais—

(a) nár bhain cumann leas as an údarú laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh é,

(b) go bhfuil scortha ag cumann de bheith ag seoladh gnó cumainn foirgníochta le breis agus 6 mhí,

(c) gur fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó chun cistí scairshealbhóirí nó taisceoirí a chosaint,

(d) go bhfuil scortha ag cumann de é a bheith mar cheann dá chuspóirí iasachtaí tithíochta a thabhairt,

(e) go bhfuil cumann éirithe, nó gur dóigh go n-éireoidh sé, neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe agus a scairshealbhóirí nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí a bheidh dlite go dleathach de,

(f) go bhfuil mainnithe ag cumann cóipeanna dá chuntais bhliantúla a chur chuig an mBanc mar a cheanglaítear le halt 82,

(g) nár chomhlíon cumann coinníoll atá curtha i gceangal le húdarú an chumainn nó le ceadú chun cumhacht a fheidhmiú faoi alt 36,

(h) go bhfuil mainnithe ag cumann déanamh de réir ceanglais de chuid an Achta seo nó de réir ceanglais nó coinníoll de chuid an Bhainc, nó fógra ón mBanc, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin Acht seo dó,

(i) gur ciontaíodh cumann, ar díotáil, i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó i gcion lenar ghabh calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,

(j) nach bhfuil acmhainní caipitiúla leordhóthanacha ag cumann a thuilleadh nó nach bhfuil acmhainní den sórt sin á gcothabháil aige agus gur dócha nach mbeidh ar a chumas iad a chothabháil agus go háirithe nach gcuireann sé urrús ar fáil a thuilleadh le haghaidh na gcistí atá faoina chúram,

(k) go bhfuil athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an t-údarú nó a meastar é a bheith deonaithe faoi alt 17, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus go ndiúltófaí d'iarratas ar údarú dá mba sna himthosca athraithe a dhéanfaí é, nó

(l) go bhfuair cumann an t-údarú trí ráitis bhréagacha nó ar mhodh mírialta eile,

féadfaidh an Banc, de réir mar is dóigh leis is cuí, cúlghairm a dhéanamh ar údarú a deonaíodh nó a mheastar a bheith deonaithe do chumann faoi alt 17, nó treoir i scríbhinn a thabhairt don chumann á ordú dó fionraí a dhéanamh, go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, ar gach ceann nó ar aon cheann díobh seo a leanas, is é sin le rá—

(i) cruinniú cistí,

(ii) déanamh íocaíochtaí,

(iii) fáil nó diúscairt sócmhainní nó dliteanas eile,

nach mbeidh údaraithe ag an mBanc.

(3) Beidh feidhm ag an gCeathrú Sceideal maidir le húdarú a chúlghairm.

(4) Beidh feidhm ag an gCúigiú Sceideal maidir le treoir ón mBanc Ceannais faoi fho-alt (2).

(5) Fad a bheidh treoir faoin alt seo i bhfeidhm, ní fhéadfar aon imeachtaí foirceanta i ndáil leis an gcumann a thosú ná aon rún le haghaidh foirceannadh a rith i ndáil leis an gcumann ná ní fhéadfar aon ghlacadóir a cheapadh i ndáil le maoin nó aon chuid de mhaoin an chumainn ná le gnóthas an chumainn ná ní dhéanfar aon astú, forlámhú ná tochsal ar shlí eile ar mhaoin an chumainn ach amháin le cead roimh ré ón gCúirt.

(6) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

Iniúchtaí, faisnéis, etc.

41. —(1) Féadfaidh Rialtóir an Bhainc Ceannais a údarú i scríbhinn do dhuine (“duine údaraithe”), ar oifigeach don Bhanc, nó aon duine eile ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí nó an taithí chuí é, iniúchadh nó imscrúdú a dhéanamh ar staid ghnó agus ar sheoladh gnó cumainn foirgníochta nó comhlachta chorpraithe eile atá, nó a bhí an tráth ábhartha, ina fhochuideachta nó ina chomhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn nó ar aon ghné áirithe den ghnó sin agus tuarascáil faoin gcéanna a thabhairt don Bhanc.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, nó duine údaraithe, a cheangal ar chumann nó ar chomhlacht eile a luaitear i bhfo-alt (1)—

(a) cibé faisnéis, doiciméid, nó cibé ábhar eile nó míniú ar chúrsaí, a bhaineann le gnó an chumainn nó leis na pleananna atá ann le haghaidh forbairt an chumainn agus a fhochuideachta nó a chomhlachtaí comhlachaithe eile, de réir mar a bheidh sonraithe, amach anseo, a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nó ag tráth sonraithe nó in áit shonraithe; agus

(b) tuarascáil ó dhuine a bheidh ceadaithe ag an mBanc, nó ón duine údaraithe, maidir le faisnéis nó doiciméid nó ábhar eile a bheidh tugtha amhlaidh, nó maidir le gnéithe sonraithe den chéanna.

(3) Féadfaidh duine údaraithe, ar é do thabhairt a údaraithe ar aird má iarrtar sin air, dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh cumainn nó comhlachta chorpraithe eile a luaitear i bhfo-alt (1) agus scrúdú a dhéanamh ar aon doiciméid nó ábhar agus cóipeanna a dhéanamh den chéanna nó sleachta a thógáil as nó astu.

(4) Féadfar ceanglas faoin alt seo a fhorchur ar chumann i ndáil le faisnéis, doiciméid nó ábhar eile a bheidh ina sheilbh nó faoina rialú ag fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe lasmuigh den Stát.

(5) An dualgas chun aon fhaisnéis, doiciméad, ábhar nó míniú a thabhairt ar aird nó a sholáthar baineann sé freisin le leachtaitheoir nó le haon duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí nó ina ghníomhaire don chumann nó don chomhlacht eile, de réir mar a bheidh, nó a ndealraíonn sé don Bhanc Ceannais nó don duine údaraithe go bhfuil an fhaisnéis, an doiciméad, an t-ábhar nó an míniú ina sheilbh nó faoina rialú aige.

(6) I gcás aon duine a gceanglófar air doiciméad nó ábhar a thabhairt ar aird d'éileamh liain ar an doiciméad nó ar an ábhar, ní dochar don lian é a thabhairt ar aird.

(7) Ní chuirfidh aon ní san alt seo iallach ar abhcóide nó ar aturnae doiciméad nó ábhar ina bhfuil cumarsáid a thug sé, nó a tugadh dó, faoi phribhléid sa cháil sin a thabhairt ar aird nó faisnéis atá i gcumarsáid faoi phribhléid a tugadh amhlaidh a thabhairt.

(8) Féadfaidh an Banc Ceannais nó duine údaraithe cóipeanna a dhéanamh d'aon doiciméad nó ábhar, nó sleachta a thógáil as aon doiciméad nó ábhar, a tugadh ar aird i gcomhlíonadh an ailt seo agus féadfaidh sé a cheangal ar an duine a thug ar aird é nó ar aon duine eile is stiúrthóir nó iarstiúrthóir ar an gcumann nó ar an gcomhlacht eile, nó is oifigeach nó iaroifigeach dó, nó atá nó a bhí tráth ar bith ar fostú aige, míniú a thabhairt ar an doiciméad nó ar an ábhar agus mura dtabharfar an doiciméad nó an t-ábhar ar aird, féadfaidh sé a cheangal ar an duine ar ceanglaíodh air é a thabhairt ar aird a rá, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, cá bhfuil an doiciméad nó an t-ábhar.

(9) San alt seo—

(a) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i bhfógra faoin alt seo,

(b) folaíonn “gníomhaire”, i ndáil le cumann, nó i ndáil le haon fhochuideachta nó comhlacht eile atá i gcomhlachas leis a bhfuil a ghnó á imscrúdú, baincéirí, cuntasóirí, aturnaetha, iniúchóirí agus comhairleoirí airgeadais agus comhairleoirí eile an chumainn, na fochuideachta nó an chomhlachta sin,

(c) aon tagairt d'oifigeach, d'fhostaí nó do ghníomhaire de chuid cumainn nó comhlachta eile folaíonn sí tagairt do dhuine a bhí, ach nach bhfuil a thuilleadh, ina oifigeach, ina fhostaí nó ina ghníomhaire de chuid an chumainn nó an chomhlachta sin.

Fógraíocht a rialú.

42. —(1) Más rud é, maidir le haon chumann foirgníochta, gur dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé treoir a thabhairt don chumann i ndáil le hábhar agus foirm aon fhógráin nó aon mhodha eile chun taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna sa chumann a shireadh nó i ndáil le hábhar agus foirm aon fhógráin a bhaineann le haon seirbhís atá á cur ar fáil nó gnó atá á dhéanamh ag an gcumann agus féadfaidh sé a ordú don chumann fógrán a tharraingt siar nó scor d'fhógraíocht a dhéanamh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le treoir faoin alt seo, na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a dhéanamh—

(a) a thoirmeasc ar an gcumann fógráin de gach tuairisc nó d'aon tuairisc shonraithe a eisiúint,

(b) a cheangal ar an gcumann fógráin de thuairisc shonraithe a mhodhnú ar bhealach sonraithe,

(c) a thoirmeasc ar an gcumann aon fhógráin a eisiúint ar aithris iad, nó ar aithris iad tríd is tríd, ar fhógrán sonraithe,

(d) a cheangal ar an gcumann aon fhógrán sonraithe nó aon fhógrán de thuairisc shonraithe a tharraingt siar, nó

(e) a cheangal ar an gcumann faisnéis shonraithe a áireamh in aon fhógrán a fhoilseoidh sé nó a fhoilseofar thar a cheann nó in aon ráiteas don phobal a dhéanfaidh sé féin nó a dhéanfar thar a cheann.

(3) San alt seo—

(a) folaíonn “fógrán” aon ní lena mbaineann an t-alt seo a mholadh ar gach slí, lena n-áirítear go háirithe aon ní den sórt sin a thaispeáint nó a fhoilsiú trí bhileoigín, fógra, ciorclán, paimfléad, bróisiúr, fótagraf, scannán, fístaifead, fuaimchraoladh, teilifís, cumarsáid leictreonach nó canbhasáil phearsanta agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'fhógráin a eisiúint; agus

(b) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i dtreoir faoin alt seo.

Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc.

43. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ar an slí achomair ag an mBanc Ceannais, gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil—

(a) sárú ar an Acht seo,

(b) mainneachtain déanamh de réir coinníll a forchuireadh i ndáil le húdarú de bhua alt 17, nó de réir treorach faoi alt 40 nó 42, nó

(c) mainneachtain déanamh de réir coinníll a forchuireadh ar cheadú faoi alt 36 chun cumhacht inghlactha a fheidhmiú,

déanta nó á dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann, leanúint den sárú nó den mhainneachtain nó, i gcás mhír (c), a cheangal go scoirfí den chumhacht inghlactha a fheidhmiú.

(2) Féadfaidh an Chúirt, le linn di an t-iarratas a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.

(3) Ní dochar na forálacha roimhe seo den alt seo d'fheidhmeanna ginearálta an Bhainc Ceannais.

(4) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

Faisnéis a nochtadh.

44. —(1) Aon duine atá, tráth thosach feidhme an ailt seo, nó a cheapfar chun bheith aon tráth dá éis, ina Rialtóir ar an mBanc Ceannais nó ina Stiúrthóir, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dá chuid, nó atá fostaithe in aon cháil eile ag an mBanc, ní dhéanfaidh sé, le linn a théarma oifige nó fostaíochta nó aon tráth dá éis sin, aon fhaisnéis a nochtadh i dtaobh ghnó aon chumainn foirgníochta nó aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá chomhlachtaí comhlachaithe eile, a thiocfaidh ar a iúl de bhua a oifige nó a fhostaíochta mura ndéanfar an nochtadh sin chun a chumasú don Bhanc a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Na forálacha maidir le neamhnochtadh atá i bhfo-alt (1) ní bheidh feidhm acu maidir le haon nochtadh—

(a) a cheanglaíonn cúirt a dhéanamh i ndáil le haon imeachtaí coiriúla,

(b) a dhéanfar le toiliú an duine lena mbaineann an fhaisnéis agus, murab é an duine céanna é, le toiliú an duine óna bhfuarthas an fhaisnéis sin,

(c) i gcás ina mbeidh nó ina raibh an Banc Ceannais ag gníomhú i gcáil gníomhaire thar ceann duine, a dhéanfar don duine maidir leis an gcáil sin,

(d) i gcás inar dóigh leis an mBanc gur gá é ar mhaithe le leas an phobail, a dhéanfar d'aon duine ar a bhfuil an cúram faoin dlí maoirseacht a dhéanamh ar fhorais airgeadais (bíodh nó ná bíodh siad i dteideal airgead a ghlacadh ar taisce ón bpobal) agus a bhfuil, i dtuairim an Bhainc, oibleagáidí air a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,

(e) a dhéanfar d'údarás i ndlínse eachtrach a bheidh údaraithe go cuí feidhmeanna a fheidhmiú sa dlínse sin a fhreagraíonn d'fheidhmeanna an Bhainc faoin gCuid seo agus faoi alt 17 agus a bhfuil, i dtuairim an Bhainc, oibleagáidí air a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,

(f) a dhéanfar d'aon fhoras de chuid na gComhphobal Eorpach chun críche bhallraíocht an Stáit d'aon Chomhphobal acu sin,

(g) a dhéanfar i bhfoirm achoimre nó bailiúcháin faisnéise a bheidh dréachtaithe ar chaoi a fhágfaidh nach féidir faisnéis i ndáil le haon chomhlacht nó duine áirithe a fhionnadh as,

(h) is gá, i dtuairim an Bhainc, chun cosaint a thabhairt do chistí scairshealbhóirí i gcumann foirgníochta nó do chistí a chuid taisceoirí nó chun leasanna an Bhainc a chosaint,

(i) a dhéanfar don Aire chun críocha a fheidhmeanna i ndáil leis an gclár náisiúnta tithíochta.

(3) Tar éis thosach feidhme an ailt seo, maidir le gach duine a cheapfar mar Rialtóir nó ina Stiúrthóir ar an mBanc Ceannais, nó ina oifigeach nó mar sheirbhíseach don Bhanc, nó a bheidh fostaithe ag an mBanc in aon cháil eile—

(a) cuirfidh an Banc in iúl dó, sula rachaidh sé i gcúram na hoifige nó na fostaíochta, cad iad na hoibleagáidí a bheidh air faoin alt seo, agus

(b) admhóidh sé gur cuireadh in iúl dó amhlaidh, agus go dtuigeann sé, na hoibleagáidí a bheidh air,

i cibé caoi a chinnfidh an Banc.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(5) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, ní gá a chruthú nach bhfuil feidhm ag forálacha fho-alt (2) agus is faoin duine a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as aon cheann de na forálacha sin a bheidh sé a chruthú go bhfuil feidhm ag an gcéanna.

Cigire a cheapadh agus cruinniú speisialta a ghairm.

45. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh líon nach lú ná an deichiú cuid de líon iomlán na gcomhaltaí i gcumann foirgníochta atá i dteideal vótáil de bhun alt 69 (1) (a), nó 200 comhalta den sórt sin, cibé acu is lú, iarratas chun an Bhainc Ceannais; nó

(b) gurb é tuairim an Bhainc Ceannais gur chóir imscrúdú a dhéanamh i dtaobh gnóthaí cumainn nó gur call go mbreithneofaí gnóthaí an chumainn ag cruinniú de chomhaltaí an chumainn;

féadfaidh an Banc, de réir mar is cuí leis, cigire amháin nó níos mó a cheapadh chun gnóthaí an chumainn agus, más gá, gnóthaí aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile, a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu i cibé slí a ordóidh sé, nó féadfaidh sé cruinniú speisialta den chumann a ghairm.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, cigire a cheapadh agus cruinniú a ghairm faoi fho-alt (1).

(3) (a) Beidh de thaca le hiarratas faoin alt seo cibé fianaise a ordóidh an Banc Ceannais lena thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag na hiarratasóirí chun a éileamh go ndéanfaí an t-imscrúdú nó go ngairfí an cruinniú agus lena thaispeáint nach le rún mailíse a rinne siad an t-iarratas.

(b) Tabharfar don chumann agus, i gcás go mbainfidh an t-imscrúdú lena gnóthaí nó lena ghnóthaí siúd chomh maith, tabharfar d'fhochuideachta nó do chomhlacht comhlachaithe an chumainn, cibé fógra i dtaobh an iarratais a ordóidh an Banc Ceannais.

(c) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar na hiarratasóirí urrús a thabhairt go n-íocfar costais an imscrúdaithe nó an chruinnithe sula gceapfar an cigire nó sula ngairfear an cruinniú faoi réir méid, i gcás costas imscrúdaithe, nach mó ná £200,000.

(d) Maidir leis na costais a ghabhfaidh nó a bhainfidh leis an imscrúdú nó leis an gcruinniú, íocfaidh na hiarratasóirí iad nó íocfar iad as cistí an chumainn nó íocfaidh comhaltaí nó oifigigh, nó iarchomhaltaí nó iaroifigigh, an chumainn iad i cibé comhréir a ordóidh an Banc Ceannais ach, i gcás imscrúdú (cibé caoi a thionscnófar é), is é an Banc a íocfaidh sa chéad áit iad ach sin gan dochar dá chearta ranníoc a fháil faoi alt 46.

(4) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais cibé treoracha is oiriúnach leis a thabhairt i ndáil le gairm, tionól agus seoladh cruinnithe a thionólfar faoin alt seo (lena n-áirítear am agus ionad an chruinnithe agus na hábhair a bheidh le plé agus le cinneadh ag an gcruinniú).

(b) Ceapfaidh an Banc Ceannais duine le bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(c) Beidh ag an gcruinniú na cumhachtaí uile a bheidh ag cruinniú a gaireadh de réir rialacha an chumainn.

(d) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo d'ainneoin aon ní i rialacha an chumainn.

(5) Sula gceapfaidh an Banc Ceannais cigire nó sula ngairfidh sé cruinniú faoin alt seo féadfaidh sé, más dóigh leis nár dhochar do leas na gcomhaltaí nó na gcreidiúnaithe é, fógra i scríbhinn a thabhairt don chumann faoin rud atá beartaithe aige a dhéanamh agus na forais ar a bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh agus, i gcás den sórt sin, beidh an cumann i dteideal, laistigh de 14 lá tar éis dó an fógra a fháil, ráiteas míniúcháin a thabhairt don Bhanc i scríbhinn.

(6) I gcás ar dóigh le cigire a ceapadh faoin alt seo gur gá chun críocha a imscrúdaithe gnóthaí aon chumainn eile nó aon chomhlachta chorpraithe atá, nó a bhí aon tráth ábhartha, ina fhochuideachta don chumann chéadluaite nó i gcomhlachas leis, a imscrúdú freisin, beidh de chumhacht aige, le toiliú an Bhainc Ceannais, sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe eile a mhéid is dóigh leis is iomchuí torthaí a imscrúdaithe ar an gcéanna i ndáil le gnóthaí an chumainn chéadluaite a imscrúdú.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 45.

46. —(1) Beidh sé de dhualgas—

(a) ar oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí uile cumainn nó comhlachta eile a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú faoi alt 45, agus

(b) ar aon duine eile ar dóigh leis an gcigire go bhfuil sé nó go bhféadfadh sé a bheith i seilbh aon fhaisnéise i dtaobh ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta,

na leabhair, na cuntais, na gníomhais, na taifid nó na doiciméid eile go léir de chuid an chumainn nó an chomhlachta nó a bhaineann leis an gcumann nó leis an gcomhlacht, atá ina gcumhacht, ina seilbh nó ar fáil acu a thabhairt ar aird don chigire, láithriú os comhair an chigire nuair a cheanglaítear sin orthu agus thairis sin an cúnamh go léir a thabhairt dó i ndáil leis an imscrúdú is féidir leo le réasún a thabhairt.

(2) Féadfaidh an cigire oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí an chumainn nó an chomhlachta eile a bheidh á imscrúdú, agus aon duine den chineál a luaitear i bhfo-alt (1), a cheistiú faoi mhionn i ndáil lena ghnóthaí agus féadfaidh sé dá réir sin duine a chur faoi mhionn.

(3) Má tá forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh stiúrthóir nó iarstiúrthóir de chuid cumainn a bhfuil an cigire ag déanamh imscrúdú ar a chuid gnóthaí ag cothabháil cuntais bainc de thuairisc ar bith, ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile agus sin sa Stát nó áit éigin eile, ar íocadh isteach ann nó amach as—

(a) aon airgead a lean as maoiniú a dhéanamh nó a úsáideadh chun maoiniú a dhéanamh, ar aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú nach raibh sonraí ina leith ar áireamh sa chlár um idirbhearta agus comhshocraíochtaí áirithe mar a cheanglaítear le halt 59; nó

(b) aon airgead a raibh baint ar bith aige le haon ghníomh nó neamhghníomh, nó le sraith de ghníomhartha nó de neamhghníomhartha, ar mhí-iompar é (cibé acu calaoiseach nó nach ea) ar thaobh an stiúrthóra sin i leith an chumainn nó a chomhaltaí;

féadfaidh an cigire a cheangal ar an stiúrthóir nó ar an iarstiúrthóir na doiciméid go léir a bheidh i seilbh nó faoi rialú an stiúrthóra sin agus a bhaineann leis an gcuntas bainc sin a thabhairt ar aird dó agus, san fho-alt seo, folaíonn “cuntas bainc” cuntas le haon duine atá díolmhaithe, de bhua alt 7 (4) d'Acht 1971, ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin.

(4) Má mhainníonn aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid an chumainn nó comhlachta eile nó aon duine den chineál a luaitear i bhfo-alt (1) aon leabhar nó doiciméad, arb é a dhualgas faoin alt seo é a thabhairt ar aird, a thabhairt ar aird don chigire nó má dhiúltaíonn sé láithriú os comhair an chigire nuair a cheanglaítear air sin a dhéanamh, nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a chuirfidh an cigire air i dtaobh gnóthaí an chumainn nó an chomhlachta eile, de réir mar a bheidh, a fhreagairt, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo—

(a) iallach ar abhcóide nó ar aturnae doiciméad nó ábhar ina bhfuil cumarsáid a thug sé, nó a tugadh dó, faoi phribhléid sa cháil sin a thabhairt ar aird nó faisnéis atá i gcumarsáid faoi phribhléid a tugadh amhlaidh a thabhairt, nó

(b) de cheangal ar bhanc nó ar chumann foirgníochta aon fhaisnéis a nochtadh i dtaobh gnóthaí aon cheann dá chustaiméirí seachas an cumann nó an comhlacht a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú.

(6) Aon tagairt san alt seo d'oifigigh nó do ghníomhairí folóidh sé iaroifigigh agus iarghníomhairí chomh maith le hoifigigh agus gníomhairí láithreacha, de réir mar a bheidh, agus folóidh “gníomhairí”, i ndáil le cumann nó comhlacht eile, baincéirí, cuntasóirí, aturnaetha, iniúchóirí agus comhairleoirí airgeadais agus comhairleoirí eile an chumainn nó an chomhlachta eile.

(7) Beidh an Banc Ceannais i dteideal go ndéanfar na caiteachais de chuid an imscrúdaithe a d'íoc sé faoi alt 45 (3) (d) a aisíoc leis mar a leanas, is é sin le rá—

(a) ag iarratasóirí an imscrúdaithe, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an Banc;

(b) ag aon chomhlacht arbh iad a ghnóthaí a bhí á n-imscrúdú, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an Banc; nó

(c) ag duine a bheidh ciontaithe i gcion in imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh an imscrúdaithe, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an chúirt a chiontaigh é nó ar ciontaíodh os a comhair é;

agus beidh duine a bheidh faoi dhliteanas faoi aon cheann de na míreanna (a) go (c) i dteideal ranníoc a fháil ó aon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin mír chéanna i gcomhréir le méid a ndliteanas faoi seach faoin mír sin.

Tuarascálacha cigirí agus imeachtaí dá ndroim.

47. —(1) Féadfaidh cigire a cheapfar faoi alt 45, agus déanfaidh sé, má cheanglaíonn an Banc Ceannais amhlaidh, tuarascáil eatramhach a thabhairt don Bhanc agus, ar an imscrúdú a bheith críochnaithe, tabharfaidh sé tuarascáil chríochnaitheach don Bhanc, ach féadfaidh sé, tráth ar bith le linn an imscrúdaithe, gan tuarascáil eatramhach a thabhairt, scéala a thabhairt don Bhanc i dtaobh nithe atá tagtha ar a iúl de bharr an imscrúdaithe.

(2) Déanfaidh an Banc Ceannais—

(a) cóip d'aon tuarascáil ó chigire faoin alt seo a chur chuig an Aire agus chuig an Aire Airgeadais;

(b) más cuí leis, cóip den tuarascáil sin a thabhairt don chumann agus dá iniúchóirí;

(c) más cuí leis, cóip den tuarascáil sin a thabhairt, ar í a bheith iarrtha agus ar cibé táille a shocróidh sé a bheith íoctha, d'aon duine eile is comhalta den chumann nó d'aon chomhlacht corpraithe eile ar déileáladh leis sa tuarascáil de bhua alt 45 nó a ndealraíonn sé don Bhanc difear a bheith déanta dá leasanna mar chreidiúnaí de chuid an chumainn nó de chuid aon chomhlachta chorpraithe eile den sórt sin;

(d) más cuí leis, cóip a thabhairt do na hiarratasóirí ar an imscrúdú ar iad dá iarraidh sin agus ar cibé táille a shocróidh an Banc a bheith íoctha.

(3) Féadfaidh an tAire an tuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus beidh an foilseachán sin faoi phribhléid agus féadfaidh an Banc Ceannais tuarascáil nach mbeidh leagtha amhlaidh a chló agus a fhoilsiú.

(4) (a) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais go bhfuil aon duine, i ndáil leis an gcumann nó le haon chomhlacht corpraithe ar imscrúdaíodh a ghnóthaí faoi alt 45, ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, cuirfidh an Banc an t-ábhar faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

(b) I gcás a dtionscnóidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí de dhroim tuarascáil faoi mhír (a) a fháil, beidh de dhualgas ar gach oifigeach, comhalta agus gníomhaire de chuid an chumainn nó aon chomhlachta chorpraithe (seachas na cosantóirí sna himeachtaí) gach cúnamh is féidir leis le réasún a thabhairt dó i ndáil leis an ionchúiseamh.

(5) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais, tar éis tuarascáil cigire faoi fho-alt (1) a bhreithniú, gur fóirsteanach é, féadfaidh sé, mura bhfuil an cumann á fhoirceannadh ag an gCúirt, ordú chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109 a achainí ar an gCúirt.

(6) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais, tar éis tuarascáil cigire faoi fho-alt (1) a bhreithniú, gur chóir don chumann, ar mhaithe le leas an phobail, imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí maidir le haon chalaois, míghníomh nó mí-iompar eile i ndáil le fothú nó foirmiú an chumainn nó le bainistí a ghnóthaí, nó chun aon mhaoin a cuireadh chun mífheidhme nó a coimeádadh go mícheart a ghnóthú, féadfaidh an Banc féin imeachtaí a thionscnamh chun na críche sin in ainm an chumainn.

(7) Féadfaidh an Banc Ceannais an cumann a shlánú in aghaidh aon chostais nó caiteachais a thabhaigh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a tionscnaíodh faoi fho-alt (6).

(8) Beidh cóip d'aon tuarascáil ó chigire a ceapadh faoi alt 45 inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire i ndáil le haon ábhar sa tuarascáil.