An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cruinnithe, Rúin, Vótáil, etc.) Ar Aghaidh (CUID VIII Díospóidí agus Gearáin)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID VII

Cuntais agus Iniúchadh

Taifid chuntasaíochta, córais rialaithe gnó agus gníomhais teidil a choimeád.

76. —(1) Déanfaidh cumann foirgníochta—

(a) a chur faoi deara go gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí ar bhonn leanúnach seasmhach, agus

(b) córais rialaithe dá ghnó agus dá thaifid agus córais imscrúdúcháin, agus tuairiscithe i ndáil leo, a bhunú agus a chothabháil,

de réir an ailt seo.

(2) Na taifid chuntasaíochta a choimeádfaidh cumann, is de chineál iad—

(a) a thaifeadfaidh agus a mhíneoidh i gceart idirbhearta an chumainn;

(b) a nochtfaidh, réasúnta cruinn agus réasúnta pras, staid airgeadais an chumainn tráth ar bith;

(c) a chumasóidh do na stiúrthóirí na dualgais a fhorchuirtear orthu leis an Acht seo nó faoi, agus na feidhmeanna atá acu ó thaobh gnóthaí an chumainn a stiúradh, a chomhlíonadh go cuí;

(d) a chumasóidh don chumann na dualgais a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh go cuí; agus

(e) a chumasóidh cuntais an chumainn a iniúchadh go héasca agus go cuí.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2), beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i dtaifid chuntasaíochta a choimeádfar de bhun an ailt seo—

(a) iontrálacha ó lá go lá maidir leis na suimeanna airgid go léir a fuair agus a chaith an cumann agus na hábhair lenar bhain an t-ioncam agus an caiteachas;

(b) taifead de shócmhainní agus de dhliteanais an chumainn agus iontrálacha ó lá go lá maidir le gach idirbheart a rinne an cumann a bheidh, nó a fhéadfaidh a bheith, ina bhun le dliteanais nó sócmhainní de chuid an chumainn; agus

(c) maidir le seirbhísí a chur ar fáil, taifead maidir leis na seirbhísí a cuireadh ar fáil agus leis na sonraisc go léir i ndáil leo.

(4) Chun críocha fho-alt (1) measfar go bhfuil taifid chuntasaíochta chuí á gcoimeád má chomhlíonann siad fo-ailt (2) agus (3), agus má thugann siad léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí an chumainn agus má thugann siad míniú ar a idirbhearta.

(5) Na córais rialaithe atá le bunú agus le cothabháil ag cumann de bhun fho-alt (1) is córais iad chun rialú a dhéanamh ar sheoladh ghnó an chumainn de réir mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi agus de réir chinntí an bhoird stiúrthóirí agus chun taifid chuntasaíochta agus taifid eile ghnó an chumainn a rialú agus ní mheasfar aon chórais den sórt sin a bheith bunaithe nó á gcothabháil mura mbeidh ráiteas mionsonraithe i scríbhinn maidir leis na córais mar atá siad i ngníomh de thuras na huaire ar fáil i gcónaí don bhord.

(6) Na córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe atá le bunú agus le cothabháil ag cumann de bhun fho-alt (1) is córais iad chun imscrúdú a dhéanamh thar ceann an bhoird stiúrthóirí, agus chun tuairisc a thabhairt don bhord sin, ar oibriú na gcóras rialaithe do ghnó agus taifid an chumainn mar a cheanglaítear le fo-alt (5).

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), ní mór na córais rialaithe agus na córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe a bheith de chineál a áiritheoidh go seolfar gnó na cuideachta, agus go gcoimeádfar a thaifid, ar chaoi a fhágfaidh—

(a) go mbeidh an fhaisnéis is gá chun a chumasú do na stiúrthóirí agus don chumann a ndualgais agus a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, sách cruinn, agus go mbeidh sí ar fáil sách rialta nó de réir riachtanais agus sin sách pras, chun na gcríoch sin; agus

(b) go mbeidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Banc Ceannais nó a thabharfar dó sách cruinn chun na gcríoch dá bhfaighfear í agus go mbeidh sí ar fáil de réir mar a bheidh sí ag teastáil ón mBanc.

(8) Déanfar taifid chuntasaíochta cumainn a choimeád i bpríomhoifig an chumainn nó cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach lena n-imscrúdú ag na stiúrthóirí.

(9) Déanfaidh an cumann gach taifead a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo a chaomhnú go ceann tréimhse nach giorra ná 6 bliana tar éis an dáta is déanaí lena mbaineann sé.

(10) I gcás fochuideachtaí a bheith ag cumann, áiritheoidh an cumann freisin go gcoimeádfaidh an cumann agus na fochuideachtaí cibé taifid chuntasaíochta agus go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh siad cibé córais rialaithe agus cibé córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe a chumasóidh don chumann déanamh de réir cheanglais an ailt seo i ndáil le gnó an chumainn agus na bhfochuideachtaí sin.

(11) Déanfaidh gach cumann córas a bhunú agus a chothabháil chun a áirithiú go gcoimeádfar slán doiciméid teidil uile an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn.

(12) (a) Aon chumann a sháróidh an t-alt seo nó aon stiúrthóir cumainn nó príomhfheidhmeannach a mhainneoidh gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an cumann an t-alt seo nó, i gcás stiúrthóra nó príomhfheidhmeannaigh, a bhí, mar gheall ar ghníomh toiliúil aige féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcumann faoi, beidh sé, maidir le gach mainneachtain nó gníomh den sórt sin, ciontach i gcion.

(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine faoin bhfo-alt seo mar gheall ar chion ar mainneachtain é gach beart réasúnach a dhéanamh chun an t-alt seo a chomhlíonadh is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.

Cuntais bhliantúla.

77. —(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais de chuid an chumainn—

(a) cuntas ioncaim agus caiteachais a thugann léargas fíorcheart ar a ioncam agus a chaiteachas don bhliain sin,

(b) clár comhardaithe a thugann léargas fíorcheart ar staid a ghnóthaí amhail i ndeireadh na bliana sin, agus

(c) ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid na gcistí a thugann léargas fíorcheart ar an gcaoi inar maoiníodh a ghnó agus inar úsáideadh a acmhainní airgeadais i gcaitheamh na bliana sin,

agus beidh gach ceann acu sin i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an Banc Ceannais.

(2) Faoi réir fho-alt (5), más rud é, i ndeireadh a bhliana airgeadais, go mbeidh fochuideachtaí ag cumann, ullmhóidh na stiúrthóirí freisin, maidir leis an mbliain sin, grúpchuntais a bhainfidh, faoi seach, le hioncam agus caiteachas, staid gnóthaí agus foinse agus úsáid cistí an chumainn agus na bhfochuideachtaí.

(3) Déanfaidh stiúrthóirí cumainn a bhfuil fochuideachtaí aige a áirithiú go mbeidh, a mhéid is féidir, bliain airgeadais gach fochuideachta dá chuid comhthráthach le bliain airgeadais an chumainn féin.

(4) I gcás ina n-ullmhóidh na stiúrthóirí ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid chistí an chumainn agus a fhochuideachtaí faoi fho-alt (2), ní gá dóibh ráiteas den sórt sin i dtaobh chistí an chumainn a ullmhú freisin faoi fho-alt (1).

(5) Féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis, ar iarratas ó chumann—

(a) dispeansáid a thabhairt ón gceanglas—

(i) grúpchuntais a ullmhú,

(ii) déileáil leis na fochuideachtaí go léir i ngrúpchuntais, agus

(b) a cheadú grúpchuntais a ullmhú ar shlí seachas i bhfoirm chomhdhlúite.

(6) Mura gceadóidh an Banc Ceannais a mhalairt beidh ar áireamh i gcuntas ioncaim agus caiteachais cumainn, i gclár comhardaithe cumainn agus sa ráiteas i dtaobh foinsí agus úsáid cistí cumainn d'aon bhliain airgeadais na sonraí comhréire, más iomchuí, don bhliain airgeadais roimhe sin.

(7) Beidh ar áireamh freisin sna cuntais bhliantúla, cibé acu i bhfoirm nótaí nó ar shlí eile, cibé faisnéis fhorlíontach a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi.

(8) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialacháin, foráil bhreise a dhéanamh i ndáil le cuntais bhliantúla cumainn agus, gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar leis na rialacháin—

(a) cur leis na doiciméid a bheidh i gceist i gcuntais chumainn a bheidh le hullmhú maidir le gach bliain airgeadais faoi fho-alt (1) nó (2),

(b) foráil a dhéanamh maidir leis na nithe a bheidh le háireamh in aon doiciméad atá i gcuntais chumainn,

(c) prionsabail chuntasaíochta agus rialacha a fhorordú ó thaobh cuntais bhliantúla a ullmhú, agus

(d) a cheangal go mbainfidh cuntais bhliantúla cumann freisin le comhlachtaí atá i gcomhlachas leo go feadh méid fhorordaithe.

(9) (a) I gcás ina mainneoidh stiúrthóir nó príomhfheidhmeannach cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.

(10) Gairtear “na cuntais bhliantúla” san Acht seo de na cuntais a ullmhófar maidir le bliain airgeadais cumainn faoin alt seo, cibé acu mar chuntais ar leithligh nó mar ghrúpchuntais, mar aon leis na nótaí a bheidh ag gabháil leo.

Tuarascáil na stiúrthóirí.

78. —(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais de chuid an chumainn, tuarascáil i dtaobh ghnó an chumainn ina mbeidh—

(a) athbhreithniú ceart ar fhorbairt a ghnó i gcaitheamh na bliana airgeadais agus ar a staid i ndeireadh na bliana sin, agus

(b) cibé faisnéis i ndáil le cibé gnéithe de ghnó an chumainn agus aon fhochuideachtaí nó comhlachtaí eile atá i gcomhlachas leis, lena n-áirítear forbairt an ghnó sin sa todhchaí, a shonróidh an Banc Ceannais.

(2) Beidh tuarascáil na stiúrthóirí sínithe ag 2 stiúrthóir (seachas an príomhfheidhmeannach) thar ceann bhord stiúrthóirí an chumainn.

(3) I gcás ina mbeidh fochuideachtaí nó comhlachtaí comhlachaithe eile ag an gcumann, déanfaidh an tuarascáil, chomh maith le haon fhaisnéis a bheith inti a cheanglaítear a thabhairt i ndáil leo faoi fho-alt (1) (b), athbhreithniú ar fhorbairt ghnó an chumainn agus a fhochuideachtaí agus a chomhlachtaí comhlachaithe eile i gcaitheamh na bliana airgeadais agus ar a staid i ndeireadh na bliana sin.

(4) (a) I gcás ina mainneoidh stiúrthóir ar an gcumann gach beart réasúnach a dhéanamh chun ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.

Ráiteas airgeadais achomair.

79. —(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais, ráiteas airgeadais achomair don bhliain sin a bheidh díorthaithe ó na cuntais bhliantúla agus ó thuarascáil na stiúrthóirí agus a thabharfaidh cuntas achomair ceart agus cruinn ar fhorbairt airgeadais an chumainn i gcaitheamh na bliana sin agus ar a staid airgeadais i ndeireadh na bliana.

(2) Beidh an ráiteas airgeadais achomair sínithe ag 2 stiúrthóir (seachas an príomhfheidhmeannach) thar ceann an bhoird stiúrthóirí agus ag príomhfheidhmeannach an chumainn.

(3) I gcás ina mbeidh fochuideachtaí nó comhlachtaí comhlachaithe eile ag an gcumann, tabharfaidh an ráiteas (sa mhéid go ndéileálfar leo sna grúpchuntais) cuntas ar fhorbairt airgeadais agus staid an chumainn agus a fhochuideachtaí agus a chomhlachtaí comhlachaithe eile.

(4) Féadfaidh an Banc Ceannais foirm agus ábhar an ráitis airgeadais achomair a shonrú.

(5) Beidh i ngach ráiteas airgeadais achomair ráiteas faoi thuairim na n-iniúchóirí i dtaobh é a bheith ag teacht le cuntais bhliantúla an chumainn agus le tuarascáil na stiúrthóirí agus i dtaobh é a bheith i gcomhréir le ceanglais an ailt seo agus an Bhainc Ceannais.

(6) Déanfaidh an cumann cóip den ráiteas airgeadais achomair agus, i gcás agús a bheith ann, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 88, a chur, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil ag a mbreithneofar na cuntais bhliantúla agus tuarascáil na stiúrthóirí, chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil agus chuig an mBanc Ceannais, agus coinneoidh an Banc Ceannais cóip den ráiteas i gcomhad poiblí an chumainn.

(7) Beidh i ngach ráiteas airgeadais achomair freisin ráitis á rá—

(a) nach bhfuil ann ach achoimre ar an bhfaisnéis atá sna cuntais bhliantúla agus i dtuarascáil na stiúrthóirí,

(b) sa mhéid gur achoimre é ar an bhfaisnéis atá sna cuntais bhliantúla, go ndearnadh iniúchadh ar na cuntais sin, agus

(c) go mbeidh cóipeanna de na cuntais bhliantúla, de thuarascáil na n-iniúchóirí agus de thuarascáil na stiúrthóirí ar fáil do chomhaltaí agus do thaisceoirí i ngach oifig de chuid an chumainn i ndiaidh dáta shonraithe ach cibé táille, más ann, a shocróidh an Banc Ceannais, a íoc.

Ráiteas a chur ar taispeáint.

80. —Cuirfidh cumann foirgníochta ar taispeáint, agus coimeádfaidh sé ar taispeáint gach uile thráth, in ionad feiceálach i ngach oifig, brainse nó áit eile ina seolann an cumann gnó, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais, i dtaobh an ghnó a sheolann an cumann.

An clár comhardaithe a shíniú.

81. —(1) Beidh gach clár comhardaithe de chuid cumainn foirgníochta sínithe, thar ceann an bhoird stiúrthóirí, ag 2 stiúrthóir dá chuid (seachas an príomhfheidhmeannach) agus ag príomhfheidhmeannach an chumainn.

(2) Cuirfear an cuntas ioncaim agus caiteachais, an ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid cistí agus na grúpchuntais, más ann, ag gabháil le gach clár comhardaithe cumainn, agus beidh tuarascáil na n-iniúchóirí agus tuarascáil na stiúrthóirí i gceangal leis agus déanfaidh an bord stiúrthóirí aon chuntas agus ráiteas a chuirfear ag gabháil leis amhlaidh a cheadú sula síneofar an clár comhardaithe thar a gceann agus beidh an dáta ar cheadaigh siad na doiciméid sin formhuinithe ar an gclár comhardaithe.

(3) Aon chumann agus aon duine a eiseoidh, a scaipfidh nó a fhoilseoidh clár comhardaithe nach mbeidh sínithe mar a cheanglaítear le fo-alt (1) nó nach mbeidh na doiciméid a cheanglaítear le fo-alt (2) ag gabháil nó i gceangal leis, beidh sé ciontach i gcion agus beidh aon duine a bhí ina stiúrthóir tráth na mainneachtana ciontach i gcion freisin.

Doiciméid a bheidh le leagan faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil.

82. —(1) Déanfaidh stiúrthóirí cumainn na cuntais bhliantúla maidir leis an mbliain airgeadais deiridh a leagan faoi bhráid an chumainn ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.

(2) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn cóip de na cuntais bhliantúla don bhliain airgeadais deiridh chuig an mBanc Ceannais tráth nach déanaí ná 21 lá roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil agus coinneoidh an Banc cóip de na doiciméid sin i gcomhad poiblí an chumainn.

(3) Déanfaidh gach cumann, amhail ón dáta is déanaí faoina gceanglaítear ar a stiúrthóirí iad a chur chuig an mBanc Ceannais, cóipeanna de na cuntais bhliantúla a chur ar fáil le linn uaireanta oifige do chomhaltaí den chumann, agus do thaisceoirí leis an gcumann, i ngach oifig de chuid an chumainn agus cuirfidh sé, laistigh de 7 lá, cóipeanna de na doiciméid sin chuig aon chomhalta nó taisceoir a éilíonn iad, ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc.

(4) Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, a cheangal ar chumann cóip d'aon doiciméad dá dtagraítear san alt seo a chur, saor in aisce, chuig gach comhalta den chumann laistigh de thréimhse shonraithe.

(5) San alt seo folaíonn aon tagairt do na cuntais bhliantúla tagairt do na doiciméid a bheidh ag gabháil nó i gceangal leo faoi alt 81.

(6) Má mhainnítear déanamh de réir fho-alt (1), (2) nó (3) beidh gach duine a bhí ina stiúrthóir tráth na mainneachtana ciontach i gcion.

Iniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig.

83. —(1) Déanfaidh cumann foirgníochta, ag gach cruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun oifig a shealbhú ó dheireadh an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile.

(2) D'ainneoin aon chomhaontú idir an cumann agus iniúchóir, agus gan dochar d'aon chearta de chuid an iniúchóra i ndáil lena chur as oifig faoin Acht seo, féadfaidh cumann, trí rún ag cruinniú ginearálta, iniúchóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige agus aon duine eile a cheapadh ina ionad, ar duine é a bheidh ainmnithe go cuí chun a cheaptha, atá cáilithe faoin Acht seo chun bheith ina iniúchóir ar chumann agus a mbeidh fógra cuí faoina ainmniú tugtha dá chomhaltaí agus don Bhanc Ceannais.

(3) Féadfaidh na stiúrthóirí céad-iniúchóirí cumainn a cheapadh tráth ar bith roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil.

(4) I gcás ina mainneoidh na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoi fho-alt (3) a fheidhmiú, féadfaidh an cumann, i gcruinniú ginearálta dó, na cumhachtaí sin a fheidhmiú agus air sin beidh deireadh le cumhachtaí sin na stiúrthóirí.

(5) I gcás nach gceapfar iniúchóir ar bith ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an Banc Ceannais duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh agus féadfaidh an Banc luach saothair agus caiteachais iniúchóirí a cheapfar amhlaidh a shocrú.

(6) Déanfaidh cumann—

(a) laistigh de sheachtain ón tráth a dtiocfaidh cumhacht an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (5) chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc, agus

(b) i gcás ina rithfear rún ag cur iniúchóra as oifig, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, i cibé foirm a cheanglóidh an Banc, laistigh de 14 lá tar éis an chruinnithe ar aige a ritheadh an rún ag cur an iniúchóra as oifig.

(7) Féadfaidh stiúrthóirí cumainn, nó féadfaidh an cumann i gcruinniú ginearálta dó, aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh ach fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí, marthanach nó leanúnach, más ann, gníomhú.

(8) I gcás ina gceapfar gnólacht, faoi ainm an ghnólachta, mar iniúchóir ar chumann, measfar gurb ionann sin agus ceapadh na ndaoine sin arb iad, ó am go ham, le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe iad sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an gcumann.

(9) I gcás gurb é tuairim an Bhainc Ceannais nárbh é leas cumainn nó leas na scairshealbhóirí sa chumann, nó na dtaisceoirí leis an gcumann é, féadfaidh sé, de réir mar is gá sna himthosca, a ordú don chumann gan duine ainmnithe a cheapadh nó a athcheapadh chun oifig an iniúchóra nó a ordú do na stiúrthóirí gan corrfholúntas san oifig sin a líonadh le duine ainmnithe, agus déanfar de réir an ordaithe.

(10) Aon iniúchóir ar chumann a chinnfidh gan é féin a chur ar fáil lena athcheapadh chun oifig an iniúchóra déanfaidh sé fógra faoina chinneadh a sheirbheáil ar an gcumann 35 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ginearálta bliantúil ag a rachaidh a théarma oifige in éag.

(11) I gcás ina dtabharfaidh iniúchóir fógra faoi fho-alt (10) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 85.

Rúin i ndáil le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig.

84. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh éifeacht le rún ag cruinniú ginearálta cumainn foirgníochta—

(a) ag ceapadh mar iniúchóir duine seachas iniúchóir a bheidh ag scor,

(b) á fhoráil nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag scor,

(c) ag cur iniúchóra as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige,

(d) ag líonadh corrfholúntais in oifig an iniúchóra, nó

(e) ag athcheapadh, mar iniúchóir, iniúchóir atá ag scor a bhí ceaptha ag na stiúrthóirí chun corrfholúntas a líonadh,

mura mbeidh fógra go mbeartaítear an rún a thairiscint tugtha don chumann agus don Bhanc Ceannais 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgfear é.

(2) I gcás ina ndéanfar, tar éis fógra a bheith tugtha don chumann go mbeartaítear rún den sórt sin a thairiscint, cruinniú ginearálta den chumann a ghairm do dháta is luaithe ná 28 lá tar éis an fógra a thabhairt, measfar an fógra a bheith tugtha go cuí chun críche fho-alt (1) cé nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin.

(3) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh aon rúin bheartaithe den sórt sin a thabhairt dá chomhaltaí an tráth céanna agus ar an dóigh chéanna a dtabharfaidh sé fógra faoin gcruinniú nó, murab indéanta sin, tabharfaidh sé fógra dóibh, a mbeidh a thréimhse ceadaithe ag an mBanc Ceannais, i dtaobh an rúin bheartaithe trí fhógrán i nuachtán laethúil a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn.

(4) Ní thabharfar fógra faoi fho-alt (3) laistigh de 7 lá tar éis an dáta a bhfuarthas an rún beartaithe.

(5) Ar fhógra i dtaobh rúin bheartaithe den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a fháil, déanfaidh an cumann láithreach—

(a) más rún a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an iniúchóir a bheidh ag scor;

(b) más rún a luaitear i mír (c) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an iniúchóir a bheartaítear a chur as oifig;

(c) más rún a luaitear i mír (d) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an duine (más ann) ar de bharr é do scor d'oifig iniúchóra an chumainn a shealbhú a tharla an corrfholúntas;

(d) más rún a luaitear i mír (e) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an duine a bheidh ag scor amhlaidh d'oifig a shealbhú.

(6) I gcás ina dtabharfar fógra i dtaobh rúin bheartaithe den sórt a luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) agus go ndéanfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag scor, nó an t-iniúchóir a bheartaítear a chur as oifig, de réir mar a bheidh, uiríll i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach iontu) i ndáil leis chuig an gcumann agus go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na huiríll sin in iúl do chomhaltaí an chumainn, déanfaidh an cumann mar a leanas, faoi réir fho-alt (7) (mura bhfaighidh sé na huiríll ró-dhéanach chun déanamh amhlaidh)—

(a) déarfaidh sé, in aon fhógra i dtaobh an rúin bheartaithe a thabharfar do chomhaltaí an chumainn, go ndearnadh na huiríll, agus

(b) cuirfidh sé cóip de na huiríll chuig gach comhalta a mbeidh fógra faoin gcruinniú curtha nó le cur chuige,

agus mura ndéanfar cóip de na huiríll a chur mar a dúradh toisc go bhfuarthas ró-dhéanach iad nó mar gheall ar mhainneachtain ag an gcumann, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart éisteacht ó bhéal a fháil) a cheangal go léifear amach na huiríll uaidh ag an gcruinniú.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine eile a éileoidh gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais go dtarlódh, dá ndéanfaí dá réir, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid, nó gur dóigh go mbeidh mí-úsáid, á baint as na cearta a thugtar leis chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.

(8) Beidh iniúchóir cumainn a bheidh curtha as oifig i dteideal freastal—

(a) ar an gcruinniú ginearálta bliantúil den chumann ag a mbeadh, murach é a bheith curtha as oifig, deireadh lena théarma oifige mar iniúchóir an chumainn, agus

(b) ar an gcruinniú ginearálta den chumann ag a mbeartaítear an folúntas a líonadh atá ann de bharr é a bheith curtha as oifig, agus

gach fógra faoi aon chruinniú den sórt sin, agus na cumarsáidí eile go léir i ndáil leis, a fháil atá comhalta den chumann, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil, agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú den sórt sin ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iar-iniúchóir an chumainn.

Iniúchóirí d'éirí as.

85. —(1) Féadfaidh iniúchóir cumainn foirgníochta, trí fhógra i scríbhinn a chomhlíonfaidh fo-alt (3) a sheirbheáil ar an gcumann á rá go mbeartaíonn sé sin a dhéanamh, éirí as oifig iniúchóra an chumainn, agus beidh éifeacht leis an éirí-as ar an dáta ar a seirbheáiltear an fógra amhlaidh nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Déanfaidh an t-iniúchóir cóip d'fhógra faoi fho-alt (1) a chur chuig an mBanc Ceannais an tráth céanna a seirbheáiltear ar an gcumann é.

(3) Beidh ceann amháin acu seo a leanas i bhfógra faoi fho-alt (1)—

(a) ráiteas á rá nach bhfuil aon imthosca ann i ndáil leis an éirí-as lena mbaineann sé is dóigh leis an iniúchóir is cóir a chur ar a súile do chomhaltaí an chumainn nó do na taisceoirí leis nó dá chreidiúnaithe, nó

(b) ráiteas faoi aon imthosca den sórt sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar chumann, déanfaidh an cumann, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dháta na seirbheála sin, agus i gcás ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) a bheith san fhógra, cóip den fhógra a chur chuig gach duine atá i dteideal fógra faoi chruinniú ginearálta den chumann a fháil.

(5) Ní gá cóipeanna d'fhógra a seirbheáladh ar chumann faoi fho-alt (1) a chur chuig na daoine a shonraítear i bhfo-alt (4) más rud é, ar iarratas ón gcumann lena mbaineann nó ó aon duine eile a éilíonn gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais gur dóigh, dá gcuirfí an fógra, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an alt seo chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.

Iniúchóir a bheidh ag éirí as d'iarraidh cruinniú ginearálta den chumann.

86. —(1) I bhfógra arna sheirbheáil ar chumann foirgníochta faoi alt 85 ag iniúchóir a bheidh ag éirí as, ar fógra é ina mbeidh ráiteas de réir fho-alt (3) (b) den alt sin, féadfar a iarraidh chomh maith go dtionólfaidh stiúrthóirí an chumainn cruinniú ginearálta den chumann chun go bhfaighfear agus go mbreithneofar cibé cuntas agus míniú ar na himthosca a bhain lena éirí as oifig mar iniúchóir an chumainn is mian leis an iniúchóir a thabhairt don chruinniú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh iniúchóir iarraidh faoi fho-alt (1) déanfaidh stiúrthóirí an chumainn, laistigh de 14 lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil ar an gcumann, cruinniú ginearálta den chumann a thionól go cuí le haghaidh lá nach mó ná 28 lá i ndiaidh na seirbheála sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é—

(a) go mbeidh ráiteas de réir fho-alt (3) (b) d'alt 85 i bhfógra arna sheirbheáil ar chumann faoin alt sin, agus

(b) go n-iarrfaidh an t-iniúchóir áirithe ar an gcumann ráiteas breise i scríbhinn, arna ullmhú ag an iniúchóir, i dtaobh na n-imthosca a bhain leis an éirí-as is dóigh leis an iniúchóir is cóir a chur ar a súile do chomhaltaí, a scaipeadh ar a chomhaltaí—

(i) roimh an gcruinniú ginearálta ag a mbeadh, ar leith ón bhfógra, deireadh lena théarma oifige, nó

(ii) roimh aon chruinniú ginearálta ag a mbeartaítear an folúntas a líonadh atá ann de bharr é d'éirí as nó a tionóladh de bhun iarrata faoi fho-alt (1),

déarfaidh an cumann, in aon fhógra faoin gcruinniú a thabharfar do chomhaltaí an chumainn, go ndearnadh an ráiteas agus cuirfidh sé cóip den ráiteas chuig gach duine atá i dteideal fógra faoi chruinniú ginearálta den chumann a fháil.

(4) Ní gá don chumann áirithe fo-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine eile a éilíonn gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais gur dóigh, dá gcuirfí amach an ráiteas, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an alt seo chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.

(5) Ceadóidh cumann d'aon iniúchóir ar an gcumann, a d'éirigh as oifig an iniúchóra, freastal ar aon chruinniú den chineál a luaitear i bhfo-alt (3) (b) agus cuirfidh an cumann chuige gach fógra faoi aon chruinniú den sórt sin, agus gach cumarsáid eile i ndáil leis, atá comhalta den chumann, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil agus ceadófar dó éisteacht a fháil, ag aon chruinniú den sórt sin a bhfreastalóidh sé air, ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar íar-iniúchóir ar an gcumann.

Cáilíochtaí duine chun a cheaptha mar iniúchóir.

87. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn foirgníochta mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí a mbeidh comhaltas de aitheanta ag an Aire Tionscail agus Tráchtála, faoi Achtanna na gCuideachtaí, mar chomhaltas a cháilíonn duine chun bheith ina iniúchóir ar chuideachta, nó mura mbeidh sé thairis sin údaraithe de thuras na huaire ag an Aire sin faoi na hAchtanna sin chun a cheaptha mar iniúchóir ar chuideachta.

(2) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn—

(a) oifigeach nó fostaí den chumann,

(b) duine is comhpháirtí de chuid oifigigh nó fostaí den chumann nó atá ar fostú aige nó a fhostaíonn é,

(c) comhlacht corpraithe,

(d) duine a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an chumainn laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é ina iniúchóir ar an gcumann,

(e) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh de chuid oifigigh don chumann, nó

(f) duine atá dícháilithe, faoi Achtanna na gCuideachtaí, chun a cheaptha mar iniúchóir ar fhochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn.

(3) Ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir cumainn tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin Acht seo nó faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a cheaptha chun na hoifige sin agus, má thagann iniúchóir cumainn chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar iniúchóir den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chumann lena mbaineann agus don Bhanc Ceannais go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.

Tuarascáil na n-iniúchóirí, a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun freastal ar chruinniú ginearálta.

88. —(1) Tabharfaidh iniúchóirí cumainn foirgníochta tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh siad, agus ar na cuntais bhliantúla agus ar thuarascáil na stiúrthóirí a leagfar faoi bhráid an chumainn ag an gcruinniú ginearálta bliantúil le linn a dtéarma oifige.

(2) Léifear tuarascáil na n-iniúchóirí ag cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn agus beidh sí ar fáil lena scrúdú ag aon chomhalta den chumann.

(3) Déarfar i dtuarascáil na n-iniúchóirí—

(a) cibé acu an bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dóibh agus mar a chreid siad chun críocha a n-iniúchta;

(b) cibé acu an é a dtuairim gur choimeád an cumann taifid chuntasaíochta chuí;

(c) cibé acu an é a dtuairim go bhfuarthas tuairisceáin chuí a bhí leordhóthanach chun críocha a n-iniúchta ó bhrainsí agus ó ghníomhairí den chumann nár thug siad cuairt orthu;

(d) cibé acu atá cuntais bhliantúla an chumainn i gcomhréir leis na taifid chuntasaíochta agus leis na tuairisceáin sin a dúradh;

(e) cibé acu an é a dtuairim go ndearnadh cuntais bhliantúla an chumainn a ullmhú go cuí chun ceanglais an Achta seo, nó ceanglais faoin Acht seo, a chomhlíonadh agus go dtugann siad léargas fíorcheart—

(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid ghnóthaí an chumainn amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais;

(ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus caiteachas an chumainn in aghaidh a bhliana airgeadais; agus

(iii) i gcás an ráitis faoi fhoinse agus úsáid cistí, ar an modh inar maoiníodh an cumann agus inar úsáideadh acmhainní airgeadais i gcaitheamh a bhliana airgeadais; agus

(f) cibé acu an é dtuairim go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí ag teacht leis na taifid chuntasaíochta agus leis na cuntais bhliantúla don bhliain.

(4) Beidh sé de dhualgas ar na hiniúchóirí, le linn a dtuarascáil faoin alt seo a bheith á hullmhú acu, cibé imscrúduithe a dhéanamh a chuirfidh ar a gcumas teacht ar thuairim i dtaobh—

(a) cé acu ar choimeád an cumann taifid chuntasaíochta chuí, agus

(b) cé acu ar chothabháil an cumann córais rialaithe sásúla dá ghnó agus dá thaifid, agus córais iniúchta agus tuairiscithe ar an gcéanna,

agus más é tuairim na n-iniúchóirí go bhfuil mainnithe ag an gcumann taifid chuntasaíochta chuí a choimeád nó córas rialaithe sásúil dá ghnó nó dá thaifid a chothabháil, déarfaidh siad an méid sin ina dtuarascáil.

(5) Beidh an ceart ag gach iniúchóir cumainn fáil a bheith aige gach tráth réasúnach ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an chumainn agus ar gach doiciméad eile a bhaineann lena ghnóthaí (lena n-áirítear gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn) agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh agus ar fhostaithe an chumainn cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt dó atá ar eolas nó ar fáil acu agus is dóigh leis is gá chun dualgais na n-iniúchóirí a chomhlíonadh.

(6) Beidh iniúchóirí cumainn i dteideal freastal ar aon chruinniú ginearálta den chumann, gach fógra faoi chruinniú den sórt sin, agus gach cumarsáid eile i ndáil leis, a fháil atá comhalta, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil agus éisteacht a fháil, ag aon chruinniú a bhfreastalaíonn siad air, ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leo mar iniúchóirí.

(7) Déanfar fo-alt (3) (e), ina fheidhm maidir le grúpchuntais chumainn, a léamh mar fho-alt a thagraíonn don chumann agus (a mhéid a bhaineann sé le comhaltaí an chumainn) do na fochuideachtaí a ndéileáiltear leo sna grúpchuntais.

(8) I gcás fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile a bheith ag cumann, ansin—

(a) más comhlacht atá corpraithe sa Stát an fhochuideachta nó an comhlacht comhlachaithe, is é dualgas na fochuideachta nó an chomhlachta chomhlachaithe eile, agus a iniúchóirí, cibé faisnéis agus míniú agus cibé fáil ar dhoiciméid a thabhairt d'iniúchóirí an chumainn a theastóidh ó na hiniúchóirí sin le réasún chun críche a ndualgas mar iniúchóirí an chumainn; agus

(b) in aon chás eile, is é dualgas an chumainn, má cheanglaíonn a iniúchóirí air déanamh amhlaidh, gach beart a dhéanamh a bheidh ar fáil le réasún dó chun cibé faisnéis agus míníu agus cibé fáil a luaitear i mír (a) a fháil ón bhfochuideachta nó ón gcomhlacht comhlachaithe eile.

Dualgais iniúchóra.

89. —(1) Más rud é, tráth ar bith—

(a) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an chumainn a oibleagáidí i leith scairshealbhóirí nó taisceoirí a chomhlíonadh nó freastal d'aon oibleagáid dá chuid faoin Acht seo,

(b) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar thaifid chuntasaíochta, ar chórais rialaithe gnó agus taifid nó ar na coráis iniúchta agus tuairiscithe don chéanna,

(c) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil míchruinnis ábhartha in aon tuairisceáin a thug an cumann don Bhanc Ceannais nó go bhfuil nithe ábhartha fágtha ar lár astu,

(d) go mbeartóidh iniúchóir cumainn foirgníochta agús a chur le haon tuarascáil atá le tabhairt aige faoin Acht seo, nó

(e) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar an gcóras atá ann chun a áirithiú go gcoimeádtar slán na doiciméid teidil go léir de chuid an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin atá morgáistithe chun an chumainn,

tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn láithreach don Bhanc Ceannais.

(2) Déanfaidh iniúchóir cumainn, má iarrann an Banc Ceannais air é, tuarascáil a thabhairt don Bhanc á rá cé acu a rinne nó nach ndearna an cumann, ina thuairim agus de réir mar is fearr is eol dó, de réir cibé ceanglas faoin Acht seo ar iarr an Banc amhlaidh ar an iniúchóir tuarascáil a thabhairt dó maidir leo.

(3) Déanfaidh iniúchóir cumainn cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Bhanc Ceannais faoi fho-alt (1) nó (2) a chur chuig an gcumann.

(4)  (a) Aon uair is dóigh leis an mBanc Ceannais gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo nó chun leasanna scairshealbhóirí nó taisceoirí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóirí cumainn cibé faisnéis a shonróidh an Banc i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an chumainn a chur ar fáil dó.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar an iniúchóir gníomhú go neamhspleách ar an gcumann agus é ag cur faisnéise ar fáil chun críche an fho-ailt seo.

(5) Ní mheasfar aon dualgas a mbeidh iniúchóir cumainn faoina réir a bheith sáraithe, ná ní bheidh aon dliteanas ar an iniúchóir i leith an chumainn, a scairshealbhóirí, a thaisceoirí, ná aon pháirtithe leasmhara eile, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear air leis an alt seo nó faoi.

Pionós i leith ráitis bhréagacha a dhéanamh le hiniúchóirí.

90. —(1) Aon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn foirgníochta nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, ráiteas lena mbaineann an t-alt seo atá míthreorach, bréagach nó meabhlach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ráiteas a dhéanfar le hiniúchóirí cumainn (de bhéal nó i scríbhinn) agus a thugann, nó a airbheartaíonn go dtugann sé, aon fhaisnéis nó míniú a cheanglaíonn siad faoin Acht seo, nó atá siad i dteideal a cheangal amhlaidh, mar iniúchóirí an chumainn.

(3) Aon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile a mhainneoidh aon fhaisnéis nó mínithe a cheanglóidh na hiniúchóirí, mar iniúchóirí an chumainn agus atá ar eolas nó ar fáil ag an oifigeach nó ag an bhfostaí, a thabhairt d'iniúchóirí an chumainn laistigh de 2 lá (gan Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis an ceanglas iomchuí a bheith déanta, beidh sé ciontach i gcion.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuiomh nach bhféadfadh sé, le réasún, déanamh de réir na gceanglas faoi fho-alt (3) lena mbaineann an cion laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san fho-alt sin ach go ndearna sé dá réir a luaithe ab fhéidir, le réasún, tar éis an tréimhse sin a bheith caite.

(5) San alt seo, folaíonn “oifigeach”, i ndáil le fochuideachta nó le comhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn, iniúchóir.