Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Bord Glas — An Bord Forbartha Gairneoireachta)

1 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1990


AN tACHT UM BORD GLAS, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An lá bunaithe.

3.

An Bord Glas — an Bord Forbartha Gairneoireachta a bhunú.

4.

Feidhmeanna ginearálta an Bhoird.

5.

Feidhmeanna eile an Bhoird.

6.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

7.

An tAire nó duine eile do chomhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

8.

Tuarascáil faoi alt 13 (3) d'Acht 1988.

9.

Comhairliúcháin ag an mBord.

10.

Comhairle, idirchaidreamh agus comhoibriú ag an mBord.

11.

Muirir i leith seirbhísí.

12.

Tobhach.

13.

Bronntanais.

14.

Coistí de chuid an Bhoird.

15.

Príomhfheidhmeannach.

16.

Foireann an Bhoird.

17.

Aoisliúntas fhoireann an Bhoird.

18.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Bhord nó ag foireann an Bhoird.

19.

Airleacain ón Aire chuig an mBord.

20.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

21.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

22.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire agus comhairliúchán leis.

23.

Faisnéis a nochtadh.

24.

An Bord d'infheistiú airgid agus do dhiúscairt fáltas díolachán maoine.

25.

An Bord d'fháil iasachtaí.

26.

Orduithe ón Aire don Bhord.

27.

Caiteachais.

28.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

An Bord Glas — An Bord Forbartha Gairneoireachta


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988

1988, Uimh. 18

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1990


AN tACHT UM BORD GLAS, 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BORD GLAS — AN BORD FORBARTHA GAIRNEOIREACHTA AGUS DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE GAOLMHARA.

[28 Feabhra, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988 ;

ciallaíonn “an Bord” an comhlacht a bhunaítear le halt 3;

ciallaíonn “an cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird;

ciallaíonn “an príomhfheidhmeannach” príomhoifigeach an Bhoird;

folaíonn “oideachas” oiliúint;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 2;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí, tagairtí do fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas agus na n-oibleagáidí;

folaíonn “táirgí gairneoireachta”—

(a) torthaí, bíodh siad úr nó próiseáilte,

(b) glasraí, bíodh siad úr nó próiseáilte,

(c) luibheanna, bíodh siad úr no próiseáilte,

(d) fungais inite, bíodh siad úr nó próiseáilte,

(e) cnónna, bíodh siad úr nó próiseáilte,

(f) bláthanna gearrtha,

(g) bláthanna triomaithe,

(h) leannlusanna,

(i) duilliúir mhaisiúla,

(j) fód spóirt,

(k) mil,

(l) plandaí pota, plandaí ceapaí agus plandaí luibheacha,

(m) toir agus crainn,

(n) crainn torthaí, toim thorthaí agus plandaí torthaí, agus

(o) síolta, bleibíní, cormáin, tiúbair, prátaí agus prátaí síl,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “gairneoireacht” an brainse sin de thalmhaíocht a dhéileálann le saothrú plandaí a úsáidtear le haghaidh bia nó chun bia a tháirgeadh nó le haghaidh maise, lena n-áirítear na nósanna imeachta teicniúla is gá chun bláthanna, duilliúir mhaisiúla, torthaí, mil, muisiriúin, stoc plandlainne, barraí glasraí (lena n-áirítear prátaí agus prátaí síl) agus leannlusanna a tháirgeadh agus a ullmhú don mhargadh, agus saothrú plandaí adhmadacha agus luibheacha agus fóid spóirt a chur san áireamh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Bia;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “díol” díol ar mórdhíol nó ar miondíol agus folaíonn sé—

(a) tairiscint nó cur ar taispeáint le haghaidh díola ar mórdhíol nó ar miondíol nó tairiscint a iarraidh chun ceannaigh,

(b) seilbh le haghaidh díola ar mórdhíol nó ar miondíol, agus

(c) soláthar faoi chomhshocraíochtaí conarthacha eile,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás;

ciallaíonn “Teagasc” an comhlacht a bunaíodh le halt 3 d'Acht 1988.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) San Acht seo forléireofar tagairt d'achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord Glas — an Bord Forbartha Gairneoireachta a bhunú.

3. —(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar an Bord Glas — an Bord Forbartha Gairneoireachta, agus dá ngairtear “an Bord” san Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Sceidil maidir leis an mBord.

Feidhmeanna ginearálta an Bhoird.

4. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo is iad feidhmeanna ginearálta an Bhoird táirgeadh, margú agus caitheamh táirgí gairneoireachta a fhorbairt, a chur chun cinn, a éascú, a spreagadh, a chomheagrú agus cuidiú leis an gcéanna.

(2) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá nó is fóirsteanach chun críocha a fheidhmeanna.

Feidhmeanna eile an Bhoird.

5. —Gan dochar do ghinearáltacht alt 4, is iad feidhmeanna an Bhoird—

(a) suirbhé a dhéanamh ar mhargaí agus ar mhargaí ionchasacha le haghaidh táirgí gairneoireachta agus na margaí sin a iniúchadh agus a fhorbairt,

(b) eolas ar an margadh a bhailiú agus a scaipeadh agus faisnéis agus comhairle a thabhairt i ndáil le soláthar agus éileamh, treochtaí margaidh agus deiseanna trádála sa ghairneoireacht,

(c) athbhreithnithe, suirbhéanna, siompóisiamaí, anailísí agus staidéir i ndáil le táirgeadh agus caitheamh táirgí gairneoireachta, agus trádáil sna táirgí sin, a sheoladh,

(d) poiblíocht, fógraíocht agus feachtais cur-chun-cinn a chur ar fáil chun spreagadh a thabhairt do tháirgeadh agus do chaitheamh táirgí gairneoireachta agus do thrádáil sna táirgí sin,

(e) taispeántais, seomraí taispeántais, oifigí faisnéise, agus bunaíochtaí dá samhail a bhunú, a threalmhú agus a oibriú chun spreagadh a thabhairt do tháirgeadh agus do chaitheamh táirgí gairneoireachta agus do thrádáil sna táirgí sin,

(f) irisleabhair, irisí, tuarascálacha agus doiciméid dá samhail a fhoilsiú agus a dháileadh chun spreagadh a thabhairt do tháirgeadh agus do chaitheamh táirgí gairneoireachta agus do thrádáil sna táirgí sin.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú—

(a) cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord, i ndáil le forbairt agus cur chun cinn na gairneoireachta, a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird de thuras na huaire nó leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a n-údaraítear don Bhord iad a chur ar fáil nó a sheoladh de thuras na huaire (lena n-áirítear feidhmeanna de chuid an Aire i ndáil le haon treoir, rialachán nó ionstraim eile lenar ghlac foras de chuid na gComhphobal Eorpach i ndáil le forbairt na gairneoireachta) mar is cuí leis an Aire, agus

(b) cibé foráil a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach maidir le hábhair atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna, nó a éiríonn as feidhmeanna, a thabhairt don Bhord faoin alt seo nó an Bord do chomhlíonadh feidhmeanna a thugtar amhlaidh (lena n-áirítear foráil go n-aistreofar chuig an mBord aon mhaoin a bheidh ar seilbh ag an Aire chun críoch feidhmeanna a thugtar don Bhord faoin alt seo).

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(3) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

An tAire nó duine eile do chomhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

7. —Féadfaidh an Bord, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a shocrú go gcomhlíonfaidh an tAire nó duine eile aon ghníomhaíocht i ndáil le haon cheann d'fheidhmeanna an Bhoird.

Tuarascáil faoi alt 13 (3) d'Acht 1988.

8. —(1) Aon chuid de thuarascáil faoi alt 13 (3) d'Acht 1988 a bhaineann le gairneoireacht ullmhófar í i gcomhairle leis an mBord mí amháin ar a laghad sula dtabharfaidh Teagasc an tuarascáil sin don Aire.

(2) Féadfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná 3 seachtaine tar éis dul i gcomhairle leis mar a dúradh i ndáil leis an gcuid, barúlacha a sholáthar i scríbhinn do Theagasc faoina mbeidh in aon chuid den sórt sin mar a dúradh agus soláthróidh Teagasc cóip d'aon bharúlacha den sórt sin don Aire leis an tuarascáil.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tuarascáil den sórt sin mar a dúradh i leith na bliana 1990 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

Comhairliúcháin ag an mBord.

9. —Féadfaidh an Bord, ó am go ham, mar is cuí leis, dul i gcomhairle leis na daoine atá freagrach, maidir le gairneoireacht—

(a) as caighdeáin ghrádaithe agus cháilíochta le haghaidh táirgí gairneoireachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm,

(b) as polasaí ar infheistíocht Stáit a fhoirmliú agus a chur i ngníomh, agus

(c) as cúrsaí léinn le haghaidh ard-oideachais a fhoirmliú,

maidir leis na caighdeáin, leis an bpolasaí agus leis na cúrsaí léinn sin.

Comhairle, idirchaidreamh agus comhoibriú ag an mBord.

10. —Déanfaidh an Bord—

(a) comhairle a chur ar an Aire faoi aon ábhar a bhaineann le gairneoireacht a n-iarrfaidh an tAire a chuid tuairimí faoi, agus

(b) idirchaidreamh dlúth a choimeád leis an Aire, agus comhoibriú leis, de réir mar is gá, agus le cibé daoine eile is cuí leis an mBord tráth feidhmiúcháin cibé scéimeanna agus saoráidí le haghaidh forbartha gairneoireachta a bheidh á riar acu.

Muirir i leith seirbhísí.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Bord cibé muirir a ghearradh is cuí leis i gcomaoin comhlíonadh a fheidhmeanna aige, soláthar seirbhísí aige (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire) agus seoladh gníomhaíochtaí aige.

(2) Is faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais a chinnfear méideanna muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Féadfaidh an Bord aon mhéid a bheidh dlite agus le híoc leis faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb iníoctha aige é.

Tobhach.

12. —(1) Déanfaidh an Bord gach bliain, dar tosach cibé bliain a bheidh forordaithe, tobhach (dá ngairtear “tobhach” ina dhiaidh seo san alt seo) a mhuirearú agus a thobhach, le toiliú an Aire Airgeadais, ar dhíol táirgí gairneoireachta.

(2) I gcás tobhach a bheith iníoctha íocfaidh díoltóir na dtáirgí gairneoireachta lena mbaineann é.

(3) Íocfar tobhach leis an mBord cibé tráth nó tráthanna agus i cibé slí a bheidh forordaithe.

(4) Is é an ráta tobhaigh gach bliain cibé ráta a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais; agus féadfar rátaí éagsúla a fhorordú faoin bhfo-alt seo maidir le haicmí éagsúla daoine a ndlitear dóibh tobhach a íoc.

(5) Ní chomhlíonfaidh an tAire feidhm faoi fho-alt (1) nó (4) gan é do dhul i gcomhairle roimh ré le cibé daoine is cuí leis a ghabhann do ghairneoireacht, nó atá ionadaíoch dóibh sin a ghabhann do ghairneoireacht, nó do chur chun cinn nó d'fhorbairt thionscal na gairneoireachta nó do dhíol táirgí gairneoireachta.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin foráil a dhéanamh—

(a) maidir le haon aicme nó aicmí sonraithe daoine, arna míniú i cibé slí agus faoi threoir cibé ábhar is cuí leis an Aire, a eisiamh ón oibleagáid tobhach a íoc,

(b) maidir le taifid a choimeád agus tuairisceáin a dhéanamh ag daoine a dhlífidh tobhach a íoc,

(c) maidir le ceapadh agus cumhachtaí oifigeach údaraithe,

(d) maidir le tobhach a bhailiú agus a ghnóthú,

(e) maidir leis na rialacháin a chur i bhfeidhm, agus

(f) maidir le cibé ábhair eile a mheasann an tAire a bheith fóirsteanach nó riachtanach.

(7) Duine a mhainníonn tobhach a íoc, nuair a bheidh sé dlite, nó a mhainníonn aon cheann d'fhorálacha rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air.

(8) Aon uair a bheartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go ndéanfaidh gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

Bronntanais.

13. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord le bronntanas má bhíonn na hiontaobhais nó na coinníollacha a ghabhann leis ar neamhréir lena fheidhmeanna.

Coistí de chuid an Bhoird.

14. —(1) Féadfaidh an Bord coistí a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó agus comhairle a chur air i ndáil le comhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna.

(2) Féadfar daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste a bhunófar faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo a chur as oifig.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a bhunófar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(5) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar choiste a bhunófar faoin alt seo.

(6) Féadfar cibé liúntais a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire, agus an Aire Airgeadais, a íoc as ioncam an Bhoird le comhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo i leith caiteachas a thabhóidh siad.

Príomhfheidhmeannach.

15. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an mBord ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo, an príomhfheidhmeannach.

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an Bhoird a sheoladh, a bhainisteoireacht agus a rialú go ginearálta agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Bord.

(3) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Íocfar leis an bpríomhfheidhmeannach, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais i leith caiteachas a thabhóidh sé le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(5) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad phríomhfheidhmeannach agus féadfaidh sé é a chur as oifig tráth ar bith; is é an Bord le toiliú an Aire a cheapfaidh gach príomhfheidhmeannach ina dhiaidh sin agus féadfaidh an Bord le toiliú an Aire é a chur as oifig tráth ar bith.

(6) Caithfidh an príomhfheidhmeannach a chuid ama ar fad ar a dhualgais mar phríomhfheidhmeannach agus ní bheidh aon oifig ná post eile ar seilbh aige gan toiliú an Bhoird.

(7) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a chur faoi bhráid an Bhoird i dtaobh aon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Bhoird.

(8) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach ina chomhalta den Bhord.

Foireann an Bhoird.

16. —(1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Bhoird.

(2) (a) Beidh comhalta d'fhoireann an Bhoird i seilbh a oifige nó a chuid fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(b) Déanfar cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh comhalta d'fhoireann an Bhoird dá dtagraítear i mír (a), agus a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcomhalta sin as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord.

(c) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le toiliú an Aire, aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

(3) Déanfaidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoireann an Bhoird, agus an líon foirne i ngach grád, a chinneadh.

(4) Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh tríd an bpríomhfheidhmeannach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó trí aon chomhalta eile dá fhoireann nó ag aon chomhalta eile dá fhoireann, arna údarú go cuí ag an mBord chuige sin.

Aoisliúntas fhoireann an Bhoird.

17. —(1) Féadfaidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine nó i leith daoine a cheapfar chuig ionaid lánaimseartha ar fhoireann an Bhoird.

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochair aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochar aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean é chun an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(5) Ní dheonóidh an Bord aon sochair aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann an Bhoird (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna faoin alt seo.

(6) Leagfar scéim faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Bhord nó ag foireann an Bhoird.

18. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann an Bhoird—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an mBord agus ní íocfaidh an Bord leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó ina ionadaí sa Pharlaimint sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó d'fhoireann an Bhoird.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an mBord chun críoch aon sochar aoisliúntais.

Airleacain ón Aire chuig an mBord.

19. —Féadfaidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críoch caiteachais ag an mBord i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna a airleacan chuig an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

20. —Aon chomhalta den Bhord—

(a) a bhfuil leas ábhartha nó airgeadais ar bith aige in aon chomhlacht corpraithe a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó

(b) a bhfuil leas ábhartha nó airgeadais ar bith aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an cineál leasa é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird gur chuir sé é sin in iúl.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

21. —(1) Coimeádfaidh an Bord i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Maidir leis na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid an Bhoird lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) dá chuid cuntas a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh a luaithe is féidir don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid réamhráite a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire agus comhairliúchán leis.

22. —(1) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire ó am go ham i dtaobh ioncam agus caiteachas an Bhoird.

(2) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Bhoird ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire faoina ghníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (2) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé ábhair a ordóidh an tAire.

(4) Déanfaidh an Bord, 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh gach bliana airgeadais dá chuid, tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don Aire—

(a) a thabharfaidh sracléiriú ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige (seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá) sa bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin,

(b) a thabharfaidh meastacháin dá chaiteachas sa bhliain is déanaí a luaitear i ndáil le gach ceann de na gníomhaíochtaí sin, agus

(c) a thabharfaidh meastacháin dá ioncam sa bhliain sin is déanaí a luaitear,

agus ní dhéanfaidh an Bord aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a sheoladh ná aon chaiteachas den sórt sin a thabhú go dtí go mbeidh an tuarascáil ceadaithe ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.

(5) Ní dhéanfaidh an Bord, le linn aon bhliana airgeadais den sórt sin—

(a) aon ghníomhaíocht (seachas gníomhaíocht ó lá go lá) nach mbeidh sonraithe sa tuarascáil faoi fho-alt (4) i ndáil leis an mbliain sin a sheoladh, nó

(b) caiteachas a thabhú i ndáil le haon ghníomhaíocht de bhreis ar mheastachán an chaiteachais sin a tugadh sa tuarascáil sin,

gan ceadú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais.

(6) Déanfaidh an Bord, aon uair a iarrfaidh an tAire air amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé ábhair a shonróidh sé maidir le réimse a chuid gníomhaíochtaí, nó a chuid straitéise, nó a bhaineann leis an gcéanna, i gcoitinne nó i leith aon chuntais a d'ullmhaigh an Bord nó aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (4) nó in alt 21 (2) nó i leith bheartas agus gníomhaíochtaí an Bhoird, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá.

(7) Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an Aire faoi gach ábhar a bhaineann le gairneoireacht agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh chun an Aire faoi na hábhair sin.

Faisnéis a nochtadh.

23. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh aon dualgas a chomhlíonadh) mar chomhalta den Bhord nó mar chomhalta d'fhoireann an Bhoird nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Bhord.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil a thabharfar don Bhord nó a thabharfaidh an Bord, nó a thabharfar thar a cheann, don Aire.

An Bord d'infheistiú airgid agus do dhiúscairt fáltas díolachán maoine.

24. —(1) Féadfaidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cistí de chuid an Bhoird a infheistiú i cibé slí is cuí leis.

(2) Déanfar na fáltais ó dhiúscairt aon mhaoine ag an mBord a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

An Bord d'fháil iasachtaí.

25. —Féadfaidh an Bord, ó am go ham, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó caipitiúil, airgead lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Bhoird nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Orduithe ón Aire don Bhord.

26. —(1) (a) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn don Bhord á cheangal air—

(i) seirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó gníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh, a mbeidh sé údaraithe dó leis an Acht seo iad a chur ar fáil nó, de réir mar a bheidh, a sheoladh,

(ii) staonadh ó sheirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó ó ghníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh,

(iii) caiteachas de mhéideanna sonraithe a thabhú nó a chuid caiteachais a mhéadú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó gníomhaíochtaí sonraithe a mbeidh sé údaraithe dó leis an Acht seo iad a chur ar fáil nó, de réir mar a bheidh, a sheoladh,

(iv) staonadh ó chaiteachas a thabhú nó a chuid caiteachais a laghdú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó ar ghníomhaíochtaí sonraithe, nó

(v) staonadh ó mhuirir a ghearradh i leith seirbhísí sonraithe nó athruithe sonraithe a dhéanamh ar na muirir i leith seirbhísí sonraithe.

(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do sheirbhísí a chur ar fáil agus do ghníomhaíochtaí a sheoladh tagairtí do shocrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil agus a sheoladh.

(2) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn don Bhord i ndáil le beartas i gcoitinne, i ndáil le haon ábhar a shonraítear i dtuarascáil a sholáthraítear dó faoi alt 21 (2) nó fo-alt (2) nó (4) d'alt 22 nó i ndáil le haon fhaisnéis a sholáthraítear dó faoi alt 22 (6).

Caiteachais.

27. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riar an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riar an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

28. —Féadfar an tAcht um Bord Glas, 1990 , a ghairm den Acht seo.