|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM BORD GLAS, 1990) |
AN tACHT UM BORD GLAS, 1990
[EN] | ||
[EN] |
AN SCEIDEAL An Bord Glas — An Bord Forbartha Gairneoireachta | |
1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | ||
2. Is é a bheidh sa Bhord cathaoirleach, agus 10 ngnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire mar chomhaltaí den Bhord. | ||
3. Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire. | ||
4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith an cathaoirleach a chur as oifig. | ||
5. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
6. Íocfar leis an gcathaoirleach, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
7. Maidir le gnáthchomhaltaí an Bhoird— | ||
(a) is daoine 5 acu (a mbeidh duine acu ina oifigeach don Aire) a bheidh ag gabháil don ghairneoireacht nó a mbeidh eolas nó taithí (is eolas nó taithí a mheasfaidh an tAire is iomchuí le haghaidh comhaltais den Bhord) acu uirthi nó i ndáil léi, agus | ||
(b) is daoine 5 acu a roghnóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis a ghabhann, nó atá ionadaíoch do dhaoine a ghabhann, don ghairneoireacht nó do chur chun cinn nó d'fhorbairt thionscal na gairneoireachta. | ||
8. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh gach gnáthchomhalta den Bhord i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
9. (1) Is 3 bliana a bheidh mar théarma oifige ag an gcathaoirleach. | ||
(2) Is 3 bliana a bheidh mar théarma oifige ag gnáthchomhalta den Bhord. | ||
10. (1) Más rud é go n-éagfaidh comhalta den Bhord, go n-éireoidh sé as oifig, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhord chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus an duine a cheapfar amhlaidh ceapfar é sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta den Bhord ar tharla an corrfholúntas dá bharr. | ||
(2) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Bhord de bhua na míre seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an gcorrfholúntas a gceapfar é lena líonadh agus beidh sé inathcheaptha mar chomhalta den Bhord. | ||
11. Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den Bhord. | ||
12. Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Bhord a chur as oifig. | ||
13. Féadfaidh gnáthchomhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire. | ||
14. Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta nó pianseirbhíse air. | ||
15. Íocfar le gach gnáthchomhalta den Bhord as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
16. Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||
17. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéadchruinniú an Bhoird a shocrú. | ||
18. Seisear is córam do chruinniú den Bhord. | ||
19. Ag cruinniú den Bhord— | ||
(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus | ||
(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh roghnóidh comhaltaí an Bhoird a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
20. Beidh vóta ag an gcathaoirleach agus ag gach gnáthchomhalta den Bhord a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna. | ||
21. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | ||
22. Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí. | ||
23. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird. | ||
24. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe. | ||
25. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú an chathaoirligh nó le síniú comhalta éigin eile de a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin. | ||
26. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 25) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. |