An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Caidreamh Tionscail i gCoitinne)

19 1990

AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990

CUID II

Dlí Ceardchumann

Aighnis Cheirde

Mínithe do Chuid II.

8. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “fostóir” duine a n-oibríonn nó ar oibrigh nó a n-oibríonn de ghnáth oibrí amháin nó níos mó dó nó a bhféachann oibrí amháin nó níos mó le hoibriú dó tar éis oibriú roimhe sin don duine sin;

ciallaíonn “aighneas ceirde” aon aighneas idir fostóirí agus oibrithe atá bainteach le fostaíocht nó neamhfhostaíocht, nó le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, aon duine nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanann difear d'fhostaíocht aon duine;

ciallaíonn “ceardchumann” ceardchumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 ;

ciallaíonn “oibrí” aon duine atá nó a bhí fostaithe cibé acu i bhfostaíocht an fhostóra a dtarlaíonn aighneas ceirde leis nó nach ea, ach ní fholaíonn sé comhalta d'Óglaigh na hÉireann ná den Gharda Síochána;

ciallaíonn “gníomh tionscail” aon ghníomh a dhéanann difear, nó ar dóigh dó difear a dhéanamh, do théarmaí nó coinníollacha conartha, bíodh siad sainráite nó intuigthe, agus a dhéanann aon líon nó comhlacht oibrithe ag gníomhú dóibh i gcomhar nó ar chomhthuiscint chun tabhairt ar a bhfostóir, nó chun cabhrú le hoibrithe eile tabhairt ar a bhfostóir, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht;

ciallaíonn “stailc” scor d'obair ag aon líon nó comhlacht oibrithe ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó diúltú comhbheartaithe nó diúltú ar chomhthuiscint ag aon líon oibrithe leanúint de bheith ag obair dá bhfostóir, arna dhéanamh chun tabhairt ar a bhfostóir, nó chun cabhrú le hoibrithe eile tabhairt ar a bhfostóir, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht.

Feidhm fhorálacha Chuid II.

9. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 11, 12 agus 13 ach amháin i ndáil le ceardchumainn údaraithe ar sealbhóirí ceadúnas margántaíochta faoin Acht Ceárd-Chumann, 1941 , iad de thuras na huaire agus le comhaltaí agus le feidhmeannaigh de chuid na gceardchumann sin agus ní in aon chás eile.

(2) Más rud é, i ndáil le fostaíocht nó neamhfhostaíocht oibrí aonair amháin nó le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, nó téarmaí nó coinníollacha a dhéanann difear d'fhostaíocht, oibrí aonair amháin, go bhfuil nósanna imeachta comhaontaithe a mbaintear leas astu de réir nóis nó i gcleachtas san fhostaíocht lena mbaineann, nó a bhforáiltear dóibh i gcomhaontú comhchoiteann, chun gearáin aonair, lena n-áirítear dífhóstuithe, a réiteach, ní bheidh feidhm ag ailt 10, 11 agus 12 ach amháin sa chás go ndeachthas i muinín na nósanna imeachta sin agus go bhfuil siad spíonta amach.

(3) Measfar nósanna imeachta a bheith spíonta amach má mhainníonn nó má dhiúltaíonn fostóir, ag céim ar bith, déanamh dá réir.

(4) Féadfar a áireamh sna nósanna imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) úsáid a bhaint as daoine nó comhlachtaí mar choimisinéir um chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an Chúirt Oibreachais, oifigeach comhionannais agus an Binse Achomhairc Fostaíochta ach ní áireofar iontu achomharc chun cúirte.

Gníomhartha d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.

10. —(1) Aon chomhaontú nó comhar idir beirt nó níos mó chun aon ghníomh a dhéanamh, nó chun déanamh aon ghnímh a thabhairt chun críche, d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, ní bheidh sé indíotáilte mar chomhcheilg más rud é nach mbeadh gníomh den sórt sin arna dhéanamh ag duine amháin inphionóis mar choir.

(2) Aon ghníomh a dhéanfar de bhun comhaontú nó comhair idir beirt nó níos mó ní bheidh sé, má dhéantar é d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, inchaingne mura mbeadh an gníomh, dá ndéanfaí é gan aon chomhaontú ná comhar den sórt sin, inchaingne.

(3) Forléireofar le chéile mar aon alt amháin alt 3 den Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875, agus fo-ailt (1) agus (2) den alt seo.

Picéadú sítheoilte.

11. —(1) Beidh sé dleathach do dhuine amháin nó níos mó, ag gníomhú thar a gceann féin nó thar ceann ceardchumainn d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, freastal ag áit, nó i gcás nach indéanta sin, ag na bealaí chuig áit, ina n-oibríonn a bhfostóir nó ina seolann sé gnó, má fhreastalaíonn siad amhlaidh d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair.

(2) Beidh sé dleathach do dhuine amháin nó níos mó, ag gníomhú thar a gceann féin nó thar ceann ceardchumainn d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, freastal ag áit, nó i gcás nach indéanta sin, ag na bealaí chuig áit, ina n-oibríonn fostóir nach páirtí san aighneas ceirde nó ina seolann sé gnó más rud é, agus más rud é amháin, go bhfuil sé réasúnach dóibh siúd atá ag freastal amhlaidh a chreidiúint ag tús a bhfreastail agus ar feadh na tréimhse a leanfaidh siad dá bhfreastal go bhfuil an fostóir sin tar éis cuidiú go díreach lena bhfostóir, ar páirtí san aighneas ceirde é, chun an stailc nó an gníomh tionscail eile a shárú, ar choinníoll gur d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair, a dhéanfar an freastal sin.

(3) Chun amhras a sheachaint, aon ghníomh a dhéanfaidh fostóir sna seirbhísí sláinte chun seirbhísí saolchaomhnaithe a chothabháil le linn stailce nó gnímh tionscail eile, ní cuidiú a bheidh ann chun críocha fho-alt (2).

(4) Beidh sé dleathach d'fheidhmeannach ceardchumainn aon chomhalta dá chumann a bhfeidhmíonn sé ar a shon a thionlacan ar choinníoll go mbeidh an comhalta ag gníomhú de réir fhorálacha fho-alt (1) nó (2) agus ar choinníoll gur d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair a bheidh an feidhmeannach sin ag freastal.

(5) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “feidhmeannach ceardchumainn” aon fheidhmeannach pá de chuid ceardchumainn nó aon oifigeach de chuid cumainn nó brainse de chumann a thoghfar nó a cheapfar de réir rialacha cumainn.

Deireadh a chur le dliteanas i leith gníomhartha áirithe.

12. —Ní bheidh gníomh a dhéanfaidh duine d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh inchaingne ar an bhforas amháin—

(a) go n-aslaíonn sé duine éigin eile chun conradh fostaíochta a bhriseadh, nó

(b) gurb é atá ann bagairt ó dhuine duine éigin eile a aslú chun conradh fostaíochta a bhriseadh nó bagairt ó dhuine a chonradh fostaíochta féin a bhriseadh, nó

(c) gur cur isteach é ar thrádáil, gnó nó fostaíocht duine éigin eile, nó ar cheart duine éigin eile a chaipiteal nó a shaothar a dhiúscairt mar a thograíonn sé.

Caingne torta in aghaidh ceardchumann a shrianadh.

13. —(1) Ní thabharfaidh aon chúirt aird ar chaingean in aghaidh ceardchumainn, cibé acu is ceardchumann d'oibrithe nó d'fhostóirí, nó in aghaidh a iontaobhaithe nó in aghaidh aon chomhaltaí nó feidhmeannach den chéanna thar a gceann féin agus gach comhalta eile den cheardchumann maidir le haon ghníomh tortach a rinne an ceardchumann nó a rinneadh thar a cheann d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.

(2) I gcaingean in aghaidh aon cheardchumainn nó duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) maidir le haon ghníomh tortach a líomhnaítear a bheith déanta, nó a bhfaightear amach é bheith déanta, ag ceardchumann nó thar a cheann is cosaint é go ndearnadh an gníomh de réir na tuairime réasúnaí go ndearnadh é d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.

Rúnbhallóidí.

14. —(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh dhá bhliain tar éis dháta an Achta seo a rith (“an dáta feidhme”).

(2) I rialacha gach ceardchumainn beidh foráil—

(a) nach ndéanfaidh an cumann staile nó gníomh tionscail eile a eagrú ná a cheadú ná páirt a ghlacadh sa chéanna ná tacaíocht a thabhairt don chéanna gan rúnbhallóid, a dtabharfar teideal comhionann chun vótáil inti do gach comhalta a mbeidh sé réasúnach don chumann áirithe a chreidiúint, tráth na ballóide, go n-iarrfar air páirt a ghlacadh sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile;

(b) go nglacfaidh an cumann bearta réasúnacha chun a chinntiú go vótálfaidh gach comhalta, a bheidh i dteideal vótáil sa bhallóid, gan aon chur isteach ón gcumann nó ó aon duine dá chomhaltaí, dá fheidhmeannaigh nó dá fhostaithe nó gan srianadh arna fhorchur ag an gcéanna agus, a mhéid is indéanta go réasúnach, go dtabharfar deis chothrom vótála do na comhaltaí sin;

(c) go mbeidh lán-rogha ag coiste bainisteoireachta nó ag údarás rialaithe eile ceardchumainn i ndáil le stailc nó gníomh tionscail eile a eagrú nó a cheadú nó páirt a ghlacadh sa chéanna nó tacaíocht a thabhairt don chéanna d'ainneoin tromlach na ndaoine a vótálann sa bhallóid, lena n-áirítear ballóid chomhiomlán dá dtagraítear i mír (d), a bheith i bhfabhar na stailce nó an ghnímh tionscail eile sin;

(d) nach ndéanfaidh coiste bainisteoireachta nó údarás rialaithe eile ceardchumainn stailc nó gníomh tionscail eile a eagrú ná a cheadú ná páirt a ghlacadh sa chéanna ná tacaíocht a thabhairt don chéanna in aghaidh thoil thromlach a chuid comhaltaí a vótálann i rúnbhallóid, ach amháin, i gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin, má bhíonn tromlach comhiomlán na vótaí go léir a caitheadh i bhfabhar na stailce nó an ghnímh tionscail eile sin;

(e) má bhíonn an toradh ar rúnbhallóid a sheolfaidh ceardchumann atá cleamhnaithe le Comhar Ceardchumann na hÉireann nó, i gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin den sórt sin, má bhíonn tromlach comhiomlán na vótaí go léir a caitheadh, i bhfabhar tacú le stailc a bheidh eagraithe ag ceardchumann eile, nach gcuirfear cinneadh i bhfeidhm chun gníomh tacaíochta den sórt sin a dhéanamh mura mbeidh an gníomh ceadaithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann;

(f) go nglacfaidh an ceardchumann, a luaithe is féidir tar éis rúnbhallóid a sheoladh, bearta réasúnacha chun an méid seo a leanas a chur i bhfios dá chomhaltaí a bhí i dteideal vótáil sa bhallóid:

(i) an líon páipéar ballóide a eisíodh,

(ii) an líon vótaí a caitheadh,

(iii) an líon vótaí i bhfabhar an togra,

(iv) an líon vótaí in aghaidh an togra, agus

(v) an líon vótaí millte.

(3) Na cearta a thugtar le foráil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) is cearta iad a thugtar do chomhaltaí an cheardchumainn lena mbaineann agus ní d'aon duine eile.

(4) Ní bheidh aon ní san alt seo ina chonstaic ar mhargántaíocht chun aighneas ceirde a shocrú nó ar oibrithe is páirtí san aighneas ceirde d'fhilleadh chun oibre.

(5) Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Trade Union Act, 1871, a leathnú chun an ceanglas dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) a chur san áireamh.

Cumhacht chun rialacha ceardchumann a athrú.

15. —(1) D'ainneoin aon ní i rialacha ceardchumainn beidh cumhacht ag coiste bainisteoireachta nó ag údarás rialaithe eile an chumainn, trí mheabhrán i scríbhinn, rialacha an chumainn a athrú a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt d'alt 14.

(2) Más rud é, i gcás ceardchumainn is ceardchumann faoi dhlí tíre eile, go mbeidh a cheanncheathrú rialaithe aige sa tír sin, beidh an bhrí chéanna leis an gcoiste bainisteoireachta nó leis an údarás rialaithe eile dá dtagraítear sa Chuid seo is atá leis in alt 17 (2) den Acht Ceardchumann, 1975 .

Forfheidhmiú na rialach le haghaidh rúnbhallóide.

16. —(1) Cuirfidh gach ceardchumann atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, nó ceardchumann faoi dhlí tíre eile, tráth nach déanaí ná an dáta feidhme, cóip dá rialacha, ina gcorpraítear na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14, ar aghaidh chuig Cláraitheoir na gCara-Chumann.

(2) Scoirfidh ceardchumann a mhainneoidh fo-alt (2) d'alt 14 nó fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh de bheith i dteideal ceadúnas margántaíochta a shealbhú faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , agus beidh a cheadúnas láithreach arna chúlghairm ar an dáta feidhme.

(3) Ní dheonófar ceadúnas margántaíochta do chomhlacht daoine mura ndéanann sé, i dteannta na coinníollacha iomchuí a shonraítear in alt 7 den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , agus alt 2 den Acht Ceardchumann, 1971 , arna leasú le halt 21 den Acht seo, a chomhall, fo-alt (2) d'alt 14 a chomhlíonadh, agus chun na críche sin beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ó dháta an Achta seo a rith.

(4) Ní dheonófar ceadúnas margántaíochta do chomhlacht daoine is ceardchumann faoi dhlí tíre eile mura ndéanann sé, i dteannta na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus in alt 17 den Acht Ceardchumann, 1975 , a chomhall, cóip dá rialacha ina gcorpraítear na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 a chur ar aghaidh, tráth an iarratais ar cheadúnas margántaíochta, chuig Cláraitheoir na gCara-Chumann.

(5) I gcás gur deimhin le Cláraitheoir na gCara-Chumann, tar éis imscrúdú cuí, gurb é polasaí nó cleachtas ceardchumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, nó ceardchumainn faoi dhlí tíre eile, neamhaird a thabhairt go buan ar aon cheanglas de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 féadfaidh sé treoir a thabhairt don cheardchumann an ceanglas a chomhlíonadh. I gcás go dtabharfar neamhaird ar an treoir sin cuirfidh Cláraitheoir na gCara-Chumann é sin in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire ceadúnas margántaíochta an cheardchumainn lena mbaineann a chúlghairm.

Gníomhartha contrártha do thoradh rúnbhallóide.

17. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 10, 11 agus 12 maidir le himeachtaí a thig as nó a bhaineann le stailc nó gníomh tionscail eile ag ceardchumann nó grúpa oibrithe a thugann neamhaird ar thoradh rúnbhallóide a bhaineann leis an gceist nó leis na ceisteanna lena mbaineann an t-aighneas nó atá contrártha don toradh sin.

(2) I gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin, ciallóidh toradh rúnbhallóide dá dtagraítear i bhfo-alt (1) toradh na mballóidí comhiomlána.

(3) I gcás dhá rúnbhallóid nó níos mó a bheith déanta i ndáil le haighneas, ciallóidh an bhallóid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an bhallóid deiridh den sórt sin.

Neamhfheidhm ailt 14 go 17 maidir le cumainn fostóirí.

18. —Ní bheidh feidhm ag ailt 14 go 17 maidir le ceardchumann fostóirí.

Srian le ceart chun urghaire.

19. —(1) I gcás rúnbhallóid a bheith déanta de réir rialacha ceardchumainn dá bhforáiltear in alt 14. agus gur toradh i bhfabhar stailce nó gnímh tionscail eile an toradh a bheidh uirthi nó, i gcás comhiomlánú ballóidí, an toradh a bheidh ar na ballóidí comhiomlána, agus go dtabharfaidh an ceardchumann, sula nglacfaidh sé páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile, fógra seachtaine ar a laghad don fhostóir lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, ní bheidh an fostóir sin i dteideal iarratas a dhéanamh chun aon chúirte ar urghaire ag srianadh na stailce nó an ghnímh tionscail eile mura mbeidh fógra faoin iarratas tugtha don cheardchumann agus dá chomhaltaí is páirtí san aighneas ceirde.

(2) I gcás rúnbhallóid a bheith déanta de réir rialacha ceardchumainn dá bhforáiltear in alt 14, agus gur toradh i bhfabhar stailce nó gnímh tionscail eile an toradh a bheidh uirthi nó, i gcás comhiomlánú ballóidí, an toradh a bheidh ar na ballóidí comhiomlána, agus go dtabharfaidh an ceardchumann, sula nglacfaidh sé páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile, fógra seachtaine ar a laghad don fhostóir lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, ní dheonóidh cúirt urghaire ag srianadh na stailce nó an ghnímh tionscail eile má shuíonn an freagróir cás cóir go raibh sé ag gníomhú d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.

(3) Féadfar fógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) a thabhairt do chomhaltaí ceardchumainn trí aird na gcomhaltaí sin a dhíriú ar dhoiciméad a bhfuil an fógra ann agus a mbeidh deis réasúnach ag na comhaltaí é a léamh i gcúrsa a bhfostaíochta nó a mbeidh fáil réasúnach acu air ar shlí éigin eile.

(4) Níl feidhm ag fo-ailt (1) agus (2)—

(a) maidir le himeachtaí a thig as nó a bhaineann le dul isteach go neamhdhleathach ar aon mhaoin de chuid duine eile nó fanacht go neamhdhleathach uirthi nó damáiste a dhéanamh go neamhdhleathach do mhaoin duine eile nó a chur faoi deara nó a cheadú damáiste a dhéanamh do mhaoin duine eile, nó

(b) maidir le himeachtaí a thig as aon ghníomh, nó a bhaineann le haon ghníomh, a bheidh nó is dóigh a bheidh ina thrúig bháis nó díobhála pearsanta.

(5) I gcás dhá rúnbhallóid nó níos mó a bheith déanta i ndáil le haighneas, is í an bhallóid dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) an bhallóid deiridh acu.

Leasú ar na hAchtanna Ceardchumann, 1941, 1971 agus 1975

Athrú ar éarlais de dhroim athrú ar líon comhaltaí.

20. —(1) Laistigh de mhí amháin tar éis an 31 Nollaig gach bliain cuirfidh ceardchumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta ráiteas faoina líon comhaltaí ar an 31 Nollaig chuig an Aire agus, más gá éarlais a mhéadú nó a laghdú faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , arna leasú le halt 2 den Acht Ceardchumann, 1971 , d'aon mhéid chun go mbeidh sí comhionann leis an tsuim iomchuí, déanfaidh an ceardchumann sin, tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an 31 Nollaig, an éarlais sin a mhéadú den mhéid sin nó iarratas a dhéanamh (mar a éilíonn an cás) ar an méid sin a fháil ar ais as an éarlais sin.

(2) Glacfaidh fo-alt (1) éifeacht ar an 1 Eanáir, 1991.

(3) Is í “an tsuim iomchuí” i bhfo-alt (1) an tsuim iomchuí—

(a) faoi alt 7 (2) den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , nó

(b) faoi alt 2 (4) den Acht Ceardchumann, 1971 , nó

(c) faoi alt 21 (3) nó alt 21 (4) den Acht seo,

de thuras na huaire, de réir mar a bheidh.

(4) Más rud é, i ndáil le haon cheardchumann a gceanglaítear air ráiteas a chur chuig an Aire faoin alt seo, go mainnítear ráiteas a chur nó go gcuirtear ráiteas atá bréagach go toiliúil, beidh cibé duine de chomhaltaí agus d'oifigigh an cheardchumainn a thoilíonn leis an mainneachtain ráiteas a chur, nó a éascaíonn sin, nó a thoilíonn leis an ráiteas bréagach a chur, nó a éascaíonn sin, agus, i gcás ceardchumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, an ceardchumann féin, ciontach araon i gcion faoin alt seo agus ar iad a chiontú go hachomair sa chéanna, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.

(5) Ach amháin de bhun an ailt seo, ní dhéanfaidh ceardchumann, de bharr athrú ar líon a chuid comhaltaí, méid éarlaise faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , arna leasú le halt 2 den Acht Ceardchumann, 1971 , a athrú.

(6) Beidh feidhm ag ailt 14 agus 16 den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , i ndáil le héarlais a thaiscfear leis an Ard-Chúirt faoin Acht seo nó faoin Acht Ceardchumann, 1971 , mar atá feidhm acu maidir le héarlais faoin Acht Ceárd-Chumann, 1941 .

Leasú ar alt 2 den Acht Ceardchumann. 1971.

21. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Ceardchumann. 1971.

(2) Déantar leis seo alt 2 (1) (b) d'Acht 1971 (a thagraíonn don chomhaltas is lú chun ceadúnas margántaíochta a dheonú), a leasú, i ndáil le hiarratais ar cheadúnas margántaíochta a dhéanfar tar éis dháta rite an Achta seo, trí “1,000” a chur in ionad “500”.

(3) Maidir le comhlacht daoine a dhéanann iarratas faoi alt 9 (1) den Acht Ceárd-Chumann, 1941 , ar cheadúnas margántaíochta tar éis dháta rite an Achta seo is í “an tsuim iomchuí” dá dtagraítear in alt 2 (1) (a) d'Acht 1971 an tsuim is iomchuí do líon comhaltaí an chomhlachta de réir an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó an tsuim a bhí taiscthe mar éarlais agus coinnithe taiscthe san Ard-Chúirt roimh an dáta rite sin de réir an ailt sin 2 (1) (a) agus an Sceidil a ghabhann le hAcht 1971, de réir mar a bheidh.

(4) Aon uair tar éis dháta rite an Achta seo a bhunófar ceardchumann arb é a bheidh ann ar fad nó go formhór dhá cheardchumann nó níos mó a rinne cónascadh le chéile agus a raibh gach ceann acu, díreach roimh an gcónascadh, ina shealbhóir ar cheadúnas margántaíochta, is é a bheidh sa “suim iomchuí” dá dtagraítear san alt sin 2 (1) (a) cibé suim a chinnfidh an tAire maidir leis an gcumann a bhunófar amhlaidh.

Cónascthaí agus aistrithe.

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Ceardchumann, 1975 (a thagraíonn do dheontas i leith caiteachais a bhaineann le cónascthaí nó aistrithe) trí “a bheith neamhghnách agus” a scriosadh.

(2) Aon uair a dhéanann dhá cheardchumann nó níos mó iarracht ar chónascadh nó ar aistriú gealltanas a dhéanamh ó cheardchumann amháin go ceann eile agus go gcliseann ar an iarracht, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire, a thabhairt do cheardchumann amháin nó níos mó de na ceardchumainn sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith na gcaiteachas sin is deimhin leis a thabhaigh an ceardchumann sin, sa tréimhse dhá bhliain díreach roimh an gcliseadh, i gcúrsa nó in oirchill na hiarrachta cónasctha nó aistrithe sin.

(3) I gcás go nglacfaidh ionstraim chónascacháin éifeacht, scoirfidh clárú aon chumainn cónascacháin d'éifeacht a bheith leis agus ar cheadúnas margántaíochta a dheonú don chumann nua scoirfidh aon cheadúnas margántaíochta a shealbhaíonn cumann cónascacháin d'éifeacht a bheith leis.

(4) I gcás go nglacfaidh ionstraim aistrithe gealltanas éifeacht, scoirfidh clárú aon chumainn is aistreoir agus aon cheadúnas margántaíochta a shealbhaíonn an cumann sin d'éifeacht a bheith leis.