|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCIEDEAL Éarlaisí) | Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990
[EN] | ||
[EN] |
AN CEATHRÚ SCEIDEAL An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais | |
1. Beidh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe. | ||
2. Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheidh ionadaíoch d'oibrithe agus d'fhostóirí agus ceapfar é ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
3. Ar ghnáthchomhaltaí an Choimisiúin— | ||
(a) beidh beirt ina gcomhaltaí oibrithe; | ||
(b) beidh beirt ina gcomhaltaí fostóirí; agus | ||
(c) ainmneoidh an tAire beirt díobh. | ||
4. Is iad na comhaltaí oibrithe na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch do cheardchumainn oibrithe. | ||
5. Is iad na comhaltaí fostóirí na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch d'fhostóirí. | ||
6. Beidh gach gnáthchomhalta ina chomhalta páirtaimseartha den Choimisiún agus ceapfar é ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire. | ||
7. Féadfar cibé liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcathaoirleach agus le gach gnáthchomhalta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||
8. Féadfaidh an cathaoirleach nó gnáthchomhalta éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire. | ||
9. Féadfaidh an tAire an cathaoirleach nó gnáthchomhalta a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | ||
10. (1) I gcás go ndéanfar an cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Choimisiún a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa scoirfidh sé air sin de bheith i seilbh oifige. | ||
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ar comhalta é de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach nó ina ghnáthchomhalta den Choimisiún. | ||
11. Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú an chathaoirligh nó gnáthchomhalta a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigeach don Choimisiún a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin. | ||
12. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 11) an Choimisiúin agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. |