Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

32 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1990


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (BANÉIGEAN) (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Ionsaí gnéasach.

3.

Tromionsaí gnéasach.

4.

Banéigean faoi alt 4.

5.

Cealú díolúine an phósta i ndáil le banéigean.

6.

Cumas cionta de chineál gnéasach a dhéanamh.

7.

Comhthacaíocht le fianaise in imeachtaí i ndáil le cionta de chineál gnéasach.

8.

Malairt fíorasc.

9.

Toiliú.

10.

An Phríomh-Chúirt Choiriúil do thriail daoine i gcionta áirithe.

11.

An pobal a eisiamh ó éisteachtaí.

12.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

16.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

17.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

18.

Leasú ar alt 18 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935.

19.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

20.

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.

21.

Aisghairm.

22.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú, tosach feidhme agus foráil idirthréimhseach.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

1951, Uimh. 2

Criminal Law Amendment Act, 1885

1885, c. 69

Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935

1935, Uimh. 6

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981

1981, Uimh. 10

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Chinedhíothú, 1973

1973, Uimh. 28

Offences against the Person Act, 1861

1861, c. 100

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1990


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (BANÉIGEAN) (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE BANÉIGEAN AGUS LE CIONTA GNÉASACHA ÁIRITHE EILE AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA UM AN DLÍ COIRIÚIL (BANÉIGEAN), 1981 , AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE. [18 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “tromionsaí gnéasach” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

tá le “banéigean faoi alt 4” an bhrí a shanntar dó le halt 4;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 ;

tá le “ionsaí gnéasach” an bhrí a shanntar dó le halt 2.

(2) (a) San Acht seo agus sa Phríomh-Acht aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo agus sa Phríomh-Acht aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(c) San Acht seo agus sa Phríomh-Acht forléireofar tagairt d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Ionsaí gnéasach.

2. —(1) Tabharfar ionsaí gnéasach ar an gcion arb éard é ionsaí mígheanasach ar aon duine fireann agus ar an gcion arb éard é ionsaí mígheanasach ar aon duine baineann.

(2) Aon duine a bheidh ciontach in ionsaí gnéasach dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

(3) Is feileonacht é ionsaí gnéasach.

Tromionsaí gnéasach.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “tromionsaí gnéasach” ionsaí gnéasach lena ngabhann mór-fhoréigean nó bagairt mhór-fhoréigin nó ar ionsaí gnéasach é de shórt atá ina chúis le gortú, le huirísliú nó le táireadh de chineál tromaí don duine a ionsaítear.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i dtromionsaí gnéasach dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air.

(3) Is feileonacht é tromionsaí gnéasach.

Banéigean faoi alt 4.

4. —(1) San Acht seo ciallaíonn “banéigean faoi alt 4” ionsaí gnéasach ar cuid de—

(a) treá (dá laghad é) na timpireachta nó an bhéil ag an bpéineas, nó

(b) treá (dá laghad é) na faighne ag rud ar bith atá i ngreim nó á ionramháil ag duine eile.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i mbanéigean faoi alt 4 dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air.

(3) Is feileonacht é banéigean faoi alt 4.

Cealú díolúine an phósta i ndáil le banéigean.

5. —(1) Cealaítear leis seo aon riail dlí nach féidir dá bua le fear a bheith ciontach i mbanéigean a dhéanamh ar a bhanchéile.

(2) Ní dhéanfar imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne fir mar gheall ar é do dhéanamh banéigin ar a bhanchéile ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh.

Cumas cionta de chineál gnéasach a dhéanamh.

6. —Cealaítear leis seo aon riail dlí a n-áirítear dá bua duine fireann a bheith éagumasach go fisiciúil mar gheall ar a aois ar chion de chineál gnéasach a dhéanamh.

Comhthacaíocht le fianaise in imeachtaí i ndáil le cionta de chineál gnéasach.

7. —(1) Faoi réir aon achtacháin a bhaineann le comhthacaíocht le fianaise in imeachtaí coiriúla, más rud é, le linn duine a cúisíodh i gcion de chineál gnéasach a bheith á thriail ar díotáil, go ndéanfaidh an duine a líomhnaítear an cion a bheith déanta ina leith fianaise a thabhairt agus go mbeadh, mar gheall ar an gcineál cúisimh atá ann agus mar gheall air sin amháin, ceanglas ann, murach an t-alt seo, go dtabharfaí rabhadh don ghiúiré i dtaobh an baol a bhaineann leis an duine a chiontú ar fhianaise neamh-chomhthacaithe an duine eile sin, is faoin mbreitheamh a bheidh sé a chinneadh dá rogha féin, ag féachaint don fhianaise go léir a tugadh, cibé acu ar chóir an rabhadh a thabhairt don ghiúiré, agus cealaítear dá réir sin leis seo aon riail dlí nó cleachtas a bhfuil ceanglas den sórt sin a dúradh ann dá bhua.

(2) Má chinneann breitheamh, dá rogha féin, rabhadh den sórt sin a dúradh a thabhairt, ní gá dó aon fhoirm áirithe focal a úsáid chun é sin a dhéanamh.

Malairt fíorasc.

8. —(1) Aon duine a bheidh díotáilte i mbanéigean féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i mbanéigean ach go ndlíonn sí é a chiontú i mbanéigean faoi alt 4 nó i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, é a fháil ciontach i mbanéigean faoi alt 4 nó i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, de réir mar is cuí.

(2) Aon duine a bheidh díotáilte i mbanéigean féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i mbanéigean ach go ndlíonn sí é a chiontú i gcion faoi alt 1 nó 2 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , nó faoi alt 3 den Criminal Law Amendment Act, 1885, é a fháil ciontach i gcion faoin alt sin 1, 2 nó 3, de réir mar is cuí.

(3) Aon duine a bheidh díotáilte i mbanéigean faoi alt 4 féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i mbanéigean faoi alt 4 ach go ndlíonn sí é a chiontú i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, é a fháil ciontach i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, de réir mar is cuí.

(4) Aon duine a bheidh díotáilte i dtromionsaí gnéasach féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i dtromionsaí gnéasach ach go ndlíonn sí é a chiontú in ionsaí gnéasach, é a fháil ciontach in ionsaí gnéasach.

(5) Aon duine a bheidh díotáilte i gcion a ndearnadh feileonacht de le halt 1 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú san fheileonacht nó in iarracht an fheileonacht a dhéanamh ach go ndlíonn sí é a chiontú i gcion faoi alt 2 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , nó faoi alt 3 den Criminal Law Amendment Act, 1885, nó i mbanéigean faoi alt 4 nó i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, é a fháil ciontach i gcion faoin alt sin 2 nó 3 nó i mbanéigeán faoi alt 4 nó i dtromionsaí gnéasach nó in ionsaí gnéasach, de réir mar is cuí.

Toiliú.

9. —Dearbhaítear leis seo, i ndáil le cion arb éard é nó ar cuid de gníomh a dhéanamh ar dhuine gan toiliú an duine sin, nach ionann ann féin aon mhainneachtain nó faillí ag an duine sin cur i gcoinne an ghnímh agus toiliú leis an ngníomh.

An Phríomh-Chúirt Choiriúil do thriail daoine i gcionta áirithe.

10. —Is í an Phríomh-Chúirt Choiriúil a thriailfidh aon duine a bheidh díotáilte i gcion banéigin nó sa chion arb éard é tromionsaí gnéasach nó iarracht tromionsaithe ghnéasaigh nó cabhrú nó neartú le tromionsaí gnéasach nó le hiarracht tromionsaithe ghnéasaigh, nó cion acu sin a chomhairliú nó a thabhairt chun críche, nó gríosú chun cion tromionsaithe ghnéasaigh a dhéanamh nó comhcheilg aon chion de na cionta roimhe seo a dhéanamh.

An pobal a eisiamh ó éisteachtaí.

11. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 6 den Phríomh-Acht:

“6.—(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4), in aon imeachtaí maidir le cion banéigin nó leis an gcion arb éard é tromionsaí gnéasach nó iarracht tromionsaithe ghnéasaigh nó cabhrú nó neartú le tromionsaí gnéasach nó le hiarracht tromionsaithe ghnéasaigh nó cion acu sin a chomhairliú nó a thabhairt chun críche, nó gríosú chun cion tromionsaithe ghnéasaigh a dhéanamh nó comhcheilg aon chion de na cionta roimhe seo a dhéanamh, eisiafaidh an breitheamh, an giúistís nó an chúirt, de réir mar a bheidh, ón gcúirt, le linn na héisteachta, gach duine ach amháin oifigigh don chúirt, daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí, ionadaithe bona fide ón bPreas agus cibé daoine eile (más ann) a dtabharfaidh an breitheamh, an giúistís nó an chúirt, de réir mar a bheidh, dá rogha féin, cead dóibh fanacht.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an breitheamh, an giúistís nó an chúirt, de réir mar a bheidh, gach duine ach amháin oifigigh don chúirt agus daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí a eisiamh ón gcúirt nuair a bheidh iarratas faoi alt 3 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 5) nó faoi alt 4 (2) á éisteacht.

(3) Ní dochar fo-ailt (1) agus (2) do cheart tuismitheora, gaoil nó cara de chuid an ghearánaigh nó, i gcás nach duine lánaoise é an cúisí, de chuid an chúisí fanacht sa chúirt.

(4) In aon imeachtaí lena mbaineann fo-alt (1) déanfar an fíorasc nó an bhreith agus an phianbhreith (más ann) a fhógairt go poiblí.”.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San Acht seo—

tá le ‘tromionsaí gnéasach’, ‘banéigean faoi alt 4’ agus ‘ionsaí gnéasach’ na bríonna a shanntar dóibh faoi seach leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ;

ciallaíonn ‘gearánach’ duine a líomhnaítear go ndearnadh cion ionsaithe ghnéasaigh i ndáil leis nó léi;

ciallaíonn ‘cion banéigin’ aon chion díobh seo a leanas, eadhon, banéigean, iarracht bhanéigin, buirgléireacht le hintinn banéigean a dhéanamh, cabhrú nó neartú le banéigean, le hiarracht bhanéigin nó le buirgléireacht le hintinn banéigean a dhéanamh, nó cion acu sin a chomhairliú agus é a thabhairt chun críche, agus gríosú chun banéigin agus, seachas in ailt 2 (2) agus 8 den Acht seo, banéigean faoi alt 4, iarracht bhanéigin faoi alt 4, cabhrú nó neartú le banéigean faoi alt 4 nó le hiarracht bhanéigin faoi alt 4, nó cion acu sin a chomhairliú agus é a thabhairt chun críche, agus gríosú chun banéigin faoi alt 4;

ciallaíonn ‘cion ionsaithe ghnéasaigh’ cion banéigin agus aon chion díobh seo a leanas, eadhon, tromionsaí gnéasach, iarracht tromionsaithe ghnéasaigh, ionsaí gnéasach, iarracht ionsaithe ghnéasaigh, cabhrú nó neartú le tromionsaí gnéasach, le hiarracht tromionsaithe ghnéasaigh, le hionsaí gnéasach nó le hiarracht ionsaithe ghnéasaigh, nó cion acu sin a chomhairliú agus a thabhairt chun críche, gríosú chun tromionsaí gnéasach nó ionsaí gnéasach a dhéanamh agus comhcheilg aon chion de na cionta roimhe seo a dhéanamh.”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é i dtriail go gcúiseofar aon duine de thuras na huaire i gcion ionsaithe ghnéasaigh a bpléadálann sé neamhchiontach ann, ansin, ach amháin le cead ón mbreitheamh, ní dhéanfaidh aon duine cúisithe sa triail, ná ní dhéanfar thar a cheann, aon fhianaise a thabhairt ar aird ná aon cheist a chur le linn croscheistiú sa triail i dtaobh aon taithíocht chollaí (seachas an taithíocht chollaí lena mbaineann an cúiseamh) a bhí ag gearánach le duine ar bith; agus, i ndáil le hionsaí gnéasach a bheidh á thriail go hachomair de bhun alt 12—

(a) beidh éifeacht le fo-alt (2) (a) ionann is dá mbeadh na focail ‘agus an giúiré as láthair’ fágtha ar lár,

(b) beidh éifeacht le fo-alt (2) (b) ionann is dá gcuirfí tagairtí don chúirt in ionad na dtagairtí don ghiúiré, agus

(c) beidh éifeacht leis an alt seo (ar leith ón mír seo) agus le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 7 ionann is dá gcuirfí tagairtí don chúirt in ionad na dtagairtí don bhreitheamh.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má dhéanann duine atá cúisithe i gcion banéigin iarratas chuige sin chun breitheamh den Ard-Chúirt roimh thosach na trialach nó chun an bhreithimh sa triail, ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) i leith an duine i ndáil leis an gcúiseamh:

Ar choinníoll, má dhealraíonn sé don bhreitheamh go bhféadfadh sé tarlú, dá dtabharfaí an t-ordachán, go gcuirfeadh foilsiú aon ábhair de bhun an ordacháin ar chumas daoine den phobal a aithint gur duine áirithe an gearánach i ndáil leis an gcúiseamh, nach dtabharfaidh an breitheamh an t-ordachán mura deimhin leis go bhféadfaí ordachán a thabhairt go cuí i ndáil leis an duine sin de bhun alt 7.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Más rud é, tráth ar bith tar éis duine a chúiseamh i gcion banéigin, go ndéanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas chuige sin chun breitheamh den Ard-Chúirt, ordóidh an breitheamh, más deimhin leis gurb é leas an phobail é sin a dhéanamh, nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar, a bhaineann leis an duine atá cúisithe sa chion, a bheidh sonraithe san ordachán.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 9 (2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) in alt 8 (8), in ionad na tagartha don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cuirfear tagairt don údarás comórtha agus in ionad na dtagairtí do bhreitheamh den Ard-Chúirt cuirfear tagairtí d'uasúdarás; agus, chun críocha na míre seo, is uasúdarás gach duine acu seo a leanas:

(i) an tAire Cosanta,

(ii) Ard-Aidiúnach na bhFórsaí Cosanta,

(iii) aon ghinearál-oifigeach nó brat-oifigeach (de réir na brí atá leo faoi seach san Acht Cosanta, 1954 ) a bheidh ceaptha chun na críche sin ag an Aire Cosanta, agus”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 12 (1) den Phríomh-Acht—

(a) trí “ionsaí gnéasach nó cion lena mbaineann alt 11” a chur in ionad “cion lena mbaineann alt 10 nó 11”, agus

(b) trí “£1,000” a chur in ionad “£500”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

17. —(1) Leasaítear leis seo ailt 4 (1), 5 agus 9 (1) den Phríomh-Acht trí “i gcion ionsaithe ghnéasaigh” a chur in ionad “i gcion banéigin” in alt 4 (1) agus 5, agus trí “cion ionsaithe ghnéasaigh” a chur in ionad “cion banéigin” in alt 9 (1).

(2) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) trí “duine” a chur in ionad “bean” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “de bhíthin thoradh na trialach agus dá bhíthin sin amháin” a chur in ionad “de bhíthin amháin gur éigiontaíodh duine cúisithe sa triail” i bhfo-alt (4), agus

(c) trí “i gcion ionsaithe ghnéasaigh” a chur in ionad “i gcion banéigin” i bhfo-ailt (1), (2), (3), (4), (8) (a) agus (10), agus trí “cion ionsaithe ghnéasaigh” a chur in ionad “cion banéigin” i bhfo-alt (5).

Leasú ar alt 18 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 .

18. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , trí “£500” a chur in ionad “dhá phúnt” agus trí “6 mhí, nó iad araon” a chur in ionad“mí”.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

19. —Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954

(a) trí “, i mbanéigean faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ) nó i dtromionsaí gnéasach (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 )” a chur isteach i ndiaidh “i mbanéigean” in alt 169 (b), agus

(b) trí “, banéigin, banéigin faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ) ná tromionsaithe ghnéasaigh (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 )” a chur in ionad “ná banéigin” in alt 192 (3).

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

20. —(a) Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le banéigean, le banéigean faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ) ná le tromionsaí gnéasach (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ).

(b) D'ainneoin mhír (a) measfar, chun críocha mhír (b) den fho-alt sin (2), gur cionta lena mbaineann an t-alt sin 13 na cionta dá dtagraítear inti.

Aisghairm.

21. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú, tosach feidhme agus foráil idirthréimhseach.

22. —(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 agus 1990, a ghairm den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 , agus den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí tar éis dháta a rite.

(4) (a) Ní bheidh éifeacht le hailt 2, 3, 4, 5, 6, 8, 12, 16, 19 agus 21 (a mhéid a bhaineann sé le huimhreacha tagartha 3 agus 4 sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) i ndáil le cion a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

(b) Ní bheidh éifeacht le hailt 7, 11, 13, 15 agus 17 (1) i ndáil le triail nó réamhcheistiú a thosóidh roimh an tosach feidhme sin.

(c)   (i) Faoi réir fhomhír (ii), ní bheidh éifeacht le halt 10 i ndáil le cás ina ndearnadh, roimh an tosach feidhme sin, duine a chur ar aghaidh chun a thrialach sa Chúirt Chuarda.

(ii) I gcás lena mbaineann fomhír (i), géillfear d'iarratas ó dhuine cúisithe nó ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, arna dhéanamh roimh thosach na trialach lena mbaineann, chuig breitheamh den Chúirt Chuarda a shuíonn sa chuaird ina mbeidh sí ar siúl, go n-aistreofar go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil í.

(d) Ní bheidh éifeacht le halt 20 i ndáil le cúiseamh a rinneadh roimh an tosach feidhme sin.