3 1992

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1992


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1992

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Tuarastal do chomhaltaí den Oireachtas.

3.

Liúntais i leith caiteachas do chomhaltaí den Oireachtas.

4.

Liúntas is iníoctha faoi alt 3 a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim.

5.

Liúntais foirceanta d'iarchomhaltaí den Oireachtas.

6.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

7.

Pinsin aireachta agus pinsin rúnaí.

8.

Pinsin do bhaintreacha fir sealbhóirí oifige éagtha.

9.

Srianta le hailt 13A agus 13B den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar an bPríomh-Acht (Cuid nua).

11.

Leasú ar an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962.

12.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1938.

13.

Alt 19 (3) den Phríomh-Acht a shoiléiriú.

14.

Leasú ar alt 4 den Acht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979.

15.

Aisghairm.

16.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979

1979, Uimh. 19

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938

1938, Uimh. 38

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952

1952, Uimh. 19

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977

1977, Uimh. 28

Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938

1938, Uimh. 34

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960

1960, Uimh. 12

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962

1962, Uimh. 32

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1964

1964, Uimh. 14

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968

1968, Uimh. 22

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977

1977, Uimh. 29

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1983

1983, Uimh. 32

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1992


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1992

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 GO 1983, NA nACHTANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1983 AGUS ALT 4 DEN ACHT UM THIONÓL NA hEORPA (IONADAITHE NA hÉIREANN), 1979 . [18 Márta, 1992]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1938” Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977 ;

ciallaíonn “Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí)” Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí) a rinneadh faoi alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 ), agus a tháinig i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1960, arna leasú le Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí) (Leasú), 1986 (I.R. Uimh. 431 de 1986), Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí) (Leasú) (Uimh. 2), 1986 (I.R. Uimh. 432 de 1986) agus Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí) (Leasú), 1988 (I.R. Uimh. 223 de 1988);

ciallaíonn “Aire Stáit” duine a cheaptar faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 , chun bheith ina Aire Stáit ag Roinn Stáit;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 .

Tuarastal do chomhaltaí den Oireachtas.

2. —Déanfar suim bhliantúil ar mhodh tuarastail a thabhairt ar an liúntas is iníoctha le gach comhalta den Oireachtas faoi alt 2 d'Acht 1938 agus déanfar tagairtí don liúntas sin san Acht sin nó in aon Acht eile den Oireachtas nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon Acht den Oireachtas a fhorléiriú dá réir sin.

Liúntais i leith caiteachas do chomhaltaí den Oireachtas.

3. —(1) Íocfar le gach comhalta den Oireachtas as airgead a sholáthróidh an tOireachtas suim bhliantúil (dá ngairtear “liúntas” ina dhiaidh seo san alt seo) mar lánsocrú ar chaiteachais—

(a) nach n-aisíoctar thairis sin, go díreach nó go neamhdhíreach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus

(b) a bhfuil oibleagáid ar an gcomhalta iad a thabhú—

(i) i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhalta den Oireachtas, agus

(ii) i gcás inar sealbhóir an comhalta ar oifig dá dtagraítear i gCuid II den Phríomh-Acht, i gcomhlíonadh dhualgais na hoifige sin.

(2) Beidh liúntas iníoctha go míosúil i leith tréimhsí ar ina n-aghaidh a íoctar suim bhliantúil ar mhodh tuarastail leis an duine lena mbaineann faoi alt 2 d'Acht 1938 (arna leasú le halt 2 den Acht seo).

(3) Ní chuirfear liúntas i gcuntas chun sochair aoisliúntais nó na liúntais is iníoctha faoi alt 5 den Acht seo nó faoi Chuid V den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach le halt 10 den Acht seo) a ríomh.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, na nithe seo a leanas a chinneadh—

(a) an dáta óna mbeidh liúntas iníoctha,

(b) ráta liúntais is iníoctha le comhalta nó comhaltaí de Dháil Éireann,

(c) ráta liúntais is iníoctha le comhalta nó comhaltaí de Sheanad Éireann,

(d) aon mhodh chun liúntas a athbhreithniú amach anseo, agus

(e) coinníollacha lena rialófar íocaíocht liúntais.

(5) Déanfar gach rialachán arna dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Liúntas is iníoctha faoi alt 3 a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim.

4. —(1) Beidh liúntas is iníoctha faoi alt 3 den Acht seo díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní áireofar é le linn ioncam a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha rialacha 3 agus 4 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ní bheidh éifeacht leo i ndáil le caiteachais a bhfuil liúntas iníoctha faoin alt sin 3 mar lánsocrú orthu agus ní bheidh aon ábhar éilimh ann faoi na rialacha sin i leith na gcaiteachas sin:

Ar choinníoll, maidir le hAire den Rialtas, leis an Ard-Aighne nó le hAire Stáit—

(a) is comhalta de Dháil Éireann do dháilcheantar atá lasmuigh de chontaebhuirg agus de chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, nó

(b) is comhalta de Sheanad Éireann agus a bhfuil a phríomh-áit chónaithe lasmuigh den chontaebhuirg agus den chontae riaracháin sin,

más rud é go bhfuil oibleagáid air, de dhroim a dhualgais a chomhlíonadh mar shealbhóir oifige nó mar chomhalta den Oireachtas, dara háit chónaithe, de bhreis ar a phríomh-áit chónaithe, a chothabháil, go ndeonófar asbhaint dó faoin riail sin 3 i leith caiteachas a thabhóidh sé ar chothabháil an dara háit chónaithe sin.

Liúntais foirceanta d'iarchomhaltaí den Oireachtas.

5. —(1) Comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a scoirfidh de bheith ina chomhalta den sórt sin, féadfar, ar an scor sin agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, liúntas a dheonú dó, dá ngairtear “liúntas foirceanta” ina dhiaidh seo san alt seo agus is iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, na nithe seo a leanas a chinneadh—

(a) ráta nó rátaí liúntais foirceanta is iníoctha le hiarchomhalta nó le hiarchomhaltaí de Dháil Éireann,

(b) ráta nó rátaí liúntais foirceanta is iníoctha le hiarchomhalta nó le hiarchomhaltaí de Sheanad Éireann, agus

(c) i leith iarchomhalta nó iarchomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, cibé srianta agus coinníollacha is cuí leis an Aire lena rialófar teideal chun liúntas foirceanta agus íocaíocht foirceanta a fháil.

(3) Déanfar gach rialachán arna dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, ar lá é nach luaithe ná dáta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach—

“ciallaíonn ‘an dáta feidhme’ an chéad lá a thoghfaidh Dáil Éireann Taoiseach tar éis an olltoghcháin do Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1992 , a rith;

ciallaíonn ‘duine réamhcháilithe’ duine nach bhfuil feidhm ag alt 13A den Acht seo (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1992 ) maidir leis, agus a bhfuil, ar an dáta feidhme nó roimhe, 3 bliana seirbhíse ar a laghad tugtha aige in oifig cháilitheach nó i roinnt oifigí den sórt sin.”.

Pinsin aireachta agus pinsin rúnaí.

7. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“Pinsin aireachta agus pinsin rúnaí.

13A.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon duine ar duine é, ar an dáta feidhme—

(i) nach bhfuil seirbhís tugtha aige roimhe sin in oifig cháilitheach, nó

(ii) a bhfuil seirbhís tugtha aige in oifig cháilitheach, nó i roinnt oifigí den sórt sin, ar feadh tréimhse is giorra ná 1,095 lá,

(b) maidir le haon duine—

(i) is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa ar an dáta feidhme nó a cheaptar ina Ard-Aighne ar an dáta sin nó, ar an lá deireanach ar tháinig Dáil Éireann le chéile roimh an dáta sin—

(I) a shealbhaigh oifig cháilitheach, nó

(II) ba chomhalta de Dháil Éireann agus a shealbhaigh oifig an Taoisigh roimhe sin,

agus

(ii) a bhfuil, ar an dáta feidhme nó roimhe, 1,095 lá seirbhíse ar a laghad tugtha aige in oifig cháilitheach, nó i roinnt oifigí den sórt sin, agus

(iii) tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta feidhme—

(I) a roghnóidh, ar cibé modh a chinnfidh an tAire Airgeadais, go mbeidh feidhm ag an alt seo ina chás, nó

(II) a gheobhaidh bás agus nach bhfuil roghnaithe aige amhlaidh,

agus

(c) maidir le haon duine, seachas duine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo—

(i) a bhfuil, roimh an dáta feidhme, 1,095 lá seirbhíse ar a laghad tugtha aige in oifig cháilitheach, nó i roinnt oifigí den sórt sin, agus

(ii) a thagann, tar éis an dáta feidhme, chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó a cheaptar ina Ard-Aighne tar éis an dáta sin, agus

(iii) tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a thagann sé chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó chun bheith ina ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó tar éis dháta an cheapacháin sin, de réir mar is cuí—

(I) a roghnóidh, ar cibé modh a chinnfidh an tAire Airgeadais, go mbeidh feidhm ag an alt seo ina chás, nó

(II) a gheobhaidh bás agus nach bhfuil roghnaithe aige amhlaidh:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le duine a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhíreanna (b) (i) agus (b) (ii), nó i bhfomhíreanna (c) (i) agus (c) (ii), den fho-alt seo agus a roghnóidh, ar cibé modh a chinnfidh an tAire Airgeadais, laistigh den tréimhse 3 mhí dá dtagraítear i bhfomhír (b) (iii) nó i bhfomhír (c) (iii) den fho-alt seo, de réir mar is cuí, nach mbeidh feidhm ag an alt seo ina chás, nó

(b) maidir le duine éagtha dá dtagraítear i bhfomhír (b) (iii) (II) nó i bhfomhír (c) (iii) (II) den fho-alt seo, dá laghdófaí dá chionn sin méid pinsin is iníoctha faoi alt 20 den Acht seo le baintreach nó le baintreach fir an duine sin.

(2) Le héifeacht ón dáta feidhme nó, i gcás duine lena mbaineann an t-alt seo de bhua mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, ón dáta dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír sin (c), scoirfidh ailt 14, 16 agus 17 den Acht seo d'fheidhm a bheith acu maidir le haon duine lena mbaineann an t-alt seo agus ní leanfar d'aon phinsean a bheidh á íoc le duine den sórt sin de bhun na n-alt sin 14, 16 agus 17.

(3) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo—

(a) aon duine lena mbaineann an t-alt seo agus, ar é do scor d'oifig cháilitheach a shealbhú, a mbeidh 3 bliana ar a laghad de sheirbhís aireachta tugtha aige, beidh sé, ar an scor sin, i dteideal pinsin aireachta, agus

(b) aon duine eile lena mbaineann an t-alt seo agus, ar é do scor d'oifig cháilitheach a shealbhú, a mbeidh 3 bliana ar a laghad de sheirbhís rúnaíochta tugtha aige, beidh sé, ar an scor sin, i dteideal pinsin rúnaí.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) glacfar leis gurb é an líon blianta atá i seirbhís aireachta duine an toradh a fhaightear trí chomhiomlán na méideanna seo a leanas a roinnt ar 365—

(i) an líon laethanta ar shealbhaigh an duine oifig aireachta lena linn,

agus, mura lú ná 1,095 lá an líon laethanta den sórt sin,

(ii) leath an lín laethanta, más ann, ar shealbhaigh an duine oifig cháilitheach seachas oifig aireachta lena linn,

(b) glacfar leis gurb é an líon blianta a bheidh i seirbhís rúnaíochta duine an toradh a fhaightear tríd an líon iomlán laethanta ar shealbhaigh an duine oifig cháilitheach lena linn a roinnt ar 365:

Ar choinníoll go dtabharfar neamhaird ar aon chodán de bhliain sa toradh a fhaightear faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo.

(5) (a) Beidh pinsean faoin alt seo de réir ráta 25 faoin gcéad den tuarastal cuí, móide 5 faoin gcéad den tuarastal cuí i leith gach bliana seirbhíse breise de bhreis ar 3 bliana, faoi réir uasmhéid 7 mbliana breise den sórt sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘an tuarastal cuí’:

(i) maidir le pinsean aireachta—

(I) más rud é gur shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig an Taoisigh, an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail leis an Taoiseach,

(II) más rud é gur shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig an Tánaiste ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana, an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail leis an Tánaiste,

(III) más rud é gur shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig an Tánaiste ar feadh tréimhse is lú ná 3 bliana, an méid a fhaightear de réir na foirmle

D

× S1 +

(T-D)

× S2

T

T

i gcás gurb é D an líon laethanta ar thug an duine seirbhís mar Thánaiste lena linn, gurb é T an líon iomlán laethanta ar thug an duine seirbhís in oifig aireachta lena linn (faoi réir uasmhéid 3,650 lá), gurb é S1 an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail leis an Tánaiste agus gurb é S2 an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le comhalta den Rialtas seachas an Taoiseach nó an Tánaiste,

(IV) in aon chás eile, an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le comhalta den Rialtas seachas an Taoiseach nó an Tánaiste,

(ii) maidir le pinsean rúnaí—

(I) más rud é—

(A) gur shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig aireachta an 1ú lá d'Eanáir, 1978, nó dá éis, nó

(B) go bhfuil an duine lena mbaineann tar éis seirbhís nach lú ná 3 bliana a thabhairt in oifig cháilitheach, nó i roinnt oifigí den sórt sin, seachas oifig a tháinig chun bheith ina hoifig cháilitheach de bhua fho-alt 5 (1) den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1983,

an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le sealbhóir ar oifig Aire Stáit,

(II) in aon chás eile, an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail i leith na hoifige cáilithí deireanaí, seachas oifig aireachta, a shealbhaigh an duine lena mbaineann.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhís’ seirbhís aireachta i gcás duine atá i dteideal pinsin aireachta agus seirbhís rúnaíochta i gcás duine atá i dteideal pinsin rúnaí.

(6) Ní bheidh duine i dteideal pinsin faoin alt seo le héifeacht ó dháta is luaithe ná an dáta feidhme.

(7) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine atá i dteideal pinsin faoin alt seo iarratas chun an Aire Airgeadais ar an bpinsean sin, tosóidh an pinsean sin chun a bheith iníoctha—

(i) i gcás ina ndéanfaidh sé iarratas amhlaidh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a tháinig sé chun bheith ina theideal amhlaidh, amhail ar an agus ón dáta sin, agus

(ii) in aon chás eile, amhail ar agus ó dháta a iarratais.

(b) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, ní bheidh duine i dteideal pinsin faoin alt seo más rud é—

(i) go bhfuil liúntas téarfa faoi Chuid V den Acht seo á fháil aige, nó

(ii) nach bhfuil 55 bliana d'aois slánaithe aige.

(c) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt seo maidir le duine a suitear ina leith chun sástacht an Aire Airgeadais go bhfuil cosc air slí bheatha a thuilleamh mar gheall ar mhíchumas buan coirp nó meabhrach.

(d) D'ainneoin na fomhíre sin (ii), maidir le duine a bhfuil 50 bliain d'aois slánaithe aige agus a bheadh i dteideal pinsin faoin alt seo murach an fhomhír sin (ii), féadfar, ar iarratas a dhéanamh ar an bpinsean sin chun an Aire Airgeadais, pinsean a íoc leis—

(i) i gcás ina ndéanfaidh sé iarratas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a mbeadh sé i dteideal an phinsin sin, murach an fhomhír sin (ii), amhail ar an agus ón dáta sin, agus

(ii) in aon chás eile, amhail ar agus ó dháta a iarratais,

ach laghdófar an pinsean sin (dá ngairtear ‘pinsean lascainithe’ ina dhiaidh seo san alt seo) cibé méid a fhorordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, ag féachaint d'aois an duine ar an dáta a thosaítear ar an bpinsean a íoc.

(e) I gcás ina n-íocfar pinsean lascainithe le duine, agus go scoirfidh an pinsean sin de bheith iníoctha de bhun fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo, ansin, má thagann an duine lena mbaineann chun bheith i dteideal pinsin faoin alt seo ina dhiaidh sin, leanfaidh forálacha mhír (d) den fho-alt seo d'fheidhm a bheith acu i leith an chuid sin den phinsean a bhaineann le seirbhís a tugadh sula ndearna sé iarratas chun an Aire Airgeadais faoin mír sin (d).

(f) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, déanfar méid pinsin nó pinsin lascainithe faoin alt seo a laghdú 50 faoin gcéad le linn aon tréimhse ina bhfuil an duine a bhfuile sé iníoctha leis ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó ina ionadaí i bParlaimint na hEorpa.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) (f) den alt seo maidir le duine a shealbhaigh oifig an Taoisigh.

Socruithe speisialta pinsin do dhaoine réamhcháilithe.

13B.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon duine is duine réamhcháilithe agus a shealbhaíonn oifig cháilitheach ar an dáta feidhme nó dá éis.

(2) Amhail ar an agus ón dáta feidhme, ní bheidh feidhm ag alt 14 nó ag alt 16 den Acht seo, de réir mar is cuí, maidir le duine a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis i leith seirbhíse a bheidh tugtha aige i ndiaidh an dáta sin.

(3) San alt seo ciallaíonn ‘pinsean bunaidh’, i ndáil le duine lena mbaineann an t-alt seo, an pinsean a raibh teideal ag an duine sin chuige faoi alt 14 nó faoi alt 16 den Acht seo, de réir mar is cuí, ar an dáta feidhme, nó, má shealbhaigh an duine oifig cháilitheach ar an dáta sin, an pinsean a mbeadh teideal aige chuige amhlaidh dá scoirfeadh sé d'oifig a shealbhú ar an dáta sin.

(4) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, beidh duine lena mbaineann an t-alt seo agus a scoirfidh d'oifig cháilitheach a shealbhú i ndiaidh an dáta feidhme i dteideal pinsean breise (dá ngairtear ‘pinsean forlíontach’ ina dhiaidh seo san alt seo) a fháil i dteannta a phinsin bunaidh.

(5) (a) Is é a bheidh i méid pinsin fhorlíontaigh—

(i) i gcás duine ar pinsean aireachta a phinsean bunaidh, 5 faoin gcéad den tuarastal cuí (de réir bhrí alt 13A den Acht seo) arna iolrú faoin líon blianta iomchuí,

(ii) i gcás duine ar pinsean rúnaí a phinsean bunaidh agus, ar é do scor d'oifig cháilitheach a shealbhú i ndiaidh an dáta feidhme, a bheadh i dteideal pinsin aireachta faoi alt 14 den Acht seo, murach fo-alt (2) den alt seo, méid is comhionann leis an difríocht idir—

(A) méid an phinsin aireachta ab iníoctha an tráth sin leis an duine dá ríomhfaí an pinsean sin de réir fho-ailt (4) agus (5) d'alt 13A den Acht seo, agus

(B) méid phinsean bunaidh an duine,

(iii) i gcás duine, seachas duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mhír seo, ar pinsean rúnaí a phinsean bunaidh, 5 faoin gcéad den tuarastal cuí (de réir na brí a dúradh) arna iolrú faoin líon blianta iomchuí.

(b) Glacfar leis gurb é an líon blianta iomchuí chun críocha mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i gcás duine lena mbaineann fomhír (i) den mhír sin (a), an toradh a gheofar trí chomhliomlán na méideanna seo a leanas a roinnt ar 365:

(A) an líon laethanta, más ann, ar shealbhaigh an duine sin oifig aireachta lena linn i ndiaidh an dáta feidhme, agus

(B) leath an líon laethanta, más ann, ar shealbhaigh an duine sin oifig rúnaí lena linn i ndiaidh an dáta feidhme, agus

(C) an líon laethanta, más ann, de sheirbhís inphinsin (de réir bhrí alt 14 den Acht seo) an duine sin ar tugadh, nó a dtabharfaí, neamhaird orthu le linn pinsean bunaidh an duine sin a ríomh,

(ii) i gcás duine lena mbaineann fomhír (iii) den mhír sin (a), an toradh a gheofar trí chomhiomhlán na méideanna seo a leanas a roinnt ar 365:

(A) an líon laethanta ar shealbhaigh an duine sin oifig cháilitheach lena linn i ndiaidh an dáta feidhme, agus

(B) an líon laethanta, más ann, de sheirbhís inpinsin (de réir bhrí alt 16 den Acht seo) an duine sin ar tugadh, nó a dtabharfaí, neamhaird orthu le linn pinsean bunaidh an duine sin a ríomh:

Ar choinníoll—

(I) go dtabharfar neamhaird ar aon chodán de bhliain i gceachtar de na torthaí réamhráite, agus

(II) in aon chás inar mó ná 10 mbliana comhiomlán an lín blianta iomchuí mar a mhínítear thuas agus an lín blianta de sheirbhís inphinsin a áiríodh nó a d'áireofaí le linn pinsean bunaidh an duine lena mbaineann a ríomh, go nglacfar leis gurb é an líon blianta iomchuí an toradh a fhaightear trí líon na mblianta sin de sheirbhís inphinsin a dhealú ó 10.

(6) Amhail ar an agus ón dáta feidhme, ní bheidh feidhm ag alt 17 den Acht seo, i gcás duine lena mbaineann an t-alt seo, ach amháin i leith phinsean bunaidh an duine sin.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (7) agus (8) d'alt 13A den Acht seo i leith pinsin fhorlíontaigh amhail is dá mba phinsean faoin alt sin 13A an pinsean forlíontach sin.”.

Pinsin do bhaintreacha fir sealbhóirí oifige éagtha.

8. —Beidh feidhm ag forálacha Acht 1952 agus alt 20 den Phríomh-Acht maidir le baintreacha fir sealbhóirí éagtha oifigí cáilitheacha (de réir bhrí Chuid IV den Phríomh-Acht) agus beidh feidhm ag forálacha an ailt sin 20 maidir le leanaí na sealbhóirí sin go léir agus, dá réir sin—

(a) déanfar tagairtí do bhaintreach, do phinsean baintrí nó baintrighe agus do mháthair in Acht 1952 agus san alt sin 20 a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhaintreach fir, do phinsean baintrí fir agus d'athair faoi seach,

(b) déanfar an tagairt do phinsin bhaintreach in alt 21 (4) den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phinsin bhaintreach fir, agus

(c) déanfar an tagairt do phinsean baintrí in alt 10 (2) den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phinsean baintrí fir.

Srianta le hailt 13A agus 13B den Phríomh-Acht.

9. —I gcás ina mbeidh pinsean baintrí nó pinsean baintrí fir iníoctha faoi alt 20 den Phríomh-Acht nó faoi Acht 1952 i leith duine éagtha a shealbhaigh oifig cháilitheach—

(a) ríomhfar méid an phinsin sin amhail is nach raibh feidhm ag míreanna (b) agus (f) d'fho-alt (7) d'alt 13A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht seo) nó, más cuí, ag fo-alt (7) d'alt 13B (a cuireadh isteach leis an alt 7 sin) den Phríomh-Acht i gcás an duine éagtha sin, agus

(b) más rud é gur shealbhaigh an duine éagtha sin oifig cháilitheach roimh an dáta feidhme mar a mhínítear in alt 13 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 6 den Acht seo), ní lú méid an phinsin sin in aon chás ná an pinsean ab iníoctha dá mba rud é—

(i) go raibh an duine éagtha sin tar éis seirbhís a thabhairt ar feadh níos lú ná 1,095 lá in oifig cháilitheach seachas oifig aireachta (de réir bhrí Chuid IV den Phríomh-Acht), agus

(ii) nach raibh feidhm ag an alt sin 13A i gcás an duine éagtha sin.

Leasú ar an bPríomh-Acht (Cuid nua).

10. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24:

“CUID V

Íocaíochtaí téarfa le hiarshealbhóirí Oifigí Aireachta agus Parlaiminte áirithe

Mínithe chun críocha Chuid V.

25.—Sa Chuid seo tá le ‘dáta feidhme’, ‘duine réamhcháilithe’ agus ‘oifig cháilitheach’ na bríonna a shanntar dóibh le Cuid IV den Acht seo.

Teideal chun liúntais téarfa.

26.—(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine a scoirfidh d'oifig cháilitheach a shealbhú ar an dáta feidhme nó dá éis agus nach gceapfar láithreach chun oifige eile den sórt sin beidh sé, mura duine réamhcháilithe é, i dteideal íocaíochta dá ngairtear ‘liúntas téarfa’ ina dhiaidh seo sa Chuid seo.

(2) Má scoireann duine, a shealbhaíonn oifig cháilitheach ar an lánscor ar Dháil Éireann díreach roimh an dáta feidhme, den oifig sin a shealbhú roimh an dáta feidhme agus mura n-íoctar pinsean leis faoi Chuid IV den Acht seo i leith na tréimhse idir an scor sin agus an dáta feidhme, ansin, chun críocha na Coda seo, measfar gur ar an dáta feidhme a tharla an scor sin.

Daoine áirithe nach bhfuil cáilithe le haghaidh liúntais téarfa.

27.—Duine a scoireann d'oifig cháilitheach a shealbhú chun glacadh le post a gceapann an Rialtas chuige é, nó a n-ainmneoidh an Rialtas é chun a cheaptha chuige, ní bheidh sé i dteideal liúntais téarfa ar scór an scoir sin.

Tosach feidhme agus scor liúntais téarfa.

28.—Faoi réir alt 30 den Acht seo, tosóidh teideal duine chun liúntais téarfa an lá i ndiaidh dó scor dá oifig, agus scoirfidh an teideal sin ag deireadh tréimhse atá comhionann leis an tréimhse is giorra díobh seo—

(a) an tréimhse, díreach roimh an scor sin, a mbeidh sé tar éis seirbhís a thabhairt in oifig cháilitheach nó in oifigí cáilitheacha lena linn gan an tseirbhís sin a bhriseadh, nó

(b) tréimhse 2 bhliain,

nó, más luaithe ná sin é, ar é a cheapadh chun oifige cáilithí nó ar é a cheapadh chun poist dá dtagraítear in alt 27 den Acht seo:

Ar choinníoll go bhféadfaidh duine tráth ar bith iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire Airgeadais ar scor an liúntais téarfa is iníoctha leis, agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh, scoirfidh a theideal chun an liúntais sin le héifeacht ó cibé dáta a shonrófar san iarratas.

Ráta bliantúil liúntais téarfa.

29.—(1) Is é a bheidh i ráta bliantúil liúntais téarfa—

(a) mura mó ná 6 mhí fad na tréimhse arb iníoctha an liúntas lena linn, 75 faoin gcéad den tuarastal iomchuí,

(b) más mó ná 6 mhí agus mura mó ná 18 mí fad na tréimhse arb iníoctha an liúntas lena linn, 75 faoin gcéad den tuarastal iomchuí in aghaidh an chéad 6 mhí agus 50 faoin gcéad den tuarastal iomchuí in aghaidh an chuid eile den tréimhse sin, nó

(c) más mó ná 18 mí fad na tréimhse arb iníoctha an liúntas lena linn, 75 faoin gcéad den tuarastal iomchuí in aghaidh an chéad 6 mhí agus 50 faoin gcéad den tuarastal iomchuí in aghaidh an chéad 12 mhí eile agus 25 faoin gcéad den tuarastal iomchuí in aghaidh an chuid eile den tréimhse sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn ‘an tuarastal iomchuí’—

(a) más rud é i gcaitheamh na tréimhse iomchuí gur shealbhaigh an duine an oifig cháilitheach chéanna nó roinnt oifigí cáilitheacha lenar bhain an ráta céanna tuarastail, an tuarastal is cuí de thuras na huaire don oifig a shealbhaigh an duine ar an lá deireanach den tréimhse sin, agus

(b) in aon chás eile, comhiomlán na méideanna a fhaightear de réir na foirmle—

S × D

P

i leith gach oifige cáilithí a shealbhaigh an duine le linn na tréimhse iomchuí, i gcás gurb é S an tuarastal is cuí don oifig sin de thuras na huaire, gurb é D an líon laethanta ar sealbhaíodh an oifig sin amhlaidh lena linn agus gurb é Panlíon iomlán laethanta sa tréimhse iomchuí, ach sin faoi réir uasmhéid 730:

Ar choinníoll, i gcás inar shealbhaigh duine oifig an Ard-Aighne tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go ndéanfar an tuarastal iomchuí i gcás an duine sin a ríomh amhail is dá mba í an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le comhalta den Rialtas seachas an Taoiseach nó an Tánaiste an tuarastal is iomchuí de thuras na huaire d'oifig an Ard-Aighne.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) d'alt 28 den Acht seo nó, i gcás inar mó ná 2 bhliain fad na tréimhse sin, an 2 bhliain dheireanacha den tréimhse sin.

Liúntas scoir a athríomh nó a atosú in imthosca áirithe.

30.—(1) I gcás ina mbeidh duine i dteideal liúntais téarfa i leith tréimhse seirbhíse in oifig cháilitheach (dá ngairtear ‘an chéad téarma’ ina dhiaidh seo san alt seo), agus go scoirfidh an teideal sin ar é a cheapadh chun oifige cáilithí go ceann tréimhse breise (dá ngairtear ‘an dara téarma’ ina dhiaidh seo san alt seo), féadfaidh sé, ar dhul in éag don dara téarma, iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire Airgeadais gur ceart a theideal chun liúntais téarfa i leith an dara téarma a ríomh amhail is dá mba thréimhse seirbhíse gan bhriseadh a bhí sa chéad téarma agus sa dara téarma, agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh, déanfar a theideal a ríomh amhlaidh, faoi réir laghdú cuí a dhéanamh ar an teideal sin, ar laghdú é a fhorordófar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, ag féachaint do mhéid an liúntais téarfa a íoctar leis i leith an chéad téarma.

(2) Mura ndéanann duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an t-iarratas dá bhforáiltear san fho-alt sin (1), agus má scoirtear den liúntas téarfa is iníoctha leis i leith an dara téarma a íoc ar dháta is luaithe ná an dáta ar a scoirfeadh a theideal chun liúntais téarfa i leith an chéad téarma murach é a bheith ceaptha chun oifige cáilithí le haghaidh an dara téarma, atosófar ar a liúntas téarfa i leith an chéad téarma le héifeacht ón gcéad lá tar éis scor a liúntais téarfa i leith an dara téarma, agus íocfar é go ceann cibé tréimhse breise, agus de réir cibé ráta, a mbeadh feidhm acu ar an gcéad lá sin murach a theideal i leith an chéad téarma a bheith scortha roimhe sin.

Liúntas speisialta d'iar-Thaoisigh.

31.—(1) I gcás ina mbeidh duine a shealbhaigh oifig an Taoisigh ar feadh tréimhse nach lú ná 1 bhliain i dteideal liúntais téarfa faoin gCuid seo agus go scoirfidh a theideal chun an liúntais sin ar shlí seachas ar é a cheapadh chun oifige cáilithí, agus

(a) nach mbeidh 55 bliana d'aois slánaithe aige an tráth sin, agus

(b) nach mbeidh iarratas déanta aige ar phinsean lascainithe,

tiocfaidh an duine sin air sin chun bheith i dteideal liúntais (dá ngairtear ‘liúntas speisialta’ ina dhiaidh seo sa Chuid seo) de réir ráta 25 faoin gcéad den tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail leis an Taoiseach.

(2) Scoirfidh liúntas speisialta faoin alt seo de bheith iníoctha más rud é maidir leis an duine lena mbaineann—

(a) go gceapfar é chun poist cháilithigh, nó

(b) go dtiocfaidh sé chun bheith i dteideal pinsin faoi Chuid IV den Acht seo, nó

(c) go ndéanfaidh sé iarratas ar phinsean lascainithe faoi Chuid IV den Acht seo.

Liúntais faoi Chuid V a íoc as an bPríomh-Chiste.

32.—Is é an tAire Airgeadais a dheonóidh gach liúntas is iníoctha faoin gCuid seo den Acht seo agus déanfar é a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh sé iníoctha as an gcéanna.”.

Leasú ar an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962 .

11. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach in ionad alt 2:

“Saoráidí teileafóin agus poist.

2.—(1) Faoi réir cibé eisceachtaí, srianta agus coinníollacha dá bhforálfar le rialacháin, déanfar na saoráidí seo a leanas a dheonú do chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann:

(a) glaonna teileafóin in aisce ó Theach Laighean, agus

(b) saoráidí poist in aisce de dhroim dhualgais pharlaiminte an chomhalta.

(2) Faoi réir cibé eisceachtaí, srianta agus coinníollacha dá bhforálfar le rialacháin, déanfar ranníocaíocht faoi chomhair costas glaonna teileafóin a dhéanann comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann seachas ó Theach Laighean a dheonú don chomhalta sin.

(3) San alt seo folaíonn ‘Teach Laighean’ aon áitreabh oifige a sholáthraíonn an Stát i gcomharsanacht Theach Laighean lena úsáid ag comhaltaí de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann.

(4) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, ar lá é nach luaithe ná dáta rite an Achta um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1992.”.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 25ú lá de Nollaig, 1962.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1938.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1938, arna leasú leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1964 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo, más rud é, ar an 24ú lá de Lúnasa, 1990, nó dá éis, go gceanglaítear ar chomhalta de cheachtar Teach, i dtaca lena dhualgais pharlaiminte, turas a dhéanamh go Baile Átha Cliath ó áit lasmuigh den Stát, in imthosca inar deimhin leis an Aire nach bhféadfadh an comhalta lena mbaineann coinne a bheith aige gur ghá an turas atá i gceist a dhéanamh, agus más rud é go dtabhaíonn an comhalta caiteachais taistil sa tslí sin nach bhfuil inghnóthaithe ó aon fhoinse eile, féadfar saoráidí taistil a dheonú dó i leith an turais sin.”.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt 4 d'Acht 1938 i ndáil le héileamh a dhéanfaidh comhalta i leith turais a bhfuil feidhm ag fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht seo) den alt sin 4 maidir leis, má rinneadh an turas sin roimh dháta rite an Achta seo.

Alt 19 (3) den Phríomh-Acht a shoiléiriú.

13. —(1) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach bhforléireofar an tagairt do “pinsin no liúntais” atá i bhfo-alt (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht mar thagairt d'aon íocaíocht faoi Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí).

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1960.

Leasú ar alt 4 den Acht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979 .

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) San alt seo ciallaíonn ‘pinsin’ pinsin, aiscí agus liúntais eile ar bhás nó ar scor ar shlí eile d'oifig a shealbhú mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa.”.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983.

Aisghairm.

15. —(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 6 (b) d'Acht 1977) d'alt 3 den Phríomh-Acht.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 18ú lá de Mhárta, 1980.

Gearrtheideal agus comhlua.

16. —(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1992 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1992, a ghairm le chéile de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1983, agus d'ailt 2 go 5 agus 11 agus 12 den Acht seo, agus den fho-alt seo.

(3) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1992, a ghairm le chéile de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1983, agus den Acht seo, a mhéid a leasaítear na hAchtanna sin leis.