6 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1993


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 1993

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Pianbhreitheanna áirithe a athbhreithniú.

3 . Achomharc ar phonc dlí chun na Cúirte Uachtaraí.

4 . Mionfhorálacha agus forálacha iarmhartacha.

5 . Éifeacht cionta áirithe ar dhaoine ar ina leith a rinneadh iad.

6 . Ordú cúitimh.

7 . Cúiteamh a íoc le cléirigh Chúirte Dúiche lena tharchur, agus orduithe astaithe tuillimh.

8 . Ordú cúitimh a fhionraí fad a bheidh achomharc ar feitheamh.

9 . Éifeacht ordaithe cúitimh ar imeachtaí sibhialta.

10 . Doiciméid a sheirbheáil.

11 . Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.

12 . Leasú ar an Punishment of Incest Act, 1908.

13 . Aisghairm.

14 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Children Act, 1908

1908, c. 67

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961

1961, Uimh. 41

An tAcht um Dhamáiste Coiriúil, 1991

1991, Uimh. 31

An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962

1962, Uimh. 12

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

Lunacy (Ireland) Act, 1821

1821, c. 33

Probation of Offenders Act, 1907

1907, c. 30

An tAcht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974

1974, Uimh. 22

Punishment of Incest Act, 1908

1908, c. 45

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

Trial of Lunatics Act, 1883

1883, c. 38

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1993


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1993

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON CHÚIRT ACHOMHAIRC CHOIRIÚIL ATHBHREITHNIÚ A DHÉANAMH AR PHIANBHREITHEANNA RÓ-THRÓCAIREACHA, DO DHÉANAMH FORÁLA EILE I nDÁIL LE PIANBHREITHEANNA A GHEARRADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CIONTÓIRÍ D’ÍOC CÚITIMH I nDÍOBHÁIL NÓ I gCAILLTEANAS DE DHEASCA A gCIONTA, DO LEASÚ AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967 , AGUS AN PUNISHMENT OF INCEST ACT, 1908, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[3 Aibreán, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1.— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “ ordú cúitimh ” agus “ páirtí díobháilte ” na mínithe a shanntar dóibh le halt 6;

folaíonn “p ríosúnacht ” coinneáil i bhForas Naomh Pádraig;

folaíonn “ pianbhreith” pianbhreith príosúnachta agus aon ordú eile arna dhéanamh ag cúirt le linn di a bheith ag déileáil le duine ciontaithe seachas ordú den sórt seo a leanas—

(a) ordú faoi alt 17 den Lunacy (Ireland) Act, 1821, nó faoi alt 2(2) den Trial of Lunatics Act, 1883, nó

(b) ordú lena n-iarchuirtear pianbhreith chun tuarascáil liachta nó tuarascáil shíciatrach nó tuarascáil ó oifigeach promhaidh a fháil;

ciallaíonn “ cúirt ghearrtha pianbhreithe” an chúirt dá dtagraítear in alt 2 (1).

(2) Aon tagairtí in ailt 2 (1) agus 4 (1) do chiontú duine ar díotáil, folaíonn siad tagairtí do chiontú duine tar éis dó pléadáil ciontach a shíniú agus tar éis é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe faoi alt 13 (2) (b) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

(3) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le pianbhreitheanna a fhorchuirfear ar dhaoine a chiontaítear roimh thosach feidhme an Achta seo.

(4) San Acht seo—

(a) aon tagairt d’alt, is tagairt í d’alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt d’fho-alt nó do mhír, is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Pianbhreitheanna áirithe a athbhreithniú.

2.— (1) Más dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, maidir le pianbhreith arna forchur ag cúirt (dá ngairtear “an chúirt ghearrtha pianbhreithe” san Acht seo) ar dhuine a chiontú ar díotáil, go raibh sí róthrócaireach, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil chun an phianbhreith a athbhreithniú.

(2) Déanfar iarratas faoin alt seo, ar fhógra a bheith tugtha don duine ciontaithe, laistigh de 28 lá ón lá a forchuireadh an phianbhreith.

(3) Ar iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh an Chúirt—

(a) an phianbhreith a neamhniú agus cibé pianbhreith is cuí léi a fhorchur ina hionad ar an duine ciontaithe, ar pianbhreith í a d’fhéadfadh an chúirt ghearrtha pianbhreithe lena mbaineann a fhorchur air, nó

(b) an t-iarratas a dhiúltú.

(4) Beidh feidhm ag alt 6 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 (lena dtoirmisctear cumarsáidí áirithe i ndáil le himeachtaí coiriúla), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cumarsáidí a dhéanfar leis na daoine a luaitear san alt sin d’fhonn tionchar a imirt ar chinneadh a dhéanamh i ndáil le hiarratas faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le cumarsáidí den sórt sin a dhéanfar d’fhonn cinneadh a dhéanamh imeachtaí coiriúla a tharraingt siar nó gan imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó aon chúiseamh áirithe in imeachtaí coiriúla a tharraingt siar nó gan é a thionscnamh.

Achomharc ar phonc dlí chun na Cúirte Uachtaraí.

3.— (1) Beidh ábhar achomhairc ag an duine ciontaithe nó ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne chinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil ar iarratas faoi alt 2 , má dheimhníonn an Chúirt sin, an tArd-Aighne nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil ponc dlí i gceist sa chinneadh a bhfuil tábhacht phoiblí eisceachtúil leis agus gurb inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail go ndéanfaí achomharc chun na Cúirte Uachtaraí.

(2) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach, chun críocha a cinnidh ar achomharc den sórt sin—

(a) an cás a tharchur chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil chun déileáil leis, nó

(b) déileáil leis í féin agus chun na críche sin aon chumhachtaí de chuid na Cúirte sin a fheidhmiú,

agus féadfaidh an Chúirt sin, nó an Chúirt Uachtarach, de réir mar is cuí, más gá, aon phianbhreith arna forchur ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil a neamhniú agus cibé pianbhreith is cuí léi a fhorchur ina hionad ar an duine ciontaithe, ar pianbhreith í a d’fhéadfadh an chúirt ghearrtha pianbhreithe lena mbaineann a fhorchur air.

Mionfhorálacha agus forálacha iarmhartacha.

4.— (1) Déanfaidh cláraitheoir cúirte a mbeidh pianbhreith gearrtha aici tar éis duine a chiontú ar díotáil—

(a) cóip d’aon tuarascálacha nó d’aon doiciméid iomchuí eile a bhreithnigh an chúirt sular fhorchuir sí an phianbhreith a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar iad a iarraidh, agus

(b) cóip de na doiciméid sin a thabhairt don Chúirt Achomhairc Choiriúil agus don duine ciontaithe, más rud é go mbeidh an phianbhreith tagtha chun bheith ina hábhar d’iarratas faoi alt 2 .

(2) I gcás ina ndearnadh iarratas chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil faoi alt 2 nó ina ndearnadh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí faoi alt 3

(a) chun críocha an Achta um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , measfar, maidir le deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) nó, de réir mar a bheidh, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach), gur deonaíodh é i leith an duine arb í a phianbhreith is ábhar don iarratas nó don achomharc, agus

(b) beidh an duine i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil le linn a chás a ullmhú agus a sheoladh os comhair na Cúirte Achomhairc Choiriúil nó os comhair na Cúirte Uachtaraí agus beidh sé i dteideal aturnae agus abhcóide a bheith sannta dó chun na críche sin ar an modh a fhorordaítear le rialacháin faoi alt 10 den Acht sin.

Éifeacht cionta áirithe ar dhaoine ar ina leith a rinneadh iad.

5.— (1) Le linn di an phianbhreith atá le forchur ar dhuine mar gheall ar chion lena mbaineann an t-alt seo a chinneadh, déanfaidh cúirt aon éifeacht (cibé acu éifeacht fhadtéarmach nó éifeacht eile) atá ag an gcion ar an duine ar ina leith a rinneadh an cion a chur i gcuntas, agus féadfaidh sí, más gá, fianaise nó aighneachtaí a ghlacadh i ndáil le haon éifeacht den sórt sin.

(2) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas—

(a) cion gnéasach de réir bhrí an Achta um Fhianaise Choiriúil, 1992,

(b) cion lena ngabhann foréigean nó foréigean a bhagairt ar dhuine, agus

(c) cion arb é atá ann iarracht nó comhcheilg a dhéanamh chun cion a luaitear i mír (a) (b) a dhéanamh nó cabhrú, nó neartú le cion den sórt sin a dhéanamh, nó comhairliú do dhuine an céanna a dhéanamh, nó é a thabhairt i gcrích nó duine a ghríosú lena dhéanamh.

(3) I gcás ina mbeidh cúirt ag cinneadh na pianbhreithe atá le forchur ar dhuine i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh an chúirt, tar éis iarratas a fháil ón duine ar ina leith a rinneadh an cion sin, fianaise an duine ar ina leith a rinneadh an cion a éisteacht maidir leis an éifeacht atá ag an gcion ar an duine sin, ar iarraidh a fháil déanamh amhlaidh.

Ordú cúitimh.

6.— (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ar aon duine a chiontú i gcion, féadfaidh an chúirt, in ionad nó i dteannta déileáil leis ar aon slí eile, mura dóigh léi go bhfuil cúis lena mhalairt, ordú (dá ngairtear “ordú cúitimh” san Acht seo ) a dhéanamh (ar iarratas a bheith déanta nó ar shlí eile) á cheangal air cúiteamh a íoc i leith aon díobhála pearsanta nó aon chaillteanais phearsanta de dheasca an chiona sin (nó de dheasca aon chiona eile a ndéanfaidh an chúirt breithniú air le linn di an phianbhreith a chinneadh) le haon duine (dá ngairtear an “páirtí díobháilte” san Acht seo) ar bhain an díobháil nó an caillteanas sin dó.

(2) Maidir leis an gcúiteamh is iníoctha faoi ordú cúitimh (lenan-áirítear ordú cúitimh a dhéanfar i gcoinne tuismitheora nó caomhnóra an duine chiontaithe agus, i gcás den sórt sin, d’ainneoin aon teorann reachtúla eile maidir le méid), beidh cibé méid ann (nach mó, i gcás ordú den sórt sin arna dhéanamh ag an gCúirt Dúiche, ná cibé méid a bheidh arna fhorordú le dlí de thuras na huaire mar theorainn dhlínse na Cúirte sin i dtort) is cuí leis an gcúirt, ag féachaint d’aon fhianaise agus d’aon uiríll a dhéanfaidh an duine ciontaithe, an páirtí díobháilte nó an t-ionchúisitheoir nó a dhéanfar thar a cheann, agus ní mó é ná méid na ndamáistí a bheadh an páirtí díobháilte i dteideal a ghnóthú, i dtuairim na cúirte, i gcaingean shibhialta i gcoinne an duine chiontaithe i leith na díobhála nó an chaillteanais lena mbaineann.

(3) I gcás inarbh éard a bhí i gceist leis an gcion a dhéanamh ag an duine ciontaithe maoin a bhaint as seilbh an duine dhíobháilte agus ina bhfuil an mhaoin aisghafa, déileálfar, chun críocha fho-alt (1), le haon chaillteanas a bhainfidh don pháirtí díobháilte de dheasca damáiste a bheith déanta don mhaoin le linn di a bheith as a sheilbh, mar chaillteanas a tháinig de thoradh an chiona, is cuma cad é ba chúis leis an damáiste nó cé ba chúis leis.

(4) Ní dhéanfar ordú cúitimh i leith díobhála nó caillteanais a thiocfaidh de thoradh feithicil inneallghluaiste a úsáid (de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ) in áit phoiblí mura dealraitheach don chúirt—

(a) gur i leith díobhála nó caillteanais arb amhlaidh maidir léi nó leis gur shárú ar alt 56 (lena ndéantar foráil maidir le hárachas éigeantach i gcás feithiclí inneallghluaiste) den Acht sin é úsáid na feithicle ag an duine ciontaithe, nó

(b) gur i leith caillteanais é a measfar le fo-alt (3) gur chaillteanas é a tháinig de thoradh an chiona,

agus, i gcás ina ndéanfar ordú cúitimh i leith díobhála nó caillteanais de dheasca na húsáide sin, féadfaidh méid is ionann agus iomlán aon chaillteanais i rátaí fabhair árachais, nó aon laghdaithe orthu, de dheasca na húsáide sin nó cuid d’aon chaillteanas nó d’aon laghdú den sórt sin a bheith ar áireamh i méid an chúitimh.

(5) Le linn di a chinneadh ar cheart ordú cúitimh a dhéanamh i gcoinne duine, agus le linn di méid an chúitimh a chinneadh, beidh aird ag an gcúirt—

(a) ar a acmhainní, nó

(b) i gcás lena mbaineann alt 99 den Children Act, 1908 (lena gcumhachtaítear do chúirt a cheangal ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir aon fhíneáil, damáistí nó costais a fhorchuirtear ar leanbh nó ar dhuine óg nó a dhámhtar ina choinne, a íoc), ar acmhainní an tuismitheora nó an chaomhnóra,

a mhéid is dealraitheach don chúirt nó is eol don chúirt iad agus chun na críche sin féadfaidh an chúirt a cheangal ar an duine ciontaithe nó ar a thuismitheoir nó a chaomhnóir, de réir mar a bheidh, fianaise a thabhairt maidir lena acmhainní agus a áraigh airgeadais.

(6) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú cúitimh maidir leis an gcúiteamh a íoc i cibé tráthchodanna agus cibé tráthanna a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach sna himthosca go léir.

(7) I gcás ina measfaidh an chúirt—

(a) gurbh iomchuí fíneáil a fhorchur chomh maith le hordú cúitimh a dhéanamh, ach

(b) nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an duine ciontaithe chun fíneáil iomchuí agus cúiteamh iomchuí araon a íoc,

féadfaidh an chúirt ordú cúitimh a dhéanamh, más deimhin léi gur leor na hacmhainní chun gur cóir déanamh amhlaidh, agus féadfaidh sí fíneáil a fhorchur más deimhin léi gurb iomchuí déanamh amhlaidh, ag féachaint do na hacmhainní a bheadh fágtha tar éis an t-ordú a chomhlíonadh.

(8) Aon tráth tar éis don ordú cúitimh scor de bheith ar fionraí de bhua alt 8 agus sula mbeidh sé comhlíonta nó comhlíonta go hiomlán, féadfaidh an Chúirt Dúiche (nó, i gcás inar mó an méid a bheidh iníoctha faoin ordú ná cibé méid a bheidh arna fhorordú de thuras na huaire le dlí mar theorainn dhlínse na Cúirte sin i dtort, an chúirt a rinne an t-ordú)—

(a) ar iarratas ón duine ciontaithe lena mbaineann agus ar a bheith deimhin di gur tugadh deis don pháirtí díobháilte lena mbaineann uiríll a dhéanamh chun na Cúirte i dtaobh na saincheiste agus ag féachaint d’aon uiríll den sórt sin arna ndéanamh aige nó thar a cheann, an méid a bheidh fágtha le híoc a laghdú, aon tráthchuid is iníoctha a athrú, nó a ordú nach ndéanfar aon íocaíochtaí nó aon íocaíochtaí breise, faoin ordú, más dealraitheach don Chúirt nach leor acmhainní an duine chiontaithe, mar gheall ar laghdú substaintiúil ar a acmhainní, chun ant-ordú a chomhlíonadh go hiomlán, nó

(b) ar iarratas ón bpáirtí díobháilte lena mbaineann agus ar a bheith deimhin di gur tugadh deis don duine ciontaithe lena mbaineann uiríll a dhéanamh chun na Cúirte i dtaobh na saincheiste agus ag féachaint d’aon uiríll den sórt sin arna ndéanamh aige nó thar a cheann, an méid a bheidh le híoc, méid aon tráthchoda nó líon na dtráthchodanna is iníoctha a mhéadú, faoin ordú más dealraitheach don Chúirt—

(i) mar gheall ar mhéadú substaintiúil ar acmhainní an duine chiontaithe, gur leor a acmhainní chun na gcríoch iomchuí réamhráite, agus

(ii) nár mhó aon mhéid méadaithe a bheadh le híoc faoin ordú ná—

(I) méid na ndamáistí a bheadh an páirtí díobháilte lena mbaineann i dteideal a ghnóthú i gcaingean shibhialta i gcoinne an duine chiontaithe i leith na díobhála nó an chaillteanais lena mbaineann, nó

(II) cibé méid a bheidh arna fhorordú le dlí de thuras na huaire mar theorainn dhlínse na Cúirte i dtort,

cibé acu is lú.

(9) Forléireofar na tagairtí do dhamáistí san alt réamhráite sin 99 amhail is dá bhfolóidís tagairtí do chúiteamh faoi ordú cúitimh agus ní bheidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) den alt sin i ndáil le hordú cúitimh.

(10) Ní dochar an t-alt seo d’aon achtachán eile lena ndéantar foráil go ndéanfaidh duine a chiontófar i gcion nó a gcruthófar ar shlí eile ina leith go ndearna sé cion cúiteamh a íoc.

(11) Ní cúis ann féin é le haon dliteanas eile ar thaobh tuismitheora nó caomhnóra an duine chiontaithe i leith na díobhála nó an chaillteanais ordú cúitimh a dhéanamh i gcoinne an tuismitheora nó an chaomhnóra.

(12) San alt seo—

(a) i gcás inar bás is toradh ar chion a shonraítear i bhfo-alt (1)—

ciallaíonn “caillteanas” aon ní (lena n-áirítear anbhuain mheabhrach de dheasca an bháis agus costais sochraide) a bhféadfaí damáistí a dhámhachtain ina leith maidir leis an mbás de bhua Chuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 ,

folaíonn “páirtí díobháilte” cleithiúnaí (de réir bhrí na Coda sin V) de chuid an éagaigh lena mbaineann,

(b) folaíonn tagairtí do chiontú duine tagairtí do dhéileáil le duine faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, agus

(c) maidir leis an tríú tagairt i bhfo-alt (1), an dara tagairt i bhfo-alt (2) agus na tagairtí i bhfo-ailt (7) (b) agus (8) (seachas mír (b) (ii)) do dhuine ciontaithe, cibé caoi a sainítear é, folaíonn siad, i gcás lena mbaineann an t-alt réamhráite sin 99, tagairtí dá thuismitheoir nó dá chaomhnóir.

(13) Déanfaidh an chúirt, le linn di acmhainní duine a mheasúnú chun críocha an ailt seo, a chuid árach airgeadais a chur i gcuntas.

Cúiteamh a íoc le cléirigh Chúirte Dúiche lena tharchur, agus orduithe astaithe tuillimh.

7.— (1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le híocaíochtaí faoi ordú cúitimh nó ordú faoi alt 6 (8), íocfar iad le cibé cléireach Cúirte Dúiche a dhéanfaidh an chúirt a rinne an t-ordú a chinneadh ó am go ham, lena dtarchur chuig an bpáirtí díobháilte lena mbaineann.

(2) Chun críocha fho-alt (1) agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar orduithe cúitimh agus orduithe faoi alt 6 (8), beidh feidhm—

(a) ag fo-ailt (2), (4) (5) agus (6) d’alt 9 (a bhaineann le híocaíochtaí ordaithe cothabhála a tharchur trí chléirigh Chúirte Dúiche),

(b) ag Cuid III (a bhaineann le tuilleamh a astú), agus

(c) ag alt 29 (lena leasaítear an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 ),

den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , maidir leis na horduithe sin fairis na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá, is é sin le rá:

(i) sna fo-ailt sin (2) agus (4)—

(I) forléireofar na tagairtí d’íocaíochtaí mar thagairtí a fholaíonn íocaíochtaí faoi ordú cúitimh nó ordú faoi alt 6 (8) le cléireach Cúirte Dúiche de bhun fho-alt (1), agus

(II) forléireofar na tagairtí don chreidiúnaí cothabhála mar thagairtí don pháirtí díobháilte,

(ii) sa Chuid sin III—

(I) in alt 10—

(A) ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (1) (a),

(B) forléireofar an tagairt don Chúirt Dúiche i bhfo-alt (1) (a) (iii) (1) mar thagairt do chúirt, agus

(C) i bhfo-alt (2), scriosfar mír (a) agus cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) in aon chás eile, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sonraithe leis an ordú astaithe tuillimh lena dtarchur chuig an bpáirtí díobháilte lena mbaineann”,

(II) forléireofar na tagairtí do réamh-ordú mar thagairtí d’ordú cúitimh agus d’ordú faoi alt 6 (8),

(III) forléireofar na tagairtí don chreidiúnaí cothabhála mar thagairtí don pháirtí díobháilte, agus

(IV) forléireofar na tagairtí don fhéichiúnaí cothabhála mar thagairtí don duine ciontaithe, nó, i gcás lena mbainfidh alt 99 den Children Act, 1908, dá thuismitheoir nó dá chaomhnóir,

agus

(iii) san alt sin 29, forléireofar an tagairt d’ordú cothabhála mar thagairt a fholaíonn tagairt d’ordú cúitimh agus d’ordú faoi alt 6 (8).

Ordú cúitimh a fhionraí fad a bheidh achomharc ar feitheamh.

8.— (1) Déanfar oibriú ordaithe cúitimh a fhionraí—

(a) in aon chás, go dtí go mbeidh an gnáth-am chun fógra a thabhairt faoi achomharc nó faoi iarratas ar chead achomharc a dhéanamh (cibé acu i gcoinne an chiontaithe lena mbainfidh an t-ordú nó i gcoinne na pianbhreithe) dulta in éag, agus

(b) i gcás ina dtabharfar an fógra réamhráite laistigh den tréimhse ama sin nó laistigh de cibé tréimhse ama fhadaithe a cheadóidh an chúirt a dtabharfar ant-achomharc chuici, go dtí go ndéanfar an t-achomharc nó aon achomharc breise i gcoinne an chéanna a chinneadh go críochnaitheach nó a thréigean nó go dtí go mbeidh an gnáth-am chun aon achomharc breise a thionscnamh dulta in éag.

(2) I gcás ina bhfionrófar oibriú ordaithe cúitimh faoi fho-alt (1) (b), ní bheidh éifeacht leis an ordú má dhéantar an ciontú lena mbaineann a fhreaschur ar achomharc.

(3) Féadfaidh cúirt a éistfidh achomharc i gcoinne ciontú nó pianbhreithe an t-ordú cúitimh lena mbaineann a neamhniú nó a athrú.

(4) Féadfaidh aon duine a ndéanfar ordú cúitimh ina choinne, achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe chuig an gcúirt a bhféadfar achomharc i gcoinne an chiontaithe lena mbaineann a dhéanamh chuici agus beidh feidhm ag fo-ailt (1) (b) agus (3) i ndáil le hachomharc faoin bhfo-alt seo mar atá, nó mar a bheadh, feidhm acu maidir le hachomharc i gcoinne an chiontaithe.

(5) I gcás ina mbeidh ordú cúitimh déanta i gcoinne duine i leith ciona a bheidh curtha san áireamh le linn a phianbhreith a chinneadh, scoirfidh éifeacht de bheith leis an ordú má éiríonn le hachomharc uaidh i gcoinne a chiontaithe sa chion, nó, i gcás ina mbeidh níos mó ná cion amháin ann, sna cionta go léir inar ciontaíodh é sna himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú.

(6) San alt seo, folaíonn tagairtí do dhuine a chiontú tagairtí do dhéileáil le duine faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907.

Éifeacht ordaithe cúitimh ar imeachtaí sibhialta.

9.— Más rud é—

(a) go mbeidh ordú cúitimh déanta i bhfabhar duine, agus

(b) go mbeidh damáistí i leith na díobhála nó an chaillteanais lena mbaineann le measúnú in imeachtaí sibhialta,

ansin—

(c) más mó na damáistí, arna measúnú amhlaidh, ná aon mhéid a íocadh faoin ordú cúitimh, ní mó na damáistí a dhámhfar ná méid na breise sin, agus

(d) más mó aon mhéid a íocadh faoin ordú cúitimh ná na damáistí, arna measúnú amhlaidh, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfaidh an duine sin méid na breise a aisíoc leis an duine a ndearnadh an t-ordú cúitimh ina choinne,

agus, ar an gcúirt do dhámhachtain damáistí nó, de réir mar a bheidh, do dhéanamh an ordaithe, scoirfidh an t-ordú cúitimh d’éifeacht a bheith leis.

Doiciméid a sheirbheáil.

10.— (1) Aon doiciméad a cheanglaítear le halt 2 4 den Acht seo a thabhairt do dhuine ciontaithe, féadfar, faoi réir fho-alt (3), é a thabhairt amhlaidh—

(a) trína sheachadadh air nó ar a aturnae,

(b) trína sheoladh a chur air agus é a fhágáil ag a ghnátháit chónaithe nó a ghnátháit ghnó nó ag an áit chónaithe nó an áit ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó trí sheoladh a aturnae a chur air agus é a fhágáil ag oifig an aturnae,

(c) trína chur chuige leis an bpost cláraithe ag a ghnátháit chónaithe nó a ghnátháit ghnó nó ag an áit chónaithe nó an áit ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó chuig a aturnae ag oifig an aturnae, nó

(d) i gcás comhlachta chorpraithe, trína sheachadadh, nó trína chur leis an bpost cláraithe, chuig rúnaí an chomhlachta nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta ag a oifig chláraithe nó a phríomhoifig.

(2) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir leis an aturnae a áiritheofar chun láithriú thar ceann an duine chiontaithe ag a thriail, go leanfaidh sé de bheith áirithithe thar a cheann mura ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil é a urscaoileadh.

(3) Aon doiciméad a cheanglaítear le h alt 2 4 den Acht seo a thabhairt do dhuine ciontaithe, tabharfar dó é go pearsanta, mura raibh aturnae ag feidhmiú ar a shon ag a thriail nó má rinneadh a aturnae a urscaoileadh amhlaidh.

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

11.— Beidh éifeacht leis an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le duine a thabharfaidh fianaise trí nasc beo teilifíse le linn réamhscrúdú ar chion lena mbaineann alt 5 den Acht seo, fairis na modhnuithe seo a leanas:

(a) in alt 7—

(i) i bhfo-alt (1) (a bhaineann leis na nithe a bhreithneoidh an breitheamh dúiche a bheidh ag seoladh scrúdú den sórt sin), cuirfear “, aon fhianaise a tugadh trí nasc beo teilifíse” isteach i ndiaidh “de réir an ailt seo”, agus

(ii) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) (a bhaineann le fianaise a thabhairt le linn scrúdú den sórt sin trí theistíocht faoi mhionn) i ndáil leis,

(b) féadfar ordú a dhéanamh faoi alt 9 (a bhaineann le horduithe finné) á cheangal air freastal agus fianaise a thabhairt os comhair na cúirte a mbeidh an duine cúisithe lena mbaineann curtha ar aghaidh chun a thrialach chuici, agus aon doiciméad nó aon rud a shonrófar san ordú a thabhairt ar aird.

Leasú ar an Punishment of Incest Act, 1908.

12.— Leasaítear leis seo alt 1 (incest by males) den Punishment of Incest Act, 1908, trí “liable to imprisonment for a term not exceeding 20 years” a chur in ionad “liable, at the discretion of the court, to be kept in penal servitude for any term not less than three years, and not exceeding seven years, or to be imprisoned for any time not exceeding two years with or without hard labour”.

Aisghairm.

13.— Aisghairtear leis seo ailt 9, 10, agus 11 den Acht um Dhamáiste Coiriúil, 1991.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14.— (1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993, a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh aon mhí amháin tar éis dháta a rite.