|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Taifid Dhíolmhaithe) | Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV An Coimisinéir Faisnéise | |
[EN] |
Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunú. |
33. —(1) Bunaítear leis seo oifig an Choimisinéara Faisnéise agus tabharfar an Coimisinéir Faisnéise ar shealbhóir na hoifige. |
[EN] | (2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. | |
[EN] | (3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh le bheith mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh. | |
[EN] | (4) (a) Faoi réir mhír (b), beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir. | |
[EN] | (b) Ní bheidh éifeacht le míreanna 4 agus 5 den Dara Sceideal i gcás gurb é nó gurb í an duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara an duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman freisin. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag alt 2 (6) den Acht Ombudsman, 1980 , maidir le duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman agus a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara freisin. | |
[EN] |
An Coimisinéir d'athbhreithniú breitheanna. |
34. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) breith faoi alt 14 , seachas breith dá dtagraítear i mír (c), | |
[EN] | (b) breith a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) d'alt 14 (1), | |
[EN] | (c) breith faoi alt 14 , nó breith faoi alt 47 , gur cóir táille nó éarlais is mó ná £10 nó cibé méid eile (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire a ghearradh faoi alt 47 , | |
[EN] | (d) breith faoi alt 9 an t-am a fhadú chun iarraidh faoi alt 7 a bhreithniú, | |
[EN] | (e) breith faoi alt 11 tabhairt rochtana ar thaifead a thagann faoi réim mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt sin a iarchur, agus | |
[EN] | (f) breith maidir le hiarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, | |
[EN] | ach gan na nithe seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (i) breith mar a dúradh arna tabhairt ag an gCoimisinéir i leith taifid a bheidh i seilbh an Choimisinéara nó (i gcás go mbeidh an duine céanna i seilbh oifig an Ombudsman agus oifig an Choimisinéara) arna tabhairt ag an Ombudsman i leith taifid a bheidh i seilbh an Ombudsman, agus | |
[EN] | (ii) breith dá dtagraítear i mír (b), agus breith faoi alt 47 dá dtagraítear i mír (c), arna tabhairt ag duine a raibh an fheidhm lena mbaineann tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 tráth na breithe a thabhairt. | |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Coimisinéir, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag duine iomchuí— | |
[EN] | (a) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo, agus | |
[EN] | (b) tar éis an athbhreithnithe, féadfaidh sé nó sí, de réir mar is cuí leis nó léi— | |
[EN] | (i) an bhreith a dhaingniú nó a athrú, nó | |
[EN] | (ii) an bhreith a neamhniú agus, más cuí, cibé breith a thabhairt i ndáil leis an ní lena mbaineann is dóigh leis nó léi is cóir, | |
[EN] | de réir an Achta seo. | |
[EN] | (3) Tabharfar breith faoi fho-alt (2) a luaithe is féidir agus, a mhéid is indéanta— | |
[EN] | (a) i gcás gur le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil, agus | |
[EN] | (b) i gcás gur tar éis an tréimhse sin a dúradh a bheith caite a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil. | |
[EN] | (4) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) má bhaineann sé le breith a shonraítear i mír (d) nó (f) d'fho-alt (1), tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) má bhaineann sé le haon bhreith eile a shonraítear san fho-alt sin, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann nó, i gcás go mbeidh an Coimisinéir den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an tréimhse sin a fhadú, deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh sé nó sí. | |
[EN] | (5) Féadfaidh duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (2), le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Choimisinéir, tráth ar bith sula mbeidh fógra faoi fho-alt (10) i ndáil leis an iarratas tugtha don duine, an t-iarratas a tharraingt siar, agus cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip d'aon fhógra a bheidh tugtha dó nó di faoin bhfo-alt seo a thabhairt don duine iomchuí, nó don cheann, lena mbaineann, de réir mar is cuí, agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, í a thabhairt dó nó di. | |
[EN] | (6) A luaithe is féidir tar éis don Choimisinéir iarratas faoi fho-alt (2) a fháil, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip den iarratas a thabhairt don cheann lena mbaineann, agus, de réir mar is cuí, don duine iomchuí lena mbaineann agus, má bheartaíonn an Coimisinéir an bhreith lena mbaineann a athbhreithniú, cuirfidh sé nó sí faoi deara fógra a thabhairt don cheann agus don duine iomchuí agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra a thabhairt dó nó di, maidir lena bhfuil beartaithe agus, air sin, tabharfaidh an ceann sonraí don Choimisinéir, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, i dtaobh aon daoine a mbeidh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh nó, i gcás diúltú géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, i dtaobh aon daoine a mbeadh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh dá mba rud é go raibh sé ar intinn aige nó aici géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann. | |
[EN] | (7) I gcás go ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith féachaint le socraíocht a dhéanamh idir na páirtithe lena mbaineann maidir leis an ní lena mbaineann agus féadfaidh sé nó sí, chun na críche sin, d'ainneoin fho-alt (3), an t-athbhreithniú lena mbaineann a chur ar fionraí, ar feadh cibé tréimhse a chomhaontófar leis na páirtithe lena mbaineann agus, más cuí, scor den athbhreithniú sin. | |
[EN] | (8) I ndáil le hathbhreithniú beartaithe faoin alt seo, féadfaidh an ceann, agus an duine iomchuí lena mbaineann agus aon duine eile a dtabharfar fógra maidir leis an athbhreithniú dó nó di faoi fho-alt (6), aighneachtaí a dhéanamh (de réir mar a chinnfidh an Coimisinéir, i scríbhinn nó ó bhéal nó i cibé foirm eile a chinnfear) chuig an gCoimisinéir i ndáil le haon ní is iomchuí maidir leis an athbhreithniú agus cuirfidh an Coimisinéir aon aighneachtaí den sórt sin i gcuntas chun críocha an athbhreithnithe. | |
[EN] | (9) (a) Féadfaidh an Coimisinéir diúltú géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó scor d'athbhreithniú faoin alt seo má bhíonn sé nó sí den tuairim nó má thagann sé nó sí ar an tuairim— | |
[EN] | (i) go bhfuil an t-iarratas sin a dúradh nó an t-iarratas lena mbaineann an t-athbhreithniú (“an t-iarratas”) suaibhreosach nó cráiteach, | |
[EN] | (ii) nach mbaineann an t-iarratas le breith a shonraítear i bhfo-alt (1), nó | |
[EN] | (iii) go bhfuil, go raibh nó go mbeidh an ní lena mbaineann an t-iarratas ina ábhar d'athbhreithniú eile faoin alt seo. | |
[EN] | (b) Nuair a bheidh an Coimisinéir á chinneadh an ndiúltóidh sé nó sí géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó an scoirfidh sé nó sí d'athbhreithniú faoin alt seo, gníomhóidh sé nó sí, faoi réir fhorálacha an Achta seo, de réir a bhreithiúnais nó a breithiúnais féin. | |
[EN] | (10) Déanfaidh an Coimisinéir fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir le breith faoi fho-alt (2) (b), nó maidir le diúltú nó le scor faoi fho-alt (9), agus maidir leis na cúiseanna atá leis an gcéanna, a thabhairt— | |
[EN] | (a) don cheann lena mbaineann, | |
[EN] | (b) don duine iomchuí lena mbaineann, agus | |
[EN] | (c) d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra den sórt sin a thabhairt dó nó di. | |
[EN] | (11) (a) Tabharfar an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a luaithe is féidir tar éis na breithe, an diúltaithe nó an scoir lena mbaineann agus, má bhaineann sé le breith faoi fho-alt (2), a mhéid is indéanta, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (3). | |
[EN] | (b) Sonrófar i dtuarascáil an Choimisinéara d'aon bhliain faoi alt 40 líon na gcásanna (más ann) sa bhliain sin nach ndearnadh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) i ndáil le breith faoi fho-alt (2) (b) a thabhairt do dhuine a shonraítear i bhfo-alt (10) laistigh den tréimhse chuí a shonraítear i mír (a). | |
[EN] | (12) In athbhreithniú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) toimhdeofar go raibh údar le breith géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi mura ndéanfaidh an duine lena mbaineann, agus a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, nach raibh údar leis an mbreith, agus | |
[EN] | (b) toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith. | |
[EN] | (13) I mbreith ón gCoimisinéir tar éis athbhreithnithe faoin alt seo sonrófar, i gcás gur cuí, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith agus, nuair a bheidh an tréimhse sin á socrú, beidh aird ag an gCoimisinéir ar a inmhianaithe atá sé, faoi réir alt 44 , éifeacht a thabhairt don bhreith sin a luaithe is féidir tar éis fo-alt (11) a chomhlíonadh i ndáil leis an gcéanna. | |
[EN] | (14) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le breith faoi fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) a mhéid a bheidh sí ar neamhréir leis an mbreith lena mbaineann agus a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, beidh éifeacht léi in ionad an chéanna, agus | |
[EN] | (b) beidh sí ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann. | |
[EN] | (15) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le breith a shonraítear i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) an t-iarrthóir lena mbaineann agus, más breith í i leith iarrata lena mbaineann alt 29 , duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, nó | |
[EN] | (b) más breith í faoi alt 17 nó 18, an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoin alt sin. | |
[EN] |
An Coimisinéir do dhéanamh iarrataí ar fhaisnéis bhreise. |
35. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go ndéanfar iarratas ar athbhreithniú ag an gCoimisinéir — | |
[EN] | (i) ar bhreith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 , nó | |
[EN] | (ii) ar bhreith faoi alt 14 i ndáil le breith dá dtagraítear i bhfomhír (i), | |
[EN] | faoi alt 34 , agus | |
[EN] | (b) go measfaidh an Coimisinéir nach leor an ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an mbreith dá dtagraítear i mír (a)(i) san fhógra faoi fho-alt (1) d'alt 8 nó maidir leis na fionnachtana nó na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) (ii) den alt sin i ndáil leis an ní, | |
[EN] | ordóidh an Coimisinéir don cheann lena mbaineann ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann agus don Choimisinéir, ar ráiteas é ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise i ndáil leis na nithe sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an chinn. | |
[EN] | (2) Déanfaidh ceann ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis é a fháil. | |
[EN] |
Athbhreithniú ar oibriú an Achta agus imscrúduithe ag an gCoimisinéir. |
36. —(1) Coimeádfaidh an Coimisinéir oibriú an Achta seo faoi athbhreithniú agus féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (2), imscrúdú a dhéanamh tráth ar bith ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí i gcoitinne nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun— |
[EN] | (a) forálacha an Achta seo i gcoitinne, | |
[EN] | (b) aon fhorálacha áirithe den Acht seo, | |
[EN] | a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoi fho-alt (1) (a) i ndáil le comhlachtaí poiblí i gcoitinne tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an Achta seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith imscrúdú a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun a chumasú do dhaoine na cearta a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú agus chun an feidhmiú sin a éascú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith tuarascáil a ullmhú, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear— | |
[EN] | (a) maidir lena chuid nó lena cuid fionnachtana agus tátal de thoradh aon fheidhm faoi fho-alt (1) (2) nó (3) a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (b) maidir le haon ní a bhaineann le comhlíonadh feidhme den sórt sin nó a éiríonn as an gcéanna. | |
(5) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, cóip de thuarascáil faoin alt seo a thabhairt don Aire agus do gach comhlacht poiblí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den tuarascáil a chur mar fhoscríbhinn leis an gcéad tuarascáil eile faoi alt 40 (1) a ullmhófar tar éis ullmhú na tuarascála céadluaite. | ||
[EN] |
Cumhachtaí an Choimisinéara. |
37. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 — |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine atá, i dtuairim an Choimisinéara, i seilbh faisnéise, nó a bhfuil taifead faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú, is faisnéis nó taifead atá, i dtuairim an Choimisinéara, iomchuí maidir leis na críocha sin a dúradh, aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin atá i seilbh nó, de réir mar a bheidh, faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt don Choimisinéir agus, i gcás gur cuí sin, a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus | |
[EN] | (b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis an athbhreithniú nó leis an imscrúdú agus cóipeanna in aon fhoirm a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as agus chun na gcríoch sin seilbh a ghlacadh ar aon taifead den sórt sin, é a aistriú ón áitreabh agus é a choinneáil ina sheilbh nó ina seilbh go ceann tréimhse réasúnaí. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú nó imscrúdú den sórt sin mar a dúradh, dul isteach in aon áitreabh atá á áitiú ag comhlacht poiblí agus, ansin— | |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh cibé faisnéis a bheidh i seilbh an duine agus a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún chun na gcríoch a dúradh a thabhairt dó nó di agus aon taifead a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a chur ar fáil dó nó di, ar taifead é is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis na críocha sin, agus | |
[EN] | (b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead a chuirfear ar fáil dó nó di mar a dúradh nó a gheofar san áitreabh agus cóipeanna a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), ní chuirfidh aon achtachán ná riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin mar a dúradh a thabhairt don Choimisinéir. | |
[EN] | (4) Beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh ag finné i gcúirt. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 , nó imscrúdú faoi alt 36 , freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di— | |
[EN] | (a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus | |
[EN] | (b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh, | |
[EN] | ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta chun athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis agus, gan dochar don mhéid sin roimhe seo, beidh sé chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir ach é a bheith i gcomhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna an Choimisinéara. | |
[EN] | (7) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a bhacfaidh nó a choiscfidh an Coimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (8) Níl feidhm ag an alt seo maidir le taifead a bhfuil deimhniú faoi alt 25 i bhfeidhm ina leith. | |
[EN] |
Spreagfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí chun faisnéis a fhoilsiú. |
38. —I dteannta na bhfoilseachán dá ndéantar foráil le hailt 15 agus 16, déanfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí a chothú agus a spreagadh chun faisnéis is iomchuí nó is díol suime don phobal i gcoitinne a fhoilsiú, ar faisnéis í i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí agus lena gcuid feidhmeanna i gcoitinne. |
[EN] |
An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc., an Achta. |
39. —Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe den Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le hathbhreithnithe, agus i ndáil le breitheanna tar éis athbhreithnithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoi alt 34 . |
[EN] |
Tuarascálacha ón gCoimisinéir. |
40. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, gach bliain tar éis na bliana ina dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh— |
[EN] | (a) tuarascáil a ullmhú i ndáil lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí faoin Acht seo sa bhliain roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) cóip d'aon tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi alt 25 (11) a chur mar fhoscríbhinn leis an tuarascáil, | |
[EN] | (c) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus d'aon chóip dá dtagraítear i mír (b) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ndáil le haon imscrúdú, nó athbhreithniú a bheidh déanta, nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta, aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú, le hathbhreithniú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa imscrúdú, athbhreithniú nó comhlíonadh den sórt sin. |