|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1998) | Ar Aghaidh (CUID II An Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach) |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1998 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an tAcht seo agus Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1997, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1998, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1942” Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1989” Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1997” Acht an Bhainc Ceannais, 1997; | |
[EN] | ciallaíonn “Banc” Banc Ceannais na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “Reacht” Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar atá leagtha amach i bPrótacal (Uimh. 3) (atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992) a ghabhann leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957. |