An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ilghnéitheach)

2 1998

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1998

CUID II

An Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach

Leasú ar alt 5 d'Acht 1942.

3. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1942 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Faoi réir fhorálacha alt 5A (arna chur isteach le hAcht an Bhainc Ceannais, 1998 ) den Acht seo, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí feidhmeanna, cumhachtaí agus dualgais an Bhainc a fheidhmiú agus a chomhlíonadh don Bhanc agus in ainm an Bhainc.”.

Cumhachtaí ginearálta an Bhainc.

4. —Leasaítear leis seo Acht 1942 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“An Banc do chomhlíonadh fheidhmeanna an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais.

5A.—(1) Comhlíonfaidh an Banc aon fheidhm nó dualgas, nó feidhmeoidh sé aon chumhacht, a cheanglaítear le forálacha an Chonartha nó an Reachta nó fúthu.

(2) Le héifeacht ó dháta bunaithe an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, déanfar an t-aon údarás agus an t-aon fhreagracht chun aon fheidhm nó dualgas a chomhlíonadh nó aon chumhacht a fheidhmiú a thugtar don Bhanc nó a fhorchuirtear air leis an gConradh nó faoi nó leis an Reacht nó faoi, a dhílsiú sa Ghobharnóir.

(3) Faoi réir cheanglais an Chonartha agus an Reachta, cuirfidh an Gobharnóir an Bord ar an eolas faoi chomhall na bhfeidhmeanna, na ndualgas agus na gcumhachtaí a dhílsítear sa Ghobharnóir faoin alt seo agus féadfaidh sé an comhall sin a phlé leis an mBord.

(4) Aon uair nach mbeidh an Gobharnóir ábalta de dheasca asláithreachta nó easláinte nó aon chúise eile na feidhmeanna, na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear san alt seo a chomhall, nó i gcás oifig an Ghobharnóra a bheith folamh, déanfar an t-údarás agus an fhreagracht a dhílsítear sa Ghobharnóir faoi fho-alt (2) den alt seo, le linn na neamhábaltachta sin nó an fholúntais sin, a dhílsiú in Ard-Stiúrthóir an Bhainc, agus déanfaidh seisean, ar feadh na tréimhse a mhairfidh an neamhábaltacht nó an folúntas sin, na feidhmeanna, na dualgais agus na cumhachtaí a dhílsítear sa Ghobharnóir faoin alt seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

(5) San Acht seo—

ciallaíonn ‘an Conradh’ an Conradh ag bunú an Comhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957 (arna leasú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992);

ciallaíonn ‘an Reacht’ Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar atá leagtha amach i bPrótacal (Uimh. 3) (atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992) a ghabhann leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957.”.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1942.

5. —Leasaítear leis seo Acht 1942 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“6.—(1) Le linn a fheidhmeanna a chomhall mar chuid den Chóras Eorpach Banc Ceannais, is é cuspóir príomhúil an Bhainc cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun, agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin atá réamhráite, féadfaidh an Banc cibé feidhmeanna a chomhlíonadh agus cibé cumhachtaí a fheidhmiú agus cibé dualgais a chur i gcrích a thabharfar dó nó a fhorchuirfear air leis an gConradh, leis an Reacht nó le haon Acht den Oireachtas nó le hionstraim arna déanamh faoi.

(2) I dteannta an chuspóra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, folóidh cuspóirí an Bhainc cabhrú le cobhsaíocht an chórais airgeadais, oibriú éifeachtach agus éifeachtúil córas íocaíochta agus socraíochta a chur ar aghaidh agus cibé feidhmeanna, dualgais agus cumhachtaí eile a thabharfar dó nó a fhorchuirfear air leis an gConradh, leis an Reacht nó le haon Acht den Oireachtas nó le hionstraim arna déanamh faoi a chomhall.

(3) Gan dochar do na feidhmeanna, na cumhachtaí agus na dualgais a dhílsítear sa Bhanc díreach roimh an lá ceaptha, beidh an fheidhm ghinearálta agus an dualgas ginearálta ag an mBanc maidir le cibé bearta a ghlacadh (laistigh de theorainn na gcumhachtaí atá dílsithe ann de thuras na huaire agus, más cuí, ag féachaint d'fhorálacha an Chonartha agus an Reachta) a mheasann an Bord,ó am go ham, a bheith cuí agus inmholta i gcomhair chomhall aon fheidhmeanna, cumhachtaí agus dualgais a dhílsítear le dlí sa Bhord.

(4) Féadfaidh an tAire, cibé ócáidí is cuí leis, a iarraidh ar an nGobharnóir thar ceann an Bhoird nó ar an mBord dul i gcomhairle leis an Aire maidir leis an mBanc d'fhorghníomhú agus do chomhlíonadh aon fheidhme agus dualgais a fhorchuirtear ar an mBanc, seachas na cinn sin a fhorchuirtear leis an gConradh nó leis an Reacht, agus déanfaidh an Bord de réir gach iarrata den sórt sin.

(5) Faoi réir cheanglais an Chonartha, an Reachta, Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1997, agus aon achtacháin eile, féadfaidh an tAire, cibé ócáidí is cuí leis, a iarraidh ar an nGobharnóir thar ceann an Bhoird nó ar an mBord scéala a thabhairt don Aire maidir leis an gcuspóir príomhúil a fhorchuirtear ar an mBanc le fo-alt (1) den alt seo a shaothrú, agus déanfaidh an Bord de réir gach iarrata den sórt sin.

(6) Gan dochar don chuspóir maidir le cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun, tacóidh an Banc leis na beartais ghinearálta eacnamaíochta sa Chomhphobal d'fhonn cabhrú le cuspóirí an Chomhphobail mar atá leagtha síos in Airteagal 2 den Chonradh a bhaint amach.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1942.

6. —Leasaítear leis seo alt 7 (arna ionadú le halt 21 d'Acht 1997) d'Acht 1942—

(a) trí mhír (g) a aisghairm, agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (m):

“(mm) sócmhainní, ioncam nó dliteanais a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcás ina gceanglaítear sin faoin Reacht;

(mmm) aon chumhacht a fheidhmiú nó aon chúram nó dualgas a chomhlíonadh a thugtar don Bhanc leis an gConradh nó faoi nó leis an Reacht nó faoi;”.

An Gobharnóir a chur as oifig.

7. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1942—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má iarrann an Bord ar an Uachtarán, trí vóta d'aonghuth na Stiúrthóirí uile, an Gobharnóir a chur as oifig ar fhorais mí-iompair thromchúisigh, a luafar, is dleathach don Uachtarán, ar chomhairle a fháil ón Rialtas, an Gobharnóir a chur as oifig ar na forais sin a luafar agus beidh éifeacht láithreach leis an gcur as oifig sin ón dáta a bhfoilseofar an cinneadh chun an Gobharnóir a chur as oifig nó ón dáta a gcuirfear an cinneadh sin in iúl don Ghobharnóir.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Féadfar aon chinneadh, a ghlacfar de réir an ailt seo, chun Gobharnóir a chur as oifig a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa i cibé modh agus ar cibé cúiseanna atá ar comhréir le hAirteagal 14.2 den Reacht.”.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc.

8. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 18 (arna ionadú le halt 37 d'Acht 1989):

“(1) Aon sealbhóir ceadúnais, aon ghníomhaire tuairisceoireachta a ainmneoidh an Banc Ceannais Eorpach (dá ngairtear ‘gníomhaire tuairisceoireachta’ san alt seo) agus aon duine a sheolann gnó—

(a) mar fhiontraíocht chomhlachaithe lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo,

(b) a mbeidh an duine sin, de bhua alt 7 (4) (a) (ii) den Acht seo, díolmhaithe ina leith ón oibleagáid ceadúnas a shealbhú,

(c) mar chuideachta iontaobhais infheistíochta,

(d) mar bhróicéir airgid,

(e) mar idirghabhálaí airgeadais, nó

(f) ag eisiúint nó ag sealbhú ionstraimí airgeadais, nó ag rannpháirtiú thairis sin in aon mhargadh in ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear ionstraimí den sórt lena mbaineann Caibidil VIII d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ,

tabharfaidh gach duine díobh don Bhanc—

(i) cibé tráthanna a dhéanfaidh an Banc nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Banc nó an Banc Ceannais Eorpach a shonrú ó am go ham, cibé faisnéis agus tuairisceáin maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó maidir le gníomhaíochtaí gníomhaire tuairisceoireachta nó maidir le seoladh gnó ag an duine sin mar a dúradh, de réir mar a bheidh, a shonróidh an Banc nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Banc nó an Banc Ceannais Eorpach ó am go ham, is faisnéis agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá a bheith aige chun feidhmeanna an Bhainc a fhorchuirtear air le dlí, nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Bhainc nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a chomhlíonadh go cuí, agus

(ii) laistigh de cibé tréimhse a dhéanfaidh an Banc nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Banc nó an Banc Ceannais Eorpach a shonrú, aon fhaisnéis agus tuairisceáin (nach faisnéis ná tuairisceáin a shonraítear faoi fhomhír (i) den fho-alt seo) maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó maidir le gníomhaíochtaí gníomhaire tuairisceoireachta nó maidir le seoladh gnó ag an duine sin mar a dúradh, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Banc nó an Banc Ceannais Eorpach, i scríbhinn, is faisnéis agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá a bheith aige chun feidhmeanna an Bhainc a fhorchuirtear air le dlí, nó, i gcás gníomhaire tuairisceoireachta, an Bhainc nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a chomhlíonadh go cuí.”.

Cúlchistí íosta.

9. —Féadfaidh an Banc alt 23 (arna leasú le halt 40 d'Acht 1989) d'Acht 1971 a chur i bhfeidhm maidir le daoine nó aicmí daoine sa Stát atá sonraithe faoi Airteagal 19.1 den Reacht de bhun ceanglais ón mBanc Ceannais Eorpach.

Faisnéis a nochtadh don Bhanc Ceannais Eorpach.

10. —Leasaítear leis seo alt 16 (arna leasú le halt 50 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, le halt 49 den Acht um Idirghabhálaithe Infheistíochta, 1995, agus le halt 52 d'Acht 1997) d'Acht 1989—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b):

“(b) i dtaobh ghníomhaíochtaí an Bhainc i leith a chuspóirí a shaothrú mar atá leagtha amach in alt 6 (arna leasú le halt 5 d' Acht an Bhainc Ceannais, 1998 ) d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .”,

(b) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (t) d'fho-alt (2):

“(t) a dhéanfar leis an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta nó leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás ina gceanglaítear an nochtadh sin a dhéanamh de réir an Chonartha nó an Reachta,

(tt) a dhéanfar le hiniúchóir lena mbaineann alt 11 d' Acht an Bhainc Ceannais, 1998 ,”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (II) d'fho-alt (2)(ii):

“(II) d'eisiúint dlíthairisceana ag an mBanc nó ag an mBanc Ceannais Eorpach, nó”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (III) d'fho-alt (2)(ii):

“(III) an Banc do shaothrú a chuspóirí faoi alt 6 (arna leasú le halt 5 d' Acht an Bhainc Ceannais, 1998 ) den Phríomh-Acht.”.

Cuntais an Bhainc a iniúchadh.

11. —D'ainneoin alt 19 d'Acht 1989, féadfar cuntais an Bhainc a iniúchadh de réir Airteagal 27 den Reacht agus déanfaidh an Banc faisnéis, leabhair agus taifid iomlána a chur ar fáil d'aon iniúchóirí a cheapfar de réir an Airteagail sin.

An ciste ginearálta.

12. —Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1989 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Déileálfar le haon éilimh ar an mBanc Ceannais Eorpach, nó le haon dliteanais dó, mar shócmhainní nó dliteanais de chuid an chiste ghinearálta nó de chuid cibé ciste eile a bhunófar le hordú ón Aire chun na críche sin.

(6) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) foráil a dhéanamh maidir le haon ní a éireoidh as feidhmiú Chaibidlí VI, VIII agus IX den Reacht.

(7) Le linn na cumhachtaí a thugtar don Aire le fo-ailt (2) agus (4) a fheidhmiú, beidh aird ag an Aire ar na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na dualgais a thugtar don Bhanc leis an gConradh nó faoi agus leis an Reacht nó faoi.

(8) San Acht seo—

ciallaíonn ‘an Conradh’ an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957 (arna leasú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992);

ciallaíonn ‘an Reacht’ Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar atá leagtha amach i bPrótacal (Uimh. 3) (atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992) a ghabhann leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957.”.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1989.

13. —Leasaítear leis seo Acht 1989 trí fho-ailt (2) agus (3) d'alt 24 a scriosadh.

Leasú ar alt 5 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 .

14. —Leasaítear leis seo an tAcht um Airgead Reatha Deachuil, 1969 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“5.—Gach mona a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4 den Acht seo, eiseoidh an tAire tríd an mBanc Ceannais é, ach sin faoi réir ceadú a fháil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna.”.