10 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1998


AN tACHT UCHTÁLA, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 3 (mínithe) den Phríomh-Acht.

3.

Rialacha.

4.

Leasú (Cuid IA nua) ar an bPríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 16 (iarratais d'éisteacht) den Phríomh-Acht.

6.

Leasú (alt 19A nua) ar an bPríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 34 (srian le comhshocraíochta a dhéanamh chun leanaí d'uchtáil) den Phríomh-Acht.

8.

Ráitis bhréagacha.

9.

Cionta i gcoitinne.

10.

Leasú ar alt 1 (mínithe) d'Acht 1991.

11.

Leasú ar alt 2 (uchtálacha coigríche a rinneadh in áit ina raibh sainchónaí ar na huchtaitheoirí) d'Acht 1991.

12.

I gcás sainchónaí nó áit chónaithe na n-uchtaitheoirí a bheith in áit seachas áit déanta uchtála coigríche.

13.

Leasú ar alt 5 (uchtálacha coigríche i gcás gnáthchónaí sa Stát a bheith ar na huchtaitheoirí) d'Acht 1991.

14.

Leasú ar alt 6 (Clár na nUchtálacha Coigríche) d'Acht 1991.

15.

Leasú ar alt 7 (orduithe ón Ard-Chúirt i ndáil le taifid i gClár na nUchtálacha Coigríche) d'Acht 1991.

16.

Leasú ar alt 9 (Cruthú ar uchtálacha a dhéantar lasmuigh den Stát) d'Acht 1991.

17.

Tosach feidhme.

18.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála, 1952

1952, Uimh. 25

An tAcht Uchtála, 1964

1964, Uimh. 2

An tAcht Uchtála, 1974

1974, Uimh. 24

An tAcht Uchtála, 1988

1988, Uimh. 30

An tAcht Uchtála, 1991

1991, Uimh. 14

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1991

Acht na Leanaí (Leasú), 1957

1957, Uimh. 28

An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

1964, Uimh. 7

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict., c. 93

An tAcht um Stádas Leanaí, 1987

1987, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1998


AN tACHT UCHTÁLA, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hUCHTÁIL LEANAÍ. [29 Aibreán, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1991” an tAcht Uchtála, 1991.

Leasú ar alt 3 (mínithe) den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 4 den Acht Uchtála, 1964 , agus le halt 6 den Acht Uchtála, 1988 )—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “ordú uchtála”:

“ciallaíonn ‘gníomhaireacht uchtála’ cumann uchtála cláraithe nó bord sláinte;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ordú eatraimh”:

“ciallaíonn ‘bord sláinte’ bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ;”,

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Sláinte agus Leanaí;”,

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tuismitheoir”:

“ciallaíonn ‘tuismitheoir’, i leith linbh, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, máthair nó athair an linbh nó iad araon, cibé acu atá nó nach bhfuil siad pósta ar a chéile;”,

agus

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gaol”:

“ciallaíonn ‘gaol’, i leith linbh, seanathair nó seanmháthair, deartháir, deirfiúr, uncail nó aintín, lánfhola nó leathfhola nó ó chleamhnas, de chuid an linbh, agus folaíonn sé céile aon duine den sórt sin, agus is de thaobh na máthar nó an athar a dhéanfar gaolmhaireacht leis an leanbh a chomhaireamh.”.

Rialacha.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“5.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh—

(a) chun a nós imeachta a rialú nó i dtaobh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní ordaithe, agus

(b) lena rialófar an chomhchomhairle a cheanglaítear leis an Acht seo a sheoladh le hathair linbh nó leis an duine a chreideann gurb é athair an linbh é sula ndéantar an leanbh a shuíomh le huchtáil nó sula ndéantar ordú uchtála i leith an linbh.

5A.—Déanfar gach riail a dhéanfaidh an Bord faoi alt 5 agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt 7C, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta nó a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá is túisce a shuífidh an Teach sin tar éis an riail nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialach nó an rialacháin, beidh an riail nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin nó faoin rialachán sin.”.

Leasú (Cuid IA nua) ar an bPríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“CUID IA.

Leanbh a Shuíomh lena Uchtáil.

Léiriú.

7A.—Sa Chuid seo, ciallaíonn ‘athair’, i leith linbh, athair an linbh nó an duine a chreideann gurb é athair an linbh é.

Srian le leanbh a shuíomh lena uchtáil.

7B.—Faoi réir ailt 7E (3) (a) agus 7F, ní dhéanfaidh gníomhaireacht uchtála leanbh a shuíomh lena uchtáil mura mbeidh ceithre seachtaine d'aois slánaithe ag an leanbh.

Cúram linbh go dtí go suífear é.

7C.—(1) I gcás ina ndéanfar leanbh a shuíomh le cumann uchtála cláraithe lena uchtáil, féadfaidh an cumann, de réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire i dtaca le comhshocraíochtaí le haghaidh cúraim leanaí den sórt sin agus chun a leas a áirithiú i gcoitinne, comhshocraíocht a dhéanamh le haghaidh cúraim chuí don leanbh, faoi réir rialú agus mhaoirseacht an chumainn, go dtí go ndéanfar an leanbh a shuíomh lena uchtáil.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957 , maidir le cumann uchtála cláraithe do dhéanamh comhshocraíochta faoi fho-alt (1) ná maidir le duine a ghlacfaidh cúram linbh air féin faoi chomhshocraíocht den sórt sin.

Ceart athar ar mian leis go nglacfar comhairle leis.

7D.—(1) Féadfaidh athair linbh, trí fhógra chuig an mBord, a chur in iúl don Bhord gur mian leis go nglacfar comhairle leis—

(a) i ndáil le togra ó ghníomhaireacht uchtála leanbh a shuíomh lena uchtáil, nó

(b) i ndáil le hiarratas ó mháthair an linbh nó ó ghaol de chuid an linbh ar ordú uchtála a bhaineann leis an leanbh.

(2) Is i scríbhinn a bheidh fógra faoi fho-alt (1), agus beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé faisnéis ann a fhorordófar agus féadfar é a thabhairt don Bhord roimh bhreith an linbh lena mbaineann.

Nós imeachta comhchomhairle roimh shuíomh.

7E.—(1) I gcás ina mbeartóidh gníomhaireacht uchtála leanbh a shuíomh lena uchtáil—

(a) déanfaidh an ghníomhaireacht, i scríbhinn, i bhfoirm a cheadóidh an Bord, a iarraidh ar an mBord cóip d'aon fhógra a bheidh faighte ag an mBord ó athair an linbh faoi alt 7D(1) a sholáthar di, agus

(b) déanfaidh an Bord—

(i) a luaithe is féidir, an fógra, más ann, a sholáthar don ghníomhaireacht, nó

(ii) más rud é, tráth na hiarrata, nach mbeidh fógra den sórt sin faighte aige, an méid sin a chur in iúl don ghníomhaireacht agus dá éis sin, má fhaigheann sé fógra den sórt sin, é a sholáthar láithreach don ghníomhaireacht.

(2) Faoi réir an ailt seo agus alt 7F, i gcás ina mbeartóidh gníomhaireacht uchtála leanbh a shuíomh lena uchtáil agus go bhfuil céannacht an athar ar eolas ag an ngníomhaireacht, déanfaidh an ghníomhaireacht, roimh an leanbh a shuíomh lena uchtáil, cibé bearta is féidir le réasún chun comhairle a ghlacadh leis an athair—

(a) chun an suíomh atá beartaithe a chur in iúl dó,

(b) chun na himpleachtaí dlí agus na nósanna imeachta a bhaineann le huchtáil a mhíniú dó, agus

(c) chun a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil agóid aige in aghaidh an tsuímh atá beartaithe.

(3) I gcás ina léireoidh an t-athair don ghníomhaireacht uchtála—

(a) nach bhfuil aon agóid aige in aghaidh an tsuímh, féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin, an leanbh a shuíomh lena uchtáil, nó

(b) go bhfuil agóid aige in aghaidh suíomh beartaithe an linbh atá le huchtáil, déanfaidh an ghníomhaireacht—

(i) fógra a thabhairt don athair agus don mháthair i scríbhinn ar an modh forordaithe go bhfuil an suíomh á iarchur aici ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ar tréimhse í nach giorra ná 21 lá, dar tosach dáta an fhógra, chun deis a thabhairt don athair iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoi alt 6A nó alt 11 (4) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 (mar a cuireadh isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ), agus

(ii) an suíomh a iarchur de réir na fógraíochta.

(4) I gcás ina bhfaighidh gníomhaireacht uchtála fógra go bhfuil iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) (i) déanta i leith linbh, ní dhéanfaidh an ghníomhaireacht an leanbh a shuíomh lena uchtáil go dtí go ndéanfar na himeachtaí a chur i gcrích.

(5) Más rud é—

(a) nach mbeidh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (4) faighte ag gníomhaireacht uchtála laistigh den tréimhse iarchuir dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) (i), agus

(b) nach mbeidh aon léiriú faighte ag gníomhaireacht uchtála ón athair faoi fho-alt (3) (a) nó (b) laistigh de 21 lá tar éis suíomh beartaithe an linbh a chur in iúl don athair faoi fho-alt (2) (a),

féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin nach mbeidh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (4) faighte aici, an leanbh a shuíomh lena uchtáil.

(6) Féadfaidh páirtí in iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) (i) iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar cibé ordú a mheasfaidh an chúirt is cuí chun na himeachtaí ar an iarratas a luathú ar mhaithe le leas an linbh, lena n-áirítear ordú chun seirbheáil ionadach a dhéanamh nó chun laghdú a dhéanamh ar an am a bheidh socraithe le rialacha cúirte chun aon bheart nó aon ghníomh a dhéanamh sna himeachtaí, agus féadfaidh an chúirt an t-ordú sin a dheonú.

I gcás nach nglactar comhairle leis an athair.

7F.—(1) Más rud é nach mbeidh gníomhaireacht uchtála in ann comhairle a ghlacadh le hathair linbh chun críocha alt 7E (2), déanfaidh sí, i bhfoirm a cheadóidh an Bord, fógra sa chéill sin a thabhairt don Bhord agus féadfaidh an Bord, i gcás inar deimhin leis go bhfuil cibé bearta is féidir le réasún déanta aici chun comhairle a ghlacadh leis an athair, a údarú don ghníomhaireacht, agus féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin, mura mbeidh an t-athair tar éis teagmháil a dhéanamh léi á léiriú go bhfuil agóid aige in aghaidh an tsuímh atá beartaithe, an leanbh a shuíomh lena uchtáil.

(2) Más rud é, ar iarratas ó ghníomhaireacht uchtála a bheartaíonn leanbh a shuíomh lena uchtáil, gur deimhin leis an mBord, ag féachaint do chineál an chaidrimh idir an t-athair agus an mháthair nó d'imthosca choimpeart an linbh, nár chuí don ghníomhaireacht teagmháil a dhéanamh leis an athair i leith shuíomh an linbh, féadfaidh an Bord a údarú don ghníomhaireacht, agus féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin, an leanbh a shuíomh lena uchtáil.

(3) Más rud é nach bhfuil céannacht athar linbh ar eolas ag gníomhaireacht uchtála agus go ndiúltaíonn an mháthair a chéannacht a nochtadh—

(a) déanfaidh an ghníomhaireacht comhairle a thabhairt don mháthair chun féachaint lena comhoibriú a fháil, ag léiriú di—

(i) go bhféadfaí moill a chur leis an uchtáil,

(ii) go bhféadfadh an t-athair an uchtáil a chonspóid tráth éigin dá éis sin,

(iii) go bhféadfadh an easpa faisnéise faoi chúlra liachta, géiniteach agus sóisialach an athar dochar a dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas an linbh, agus

(iv) na nithe eile sin a mheasfaidh an ghníomhaireacht is cuí sna himthosca,

agus

(b) déanfaidh an ghníomhaireacht, má leanann an mháthair, tar éis comhairle a bheith tugtha di, de bheith ag diúltú céannacht an athar a nochtadh, tuarascáil i scríbhinn ar an gcomhairle a bheidh tugtha ag an ngníomhaireacht a thabhairt don Bhord.

(4) I gcás ina bhfaighidh an Bord tuarascáil de bhun fho-alt (3) (b) agus gur deimhin leis, maidir leis an ngníomhaireacht uchtála—

(a) go ndearna sí cibé bearta is féidir le réasún chun comhoibriú na máthar a fháil, agus

(b) nach bhfuil aon slí phraiticiúil eile aici chun céannacht an athar a fhionnadh,

féadfaidh an Bord a údarú don ghníomhaireacht, agus féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin nach mbeidh céannacht an athar fionnta aici, an leanbh a shuíomh lena uchtáil.

(5) I gcás ina soláthróidh máthair linbh dearbhú reachtúil do ghníomhaireacht uchtála á rá nach bhfuil sí in ann an t-athair a chéannú, féadfaidh an ghníomhaireacht, aon tráth dá éis sin, an leanbh a shuíomh lena uchtáil mura bhfuil aon slí phraiticiúil eile aici chun céannacht an athar a fhionnadh.”.

Leasú ar alt 16 (iarratais d'éisteacht) den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 den Acht Uchtála, 1964 , agus le halt 13 den Acht Uchtála, 1974 ) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh na daoine seo a leanas i dteideal éisteacht a fháil ar iarratas a dhéanamh ar ordú uchtála—

(a) an t-iarratasóir,

(b) an leanbh,

(c) máthair an linbh,

(d) athair an linbh nó an duine a chreideann gurb é athair an linbh é,

(e) caomhnóir an linbh,

(f) an duine a raibh an leanbh faoina cheannas nó faoina rialú díreach roimh shuíomh an linbh lena uchtáil,

(g) gaol don leanbh,

(h) ionadaí d'aon chumann uchtála cláraithe nó d'aon bhord sláinte a bhfuil, nó a raibh aon tráth, baint aige leis an leanbh,

(i) oifigeach don Bhord,

(j) aon duine eile a gcinnfidh an Bord, dá rogha féin, éisteacht a thabhairt dó.”.

Leasú (alt 19A nua) ar an bPríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19:

“Comhchomhairle tar éis suíomh.

19A.—(1) Maidir leis an alt seo—

(a) beidh feidhm aige i leith leanbh a uchtáil ag duine nach é athair an linbh é nó nach é an duine é a chreideann gurb é athair an linbh é (dá ngairtear ‘an t-athair’ san alt seo), agus

(b) ní bheidh feidhm aige i leith leanbh a uchtáil i gcás inar shocraigh gníomhaireacht uchtála suíomh an linbh lena uchtáil.

(2) Faoi réir an ailt seo, ar iarratas ar ordú uchtála a fháil, déanfaidh an Bord cibé bearta is féidir le réasún chun comhairle a ghlacadh leis an athair i ndáil le ceist na huchtála.

(3) I gcás inar deimhin leis an mBord, ag féachaint do chineál an chaidrimh idir an t-athair agus an mháthair nó d'imthosca choimpeart an linbh, nár chuí don Bhord comhairle a ghlacadh leis an athair i leith uchtáil an linbh, féadfaidh an Bord an t-ordú uchtála a dhéanamh gan comhairle a ghlacadh leis an athair.

(4) Más rud é nach bhfuil céannacht athar linbh ar eolas ag an mBord agus go ndiúltaíonn an mháthair a chéannacht a nochtadh—

(a) déanfaidh an Bord comhairle a thabhairt don mháthair chun féachaint lena comhoibriú a fháil, ag léiriú di—

(i) go bhféadfaí moill a chur leis an uchtáil,

(ii) go bhféadfadh an t-athair an uchtáil a chonspóid tráth éigin dá éis sin,

(iii) go bhféadfadh an easpa faisnéise faoi chúlra liachta, géiniteach agus sóisialach an athar dochar a dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas an linbh, agus

(iv) na nithe eile sin a mheasfaidh an Bord is cuí sna himthosca,

agus

(b) féadfaidh an Bord, má leanann an mháthair, tar éis comhairle a bheith tugtha di, de bheith ag diúltú céannacht an athar a nochtadh, an t-ordú uchtála a dhéanamh gan comhairle a ghlacadh leis an athair mura bhfuil aon slí phraiticiúil eile aige chun a chéannacht a fhionnadh.

(5) I gcás ina soláthróidh máthair linbh dearbhú reachtúil don Bhord á rá nach bhfuil sí in ann an t-athair a chéannú, féadfaidh an Bord an t-ordú uchtála a dhéanamh gan comhairle a ghlacadh leis an athair mura bhfuil aon slí phraiticiúil eile aige chun a chéannacht a fhionnadh.

(6) Cuideoidh bord sláinte leis an mBord a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, má iarrann an Bord air amhlaidh.”.

Leasú ar alt 34 (srian le comhshocraíochta a dhéanamh chun leanaí d'uchtáil) den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 6 den Acht Uchtála, 1974 ) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4), (5) agus (6):

“(4) Ní dhéanfaidh aon duine leanbh a thabhairt, nó a chur faoi deara leanbh a thabhairt, d'aon duine eile le go n-uchtóidh duine an leanbh mura rud é—

(a) gur duine de thuismitheoirí an linbh an duine céadluaite, agus

(b) gur gaol don leanbh an duine a bheartaíonn an leanbh a uchtáil.

(4A) Ní ghlacfaidh aon duine leanbh chun an leanbh a uchtáil mura rud é gur gaol don leanbh an duine.

(4B) Chun críocha fho-ailt (4) agus (4A), folaíonn ‘gaol’ tuismitheoir linbh agus céile tuismitheora linbh.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (4) nó (4A) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.

(6) Ní bhaineann an t-alt seo—

(a) le gníomhaireacht uchtála, ná

(b) le duine lena suífidh gníomhaireacht uchtála leanbh.”.

Ráitis bhréagacha.

8. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 43:

“43.—Duine a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó míthreorach nó a thabharfaidh go feasach aon fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach don Bhord, do ghníomhaireacht uchtála nó do dhuine a bheidh ag gníomhú thar ceann ceachtar acu nó a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine eile chun déanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur ar an duine, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.”.

Cionta i gcoitinne.

9. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 43:

“44.—(1) Duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh—

(a) aon riail arna déanamh faoi alt 5 nó aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7C, nó

(b) aon fhoráil d'alt 7B, 7E nó 7F,

beidh sé ciontach i gcion agus, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur ar an duine, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.

(2) I gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir, comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta lena mbaineann é, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é nuair a rinneadh an cion, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

45.—D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.”.

Leasú ar alt 1 (mínithe) d'Acht 1991.

10. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1991—

(a) sa mhíniú ar “uchtáil choigríche”—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) go bhfuarthas, nó gur ligeadh thar ceal, faoi dhlí na háite ina ndearnadh an uchtáil, toiliú gach duine leis an uchtáil a n-éilítear, faoin dlí sin, a thoiliú leis an uchtáil a fháil nó a ligean thar ceal—

(i) an tráth a rinneadh an uchtáil, nó

(ii) tráth dá éis sin, más rud é nárbh é ab éifeacht san áit sin leis an uchtáil a deonaíodh i dtosach ná caidreamh dlíthiúil tuismitheora-linbh a bhí ann roimhe sin a fhoirceannadh, ar tráth é sin a athraíodh an uchtáil ina huchtáil a raibh an éifeacht sin aici de bhua an toiliú sin a fháil nó a ligean thar ceal faoin dlí sin (agus déanfar an dáta ar ar deonaíodh an uchtáil i dtosach a fhorléiriú chun críocha an Achta seo mar an tráth a rinneadh an uchtáil),”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) go bhfuil go substaintiúil an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag an uchtáil, fad atá sí i bhfeidhm, maidir le caomhnóireacht an linbh san áit ina ndearnadh an uchtáil agus atá ag uchtáil a dhéantar le hordú uchtála,”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) gur ar mhaithe leis an leanbh agus ar a leas a rinneadh an uchtáil,”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “áit”:

“ciallaíonn ‘áit’ tír (seachas an Stát) nó aon cheann de na dlínsí seo a leanas, is é sin le rá, Sasana agus an Bhreatain Bheag, Albain, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht nó, i ndáil le tír ina bhfuil, i gcúrsaí uchtála, dhá chóras dlí nó níos mó i bhfeidhm in aonaid chríche éagsúla, aon cheann de na haonaid chríche;”.

Leasú ar alt 2 (uchtálacha coigríche a rinneadh in áit ina raibh sainchónaí ar na huchtaitheoirí) d'Acht 1991.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) An t-alt seo agus ailt 3 go 5 den Acht seo is ailt iad atá in ionad aon rialach dlí a dhéanann foráil le haghaidh aitheantais d'uchtálacha a dhéantar lasmuigh den Stát.”.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i ngníomh an 30ú lá de Bhealtaine, 1991.

I gcás sainchónaí nó áit chónaithe na n-uchtaitheoirí a bheith in áit seachas áit déanta uchtála coigríche.

12. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“4A.—Aon uchtáil choigríche (cibé acu a rinneadh an uchtáil roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis) a rinneadh in áit nach raibh sainchónaí, cónaí rialta nó gnáthchónaí ar cheachtar de na huchtaitheoirí ar an dáta a ndearnadh an uchtáil, ach nach n-aithnítear faoi dhlí na háite ina raibh sainchónaí, cónaí rialta nó gnáthchónaí, de réir mar a bheidh, ar cheachtar de na huchtaitheoirí nó orthu araon ar an dáta sin, ar an aon ábhar amháin nach raibh foráil i ndlí na háite sin maidir le haitheantas d'uchtálacha a dhéantar lasmuigh den áit sin, measfar, mura mbeadh sé in aghaidh polasaí phoiblí go measfaí amhlaidh, go ndearnadh an uchtáil sin le hordú uchtála bailí arna dhéanamh ar an dáta sin nó ar an tosach feidhme sin, cibé acu is déanaí.”.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i ngníomh an 30ú lá de Bhealtaine, 1991.

Leasú ar alt 5 (uchtálacha coigríche i gcás gnáthchónaí sa Stát a bheith ar na huchtaitheoirí) d'Acht 1991.

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1991—

(a) i bhfo-alt (1), trí “a shonraítear in alt 2, 3, 4 nó 4A den Acht seo” a chur in ionad “a shonraítear in alt 2, 3 nó 4 den Acht seo”, agus

(b) trí “1992” a chur in ionad “1991” gach áit a bhfuil sé i gclásail (I) agus (II) d'fhomhír (iii) d'fho-alt (1) agus i bhfo-alt (2).

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i ngníomh an 30ú lá de Bhealtaine, 1991.

Leasú ar alt 6 (Clár na nUchtálacha Coigríche) d'Acht 1991.

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1991—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (i):

“(i) gur uchtáil choigríche an uchtáil lena mbaineann aon alt d'ailt 2 go 4A den Acht seo, nó”,

agus

(b) trí fho-alt (6) a scriosadh.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) (a) i ngníomh an 30ú lá de Bhealtaine, 1991.

Leasú ar alt 7 (orduithe ón Ard-Chúirt i ndáil le taifid i gClár na nUchtálacha Coigríche) d'Acht 1991.

15. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1991—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir fho-alt (1A), a ordú don Bhord a chur faoi deara go ndéanfar an taifead lena mbaineann sa Chlár a chealú, nó”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní thabharfaidh an Chúirt ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) de bhíthin go ndearnadh uchtáil a chur ar ceal, a chúlghairm, a fhoirceannadh, a neamhniú nó a chur ar neamhní ar shlí eile faoi dhlí na háite agus de réir dhlí na háite ina ndearnadh í mura deimhin leis an gCúirt go mbeadh sé ar mhaithe le leasanna an duine ab ábhar don uchtáil.

(1B) I gcás ina dtabharfaidh an Chúirt ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1), féadfaidh sí cibé orduithe i leith an duine ab ábhar don uchtáil a dhéanamh is dóigh leis an gCúirt a bheith riachtanach sna himthosca agus a bheith ar mhaithe le leasanna an duine, lena n-áirítear orduithe a bhaineann le caomhnóireacht, coimeád, cothabháil agus saoránacht an duine agus, d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, beidh feidhm ag aon ordú den sórt sin agus déanfar é a chomhlíonadh a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt don ordú.”.

Leasú ar alt 9 (Cruthú ar uchtálacha a dhéantar lasmuigh den Stát) d'Acht 1991.

16. —Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) (b):

“(3A) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá is túisce a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

Tosach feidhme.

17. —Tiocfaidh ailt 2 go 9 den Acht seo i ngníomh an lá atá nócha lá tar éis dháta rite an Achta seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

18. —(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Maidir leis na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1991, agus leis an Acht seo—

(a) féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1998, a ghairm díobh le chéile, agus

(b) forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.