Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

16 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1998


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Rialacháin, orduithe agus ordacháin.

3.

An Ciste Rialtais Áitiúil.

4.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste ag an Aire.

5.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste ag údaráis áitiúla.

6.

Íocaíochtaí as an gCiste i gcoitinne.

7.

Údarás áitiúil do bhaint caiteachas as méideanna cánach mótarfheithicle agus as táillí agus dleachtanna eile.

8.

Leasú ar Acht 1952 agus ar an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992.

9.

Leasú ar ailt 14, 15 agus 16 d'Acht 1994.

10.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1994.

11.

Oifigigh agus fostaithe údaráis áitiúil a cheapadh.

12.

Aisce a dheonú i leith seirbhíse mar chomhalta d'údarás áitiúil.

13.

Aisghairm.

14.

Caiteachais.

15.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais, 1961

1961, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1989

1989, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1994

1994, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1992

1992, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (Leasú), 1940

1940, Uimh. 15

Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1997

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1991

1991, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1994

1994, Uimh. 8

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1997

An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1997

1997, Uimh. 29

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Siltean), 1968

1968, Uimh. 6

Acht na mBóithre, 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht Freastal Scoile, 1926

1926, Uimh. 17

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

Na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1998


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA MAIDIR LEIS AN DÓIGH INA gCUIRTEAR ACMHAINNÍ AIRGEADAIS AR FÁIL D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE RIALTAIS ÁITIÚIL, DO LEASÚ AN ACHTA AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL)(FEITHICLÍ), 1952, AGUS AN ACHTA AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1992, DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE COMHALTAÍ A THOGHADH D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS I nDÁIL LE DAOINE ÁIRITHE A CHEAPADH AR CHOMHLACHTAÍ ÁIRITHE EILE, DO DHÉANAMH SOCRÚ THAIRIS SIN I nDÁIL LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [29 Bealtaine, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— Léiriú.

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1994;

ciallaíonn “an Roinn” an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “dleachtanna ceadúnais tiománaí” dleachtanna arna bhforchur le halt 4(1A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 , agus arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989 ) d'Acht 1952, agus de réir mar a bheidh siad inmhuirearaithe, intoibhithe agus iníoctha de réir an ailt sin;

folaíonn “achtachán” ionstraim arna déanamh faoi achtachán;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

tá le “an Ciste” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contaebhuirge nó buirge eile,

(c) comhairle ceantair uirbigh, agus

(d) coimisinéirí baile;

ciallaíonn “an Ciste Rialtais Áitiúil (Comhionannú)” an ciste a bunaíodh le halt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1997;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

tá le “Cuntas Mótarchánach” an bhrí a shanntar dó leis an Ordú um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958 (I.R. Uimh. 15 de 1958 );

ciallaíonn “cáin mhótarfheithicle” an dleacht a fhorchuirtear le hAct 1952 i leith ceadúnais a bhaintear amach faoi alt 1 den Acht sin, agus de réir mar a bheidh sí inmhuirearaithe, intoibhithe agus iníoctha de réir fhorálacha an Achta sin;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'aon achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin (lena n-áirítear an tAcht seo), nó faoi.

Rialacháin, orduithe agus ordacháin.

2. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá ngairtear, san Acht seo, ní nó rud atá forordaithe nó atá le forordú nó chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialachán nó le hordú faoin Acht seo i gcomhair cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha, forlíontacha nó idirthréimhseacha is dóigh leis an Aire a bheidh cuí chun críocha an Achta seo nó aon rialachán nó ordaithe a dhéanfar faoi.

(3) Más rud é, maidir le haon ní, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil le haon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dóigh leis nó léi a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a dhíothú, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun a hoibriú a dhaingniú nó a éascú, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Acht seo nó d'aon achtachán eile a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun na gcríoch réamhráite ach ní fhéadfar aon rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo i ndáil le foráil den Acht seo tar éis 2 bhliain a bheith caite ó thosach feidhme na forála sin.

(4) Maidir le rialacháin nó ordú a dhéanfar faoin Acht seo—

(a) féadfaidh feidhm a bheith acu nó aige maidir le húdaráis áitiúla i gcoitinne nó maidir le húdarás áitiúil sonraithe nó le húdaráis áitiúla shonraithe,

(b) féadfaidh forálacha éagsúla a bheith iontu nó ann i ndáil le húdaráis áitiúla éagsúla.

(5) Déanfar gach rialachán nó ordú arna dhéanamh faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 8 (9)15(4)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach díobh sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní amhlaidh, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 8 (9)15(4) ach lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(7) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt chun críche aon ní a luaitear san Acht seo mar ní is ábhar d'ordachán.

(8) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt lena leasófar nó lena gcúlghairfear ordachán a bheidh tugtha aige nó aici faoin Acht seo (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo).

(9) Is i scríbhinn a bheidh ordachán a thabharfar chun críocha an Achta seo.

An Ciste Rialtais Áitiúil.

3. —(1) Beidh arna bhunú, ar thosach feidhme an ailt seo, ciste ar a dtabharfar an Ciste Rialtais Áitiúil agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo.

(2) Déanfaidh an tAire an Ciste a bhainistiú agus a rialú.

(3) Is é a bheidh sa Chiste cibé cuntais a chinnfidh an tAire.

(4) Beidh na cuntais sin i cibé foirm agus déanfar iad a ullmhú ar cibé modh a chinnfidh an tAire.

(5) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh an tAire cuntais an Chiste faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'achomaireacht de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh maille le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar an Ciste Rialtais Áitiúil (Comhionannú) a fhoirceannadh le héifeacht ó thosach feidhme an ailt seo agus go ndéanfar gach iarmhéid a bheidh fágtha chun sochair an chiste sin díreach roimh an tosach feidhme sin a íoc isteach sa Chiste.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste ag an Aire.

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí” an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim arna tiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus aon tagairtí don treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí d'aon bhliain airgeadais is tagairtí iad don treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí ar an dáta sin sa bhliain sin de réir mar a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “bliain reatha” an bhliain airgeadais a mbeidh an íocaíocht áirithe isteach sa Chiste le déanamh, faoi fho-alt (3).

(2) Íocfaidh an tAire £270,000,000 isteach sa Chiste sa bhliain airgeadais 1999, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Déanfaidh an tAire cibé méid a chinnfidh sé nó sí, le toiliú an Aire Airgeadais, i ndáil leis an mbliain lena mbaineann a íoc isteach sa Chiste sa bhliain airgeadais 2000 agus gach bliain airgeadais dá éis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus, le linn aon chinneadh den sórt sin a dhéanamh, tabharfaidh an tAire aird, ach go háirithe, ar gach ceann de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (4):

Ar choinníoll nach lú in aon chás an méid a chinnfear amhlaidh ná méid is comhionann leis an méid a shonraítear i bhfo-alt (2) arna iolrú faoin bhfigiúr a shonraítear i bhfo-alt (5).

(4) Is iad na nithe a luaitear i bhfo-alt (3) ná aon athruithe ar fheidhmeanna údarás áitiúil nó ar mhéideanna a gcaiteachas le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh ar athruithe iad a bheidh tar éis tarlú—

(a) i gcás gurb í an bhliain reatha an bhliain airgeadais 2000, sna blianta airgeadais 1998 agus 1999,

(b) in aon chás eile, sa bhliain airgeadais roimh an mbliain reatha,

nó ar dóigh dóibh tarlú sa bhliain reatha.

(5) Is é an figiúr a luaitear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) an chomhrann, arna cothromú suas go 3 ionad dheachúla, arna fáil tríd an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain airgeadais roimh an mbliain reatha a roinnt ar an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain airgeadais 1998.

(6) Aon airgead a gheobhaidh an tAire, i ngach bliain airgeadais, seachas airgead ón gCiste nó airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i dtaca le cáin mhótarfheithcle a bhailiú, lena n-áirítear i dtaca le faisnéis a chur ar fáil as taifid arna mbunú agus arna gcoimeád faoi alt 60 den Acht Airgeadais, 1993 (arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais, 1994), íocfaidh an tAire isteach sa Chiste é.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste ag údaráis áitiúla.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “táillí agus dleachtanna ilghnéitheacha”—

(a) dleachtanna arna bhforchur le halt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992;

(b) táillí is iníoctha faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tástáil Feithiclí), 1991 (I.R. Uimh. 356 de 1991);

(c) táillí is iníoctha faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Leantóirí agus Leathleantóirí a Cheadúnú), 1982 (I.R. Uimh. 35 de 1982);

(d) táillí is iníoctha le húdarás áitiúil faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963);

(e) aon táillí eile a bhí, roimh thosach feidhme alt 5 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1997, iníoctha isteach i gCuntas Mótarchánach; agus

(f) cibé táillí nó airgead eile a bheidh forordaithe chun críocha an mhínithe seo;

ciallaíonn “comhshocraíocht iomchuí”—

(a) comhaontú arna dhéanamh faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ;

(b) scéim arna déanamh de bhun Rialacháin Bhaile Átha Cliath (Ullmhúcháin le haghaidh Atheagrú), 1993 (I.R. Uimh. 52 de 1993); nó

(c) comhshocraíochtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 5 den Ordú um an Acht Rialtais Áitiúil (Atheagrú), 1985 (Contaebhuirg na Gaillimhe), 1985 (I.R. Uimh. 426 de 1985).

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, íocfaidh gach údarás áitiúil isteach sa Chiste méid na cánach mótarfheithicle, na ndleachtanna ceadúnais tiománaí agus na dtáillí agus na ndleachtanna ilghnéitheacha a bheidh bailithe aige i ngach bliain airgeadais áitiúil.

(3) Déanfar aon mhéideanna a cheanglaítear leis an alt seo a íoc isteach sa Chiste a íoc amhlaidh i cibé modh agus ag cibé tráthanna a bheidh sonraithe in ordachán a thabharfaidh an tAire chun críocha an ailt seo.

(4) Folaíonn tagairt san alt seo do bhailiú mhéid aon chánach, táille nó dleachta ag údarás áitiúil, tagairt do mhéid aon chánach, táille nó dleachta den sórt sin a bheidh bailithe aige, faoi chomhshocraíocht iomchuí, thar ceann údaráis áitiúil eile.

(5) Déanfar tagairt san alt seo do mhéid aon chánach, táille nó dleachta a fhorléiriú mar thagairt do mhéid na cánach, na táille nó na dleachta lena mbaineann tar éis aon mhéid a bheith bainte as faoi alt 7 agus dá réir.

Íocaíochtaí as an gCiste i gcoitinne.

6. —(1) Aon uair agus a mhinice a mheasann an tAire gur cuí íocaíocht den sórt sin a dhéanamh i leith caiteachas a bheidh tabhaithe nó le tabhú ag údarás áitiúil amháin nó níos mó i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna i gcoitinne, féadfaidh an tAire cibé méid airgid a chinnfidh sé nó sí a íoc as an gCiste leis an údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla sin chun na caiteachais a ghlanadh, go hiomlán nó go páirteach, a bheidh tabhaithe nó le tabhú aige nó acu i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna sin.

(2) Féadfaidh an tAire maidir le méid airgid a bheidh íoctha aige nó aici as an gCiste faoi fho-alt (1) a cheangal ar an údarás áitiúil nó ar na húdaráis áitiúla lena mbaineann an méid nó cuid de a úsáid ar mhodh sonraithe i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna ag an údarás áitiúil nó ag na húdaráis áitiúla sin i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) boithre poiblí, seachas bóithre náisiúnta de réir bhrí Acht na mBóithre, 1993,

(b) oibreacha a dhéanamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Siltean), 1968 , nó

(c) cibé nithe eile a chinnfidh an tAire, ó am go ham, i scríbhinn,

agus déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'aon chinneadh faoi fho-alt (2)(c) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an cinneadh a dhéanamh.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham méid airgid a íoc as an gCiste is comhionann leis na caiteachais a bheidh tabhaithe aige nó aici le linn bearta a dhéanamh ó am go ham (ar bearta iad a gcumhachtaítear don Aire leis seo iad a dhéanamh)—

(a) chun déanamh feabhsúchán ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis áitiúla a chur chun cinn nó a áirithiú, nó

(b) chun údaráis áitiúla a spreagadh chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh a bheidh níos eacnamaíche, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé méid airgid a chinnfidh sé nó sí a íoc as an gCiste chun na caiteachais a ghlanadh, go hiomlán nó go páirteach, a bheidh tabhaithe aige nó aici, an 1 Eanáir, 1998, nó dá éis sin i dtaca le cáin mhótarfheithicle a bhailiú, lena n-áirítear i dtaca le faisnéis a chur ar fáil as taifid arna mbunú agus arna gcoimeád faoi alt 60 den Acht Airgeadais, 1993 (arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais, 1994).

(6) Déanfar aon mhéid airgid a bheidh íoctha as an gCiste faoi fho-alt (4)(5) a íoc isteach sa Státchiste, nó a dhiúscairt chun sochair an Státchiste, ar cibé modh a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Féadfaidh an tAire coiste a bhunú chun comhairle a thabhairt don Aire maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna faoi fho-alt (1)(4) aige nó aici, agus féadfaidh coiste a bhunófar amhlaidh comhairle a thabhairt don Aire dá réir.

(8) Beidh ar choiste den sórt sin cibé oifigigh nó comhaltaí agus cibé líon oifigeach nó comhaltaí d'údaráis áitiúla a chinnfidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo, agus féadfaidh cibé daoine eile a bheith air a chinnfidh an tAire chun na críche sin agus a mheasfaidh sé nó sí cáilíochtaí nó taithí a bheith acu thairis sin a fhágann gur daoine oiriúnacha iad lena gceapadh mar chomhaltaí den sórt sin.

Údarás áitiúil do bhaint caiteachas as méideanna cánach mótarfheithicle agus as táillí agus dleachtanna eile.

7. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun na caiteachais a ghlanadh, go hiomlán nó go páirteach, a bheidh tabhaithe aige le linn an cháin, an dleacht nó an táille lena mbaineann a bhailiú, cibé méid (más ann), a shonrófar in ordachán arna thabhairt ag an Aire nó a chinnfear de réir ordachán den sórt sin chun críocha an fho-ailt seo, a bhaint as aon mhéid cánach mótarfheithicle, dleacht ceadúnais tiománaí nó táillí agus dleachtanna ilghnéitheacha (de réir bhrí alt 5 ) a bheidh bailithe aige i mbliain áitiúil airgeadais.

(2) Féadfar a fhoráil le hordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) go ndéanfar an méid lena mbaineann a chinneadh de réir foirmle sonraithe nó nósanna imeachta sonraithe.

Leasú ar Acht 1952 agus ar an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “lá ceaptha” an lá a cheapfar faoi fho-alt (9) i leith an cheadúnais iomchuí;

déanfar “Cuid I ionaid” a fhorléiriú de réir fho-alt (2).

(2) Leasaítear leis seo Acht 1952 tríd an gCuid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, agus déantar, anseo ina dhiaidh seo san alt seo, “Cuid I ionaid” a ghairm den Chuid sin, arna cur in ionad amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht leis an leasú sin amhail ar agus ó na laethanta a shonraítear i bhfo-ailt (4) agus (5) maidir leis na rátaí dleachta agus maidir leis na ceadúnais lena mbaineann.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh feidhm ag na rátaí dleachta a shonraítear sa cholún de Chuid I ionaid a bhfuil an litir “A” mar cheannteideal air maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoi alt 1 d'Acht 1952 in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis.

(5) Beidh feidhm ag na rátaí dleachta a shonraítear sa cholún de Chuid I ionaid a bhfuil an litir “B” mar cheannteideal air maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoi alt 1 d'Acht 1952 in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999.

(6) Leasaítear leis seo Cuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—

(a) i mír 5(a)(i)—

(i) maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£11” a chur in ionad “£10”,

(ii) maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoin alt sin 1 in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£12” a chur in ionad “£10”,

(b) i mír 5(a)(ii)—

(i) maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£26” a chur in ionad “£25”,

(ii) maidir le ceadúnais a bheidh bainte amach faoin alt sin 1 in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£27” a chur in ionad “£25”.

(7) Leasaítear leis seo alt 20 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992—

(a) i bhfo-alt (1), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) (arna cur isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1997):

“(ii) feithicil dá dtagraítear in alt 143(1) d'Acht 1992, nó

(iii) feithicil atá á húsáid in áit phoiblí chun na gcríoch seo a leanas agus chucu sin amháin—

(I) í a thabhairt chuig áitreabh tástálaí údaraithe chun go ndéanfar tástáil ina leith (de réir coinne arna déanamh leis an tástálaí sin chun tástáil den sórt sin a dhéanamh ag am áirithe ar dháta áirithe),

(II) í a thabhairt ó áitreabh tástálaí údaraithe tar éis an tástáil dá dtagraítear i gclásal (I) a bheith críochnaithe nó, má tharlaíonn imthosca lena gcoiscfear an tástáil sin a dhéanamh nó a chríochnú, í a thabhairt ón áitreabh sin ar na himthosca sin tarlú,

(III) í a thabhairt chuig áitreabh chun go ndéanfaidh duine obair dheisiúcháin ina leith (de réir coinne arna déanamh leis an duine sin chun an obair sin a dhéanamh ag am áirithe ar dháta áirithe): ar choinníoll go mbeidh coinne déanta le tástálaí údaraithe chun tástáil a dhéanamh i leith na feithicle tar éis an obair dheisiúcháin sin a bheith críochnaithe, nó

(IV) í a thabhairt ón áitreabh dá dtagraítear i gclásal (III) tar éis an obair dheisiúcháin dá dtagraítear sa chlásal sin a bheith críochnaithe nó, má tharlaíonn cúinsí lena gcoiscfear an obair sin a dhéanamh nó a chríochnú, í a thabhairt ón áitreabh ar na cúinsí sin tarlú.”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I bhfo-alt (1)—

ciallaíonn ‘tástálaí údaraithe’ duine, arna cheapadh, de réir fhorálacha na rialachán iomchuí lena mbaineann, lena bhforáiltear go ndéanfar na ceapacháin sin, chun na tástálacha a cheanglaítear a dhéanamh leis na rialacháin sin a dhéanamh ar fheithiclí;

ciallaíonn ‘rialacháin iomchuí’ rialacháin a dhéanann an tAire ó am go ham faoi aon achtachán agus lena gceanglaítear tástálacha a dhéanamh i leith feithiclí, agus a sonraítear ina leith sna rialacháin sin gur rialacháin iomchuí iad chun críocha fho-alt (1)(b)(iii);

ciallaíonn ‘tástáil’ tástáil a cheanglaítear leis na rialacháin iomchuí í a dhéanamh i leith na feithicle lena mbaineann.

(1B) In aon imeachtaí mar gheall ar chion a bhaineann le feithicil dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear le hAcht 1952 dá dtagraítear sa mhír sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach feithicil í an fheithicil a thagann faoi réim fhomhír (i), (ii) nó (iii) de mhír (b) den fho-alt sin.”.

(8) Leasaítear leis seo alt 21(3) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992—

(a) i mír (a)(i)—

(i) maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa mhír sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£26” a chur in ionad “£25”,

(ii) maidir le ceadúnais den sórt sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£27” a chur in ionad “£25”,

(b) i mír (a)(ii)—

(i) maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa mhír sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£155” a chur in ionad “£150”,

(ii) maidir le ceadúnais den sórt sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£160” a chur in ionad “£150”,

(c) i mír (b)(i)—

(i) maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa mhír sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£16” a chur in ionad “£15”,

(ii) maidir le ceadúnais den sórt sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£17” a chur in ionad “£15”,

(d) i mír (b)(ii)—

(i) maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa mhír sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lá ceaptha nó dá éis, trí “£37” a chur in ionad “£35”,

(ii) maidir le ceadúnais den sórt sin a bheidh bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, trí “£39” a chur in ionad “£35”.

(9) Déanfaidh an tAire, le hordú, maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) an dá cheadúnas seo a leanas, is é sin le rá—

(i) ceadúnas a bheidh bainte amach faoi alt 1 d'Acht 1952 i ndáil le tuairisc feithicle dá dtagraítear i bhforáil de Chuid I ionaid (seachas mír 4(e)), agus

(ii) ceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (8),

agus

(b) ceadúnas a bheidh bainte amach faoi alt 1 d'Acht 1952 i ndáil leis an tuairisc feithicle dá dtagraítear i mír (4)(e) de Chuid I ionaid,

lá a cheapadh sa bhliain airgeadais 1998 le bheith ina lá arna cheapadh faoin alt seo agus ní hionann an lá a cheapfar amhlaidh i leith na gcineálacha ceadúnais dá dtagraítear i mír (a) agus an lá a cheapfar amhlaidh i leith an chineáil ceadúnais dá dtagraítear i mír (b).

Leasú ar ailt 14, 15 agus 16 d'Acht 1994.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1994 tríd an bhfo-alt seo a leanas i chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Beidh téarma oifige gach comhalta de gach údarás áitiúil, arna thoghadh sna toghcháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), arb é an téarma reatha é ar thosach feidhme alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil, 1998 , arna shíneadh ionas gur sa bhliain 1999 a dhéanfar na toghcháin do na comhaltaí de gach údarás áitiúil den sórt sin is túisce a bheidh ann tar éis an tosach feidhme sin.”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1994 trí “1999” a chur in ionad “1998” gach áit a bhfuil sé san fho-alt sin, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Bliain toghcháin chun críocha an Achta Cuanta, 1946 , a bheidh sa bhliain 1999 agus i ngach bliain dá éis sin ar bliain í ina ndéanfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contaetha, agus maidir le téarma oifige na gcomhaltaí sin d'údarás cuain a bheidh ceaptha ag údarás áitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) sa bhliain 1994, tiocfaidh deireadh leis sa bhliain 1999, chun go mbeidh sé de réir an fho-ailt seo agus fho-alt 14(2) den Acht Cuanta, 1946 .

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 16 d'Acht 1994 trí “1999” a chur in ionad “1998” gach áit a bhfuil sé san fho-alt sin, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(4) Bliain toghcháin chun críocha na nAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1993, a bheidh sa bhliain 1999 agus i ngach bliain dá éis sin ar bliain í ina ndéanfar toghcháin áitiúla, agus maidir le téarma oifige na gcomhaltaí sin de choiste gairmoideachais a bheidh tofa ag údarás áitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) sa bhliain 1994, tiocfaidh deireadh leis sa bhliain 1999, chun go mbeidh sé de réir an fho-ailt seo agus alt 10(3) den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Leasú ar alt 20 d'Acht 1994.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (5):

“(1) (a) Déanfar toghchán do chomhaltaí de gach údarás áitiúil sa bhliain 1999 agus gach cúigiú bliain dá éis sin.

(b) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear do Chuid IV d'Acht 1941, ná d'aon ordú arna dhéanamh faoin gCuid sin.

(2) Beidh téarma oifige chomhaltaí chomhairle gach contae agus contaebhuirge, arb é an téarma reatha é ar thosach feidhme alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1998 , arna shíneadh ionas gur sa bhliain 1999 a dhéanfar na toghcháin do chomhaltaí na gcomhairlí sin is túisce a bheidh ann tar éis an tosach feidhme sin.

(3) Is sa bhliain 1999 a dhéanfar na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1998 , faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , agus measfar gur ceapacháin chúigbhliantúla na ceapacháin sin.

(4) Beidh téarma oifige na gcomhaltaí d'údarás cuain (de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ), seachas na comhaltaí sin dá dtagraítear in alt 15, arb é an téarma reatha é ar thosach feidhme alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1998 , arna shíneadh ionas go dtiocfaidh deireadh leis sa bhliain 1999 agus ionas go mbeidh sé de réir an ailt seo agus alt 14(2) den Acht Cuanta, 1946 .

(5) Beidh téarma oifige na gcomhaltaí de choiste gairmoideachais, seachas na comhaltaí sin dá dtagraítear in alt 16, arb é an téarma reatha é ar thosach feidhme alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1998 , arna shíneadh ionas go dtiocfaidh deireadh leis sa bhliain 1999 agus ionas go mbeidh sé de réir an ailt seo agus alt 10(3) den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .”.

(2) Maidir le haon ní—

(a) i bhfo-alt (3) (arna chur isteach le fo-alt (1)) d'alt 20 d'Acht 1994, ní oibreoidh sé chun dochar a dhéanamh do chumhacht aon duine, arna tabhairt le halt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , nó faoi, daoine a cheapadh chun corrfholúntais a líonadh i measc comhaltaí coiste freastail scoile,

(b) in aon fhoráil a bhfuil éifeacht den tsamhail chéanna léi atá leis an bhfo-alt sin (3), ar foráil í atá in Acht arna rith roimh thosach feidhme an ailt seo, ní mheasfar gur oibrigh sé chun dochar a dhéanamh don chumhacht réamhráite.

Oifigigh agus fostaithe údaráis áitiúil a cheapadh.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) San Acht seo, ciallaíonn an abairt ‘oifig lena mbaineann an tAcht seo’ gach oifig agus fostaíocht faoi údarás áitiúil a ndearbhóidh an tAire ina leith, le hordú, ó am go ham, le comhthoiliú na gCoimisinéirí. gur oifig í lena mbaineann an tAcht seo.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, le comhthoiliú na gCoimisinéirí, ordú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear ordú faoin mír seo) a leasú nó a chúlghairm.

(c) Déanfar gach ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.

(2) Scoirfidh alt 4 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (Leasú), 1940 , d'éifeacht a bheith leis.

Aisce a dheonú i leith seirbhíse mar chomhalta d'údarás áitiúil.

12. —(1) (a) Féadfaidh údarás áitiúil, faoi réir agus de réir scéime faoi fho-alt (3), agus fhorálacha an ailt seo, aisce (dá ngairtear “aisce” san alt seo) a dheonú do dhuine i leith a sheirbhíse nó a seirbhíse mar chomhalta den údarás sin, ar seirbhís í, i ngach cás, ina n-áirítear seirbhís mar chomhalta den sórt sin tar éis an ghnáthlae scoir deiridh do chomhaltaí den údarás sin roimh dháta rite an Achta seo (seachas seirbhís den sórt sin tar éis an chéad ghnáthlae scoir eile do chomhaltaí den údarás sin tar éis an tAcht seo a rith).

(b) Déanfaidh údarás áitiúil, le linn an tréimhse seirbhíse a bhí ag duine mar chomhalta den údarás sin a ríomh chun méid aisce a bheartaítear a dheonú don duine sin a chinneadh, tréimhse seirbhíse (más ann) an duine sin mar chomhalta d'údarás áitiúil eile a chur san áireamh, ar cibé modh agus a mhéid, agus faoi réir cibé coinníollacha agus srianta, a shonrófar i scéim.

(c) Má tá tréimhse seirbhíse duine mar chomhalta d'údarás áitiúil comhthráthach le tréimhse seirbhíse aige nó aici mar chomhalta d'údarás áitiúil eile, ní dhéanfar ach tréimhse amháin den sórt sin a áireamh chun méid aisce a bheartaítear a dheonú don duine sin a chinneadh, agus is í an tréimhse a ríomhfar ná an tréimhse a thabharfaidh an toradh is fabhraí dó nó di.

(2) (a) Ní fhéadfaidh údarás áitiúil níos mó ná aisce amháin a dheonú do dhuine i leith a sheirbhíse nó a seirbhíse mar chomhalta d'údarás áitiúil agus, i gcás gur comhalta nó gur chomhalta de níos mó ná údarás áitiúil amháin an duine, is é an t-údarás áitiúil áirithe a thabharfaidh aisce dó nó di ná an t-údarás áitiúil a bheidh sonraithe i scéim.

(b) Ní fhéadfaidh údarás áitiúil aisce a dheonú do dhuine a mbeidh alt 13(1) den Acht Rialtais Áitiúil, 1991, le cur chun feidhme maidir leis nó léi aon tráth tar éis an tAcht seo a rith.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun críocha an ailt seo (is scéim nó scéimeanna a ngairtear “scéim” di nó do gach ceann díobh san alt seo).

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), déanfar le scéim—

(a) an modh a shonrú lena ndéanfar méid aisce a bheidh le deonú faoin alt seo ag údarás áitiúil (“an t-údarás áitiúil”) a chinneadh,

(b) coinníollacha a shonrú nach mór a chomhlíonadh sula bhféadfar aisce a dheonú (lena n-áirítear coinníoll maidir leis an tréimhse íosta seirbhíse nach foláir a bheith curtha de nó di ag an duine lena mbaineann mar chomhalta den údarás áitiúil),

(c) foráil a dhéanamh maidir le duine do dhéanamh iarratais chun an údaráis áitiúil ar dheonú aisce dó nó di,

(d) nósanna imeachta a bheidh le leanúint, agus ceanglais a bheidh le comhlíonadh, a shonrú, i ndáil le hiarratas den sórt sin (“iarratas”) a dhéanamh agus i ndáil leis an údarás áitiúil do dhéanamh cinnidh ina leith, agus áirítear ar na nithe a bhféadfar foráil a dhéanamh ina leith faoin mír seo—

(i) an fhoirm ina ndéanfar iarratas,

(ii) teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar iarratas,

(iii) an fógra ó údarás áitiúil chuig duine maidir le cinneadh a dhéanamh aisce a dheonú dó nó di, agus

(iv) údarás áitiúil do chúlghairm cinneadh den sórt sin i gcás go dtarlóidh imthosca a bheidh sonraithe sa scéim (agus féadfar a áireamh ar na himthosca sin an t-iarratasóir a bheith arna ainmniú nó arna hainmniú mar iarrthóir i dtoghchán do chomhaltaí den údarás sin nó d'aon údarás áitiúil eile arb é an toghchán é is túisce a dhéanfar tar éis thosach feidhme an ailt seo),

(e) a cheangal ar oifigeach sonraithe d'údarás áitiúil ráiteas a chur ar fáil do chomhaltaí d'údarás áitiúil lena mbaineann i dtaobh líon na gcinntí a bheidh déanta aisce a dheonú i leith seirbhíse ag daoine mar chomhaltaí den údarás áitiúil lena mbaineann,

(f) foráil a dhéanamh i dtaobh aon nithe a leanfaidh as na nithe sin roimhe seo nó a ghabhann leo (lena n-áirítear an tréimhse ama a fhéadfaidh dul in éag idir aisce a dheonú agus í a íoc) nó a measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirsteanach foráil a dhéanamh ina leith i ndáil le fo-ailt (6) agus (7).

(5) Féadfar forálacha éagsúla i ndáil le húdaráis áitiúla éagsúla a bheith i scéim faoi fho-alt (3).

(6) Má íocann údarás áitiúil aisce le duine agus má thagann an duine sin, aon tráth tar éis na dtoghchán áitiúil is túisce a bheidh ann tar éis thosach feidhme an ailt seo, chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás áitiúil sin nó d'aon údarás áitiúil eile, cibé acu trína thoghadh nó trína toghadh nó trína chomhthoghadh nó trína comhthoghadh de bhun alt 11 d'Acht 1994, déanfaidh an duine sin, laistigh de 14 lá tar éis thosach a théarma nó a téarma oifige mar chomhalta den sórt sin, méid na haisce a íoc leis an údarás a dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de.

(7) Má mhainníonn duine méid aisce a íoc le húdarás áitiúil de réir fho-alt (6), déanfaidh an t-údarás cibé suim nó suimeanna a áiritheoidh íoc mhéid na haisce leis a bhaint as ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin na liúntais, na luachanna saothair nó an t-airgead eile seo a leanas, eadhon—

(a) aon liúntas, nó aon mhéid i leith caiteachas, is iníoctha leis an duine de bhun alt 42 nó 51 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991,

(b) cibé liúntais, méideanna i leith caiteachas nó luach saothair eile is iníoctha leis an duine de bhun aon achtacháin eile (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis thosach feidhme an ailt seo),

(c) cibé airgead eile is iníoctha ar shlí eile leis an duine ag an údarás as aon fhoinse ar bith.

(8) Ní oibreoidh aon ní sna hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1997, ná in aon ionstraim arna déanamh fúthu, chun cosc a chur le haisce a dheonú nó a íoc.

(9) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil aon aisce a dheonú ná a íoc le duine i leith a sheirbhíse nó a seirbhíse mar chomhalta den údarás áitiúil sin nó d'aon údarás áitiúil eile ar aon slí seachas de réir fhorálacha an ailt seo agus scéime nó scéimeanna arna déanamh nó arna ndéanamh faoi.

(10) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh lena ndéanfar scéim faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(11) Déanfar gach scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(12) Leasaítear leis seo fo-airteagal (1) d'airteagal 14 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995), trí “i scríbhinn” a chur isteach i ndiaidh “lena thoiliú nó lena toiliú” agus tá an fo-airteagal sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.

Aisghairm.

13. —Déantar leis seo ailt 3, 4, 5, 6, 7, 9, 10 agus 11 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1997, a aisghairm.

Caiteachais.

14. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

15. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1997, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1998, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1997, agus d'ailt 9 agus 10 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.