An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Daoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas)

40 1998

AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh, 1998 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “deimhnithe”, i ndáil le cóip de bharántas gabhála arna eisiúint ag binse idirnáisiúnta, deimhnithe a bheith ina cóip dhílis ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe aige chun deimhniú a dhéanamh thar a cheann;

ciallaíonn “binse idirnáisiúnta”—

(a) an Binse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith, arna bhunú le Rún 827 (1993) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhfuil an téacs de leagtha amach, mar áis tagartha, sa Chéad Sceideal,

(b) an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i gCinedhíothú agus i Sáruithe Tromchúiseacha Eile ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch stát máguaird idir 1 Eanáir, 1994, agus 31 Nollaig, 1994, arna bhunú le Rún 955 (1994) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhfuil an téacs de leagtha amach, mar áis tagartha, sa Dara Sceideal, nó

(c) aon bhinse nó cúirt eile a ndearbhóidh an tAire, le rialachán faoi alt 37 , gur binse idirnáisiúnta é nó í chun críocha an Achta seo,

agus folaíonn sé aon orgán de chuid binse dá dtagraítear i mír (a)(b) nó de chuid binse nó cúirte dá dtagraítear i mír (c) más rud é go luaitear an t-orgán i reacht an bhinse nó na cúirte sin;

ciallaíonn “coir binse idirnáisiúnta” coir a bhfuil dlínse ag binse idirnáisiúnta ina leith faoina reacht;

ciallaíonn “binse míleata” armchúirt nó binse míleata eile arna bunú nó arna bhunú faoi dhlí an Stáit, cibé acu a thionóltar í nó é laistigh den Stát nó in áit eile;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

tá le “maoin” an bhrí chéanna san Acht seo atá leis san Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, agus folaíonn sé fáltais ó mhaoin;

ciallaíonn “barántas gabhála sealadaí” barántas arna eisiúint faoi alt 11 (1);

ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

ciallaíonn “ordú tabhartha suas” ordú arna dhéanamh faoi alt 18 (1) chun duine a thabhairt suas.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt do Sceideal is tagairt í do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(d) aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo,

(e) aon tagairt do reacht binse idirnáisiúnta is tagairt í do reacht na Náisiún Aontaithe ag bunú an bhinse sin, agus

(f) aon tagairt do rialacha binse idirnáisiúnta is tagairt í dá rialacha nós imeachta agus fianaise.

(3) Mar áis tagartha, tá na téacsanna de reachtanna na mbinsí idirnáisiúnta dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den mhíniú ar “binse idirnáisiúnta” leagtha amach sa Tríú Sceideal agus sa Cheathrú Sceideal faoi seach.

Feidhm.

3. —Tá feidhm ag an Acht seo i ndáil le coireanna binse idirnáisiúnta arna ndéanamh, nó a líomhnaítear a bheith déanta, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis.