49 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 49 de 1998


AN tACHT UM CHOSAINTÍ DO DHAOINE A THUAIRISCEOIDH DROCHÚSÁID LEANAÍ, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Oifigigh ainmnithe.

3.

Cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairiscigh drochúsáid leanaí.

4.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar dhrochúsáid leanaí a thuairisciú.

5.

Tuairisciú bréagach drochúsáide leanaí.

6.

Cosaint.

7.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict., c. 93

An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994

1994, Uimh. 5

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 49 de 1998


AN tACHT UM CHOSAINTÍ DO DHAOINE A THUAIRISCEOIDH DROCHÚSÁID LEANAÍ, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT COSANTA AR DHLITEANAS SIBHIALTA DO DHAOINE A THUAIRISCEOIDH DROCHÚSÁID LEANAÍ IN IMTHOSCA ÁIRITHE, DO THABHAIRT COSANTA DO DHAOINE DEN SÓRT SIN AR PHIONÓSÚ AG A bhFOSTÓIRÍ, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CIONA I dTACA LE TUAIRISCIÚ BRÉAGACH DROCHÚSÁIDE LEANAÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994;

ciallaíonn “duine cuí” oifigeach ainmnithe nó comhalta den Gharda Síochána;

ciallaíonn “leanbh” duine nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici;

ciallaíonn “oifigeach ainmnithe” oifigeach do bhord sláinte arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 den Acht seo chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach ainmnithe chun críocha an Achta seo;

tá le “fostaí” agus “fostóir” an bhrí chéanna atá leo in Acht 1994;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

cuimsíonn “leas”, i ndáil le leanbh, leas morálta, intleachtúil, fisiciúil, mothúchánach agus sóisialach an linbh.

(2) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo.

Oifigigh ainmnithe.

2. —(1) Déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin gach boird sláinte—

(a) díreach ar thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) dá éis sin ó am go ham de réir mar is gá sa chás (lena n-áirítear cás ina dtabharfar ordachán faoin alt seo),

oifigeach amháin nó níos mó don bhord a cheapadh chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach ainmnithe nó ina n-oifigigh ainmnithe chun críocha an Achta seo; le linn aon cheapachán den sórt sin a dhéanamh comhlíonfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon ordachán faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt i scríbhinn do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte á cheangal air nó uirthi gach duine a thig faoi earnáil nó earnálacha oifigigh don bhord a shonraítear san ordachán a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh ainmnithe.

(3) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt i scríbhinn don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin lena mbaineann ag leasú nó ag cúlghairm ordacháin arna thabhairt dó nó di faoin alt seo (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo).

(4) San alt seo folaíonn “príomh-oifigeach feidhmiúcháin” duine a bheidh ag gníomhú mar leasphríomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir alt 13 den Acht Sláinte, 1970 .

Cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairiscigh drochúsáid leanaí.

3. —(1) Maidir le duine a bheadh, ar leith ón alt seo, faoi dhliteanas amhlaidh, ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas maidir le damáistí i leith é nó í do chur a thuairime nó a tuairime in iúl, i scríbhinn nó ar shlí eile, do dhuine cuí á rá—

(a) go raibh nó go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar leanbh, ainíde á tabhairt do leanbh, faillí á déanamh i leanbh nó drochúsáid ghnéasach á tabhairt do leanbh, nó

(b) go bhfuil dochar inseachanta déanta nó á dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas linbh nó faillí inseachanta déanta nó á déanamh sna nithe sin,

mura rud é go gcruthófar nár ghníomhaigh sé nó sí go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don duine cuí.

(2) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do dhliteanas maidir le damáistí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhliteanas a bheith mar ábhar d'ordú lena ndéantar foráil maidir le haon chineál eile faoisimh.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar dhrochúsáid leanaí a thuairisciú.

4. —(1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar theacht ar thuairim den chineál dá dtagraítear in alt 3 den Acht seo agus í a chur in iúl, i scríbhinn nó ar shlí eile, do dhuine cuí más rud é gur ghníomhaigh an fostaí go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don duine cuí.

(2) In imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh fo-alt (1) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, ní fhéadfar faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin alt seo agus faoi na hAchtanna sin araon.

(4) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh a fhostóir nó a fostóir fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis nó léi agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, tabharfaidh an coimisinéir deis do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, tabharfaidh sé nó sí cinneadh i scríbhinn i ndáil leis agus cuirfidh sé nó sí an cinneadh in iúl do na páirtithe.

(5) Maidir le cinneadh ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (4) den alt seo, déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas leis:

(a) a dhearbhú go raibh, nó de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán,

(b) a cheangal ar an bhfostóir fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a ghlacadh,

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977 ,

agus déanfar na tagairtí sna míreanna sin roimhe seo d'fhostóir a fhorléiriú, i gcás ina n-athróidh úinéireacht ghnó an fhostóra i ndiaidh don sárú lena mbaineann an gearán tarlú, mar thagairtí don duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal na húinéireachta sin de bhua an athraithe.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7) (a) d'alt 7 d'Acht 1994 i ndáil le gearán a thíolacfar faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán a thíolacfar faoi fho-alt (1) den alt sin 7, fara na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) na focail go léir san fho-alt sin (3) ó “má thíolactar” go deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta nár tíolacadh an gearán laistigh den tréimhse réamhráite mar gheall ar imthosca eisceachtúla) laistigh de cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, a mheasfaidh an coimisinéir um chearta a bheith réasúnach” a chur ina n-ionad,

(ii) san fho-alt sin (6), tagairt do chinneadh a chur in ionad na tagartha do mholadh,

agus fara aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8 go 10 d'Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, fara na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) sna forálacha sin, tagairtí do chinneadh a chur in ionad tagairtí do mholadh,

(ii) an fo-alt seo a leanas a chur le halt 8:

“(7) Déanfar imeachtaí faoin alt seo os comhair an Bhinse a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí.”,

(iii) in alt 9 d'Acht 1994—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche, agus

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó.”,

agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(7) D'fhonn amhras a sheachaint ní oibríonn aon ní i bhfo-alt (6) den alt seo chun aon cheann d'fheidhmeanna an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi Acht 1994 a thabhairt don Aire agus beidh na feidhmeanna sin inchomhlíonta ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun críocha fhorálacha Acht 1994, arna gcur chun feidhme leis an bhfo-alt (6) sin, go feadh an mhéid chéanna atá siad inchomhlíonta aige nó aici chun críocha Acht 1994 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha Acht 1994 (lena n-áirítear alt 11).

Tuairisciú bréagach drochúsáide leanaí.

5. —(1) Aon duine a luafaidh le duine cuí—

(a) go raibh nó go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar leanbh, ainíde á tabhairt do leanbh, faillí á déanamh i leanbh nó drochúsáid ghnéasach á tabhairt do leanbh, nó

(b) go bhfuil dochar inseachanta déanta nó á dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas linbh nó faillí inseachanta déanta nó á déanamh sna nithe sin,

agus a fhios aige nó aici an ráiteas sin a bheith bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi,

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £15,000 n ó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 2 bhliain ón dáta a rinneadh an cion nó, más déanaí ná sin é, laistigh de 2 bhliain ón dáta a dtagann fianaise ar iúl an duine a thabharfaidh na himeachtaí, ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thabhairt.

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, beidh deimhniú a bheidh sínithe ag an duine, nó thar ceann an duine, a thabharfaidh na himeachtaí i dtaobh an dáta a tháinig an fhianaise dá dtagraítear san fho-alt sin maidir leis an gcion lena mbaineann ar a iúl nó ar a hiúl ina fhianaise prima facie ar an méid sin agus maidir le doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a eisíodh chun críche an fho-ailt seo agus a bheith sínithe amhlaidh, measfar, in aon imeachtaí dlíthiúla, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar mar fhianaise é gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é nó gurb í a shínigh an deimhniú.

Cosaint.

6. —Maidir le halt 3 den Acht seo, is alt é i dteannta, agus ní alt é in ionad, aon phribhléide nó cosanta atá ar fáil in imeachtaí dlíthiúla, de bhua aon achtacháin nó rialach dlí atá i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, i leith duine do chur a thuairime nó a tuairime in iúl do dhuine eile (cibé acu is duine cuí an duine eile sin nó nach ea) á rá—

(a) go raibh nó go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar leanbh, ainíde á tabhairt do leanbh, faillí á déanamh i leanbh nó drochúsáid ghnéasach á tabhairt do leanbh, nó

(b) go bhfuil dochar inseachanta déanta nó á dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas linbh nó faillí inseachanta déanta nó á déanamh sna nithe sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis é a rith.