An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (CUID VIII Scrúduithe)

51 1998

AN tACHT OIDEACHAIS, 1998

CUID VII

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

An lá bunaithe.

38. —Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na Coda seo.

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a bhunú.

39. —(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar the National Council for Curriculum and Assessment, nó, sa Ghaeilge, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal 1 maidir leis an gComhairle.

Comhdhéanamh agus ceapadh.

40. —(1) Déanfar comhdhéanamh na Comhairle a chinneadh le hordú, arna dhéanamh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Aire.

(2) Le linn dó nó di comhdhéanamh na Comhairle a chinneadh, cinnteoidh an tAire, a mhéid is indéanta, maidir le comhaltas na Comhairle—

(a) go bhfuil sé ionadaitheach do chomhlachtaí agus daoine atá bainteach leis an gcóras oideachais ag leibhéil na luathóige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, agus go háirithe do chumainn náisiúnta tuismitheoirí, d'eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus do cheardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, agus

(b) go bhfuil daoine eile san áireamh ann—

(i) a bhfuil taithí nó scileanna acu, lena n-áirítear taithí agus scileanna i dtaca le cúrsaí gnó agus tionscail, atá, i dtuairim an Aire, iomchuí maidir le hobair na Comhairle agus a chomhlánódh taithí agus scileanna na ndaoine a cheapfar de réir mhír (a),

(ii) a bhfuil spéis ar leith acu in oideachas mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, nó a bhfuil taithí acu ar oideachas den sórt sin, nó

(iii) atá ionadaitheach d'eagraíochtaí Gaeilge,

de réir mar is cuí leis an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) Déanfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle a cheapadh de réir rialachán arna dtarraingt suas ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Aire.

Cuspóirí agus feidhmeanna.

41. —(1) Is é is cuspóir don Chomhairle comhairle a thabhairt don Aire maidir le nithe a bhaineann—

(a) leis an gcuraclam don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna, agus

(b) leis na nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus le scrúduithe in ábhair atá mar chuid den churaclam.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), is feidhm de chuid na Comhairle:

(a) an curaclam do scoileanna nó aon chuid den churaclam sin, agus na siollabais a mhúintear, a athbhreithniú ó am go ham agus comhairle a thabhairt don Aire;

(b) comhairle a thabhairt don Aire maidir le modhanna cuí chun éifeachtacht an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna a mheasúnú, ag féachaint go háirithe do mheicníochtaí trína bhféadfar mic léinn a bhfuil fadhbanna acu i dtaca lena bpoitéinseal a bhaint amach a shainaithint a luaithe is indéanta agus trína bhféadfar cabhrú leo;

(c) comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí a chabhróidh le mic léinn aistriú gan stró ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil;

(d) comhairle a thabhairt don Aire ó am go ham maidir leis na caighdeáin eolais agus scileanna is ceart do mhic léinn ag aoisleibhéil éagsúla a bhaint amach agus maidir leis na meicníochtaí chun gnóthú na gcaighdeán sin a mheasúnú, ag féachaint do chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta agus do dhea-chleachtas i ndáil leis an measúnacht sin;

(e) riachtanais oiliúna inseirbhíse múinteoirí a athbhreithniú ó am go ham, lena n-áirítear riachtanais de dhroim curaclaim, ábhair nó siollabais nua a thabhairt isteach i scoileanna, agus comhairle a thabhairt don Aire i ndáil leis na riachtanais sin;

(f) comhairle a thabhairt don Aire maidir leis na riachtanais, ó thaobh curaclaim agus siollabas, atá ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu;

(g) comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí a bhfuil de chuspóir leo feabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh agus úsáid na Gaeilge i scoileanna;

(h) airgead agus sócmhainní uile na Comhairle a chothabháil, a bhainistiú, a riaradh agus a infheistiú;

(i) taighde agus forbairt san oideachas a chur chun cinn agus an taighde agus an fhorbairt sin a sheoladh nó a choimisiúnú i gcás inar cuí sin ag féachaint dá cuspóirí agus dá feidhmeanna;

(j) comhionannas rochtana ar an oideachas i gcoitinne agus ar theagasc in aon ábhair ar leith, ag mic léinn fhireannacha agus mic léinn bhaineannacha, a chur chun cinn;

(k) bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh na deontóirí, ar choinníoll nach bhfuil aon ní contrártha don Acht seo in aon iontaobhas nó coinníoll, agus

(l) gach aon ghníomh agus rud a dhéanamh is gá chun cuspóirí na Comhairle a chur ar aghaidh, lena n-áirítear cibé feidhmeanna a ordóidh an tAire ó am go ham i ndáil le hathbhreithniú agus leasú an churaclaim i scoileanna agus le measúnú thorthaí an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna.

(3) Le linn don Chomhairle a feidhmeanna a chomhall—

(a) beidh aird aici ar impleachtaí na comhairle uaithi do na hacmhainní, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais, atá ar fáil agus déanfaidh sí, a mhéid is indéanta, na hacmhainní is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann dá cuid tograí a chainníochtú,

(b) beidh aird aici ar a inmhianaithe atá sé comhionannas a bhaint amach i dtaca le rochtain ar an oideachas, le rannpháirtíocht ann agus le tairbhe a bhaint as,

(c) gníomhóidh sí de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire don Chomhairle ó am go ham, lena n-áirítear ordacháin maidir leis an tosaíocht a bheidh le tabhairt d'fheidhmiú a feidhmeanna éagsúla aici, agus

(d) beidh aird aici ar a phraiticiúla atá sé aon chomhairle a bheartaíonn sí a thabhairt don Aire a chur i ngníomh.

Dul i gcomhairle le comhlachtaí ainmnithe.

42. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, chun críocha an ailt seo, daoine nó eagraíochtaí a ainmniú a bhfuil spéis ar leith acu i bhfeidhmiú a cuid feidhmeanna ag an gComhairle agus gairfear “comhlachtaí ainmnithe” anseo ina dhiaidh seo de na daoine nó de na heagraíochtaí a ainmneofar amhlaidh.

(2) Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le comhlachtaí ainmnithe ó am go ham de réir mar is cuí léi, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na comhlachtaí sin nuair a iarrfaidh an tAire uirthi déanamh amhlaidh.

(3) Féadfaidh comhlacht ainmnithe tráth ar bith, de réir mar is cuí leis, uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle maidir le haon ní a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle agus breithneoidh an Chomhairle na huiríll sin agus cuirfidh sí toradh an bhreithnithe sin in iúl don chomhlacht ainmnithe.

(4) Déanfaidh an Chomhairle cóip de gach foilseachán a eiseoidh sí a thabhairt do gach comhlacht ainmnithe a luaithe is féidir tar éis é a eisiúint.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

43. —(1) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, príomhoifigeach feidhmiúcháin a cheapadh ar an gComhairle i gcáil lánaimseartha agus déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin riarachán na Comhairle a sheoladh agus a bhainistiú agus é a rialú i gcoitinne, maille le foireann na Comhairle a bhainistiú agus a rialú.

(2) Maidir leis an duine atá, díreach roimh an lá ar a gceaptar an príomhoifigeach feidhmiúcháin faoi fho-alt (1), i seilbh oifige mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcomhlacht daoine ar a dtugtar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar comhlacht neamhchorpraithe neamhreachtúil daoine é arna cheapadh ag an Aire, déanfar é nó í a cheapadh mar chéad phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gComhairle, má thoilíonn sé nó sí amhlaidh.

(3) Déanfaidh an tAire an príomhoifigeach feidhmiúcháin a fhostú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha, a bhféadfaidh iasacht ó oifig nó ó fhostaíocht eile a bheith san áireamh iontu, agus gheobhaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

Foireann.

44. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an Aire a cheapadh chun cabhrú leis an gComhairle a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfar na daoine a cheapfar de réir fho-alt (1) a fhostú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha, a bhféadfaidh iasacht ó oifig nó ó fhostaíocht eile a bheith san áireamh iontu, agus gheobhaidh na daoine sin cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht riaracháin agus rúnaíochta a mheasfaidh sé nó sí is gá a chur ar fáil don Chomhairle.

(4) Beidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996, maidir le buanfhostaithe lánaimseartha den Chomhairle.

Deontais.

45. —I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deontas nó deontais a thabhairt don Chomhairle, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an gComhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Cuntais agus faisnéis.

46. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó ar an gcaiteachas go léir a thabhóidh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí, san fhoirm sin a dúradh, cibé cuntais agus taifid speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Chomhairle cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh ar dháta nach déanaí ná an tríochadú lá d'Aibreán sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann na cuntais, nó ar cibé dáta eile a chinnfidh an tAire ó am go ham, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Chomhairle cóip de na cuntais agus de cibé cuntais eile, más ann, a d'ordaigh an tAire a choimeád, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolacfaidh an Chomhairle dó nó di faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Cuirfidh an Chomhairle ar fáil don Aire cibé faisnéis a cheanglóidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.

Coistí.

47. —Féadfaidh an Chomhairle—

(a) coistí a bhunú, a bheidh comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de dhaoine ar comhaltaí den Chomhairle iad, chun cabhrú léi a feidhmeanna a chomhlíonadh,

(b) aon fheidhm dá cuid a fhéadfaidh coiste a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr nó níos caoithiúla a tharmligean chuig coiste arna cheapadh faoin alt seo, agus

(c) tráth ar bith, coiste arna cheapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh nó comhaltas den sórt sin a bhaint de chomhalta coiste.

Tuarascáil Bhliantúil.

48. —A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, déanfaidh an Chomhairle tuarascáil maidir le feidhmiú na Comhairle sa bhliain sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm a chinnfidh an tAire.