An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ceadúnais agus Údaruithe)

23 1999

AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, 1999

CUID II

An Coimisiún um Rialáil Leictreachais a Bhunú

An Coimisiún a bhunú.

8. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

(2) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar, sa Ghaeilge, an Coimisiún um Rialáil Leictreachais nó, sa Bhéarla, The Commission for Electricity Regulation agus dá ngairtear an “Coimisiún” san Acht seo chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(3) Beidh feidhm ag an Sceideal maidir leis an gCoimisiún.

(4) Beidh an Coimisiún ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus gnáthshéala aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(5) Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú chathaoirleach an Choimisiúin, nó le sínithe aon chomhalta eile den Choimisiún agus comhalta d'fhoireann an Choimisiúin ar daoine iad a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin.

(6) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala an Choimisiúin (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

9. —(1) Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an gCoimisiún, eadhon—

(a) tograí do chóras conarthaí agus socruithe eile, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí cuí, i gcomhair trádáil i leictreachas a fhoilsiú, de bhun ordacháin nó ordachán i dtaobh beartais ón Aire a chuirfear ar fáil go poiblí nuair a thabharfar don Choimisiún é nó iad,

(b) gabháil do phróiseas comhchomhairle poiblí maidir leis na nósanna imeachta a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún chun na tograí a tharraingeofar suas faoi mhír (a) a chur i ngníomh,

(c) comhairle a thabhairt don Aire maidir le héifeacht ghiniúint an leictreachais i ndáil le hinmharthanacht, agus maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar an gcomhshaol ar páirtí iontu an Stát nó a dtagann an Stát chun bheith ina pháirtí iontu,

(d) tar éis an phróisis comhchomhairle phoiblí dá dtagraítear i mír (b), agus nithe a ardaítear sa phróiseas comhchomhairle poiblí á gcur i gcuntas, rialacháin a dhéanamh, faoi réir thoiliú an Aire, lena mbunófar córas trádála i leictreachas, lena n-áirítear an Coimisiún do dhéanamh maoirseachta agus athbhreithniú ar chóras den sórt sin, agus

(e) comhairle a thabhairt don Aire maidir le forbairt thionscal an leictreachais agus maidir le feidhmiú fheidhmeanna an Aire faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1)(a), áireofar in ordachán i dtaobh beartais ón Aire ordachán á rá go gcumasóidh nósanna imeachta an Choimisiúin orduithe a dhéanfaidh an tAire faoi ailt 39 agus 40 a chur i ngníomh.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an Aire agus ar an gCoimisiún a bhfeidhmeanna a chomhall agus na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Acht seo a fheidhmiú ar mhodh—

(a) nach ndéanfaidh idirdhealú go héagórach idir sealbhóirí ceadúnas, údaruithe agus an Bord ná idir iarratasóirí ar údaruithe nó ar cheadúnais, agus

(b) a mheasfaidh an tAire nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, a chosnaíonn leasanna custaiméirí deiridh.

(4) Le linn an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (3) a chomhall, tabharfaidh an tAire agus an Coimisiún aird ar an ngá atá ann:

(a) iomaíocht a chur chun cinn i nginiúint agus i soláthar leictreachais de réir an Achta seo;

(b) a áirithiú go ndéanfar gach éileamh réasúnach ó chustaiméirí deiridh leictreachais ar leictreachas a shásamh;

(c) a áirithiú gur féidir le sealbhóirí ceadúnas maoiniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a ghabháil de láimh a bhfuil siad ceadúnaithe lena ngabháil de láimh;

(d) sábháilteacht agus éifeachtúlacht ar thaobh gnóthas leictreachais a chur chun cinn;

(e) leanúnachas, áirithiú agus cáilíocht soláthairtí leictreachais a chur chun cinn; agus

(f) úsáid cineálacha in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a chur chun cinn.

(5) Gan dochar d'fho-ailt (3) agus (4), beidh de dhualgas ar an gCoimisiún:

(a) caomhnú an chomhshaoil a chur i gcuntas;

(b) úsáid agus táirgeadh éifeachtúil leictreachais a spreagadh;

(c) riachtanais custaiméirí tuaithe, daoine faoi mhíbhuntáiste agus na sean a chur i gcuntas;

(d) taighde agus forbairt a spreagadh—

(i) ar mhodhanna chun leictreachas a ghiniúint trí chineálacha in-athnuaite, inmharthana agus malartacha fuinnimh, agus teas is cumhacht in éineacht, a úsáid, agus

(ii) ar mhodhanna le héifeachtúlacht a mhéadú in úsáid agus táirgeadh leictreachais;

agus

(e) a cheangal go dtabharfaidh an t-oibritheoir córais tosaíocht do stáisiúin ghiniúna a úsáideann foinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh nuair a bheidh stáisiúin ghiniúna á roghnú.

Ordacháin don Choimisiún.

10. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt don Choimisiún i dtaobh a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ordacháin i ndáil le téarmaí agus coinníollacha ceadúnas.

(2) Ní thabharfaidh an tAire ordacháin ina leith seo a leanas—

(a) na daoine a bhféadfar ceadúnais nó údaruithe a dheonú dóibh, nó

(b) comhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin i ndáil le sealbhóirí aonair ceadúnas nó údaruithe, i ndáil le custaimeirí cáilithe aonair nó i ndáil leis an mBord.

(3) Déanfaidh an Coimisiún de réir ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (1).

(4) Beidh an t-alt seo arna aisghairm an 19ú lá d'Fheabhra, 2000.

Oifigigh údaraithe.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” an Bord nó sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú.

(2) Féadfaidh an Coimisiún daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an ailt seo.

(3) Déanfaidh an Coimisiún deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (2) agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar le fo-alt (4) a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(4) Chun críocha fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo ag an gCoimisiún, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag duine lena mbaineann an t-alt seo chun aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú,

(b) a cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo nó ar aon chomhalta, oifigeach nó fostaí de chuid an duine lena mbaineann an t-alt seo aon leabhair, doiciméid nó taifid atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe, agus i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i bhfoirm inléite,

(c) aon leabhair, doiciméid agus taifid a iniúchadh agus sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin nó sliocht aisti i mbuanfhoirm inléite), agus

(d) a cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo cibé leabhair, doiciméid agus taifid a chothabháil ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí ama a ordóidh an t-oifigeach údaraithe.

(5) I gcás go gcoiscfear ar oifigeach údaraithe, ag feidhmiú a chumhachtaí dó nó ag feidhmiú a cumhachtaí di faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh, féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 12 ar bharántas á údarú dó nó di dul isteach amhlaidh.

(6) Maidir le haon duine lena mbaineann an t-alt seo—

(a) a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú cumhachta faoin alt seo,

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais faoin alt seo,

(c) a dhéanfaidh aon leabhair, doiciméid nó taifid a ceanglaíodh ar an duine lena mbaineann a thabhairt ar aird, nó a bhféadfaidh ionchas réasúnach a bheith aige nó aici go gceanglófar air nó uirthi iad a thabhairt ar aird, a athrú, a choinneáil siar nó a dhíothú go feasach, nó

(d) a dhéanfaidh, go feasach, ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don Choimisiún nó d'oifigeach údaraithe,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na Cúirte Dúiche, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

Barántais chuardaigh.

12. —Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar choinníoll nó ceanglas ceadúnais nó údaraithe, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú don oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó comhaltaí den Gharda Síochána ina theannta nó ina teannta, dul isteach, le forneart réasúnach más gá, i cibé áitreabh a bheidh sonraithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má cheanglaítear amhlaidh, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe faoi alt 11 a fheidhmiú.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

13. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine faisnéis faoi rún arna fáil aige nó aici agus é nó í ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Choimisiún, nó mar chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin, nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Choimisiún nó mar oifigeach údaraithe don Choimisiún, a nochtadh, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gCoimisiún déanamh amhlaidh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na Cúirte Dúiche, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

(3) (a) San alt seo ciallaíonn “faisnéis faoi rún” faisnéis a déarfaidh an Coimisiún a bheith faoi rún maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe.

(b) Le linn dó a rá go bhfuil faisnéis faoi rún, féachfaidh an Coimisiún don riachtanas atá ann faisnéis is de chineál atá faoi rún ó thaobh na tráchtála de a chosaint.

(4) Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 , i ndeireadh Chuid I sa Tríú Sceideal a ghabhann leis—

(a) trí “An tAcht um Rialáil Leictreachais, 1999 .” a chur léi i gcolún (2), agus

(c) trí “ Alt 13 .” a chur léi i gcolún (3).